Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Rialachas corparáideach

Chomh maith leis na comhlachtaí cinnteoireachta, cuimsíonn rialachas corparáideach BCE Coiste Iniúchóireachta agus roinnt sraitheanna seachtracha agus inmheánacha rialaithe.

Coiste Iniúchóireachta

Ar mhaithe le rialachas corparáideach BCE agus an Eurochórais a láidriú tuilleadh, tugann Coiste Iniúchóireachta ardleibhéil cúnamh don Chomhairle Rialaithe maidir lena chúraimí i dtaobh:

  1. shláine faisnéise airgeadais;
  2. mhaoirseacht ar rialuithe inmheánacha;
  3. comhlíonadh dlíthe, rialacháin agus cóid iompair infheidhme;
  4. comhlíonadh feidhmeanna iniúchóireachta.

Déantar achoimre níos cuimsithí ar ról an Choiste i sainordú an Choiste Iniúchóireachta. Is é Yannis Stournaras cathaoirleach an Choiste Iniúchóireachta agus tá ceathrar baill eile ar an gcoiste: Luis de Guindos, Pervenche Berès, Ardo Hansson agus Klaas Knot.

Coiste na nIniúchóirí Inmheánacha

Tugann Coiste na nIniúchóirí Inmheánacha, i gcomhar le Cairt Iniúchóireachta an Eurochórais/an Córas Eorpach Bainc Ceannais agus an Sásra Maoirseachta Aonair, cúnamh chun spriocanna an Eurochórais/an Chórais Eorpaigh Bainc Ceannais agus an tSásra Maoirseachta Aonair a bhaint amach trí sheirbhísí ráthaíochta agus comhairliúcháin a chur ar fáil atá neamhspleách agus oibiachtúil agus atá leagtha amach chun feabhas a chur ar fheidhmíocht thascanna agus ghníomhaíochtaí an Eurochórais/an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an tSásra Maoirseachta Aonair agus cur lena bhfiúntas.

Tá Coiste na nIniúchóirí Inmheánacha freagrach do ghníomhaireachtaí cinnteoireachta BCE agus tá sé freagrach as plean iniúchóireachta an Eurochórais/an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an tSásra Maoirseachta Aonair a ullmhú agus a chur i bhfeidhm. Chomh maith leis sin, leagann sé amach caighdeáin chomónta i dtaobh obair iniúchóireachta san Eurochóras/sa Chóras Eorpach Bainc Ceannais agus sa Sásra Maoirseachta Aonair.

Sraitheanna seachtracha rialaithe

Ceadaíonn Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Cheannais Eorpaigh dhá shraith:

  • Iniúchóirí seachtracha
  • Cúirt Iniúchóirí na hEorpa

Déanann na hiniúchóirí seachtracha cuntais bhliantúla an Bhainc Ceannais Eorpaigh a iniúchadh (Airteagal 27.1 de Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais). Déanann Cúirt Iniúchóirí na hEorpa éifeachtúlacht oibríochtúil bhainistíocht BCE a imscrúdú (Airteagal 27.2).

Dea-chleachtais maidir le roghnóireacht agus sainordú Iniúchóirí Seachtracha de réir Airteagal 27.1 de Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Ceannais Eorpaigh, arna bhfaomhadh ag Comhairle Rialaithe BCE, 10 Márta 2017

Foilsítear tuarascálacha iniúchóireachta na n-iniúchóirí seachtracha mar chuid de Thuarascáil Bhliantúil an Bhainc Ceannais Eorpaigh.

Tá tuarascálacha Chúirt Iniúchóirí na hEorpa agus freagraí an Bhainc Ceannais Eorpaigh ar fáil sa mhír Tuarascálacha iniúchóireachta, Athbhreithnithe agus Tuairimí ar shuíomh gréasáin Chúirt Iniúchóirí na hEorpa.

Sraitheanna inmheánacha rialaithe

Iniúchadh Inmheánach

Feidhmíonn an Stiúrthóireacht Iniúchóireachta Inmheánaí faoi chúram díreach an Bhoird Feidhmiúcháin. Leagtar amach sainordú na Stiúrthóireachta Iniúchóireachta Inmheánaí i gCairt Iniúchóireachta BCE arna faomhadh ag an mBord Feidhmiúcháin.

