- PREASRÁITEAS
Ráitis airgeadais BCE don bhliain 2025
26 Feabhra 2026
- Tuairiscíonn BCE caillteanas €1.3 billiún (2024: caillteanas €7.9 billiún)
- Déanfar caillteanais a fhritháireamh in aghaidh brabúis amach anseo
Léirítear i ráitis airgeadais an Bhainc Ceannais Eorpaigh (BCE) don bhliain 2025 go raibh caillteanas €1,254 mhilliún ag an eagraíocht – i bhfad níos ísle ná an caillteanas €7,944 mhilliún a tuairiscíodh in 2024; ísliú suntasach ar an nglanspeansas úis an chúis is mó a bhí leis an gcaillteanas laghdaithe. Fanfaidh caillteanas 2025, cosúil leis na caillteanais ó na blianta roimhe sin, ar chlár comhardaithe BCE agus déanfar é a fhritháireamh in aghaidh brabúis amach anseo. Mar thoradh ar an gcaillteanas, ní dháilfear aon bhrabús ar na bainc cheannais náisiúnta sa limistéar euro in 2025.
Is ann do na caillteanais ó 2022 i leith tar éis blianta fada de bhrabúis shuntasacha; is toradh iad ar ghníomhartha riachtanacha beartais a rinne an tEurochóras chun a phríomh-shainordú a chomhlíonadh, is é sin praghsanna a choimeád cobhsaí. Mar thoradh ar na beartais sin, bhí ar BCE a chlár comhardaithe a leathnú trí shócmhainní airgeadais a cheannach – sócmhainní a raibh rátaí úis seasta agus aibíochtaí fada ag gabháil leo go príomha. Mar thoradh air sin, tháinig ardú comhfhreagrach ar na dliteanais a n-íocann BCE ús orthu ag rátaí athraitheacha. Dá bhrí sin, de bharr méaduithe ar eochair-rátaí úis BCE in 2022 agus in 2023 chun an boilsciú ard a bhí sa limistéar euro a chomhrac tháinig ardú láithreach ar na speansais úis ar na dliteanais; níor tháinig méadú chomh mór céanna ar an ioncam úis ar shócmhainní BCE, go háirithe ar urrúis a ceannaíodh faoin gclár ceannaithe sócmhainní (APP) agus faoin gclár ceannaithe le haghaidh éigeandáil na paindéime (PEPP). De bharr laghduithe ina dhiaidh sin ar eochair-rátaí úis BCE ó 2024 i leith agus laghdú leanúnach ar dhliteanais BCE – tar éis d’urrúis teacht in aibíocht faoi APP agus faoi PEPP – tá éifeachtaí na neamhréire úis sin á laghdú go suntasach. Dá bhrí sin, bhí an glanspeansas úis in 2025 i bhfad níos ísle ná mar a bhí sna blianta roimhe sin.
Meastar go ndéanfaidh BCE brabús arís in 2026 nó an bhliain dár gcionn, ach beidh sé sin ag brath den chuid is mó ar leibhéil eochair-rátaí úis agus rátaí malairte eachtraí BCE amach anseo, agus ar mhéid agus ar chomhdhéanamh chlár comhardaithe BCE. I gcás ar bith, is féidir le BCE oibriú go héifeachtach agus a phríomh-shainordú a chomhlíonadh maidir le praghsanna a choimeád cobhsaí gan beann ar aon chaillteanas. Tá a láidreacht airgeadais le sonrú freisin ar a chaipiteal agus ar a chuntais athluachála shubstaintiúla; luach €71 bhilliún a bhí orthu sin le chéile ag deireadh 2025, €12 bhilliún níos airde ná mar a bhí ag deireadh 2024.
