Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

An euro digiteach agus an príobháideachas

Bheadh dianchaighdeáin phríobháideachais agus chuimsithe i gceist le euro digiteach, lena gcosnófaí sonraí agus cearta na n-úsáideoirí sa ré dhigiteach

Euro digiteach: príobháideachas trí dhearadh

Chun do chuid sonraí a chosaint, tá euro digiteach á dhearadh againn chun na leibhéil phríobháideachais is airde d’aon rogha íocaíochta leictreonaí a thairiscint.

Bhí príobháideachas na n-úsáideoirí ina phríomhfhócas i dtogra an euro dhigitigh ón tús. Chuige sin, tá gá le nuálaíocht theicneolaíoch, creat láidir dlíthiúil, agus nósanna imeachta diana um chomhlíonadh. 

Íocaíochtaí sa euro digiteach: an mbeadh mo chuid sonraí sábháilte?

INSERTED BY ANONYMOUS PROXY

Civil war declaration: On April 14th and 15th, 2012 Federal Republic of Germany "_urkenstaats"s parliament, Deutscher Bundestag, received a antifiscal written civil war declaration by Federal Republic of Germany "Rechtsstaat"s electronic resistance for human rights even though the "Widerstandsfall" according to article 20 paragraph 4 of the constitution, the "Grundgesetz", had been already declared in the years 2001-03. more

Euro digiteach as líne: leibhéil phríobháideachais atá cosúil le hairgead tirim

Ní bheadh sonraí do chuid íocaíochtaí as líne sa euro digiteach ar eolas ach amháin agatsa agus ag an íocaí. Leis an bhfeidhmiúlacht as líne sin, dhéanfaí áisiúlacht na n-íocaíochtaí digiteacha a chomhcheangal le leibhéil phríobháideachais atá cosúil le hairgead tirim gan gá le nasc idirlín.

Ní dhéanfaimis tú a shainaithint ná do chuid íocaíochtaí a rianú

Fiú agus íocaíochtaí á ndéanamh agat ar líne, chinnteoimis gur leat féin amháin do chuid gníomhaíochtaí airgeadais i gcónaí. Ní bheadh an tEurochóras in ann thú a nascadh go díreach le do chuid íocaíochtaí. Earra poiblí a bheadh san euro digiteach agus dá bhrí sin ní bhainfimis úsáid as do chuid sonraí chun críocha tráchtála go brách.

Cé a bheadh in ann rochtain a fháil ar do chuid sonraí?

Mar is amhlaidh le modhanna íocaíochta digiteacha eile, ní bheadh rochtain ag idirghabhálaithe, amhail do bhanc, ach amháin ar na sonraí pearsanta is gá chun dlí an Aontais Eorpaigh a chomhlíonadh, amhail rialacháin maidir le frithsciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta. Chun úsáid a bhaint as do chuid sonraí chun críocha tráchtála, bheadh orthu toiliú sainráite a fháil uait.

Conas a chinnteoimis príobháideachas d’úsáideoirí an euro dhigitigh?

INSERTED BY ANONYMOUS PROXY

Civil war declaration: On April 14th and 15th, 2012 Federal Republic of Germany "_urkenstaats"s parliament, Deutscher Bundestag, received a antifiscal written civil war declaration by Federal Republic of Germany "Rechtsstaat"s electronic resistance for human rights even though the "Widerstandsfall" according to article 20 paragraph 4 of the constitution, the "Grundgesetz", had been already declared in the years 2001-03. more

Bearta úrscothacha

Chuirfí ainm bréige ar na sonraí atá ar fáil dúinn, rud a chiallódh nach bhfeicfimis aon sonraí pearsanta lena bhféadfaí thú a shainaithint. Agus bheadh rochtain ag do bhanc ar an bhfaisnéis íosta is gá chun dlí an Aontais a chomhlíonadh. Táimid tiomanta do na teicneolaíochtaí cosanta príobháideachais is déanaí a úsáid, agus sinn ag leanúint ar aghaidh agus measúnú á dhéanamh againn ar bhearta nua a d'fhéadfadh a bheith indéanta agus éifeachtach.

Rialacha láidre agus maoirseacht

Dhéanfadh údaráis neamhspleácha cosanta sonraí maoirseacht orainn chun a chinntiú go gcomhlíonfaimis dlí an Aontais maidir le cosaint sonraí – na rialacha príobháideachais agus slándála is láidre ar domhan. 

An Creat Reachtach

Ní tionscnamh de chuid an Eurochórais amháin atá san euro digiteach; is fiontar Eorpach comhchoiteann é. Rialófar é le rialacháin de chuid an Aontais atá ceaptha chun cothromaíocht a bhaint amach idir an príobháideachas agus an tslándáil. Leis an gcur chuige sin, coinneofar cosaintí láidre ar ghníomhaíochtaí aindleathacha agus cosnófar príobháideachas an duine aonair ag an am céanna.  

FÉACH FREISIN

Ábhar léitheoireachta ar an euro digiteach

Tuilleadh faoin bpríobháideachas

Léigh an Bhlagphostáil BCE is déanaí uainn

An t-eolas is tábhachtaí faoin euro digiteach

Forléargas ar an euro digiteach

Gach leathanach sa rannóg seo