An euro
Tugann an euro le chéile muid
Is siombail inbhraite iad nótaí bainc agus boinn euro a chuireann an tsaoirse, an áisiúlacht agus na deiseanna a bhaineann leis an Aontas Eorpach i gcuimhne duit gach lá.
Ar an 1 Eanáir 1999, ghlac 11 thír de chuid an Aontais Eorpaigh leis an euro mar chomhairgeadra nua. Airgeadra leictreonach a bhí sa euro i dtosach báire. Tógadh isteach nótaí bainc agus boinn euro trí bliana ina dhiaidh sin.
Sa lá atá inniu ann, is é an euro an t-airgeadra a úsáideann 19 dtír san Aontas Eorpach agus níos mó ná 340 milliún Eorpach. Tá sé ar cheann de na hairgeadraí is tábhachtaí ar domhan agus is orainne, an Banc Ceannais Eorpach, atá an cúram a luach a chaomhnú.
Straitéis airgid thirim an Eurochórais
Tá cúig chuspóir straitéiseacha ag an mBanc Ceannais Eorpach agus ag bainc cheannais an limistéir euro le cinntiú go mbeidh tú in ann airgead tirim a roghnú mar mhodh íocaíochta inniu agus amach anseo. Lenár straitéis, cinntítear go bhfuil fáil fhorleathan ar airgead tirim agus go nglactar leis mar mhodh íocaíochta iomaíoch iontaofa agus mar stór luacha.
Ár gcuspóirí straitéiseacha don airgead tirimCén fáth a bhfuil airgead tirim tábhachtach?
Cé go bhfuil íocaíochtaí digiteacha in úsáid ag daoine níos minice anois, tá airgead tirim riachtanach fós agus tá ról tábhachtach aige. Is féidir le duine ar bith airgead tirim a bheith aige nó aici agus é a úsáid go díreach, murab ionann agus na foirmeacha eile airgid. Le hairgead tirim, féadfaidh neamhspleáchas, príobháideachas agus ionchuimsiú sóisialta a bheith ann agus níl an baol céanna cibearchoireachta ná calaoise ag baint leis. Ina theannta sin, toisc gur airgead bainc cheannais atá ann cosnaítear é ar mhainneachtain.
Foghlaim tuilleadh faoin ról atá ag airgead tirimNíos láidre le chéile
Tá ár saol níos éasca a bhuí leis an euro toisc gur simplí atá sé ar dhaoine obair, trádáil, staidéar agus maireachtáil thar lear. Oibrímid sa Bhanc Ceannais Euro le haghaidh todhchaí ina gcuirfidh an euro le do leasa ar bhealach níos fearr fós.
An tUachtarán Lagarde: céard dó a seasann an euroCén chaoi a gcuidíonn an euro le hEorpaigh gnó a dhéanamh?
Is iad fiontair bheaga agus mheánmhéide crann taca gheilleagar an limistéir euro. Foghlaim cén chaoi a mbaineann fiontraithe agus úinéirí gnólachtaí beaga leas as an airgeadra aonair.
FéachNótaí bainc sábháilte agus marthanacha
Infheistímid i dtaighde ar theicneolaíochtaí nua ionas go mbeidh na nótaí bainc a úsáideann tú níos sábháilte agus níos láidre. Idir 2013 agus 2019, sheolamar an dara sraith nótaí bainc, sraith Europa, a bhfuil gnéithe nuálaíocha slándála le sonrú inti.
Foghlaim faoi na gnéithe slándálaTá sraith Europa curtha í gcrích againn
Cuireadh na nótaí bainc €100 agus €200 nua i gcúrsaíocht i mí na Bealtaine 2019. Is iad sin na nótaí deireanacha i sraith nótaí bainc Europa ar nótaí níos marthanaí iad a bhfuil gnéithe slándála nua acu.
Féach ar nótaí bainc euro in 3D
Tuilleadh ábhair a bhaineann le nótaí bainc
Sonraí maidir le cúrsaíocht nótaí bainc
Scrúdaímid cúrsaíocht agus éileamh nótaí bainc euro go cúramach ionas go mbeidh rochtain agatsa i gcónaí ar nótaí bainc euro.
Staitisticí maidir le cúrsaíocht nótaí bainc agus bonnRól idirnáisiúnta an euro
Tá an euro ar cheann de na hairgeadraí is tábhachtaí ar domhan. Coinnímid súil ar úsáid an euro taobh amuigh den limistéar euro agus tuairiscímid mar gheall uirthi.
Léigh an tuairisc is déanaí uainn