Mar seo a leanas a bhí ioncam agus speansais úis BCE in 2025:
€ milliúin
2025 | 2024 | Athrú | |
|---|---|---|---|
Cúlchistí eachtracha | 2,089 | 2,537 | (449) |
Urrúis arna sealbhú chun críocha an bheartais airgeadaíochta | 3,814 | 3,850 | (36) |
Éilimh a bhaineann le leithdháileadh nótaí bainc euro laistigh den Eurochóras | 2,900 | 5,232 | (2,332) |
Éilimh BCNanna maidir le cúlchistí eachtracha a aistríodh | (790) | (1,448) | 659 |
Iarmhéideanna TARGET atá dlite ó/chuig BCNanna | (7,706) | (15,674) | 7,968 |
Eile | (485) | (1,479) | 994 |
Glanioncam úis/(glanspeansas úis) | (178) | (6,983) | 6,805 |
Bhí na speansais in 2025 i bhfad níos ísle ná mar a bhí in 2024. Laghdú suntasach ar an speansas úis ar ghlandliteanas TARGET BCE, go príomha mar gheall ar mheánráta íocaíochta níos ísle, an chúis ba mhó a bhí leis an laghdú sin (2025: 2.3%, 2024: 4.1%), tar éis na laghduithe ar eochair-rátaí úis BCE agus, ar bhonn níos lú, chur i bhfeidhm an ráta saoráide taisce mar bhonn don íocaíocht in ionad an ráta úis ar na príomhoibríochtaí athmhaoinithe. Ina theannta sin, chuidigh iarmhéideanna TARGET níos ísle, mar thoradh ar urrúis beartais airgeadaíochta a bheith ag teacht in aibíocht, leis an laghdú sin freisin. Mar thoradh ar an meánráta íocaíochta níos ísle, tháinig laghdú freisin ar an ioncam úis ar éilimh a bhain le leithdháileadh nótaí bainc euro atá i gcúrsaíocht agus ar an ús a bhí dlite do na bainc cheannais náisiúnta (BCNanna) mar íocaíocht ar a n-éilimh i leith cúlchistí eachtracha a aistríodh chuig BCE. Cé gur tháinig laghdú ar an ioncam úis ar chúlchistí eachtracha, go príomha de bharr ioncam úis níos ísle ó urrúis arna n-ainmniú i ndollair SAM, is ar éigean a tháinig aon athrú ar an ioncam úis ar urrúis a bhí á sealbhú chun críocha an bheartais airgeadaíochta i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin.
B’ionann na díluachálacha ráta malairte agus €1,316 mhilliún (2024: €81 mhilliún), agus d’eascair siad go príomha as dímheas yen na Seapáine agus dá bharr sin laghdú ar luach na sealúchas gaolmhar san airgeadra sin. Rinneadh na díluachálacha sin a fhritháireamh go páirteach le gnóthachain ráta malairte réadaithe a d’eascair den chuid is mó as athchothromú caighdeánach ar chomhdhéanamh chúlchistí eachtracha BCE.
Tháinig laghdú ar na costais foirne go €809 milliún (2024: €844 mhilliún), toisc, go príomha, gur bhain costas níos ísle le sochair iarfhostaíochta agus le sochair fhadtéarmacha eile. Thit na speansais oibriúcháin eile beagán go €619 milliún (2024: €626 mhilliún), go príomha mar gheall ar mhuirir dhímheasa níos ísle.
An t-ioncam ó tháillí maoirseachta (táillí a ghearrtar ar bhainc faoi mhaoirseacht chun speansais arna dtabhú ag BCE i gcomhlíonadh a chúraimí maoirseachta a aisghabháil), b’ionann é agus €690 milliún (2024: €681 mhilliún).
Tháinig laghdú €37 mbilliún ar mhéid chlár comhardaithe BCE go €603 bhilliún (2024: €641 bhilliún), mar thoradh, go príomha, ar laghdú de réir a chéile ar shealúchais APP agus PEPP de bharr fuascailtí.