Bunaíodh an Chairt ar na caighdeáin phroifisiúnta atá i bhfeidhm go hidirnáisiúnta, go háirithe caighdeáin Institiúid na nIniúchóirí Inmheánacha. 

Struchtúr rialaithe inmheánaigh

Is é an Bord Feidhmiúcháin atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar bhainistíocht riosca an Bhainc Ceannais Eorpaigh.

Chomh maith leis sin, tá struchtúr rialaithe inmheánaigh an Bhainc Ceannais Eorpaigh bunaithe ar chur chuige feidhmiúil trí-shraitheach ina bhfuil bunfhreagracht ag gach aonad eagraíochtúil (Rannóg, Roinn, Stiúrthóireacht nó Ard-Stiúrthóireacht) as a rioscaí féin a bhainistiú, chomh maith le héifeachtacht a gcuid oibríochtaí a dhearbhú.

Déanann réimsí BCE lena n-áirítear bainistíocht riosca oibríochtúil, bainistíocht riosca airgeadais agus an Oifig um Chomhlíonadh agus Rialachas suas an dara sraith rialaithe, ag spreagadh agus ag tacú le cur i bhfeidhm córas srianta agus ceartúchán san eagraíocht.

Is é atá sa triú sraith rialaithe réimse iniúchóireachta inmheánaí an Bhainc Ceannais Eorpaigh, faoina gcuirtear gníomhaíochtaí comhairliúcháin ar fáil atá neamhspleách agus oibiachtúil agus arb é is aidhm dóibh fiúntas a chur le hoibríochtaí an Bhainc Ceannais Eorpaigh agus iad a fheabhsú. Chomh maith leis sin, déanann Coiste Iniúchóireachta an Bhainc Ceannais Eorpaigh na sraitheanna rialaithe agus rialachas corparáideach an Bhainc Ceannais Eorpaigh a neartú tuilleadh, mar a mhínítear thuas.

Creat Eitice

Mar institiúid de chuid an Aontais Eorpaigh, cuirtear de chúram ar an mBanc Ceannais Eorpach fónamh do leas an phobail. Leagann creat eitice an Bhainc Ceannais Eorpaigh amach rialacha eitice agus treoirphrionsabail chun sláine, inniúlacht, éifeachtúlacht agus trédhearcacht den chaighdeán is fearr a dhearbhú agus cúraimí an Bhainc Ceannais á gcomhlíonadh aige. Eochairghné de chreidiúnacht an Bhainc Ceannais Eorpaigh is ea comhlíonadh na bprionsabal seo agus tá sé ríthábhachtach ó thaobh mhuinín shaoránaigh na hEorpa i mbainistíocht agus i ngníomhaíochtaí BCE a chothú agus a choinneáil.

Leasaíodh creat eitice an Bhainc Ceannais Eorpaigh do bhaill foirne, atá le fáil i Rialacha na Foirne, an 3 Nollaig 2014 tar éis bhunú an tSásra Maoirseachta Aonair (SMA). Tháinig an creat eitice athbhreithnithe i bhfeidhm an 1 Eanáir 2015, tráth ar bunaíodh an Cód Iompair do Bhaill Bhord Maoirseachta den Bhanc Ceannais Eorpach freisin.

Tháinig Cód Iompair Aonair le haghaidh cinnteoirí agus oifigigh ardleibhéil uile BCE i bhfeidhm an 1 Eanáir 2019. Tháinig leagan nuashonraithe le rialacha breise maidir le bearta príobháideacha airgeadais i bhfeidhm i mí Eanáir 2023.

Cur i bhfeidhm an chreata eitice

Tar éis bhunú an tSásra Maoirseachta Aonair, tá borradh tagtha faoin suntas a bhaineann le saincheisteanna rialachais sa Bhanc Ceannais Eorpach. Ar mhaithe le cur i bhfeidhm sásúil agus leanúnach an chreata eitice a dhearbhú agus chun cur le rialachas corparáideach an Bhainc Ceannais Eorpaigh, shocraigh an Chomhairle Rialaithe ar an 17 Nollaig 2014 go mbunófaí Coiste Eitice. Tá na freagrachtaí a bronnadh ar an gComhairleoir Eitice faoin gCód Iompair le haghaidh baill den Chomhairle Rialaithe agus ar an Oifigeach Eitice faoi Chritéir Bhreise an Chóid Iompair do bhaill an Bhoird Feidhmiúcháin glactha ag an gcoiste seo air féin.

