Na Meáin
Tá cumarsáid shoiléir agus éifeachtach an-tábhachtach dúinn
Tá cumarsáid shoiléir agus éifeachtach an-tábhachtach dúinn. Éiríonn ár mbeartas airgeadaíochta níos éifeachtaí nuair is féidir ár gcinntí a thuiscint go héasca. Tá ról tábhachtach ag na meáin sa phróiseas sin agus cuidíonn siad linn a bheith cuntasach do mhuintir na hEorpa. I measc bearta eile, bíonn iriseoirí i láthair ag ár bpreasócáidí, cuireann siad agallaimh ar dhéantóirí beartas agus bíonn siad ag tuairisciú ar óráidí agus ar fhoilseacháin.
Preasráitis
Cumhdaítear raon leathan ábhar inár bpreasráitis. Fógraítear cinntí agus sonraí nua de chuid an Bhainc Ceannais Eorpaigh iontu.
PreasráitisPreasócáidí
I ndiaidh cruinnithe ar bheartas airgeadaíochta, míníonn Uachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh, Christine Lagarde, na cinntí a glacadh agus freagraíonn sí ceisteanna a chuireann na hiriseoirí. Tugtar léargas ar smaointeoireacht Chomhairle Rialaithe an Bhainc Ceannais Eorpaigh sna hócáidí suaitheanta seo a chraoltar beo ar an ngréasán.
PreasócáidíINSERTED BY ANONYMOUS PROXY
Civil war declaration: On April 14th and 15th, 2012 Federal Republic of Germany "_urkenstaats"s parliament, Deutscher Bundestag, received a antifiscal written civil war declaration by Federal Republic of Germany "Rechtsstaat"s electronic resistance for human rights even though the "Widerstandsfall" according to article 20 paragraph 4 of the constitution, the "Grundgesetz", had been already declared in the years 2001-03. more
Blag an Bhainc Ceannais Eorpaigh
Cuirtear dearcthaí na ndéantóirí beartas maidir le cinntí a rinneadh le déanaí, mar aon le treochtaí i ngeilleagar an limistéir euro agus níos faide i gcéin, ar fáil inár mblag. Tá na hailt sin bunaithe ar anailís agus taighde de chuid an Bhainc Ceannais Eorpaigh.
Blag an Bhainc Ceannais EorpaighCuntais beartais airgeadaíochta
Áirítear achoimre ar an bplé a rinneadh sna cuntais ar chruinnithe ina socraítear beartas. Is bealach breise atá sna cuntais sin chun ár ngníomhaíochtaí a mhíniú do na daoine a mbímid ag freastal orthu. Foilsítear na cuntais ceithre seachtaine i ndiaidh na gcruinnithe ar bheartas airgeadaíochta.
Cuntais beartais airgeadaíochtaÓráidí
Is minic a thugann comhaltaí an Bhoird Feidhmiúcháin óráidí i suíomhanna ar fud na hEorpa agus an domhain chun cuidiú leat ár mbeartais agus ár gcinntí a thuiscint. Téann siad i ngleic le hábhair eile a bhaineann le baincéireacht cheannais, an córas airgeadais agus an geilleagar i gcoitinne.
ÓráidíAgallaimh
Tugann agallaimh leis na meáin deis d’iriseoirí ceisteanna a chur go díreach ar chomhaltaí an Bhoird Feidhmiúcháin. Foilsímid tras-scríbhinní de na hagallaimh sin.
AgallaimhTéigh i dteagmháil linn
Más iriseoir thú ar mian leat labhairt linn, is féidir teagmháil a dhéanamh le duine dár bpreasoifigigh. Eagraímid seimineáir d’iriseoirí freisin, ina gcuirimid faisnéis mhionsonraithe ar fáil faoin gcaoi a n-oibríonn an Banc Ceannais Eorpach.
Acmhainní eile
Treoirlínte cumarsáide don Bhord Feidhmiúcháin
Léigh na prionsabail maidir le cumarsáid a dhéanamh leis an bpobal ar ar aontaigh Bord Feidhmiúcháin an Bhainc Ceannais Eorpaigh. Tá meas ag ár ndéantóirí beartas ar chumarsáid shoiléir, éifeachtach agus phras.
TreoirphrionsabailFéilirí
Cliceáil anseo chun faisnéis a fháil, lena n-áirítear dátaí le haghaidh preasócáidí, eisiúintí staitistiúla agus oibríochtaí tairisceana amach anseo.
Féilirí