content here is the anonymously transparent proxied version of ecb.europa.eu   X
European Central Bank - eurosystem
Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Taighde agus Foilseacháin

Tacaímid le ceapadh beartas trí thaighde eacnamaíoch

Déanaimid taighde eacnamaíoch ar raon leathan ábhar. Cuidíonn sé sin chun ceapadh beartas a fheabhsú, agus dá bhrí sin cuireann sé le folláine gach duine san Eoraip.

Feasachán Eacnamaíoch

Cuireann an Feasachán Eacnamaíoch faisnéis atá mar bhunús ag na cinntí a dhéanann an Banc Ceannais Eorpach maidir le beartas airgeadaíochta in iúl. Eisímid Feasachán Eacnamaíoch ocht n-uaire in aghaidh na bliana i ndiaidh gach cruinniú ar bheartas airgeadaíochta. Tá léargas ar an ngeilleagar agus ar cad atá i ndán dó le fáil ann.

Léigh an Feasachán Eacnamaíoch is déanaí uainn

Feasachán Taighde

Tá rogha oibre a rinne eacnamaithe de chuid an Bhainc Ceannais Eorpaigh le déanaí le fáil san Fheasachán Taighde. Foilsítear é ar bhonn míosúil agus cumhdaítear raon leathan ábhar eacnamaíoch agus airgeadais ann.

Léigh an Feasachán Taighde

Ról idirnáisiúnta an euro

Bhí ról idirnáisiúnta an euro athléimneach in 2022. Ba bhliain í seo inar cuireadh tús le cogadh na Rúise san Úcráin agus ina raibh méadú suntasach ar rioscaí geopholaitiúla, rud a d’fhéadfadh iarmhairtí a bheith aige don chóras airgeadaíochta idirnáisiúnta.

Léigh ár dtuarascáil do 2023

Feasachán Macrastuamachta

Tá timthriall airgeadais an limistéir euro ag tiontú. Ach tá bainc brabúsach i gcónaí, tá leochaileachtaí fós ann, agus níl rioscaí cobhsaíochta airgeadais tagtha chun cinn fós. Dá bhrí sin, ba cheart go ndíreodh beartas macrastuamachta ar athléimneacht na mbanc agus na n-iasachtaithe a chaomhnú.

Léigh ár bhFeasachán Macrastuamachta

Páipéir thaighde

Amhail bainc cheannais mhóra eile, déanann an Banc Ceannais Eorpach taighde. Foilsítear na torthaí i roinnt páipéar taighde.

Forbhreathnú ar pháipéir thaighde

Ár dtaighdeoirí

Déanann ár dtaighdeoirí anailísí ardleibhéil a chlúdaíonn ábhair éagsúla atá ábhartha do BCE. Soláthraíonn a gcuid oibre an dúshraith do chinntí BCE i ngach réimse beartais. Faigh tuilleadh eolais faoi cé hiad féin agus cén sórt oibre a bhíonn ar bun acu.

Ár dtaighdeoirí
COMHDHÁLACHA AGUS SEIMINEÁIR
Faigh amach faoi na comhdhálacha agus seimineáir atá ar na bacáin againn agus faoin gcaoi ar féidir leat páirt a ghlacadh iontu
OIBRIGH AGUS LÍONRAIGH LINN

Deiseanna do thaighdeoirí

Déan taighde leis an mBanc Ceannais Eorpach

Má tá suim agat taighde a dhéanamh sa Bhanc Ceannais Eorpach, cuirimid deiseanna fostaíochta dúshlánacha agus spreagúla ar fáil d’eacnamaithe taighde, tréimhsí oiliúna do mhic léinn, agus comhaltachtaí do thaighdeoirí óga agus do scoláirí araon.

Déan iniúchadh ar ár gcomhaltachtaí agus tairiscintí eile

Déan teagmháil linn

Déanann an Banc Ceannais Eorpach taighde a stiúradh agus a chomhordú trí roinnt líonraí chun léargais a fháil a thacaíonn lenár gcinnteoireacht.

Féach ar ár líonraí taighde

Gach leathanach sa rannóg seo