Is é an príomhchúram atá ar an gCoiste Eitice comhairle a thabhairt do bhaill de na forais a bhfuil baint acu le próisis chinnteoireachta BCE i dtaobh ceisteanna eitice ar bhonn iarratais aonair.

Cinneadh BCE (BCE/2014/59) maidir le bunú Choiste Eitice agus a Rialacha Nós Imeachta

I gcomhréir le tiomantas an Bhoird Feidhmiúcháin i leith a dhearbhú go gcloíonn gníomhaíochtaí an Bhainc Ceannais Eorpaigh le prionsabail na sláine agus go gcoinníonn sé na caighdeáin eitice is airde, tá Oifig um Chomhlíonadh agus Rialachas bunaithe ag an mBord chomh maith. Thosaigh an Oifig seo ag feidhmiú ag an am céanna agus a tháinig Rialacha Foirne BCE i bhfeidhm. I measc fhreagrachtaí na hOifige um Chomhlíonadh agus Rialachas tá an ról a bhí ag an Oifigeach Eitice roimhe seo maidir leis an bhfoireann oibre.

Eochairfheidhm rialaithe neamhspleách atá san Oifigeach um Chomhlíonadh agus Rialachas ó thaobh creat rialachais an Bhainc Ceannais Eorpaigh a neartú trí thacaíocht a thabhairt don Bhord Feidhmiúcháin agus é ag cosaint shláine agus dea-chlú an Bhainc Ceannais Eorpaigh, trí chaighdeáin eitice a chur chun cinn maidir le hiompar a ball foirne agus trí chuntasacht agus trédhearcacht an Bhainc Ceannais Eorpaigh a neartú.

Údarás buiséid

Tá údarás buiséid BCE dílsithe dá Chomhairle Rialaithe. Glacann sé buiséad an Bhainc Ceannais Eorpaigh, ag gníomhú ar mholadh de chuid an Bhoird Feidhmiúcháin. Chomh maith leis sin, cuidíonn an Coiste Buiséad leis an gComhairle Rialaithe ar cheisteanna a bhaineann le buiséad an Bhainc Ceannais Eorpaigh.

Oifigeach Cosanta Sonraí

Dearbhaíonn an tOifigeach Cosanta Sonraí go gcuirtear forálacha Rialachán (AE) 2018/1725 i bhfeidhm sa Bhanc Ceannais Eorpach agus cuireann sé comhairle ar rialtóirí agus ar phróiseálaithe maidir lena n-oibleagáidí a chomhlíonadh. Freagraíonn an tOifigeach Cosanta Sonraí don Bhord Feidhmiúcháin agus comhlíonann sé/sí a c(h)úraimí agus a d(h)ualgais ar bhealach neamhspleách. Tugtar achoimre níos cuimsithí ar thascanna agus ar chumhachtaí an Oifigigh Cosanta Sonraí i gCinneadh (AE) 2020/655.

Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE, IO L 295, 21.11.2018, lch. 39–98

Cinneadh (AE) ón mBanc Ceannais Eorpach an 5 Bealtaine 2020 ag glacadh cur i bhfeidhm rialacha maidir le cosaint sonraí ag an mBanc Ceannais Eorpach lena n-asighairtear Cinneadh BCE/2007/1 (BCE/2020/28), IO L 152, 15.5.2020, lch. 13–20

Cosc ar chalaois laistigh de BCE agus rialacha a bhaineann le himscrúduithe OLAF

Bearta frithchalaoise atá i bhfeidhm ar fud an Aontais Eorpaigh

In 1999, ghlac Parlaimint na hEorpa agus Comhairle an Aontais Eorpaigh Rialachán (AE) Uimh. 1073/1999 maidir le fiosrúcháin a rinne an Oifig Frith-Chalaoise Eorpach (‘'Rialachán OLAF’') ar mhaithe le borradh a chur faoin troid in aghaidh calaois, éilliú agus gníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile a dhéanann dochar do leasanna airgeadais na gComhphobal. Forálann an Rialachán gur féidir le OLAF fiosrúchán inmheánach a dhéanamh má bhíonn amhras ann go bhfuil calaois á déanamh laistigh d'institiúidí, d’fhorais, d’oifigí agus do ghníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh.