Clár comhardaithe comhdhlúite an Eurochórais
Ag deireadh 2025 b’ionann méid chlár comhardaithe an Eurochórais, arb éard atá ann sócmhainní agus dliteanais BCNanna an limistéir euro agus BCE vis-à-vis tríú páirtithe, agus €6,293 bhilliún (2024: €6,421 bhilliún). Tharla an laghdú i gcomparáid le 2024 de bharr laghdú €3,745 bhilliún ar shealúchais arna sealbhú chun críocha an bheartais airgeadaíochta (2024: €4,283 billiún), mar gheall ar fhuascailtí den chuid is mó. Tháinig laghdú €351 bhilliún go €2,322 bhilliún ar shealúchais APP, agus tháinig laghdú €186 bhilliún go €1,423 bhilliún ar shealúchais PEPP. Fritháiríodh an laghdú sin go páirteach le méadú ar luach euro-choibhéiseach shealúchais óir an Eurochórais go €1,274 bhilliún (2024: €872 bhilliún) de bharr ardú ar phraghas margaidh an óir i dtéarmaí euro.
Is féidir leis na meáin a gcuid ceisteanna a sheoladh chuig William Lelieveldt, teil.: +49 69 1344 7316.
Nótaí
- D’fhéadfadh sé nach ndéanfaí suimiú cruinn ar na figiúirí toisc gur cuireadh slánú i bhfeidhm.
- Is féidir tuilleadh eolais maidir le Seirbhísí TARGET a fháil ar shuíomh gréasáin BCE.
- Chun tuilleadh eolais a fháil faoi fhoinsí bhrabúis agus chaillteanais BCE agus bhainc cheannais náisiúnta an limistéir euro, féach an míniúchán gaolmhar.
- An 13 Márta 2024 chinn an Chomhairle Rialaithe tacar prionsabal lena dtreorófaí cur chun feidhme an bheartais airgeadaíochta amach anseo agus gurb amhlaidh, i measc príomhpharaiméadair eile, a leanfadh sí den seasamh maidir leis an mbeartas airgeadaíochta a stiúradh trí bhíthin an ráta saoráide taisce. Sa chomhthéacs sin, chinn an Chomhairle Rialaithe gurb amhlaidh ón 1 Eanáir 2025, a bheadh an ráta saoráide taisce mar bhonn le haghaidh íoc na nithe seo a leanas: (i) iarmhéideanna TARGET atá dlite ó/do BCNanna sa limistéar euro, (ii) éilimh a bhaineann le leithdháileadh nótaí bainc euro laistigh den Eurochóras, agus (iii) dliteanais atá coibhéiseach le haistriú cúlchistí eachtracha.
- Tá tuilleadh faisnéise maidir le beartais chuntasaíochta agus tuairiscithe airgeadais BCE agus an Eurochórais agus maidir le cuntais bhliantúla BCE le fáil i gCinneadh (AE) 2024/2938 ón mBanc Ceannais Eorpach an 14 Samhain 2024 maidir le cuntais bhliantúla an Bhainc Ceannais Eorpaigh (BCE/2024/32) (IO L, 2024/2938, 11.12.2024) agus i dTreoirlíne (AE) 2024/2941 ón mBanc Ceannais Eorpach an 14 Samhain 2024 maidir leis an gcreat dlíthiúil le haghaidh cuntasaíochta agus tuairisciú airgeadais sa Chóras Eorpach Banc Ceannais (BCE/2024/31) (IO L, 2024/2941, 11.12.2024) agus ar shuíomh gréasáin BCE.
- Tá clár comhardaithe comhdhlúite an Eurochórais bunaithe ar shonraí sealadacha. Foilseofar an leagan críochnaitheach de chlár comhardaithe comhdhlúite bliantúil an Eurochórais i mí an Mheithimh.
Banc Ceannais Eorpach
Stiúrthóireacht Cumarsáide
- Sonnemannstrasse 20
- 60314 Frankfurt am Main, an Ghearmáin
- +49 69 1344 7455
- media@ecb.europa.eu
Ceadaítear atáirgeadh ar choinníoll go n-admhaítear an fhoinse.
An Oifig Preasa