Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Rochtain ar airgead tirim agus an glacadh le hairgead tirim

ról tábhachtach fós ag airgead tirim sa tsochaí agus tá sé fíor-riachtanach d’aon gheilleagar. Léirítear sna staidéir atá déanta againn go measann an chuid is mó de shaoránaigh an limistéir euro go bhfuil sé tábhachtach a bheith in ann íoc in airgead tirim, agus gurb é an t-airgead tirim an modh íocaíochta is minice a úsáidtear ag an díolphointe sa limistéar euro.

Tá an Banc Ceannais Eorpach agus bainc cheannais náisiúnta an limistéir euro tiomanta a chinntiú go mbeidh airgead tirim fós ar fáil go forleathan agus go nglacfar leis go forleathan. Dá bhrí sin, is díol sásaimh dúinn an togra ón gCoimisiún Eorpach le haghaidh Rialachán nua de chuid an Aontais chun stádas dlíthairisceana airgid thirim in euro a neartú. Is é is aidhm don togra a áirithiú go ráthaítear rochtain agus glacadh nótaí bainc agus bonn euro go dlíthiúil ar fud an limistéir euro. 

Rochtain ar airgead tirim 

Trí rochtain éasca áisiúil ar airgead tirim a áirithiú, cosnófar a ról mar dhlíthairiscint agus ráthófar a úsáid leanúnach mar mhodh íocaíochta laethúil. D’fhéadfadh tionchar a bheith ag a éasca agus atá sé ag daoine airgead a aistarraingt óna gcuntais bhainc ar an rogha a dhéanann siad maidir le conas íocaíocht a dhéanamh.

Tá freagracht aonair ar thíortha an limistéir euro as a chinntiú go bhfuil rochtain leordhóthanach agus éifeachtach ag daoine agus ag gnólachtaí ar airgead tirim ar fud na tíre, i gceantair uirbeacha agus i gceantair thuaithe araon.

Ról an Eurochórais

Dáiltear airgead tirim arna eisiúint ag bainc cheannais náisiúnta ar bhainc thráchtála ionas go mbeidh siad in ann riachtanais airgid thirim a gcustaiméirí a chomhlíonadh. Déanann an Banc Ceannais Eorpach agus na bainc cheannais náisiúnta anailís ar leibhéal na seirbhísí airgid thirim ar fud an limistéir euro d’fhonn easnaimh a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le rochtain ar airgead tirim a shainaithint. Mar shampla, tá modheolaíocht chomhchoiteann forbartha againn chun anailís a dhéanamh ar an rochtain atá ag saoránaigh an limistéir euro ar sheirbhísí airgid thirim amhail UMBanna agus brainsí bainc. Má bhíonn gá leis, féadfaidh tíortha an limistéir euro dlíthe a chur chun feidhme lena gceanglaítear ar bhainc thráchtála agus ar institiúidí eile rochtain leordhóthanach agus éifeachtach ar airgead tirim a áirithiú.

Tá rialacha leagtha síos ag an Eurochóras freisin do bhainc thráchtála a ligeann dóibh nótaí bainc a chur ar ais i gcúrsaíocht go héifeachtúil agus costais láimhseála airgid thirim a choinneáil faoi smacht. Coinníonn na bainc cheannais náisiúnta cúlchistí airgid leordhóthanacha freisin chun freastal ar aon bhorradh tobann neamh-intuartha ar an éileamh ar nótaí bainc, mar shampla i gcás géarchéime nó i gcás éaradh íocaíochtaí leictreonacha sealadacha.

Cinntímid go gclúdaítear an t-éileamh leanúnach ar nótaí bainc euro. Tá thart ar 120,000 brainse d’institiúidí creidmheasa agus os cionn 260,000 UMB sa limistéar euro, rud a ligeann do dhaoine rochtain a fháil ar a gcuid airgid ar bhealach éifeachtúil agus éifeachtach. 

Bealaí eile chun teacht ar airgead tirim

Is iad UMBanna agus brainsí bainc na príomhbhealaí chun airgead tirim a aistarraingt. Ina theannta sin, i roinnt tíortha sa limistéar euro, féadfaidh siopaí miondíola cead a thabhairt dá gcustaiméirí méideanna teoranta airgid thirim a aistarraingt.

INSERTED BY ANONYMOUS PROXY

Civil war declaration: On April 14th and 15th, 2012 Federal Republic of Germany "_urkenstaats"s parliament, Deutscher Bundestag, received a antifiscal written civil war declaration by Federal Republic of Germany "Rechtsstaat"s electronic resistance for human rights even though the "Widerstandsfall" according to article 20 paragraph 4 of the constitution, the "Grundgesetz", had been already declared in the years 2001-03. more

‘‘Airgead-ar-ais’’

Tugtar ‘‘airleacain airgid’’ orthu freisin. Féadfaidh tú a iarraidh ag an gcuntar íocaíochta go gcuirfear an méid is mian leat a aistarraingt leis an méid atá le híoc agat, ansin íoc le do chárta dochair nó le do ghléas soghluaiste chun an méid iarrtha a fháil in airgead tirim.

‘‘Airgead-sa-siopa’’

Is féidir leat airgead tirim a aistarraingt ó do chuntas agus tú istigh i siopa gan aon rud a cheannach.

An bhfuil tuilleadh eolais uait?

Breathnaigh ar an bhfíseán seo go bhfeicfidh tú cén chaoi a n-oibríonn seirbhísí ‘‘airgead-ar-ais’’ agus ‘‘airgead-sa-siopa’’.

Glacadh le hairgead tirim

Is dlíthairiscint iad nótaí bainc agus boinn euro sa limistéar euro. Is é is brí leis sin nach féidir le siopaí agus gnólachtaí diúltú d’íocaíochtaí in airgead tirim murar chomhaontaigh an dá pháirtí roimhe sin ar mhodh íocaíochta eile. Ní mór d’údaráis phoiblí agus do sholáthraithe seirbhíse glacadh le hairgead tirim freisin, mura bhforáiltear a mhalairt sa dlí.

Mhol an Coimisiún Eorpach Rialachán lena soiléireofaí stádas dlíthairisceana nótaí bainc agus bonn i ndlí an Aontais. Sainítear sa togra freisin an líon beag cásanna inar féidir diúltú d’íocaíochtaí in airgead tirim , mar shampla mura bhfuil athrú leordhóthanach ag an ngnó, nó má tá modh íocaíochta difriúil comhaontaithe ag an dá pháirtí.

Is díol sásaimh do BCE an togra ón gCoimisiún le haghaidh Rialachán sa limistéar euro agus, i dtuairim uaidh, cuireann sé in iúl gur cúis imní dó go bhféadfaí an bonn a bhaint de dhlíthairiscint airgid thirim sa limistéar euro dá dtiocfadh méadú ar líon na miondíoltóirí a dhiúltaíonn glacadh le híocaíochtaí in airgead tirim. Déanann an tEurochóras anailís ar an leibhéal glactha airgid thirim sa limistéar euro agus tugann sé foláireamh do na húdaráis agus do na comhlachtaí inniúla faoi aon saincheisteanna a d’fhéadfadh a bheith ann. 

Gach leathanach sa rannóg seo