Bearta frithchalaoise BCE

Cinneadh BCE maidir leis na rialacha a bhaineann le himscrúduithe OLAF - Ghlac Comhairle Rialaithe an Bhainc Ceannais Eorpaigh Cinneadh (BCE/2004/11) an 3 Meitheamh 2004 maidir le téarmaí agus coinníollacha imscrúduithe na hOifige Eorpaí Frith-Chalaoise ar an mBanc Ceannais Eorpach, maidir le cosc ar chalaois, ar éilliú agus ar ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile a dhéanann dochar do leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach agus maidir le Coinníollacha Fostaíochta Fhostaithe an Bhainc Ceannais Eorpaigh a leasú. Tháinig an Cinneadh seo i bhfeidhm an 1 Iúil 2004. Chuir na Socrúcháin Riaracháin idir an Banc Ceannais Eorpach agus an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise, a síníodh an 16 Meitheamh 2016, chun comhoibriú a mhéadú idir BCE agus seirbhísí OLAF leis an gcinneadh.

Roimh scéim frithchalaoise BCE

Cé gur ghlac an Chomhairle Rialaithe leis go raibh gá le bearta láidre i gcoinne na calaoise, ba é a tuairim gur chuir seasamh neamhspleách agus tascanna reachtúla BCE bac ar chur i bhfeidhm Rialachán OLAF sa Bhanc Ceannais Eorpach. Ina áit sin, ghlac sí le Cinneadh ar leith a rinne an Banc Ceannais Eorpach an 7 Deireadh Fómhair 1999 maidir le calaois a chosc (BCE/1999/5). Ceadaíodh leis sin go bhféadfaí scéim chuimsitheach frithchalaoise a bhunú faoi smacht Choiste neamhspleách Frithchalaoise.

Rinne an Coimisiún Eorpach, le tacaíocht ó Ríocht na hÍsiltíre, ó Pharlaimint na hEorpa agus ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh, agóid i gcoinne an tseasaimh seo (Cás C-11/00). Ar 10 Iúil 2003, rialaigh an Chúirt Bhreithiúnais Eorpach ar na haighneachtaí a chuir na páirtithe seo faoina bráid agus chuir sí Cinneadh BCE/1999/5 ar neamhní.

Chuir rialú na Cúirte an Banc Ceannais Eorpach ''laistigh de chreat an Chomhphobail’’ go cinnte. Ag an am céanna, mhaígh sí gur theastaigh ón reachtóir a dhearbhú go bhféadfadh an Banc Ceannais Eorpach na cúraimí a bronnadh air a chur i gcrích go neamhspleách. Ba é breith na Cúirte é, áfach, nach ndealaíonn an neamhspleáchas seo an Banc Ceannais Eorpach go hiomlán ón gComhphobal agus ní dhíolmhaíonn sé é ó gach riail de dhlíthe an Chomhphobail. Tagann sé seo leis an gcur chuige a ghlacann an Banc Ceannais Eorpach. Níor cheart do chur i bhfeidhm Rialachán OLAF cur isteach ar chomhlíonadh neamhspleách chúraimí an Bhainc Ceannais Eorpaigh.

Le linn na tréimhse arbh ann dó, bhunaigh Coiste Frith-Chalaoise an Bhainc Ceannais Eorpaigh na tuarascálacha bliantúla gníomhaíochta seo a leanas:

FÉACH FREISIN

Faigh amach tuilleadh faoi ábhar gaolmhar

Creat dlíthiúil

Rialacha riaracháin BCE

Foilseacháin

Tuarascáil Bhliantúil

Gach leathanach sa rannóg seo