Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Tá na caibidlí seo a leanas sa leagan Gaeilge de Thuarascáil Bhliantúil 2021 BCE: Achoimre ar an mbliain, Figiúirí na bliana agus ailt achomair ó chaibidlí uile na tuarascála. Tá tuilleadh eolais ar fáil sa leagan Béarla iomlán den tuarascáil, atá le fáil ar shuíomh gréasáin BCE.

Achoimre ar an mbliain

** Tabhair faoi deara go mbaineann na ráitis seo le gníomhaíochtaí BCE in 2021 agus gur cuireadh i gcrích iad roimh ionradh na Rúise ar an Úcráin. Tá BCE faoi réir chun aon ghníomhaíocht a theastaíonn a dhéanamh chun cobhsaíocht airgeadais a chosaint agus chun a shainordú a chomhlíonadh chun cobhsaíocht praghsanna a chinntiú. **

In 2021, bhí bonn níos daingne faoi théarnamh an limistéir euro ó éigeandáil na paindéime. Tháinig athbhorradh mór faoin ngeilleagar agus tháinig méadú 5.3% ar fhíor-olltáirgeacht intíre, cé gur tháinig moill ar an dul chun cinn sin ag deireadh na bliana de bharr srianta nua a cuireadh i bhfeidhm chun dul i ngleic leis an athraitheach Oimiocrón den choróinvíreas (COVID-19). Bhí níos mó post ann de bharr an téarnaimh freisin, agus bhí an ráta dífhostaíochta ní b'ísle ná mar a bhí riamh faoi dheireadh na bliana.

Ach bhí deacrachtaí ag baint leis an téarnamh le linn don gheilleagar a bheith ag athoscailt. Cé go raibh boilsciú an-íseal ag tús 2021 sa limistéar euro, mhéadaigh sé go ríthapa de dheasca srianta soláthair a d'eascair as an bpaindéim, athneartú an éilimh dhomhanda agus ardú géar ar phraghsanna fuinnimh. Bhí boilsciú foriomlán bliantúil ag 2.6% ar an meán in 2021, le hais 0.3% in 2020.

Chuir BCE a athbhreithniú ar an straitéis beartais airgeadaíochta i gcrích in 2021. Leis sin, nuashonraíodh ár straitéis chun dul i ngleic le dúshláin nua agus cuireadh leabhar beartaíochta ar fáil dúinn chun an cás casta seo a bhainistiú. Ghlac an Chomhairle Rialaithe leis gur sprioc 2% a bheadh ann maidir le boilsciú, sprioc atá simplí agus éasca le tuiscint. Tá sí siméadrach, agus tuigtear go bhfuil aon athruithe uaithi, ar an taobh thuas nó ar an taobh thíos, chomh neamh-inmhianaithe lena chéile. Is sprioc dhaingean í freisin, ó tharla gur comhaontaíodh í ag an gComhairle Rialaithe ar fad.

D’aontaigh an Chomhairle Rialaithe ar an gcaoi a dtabharfadh BCE faoina thiomantas don tsiméadracht. Go háirithe, nuair atá an geilleagar gar don chuimse íochtair éifeachtach ar rátaí beartais, bíonn gá le bearta beartais airgeadaíochta atá thar a bheith láidir nó leanúnach ionas nach mbuanófar claonadh diúltach ón sprioc maidir le boilsciú. Rinneadh machnamh ar an straitéis seo inár réamhthreoir athchalabraithe ar rátaí úis agus d’imir sí tionchar ar ár bhfreagairt beartais d’fhorbairtí eacnamaíocha sa dara leath den bhliain.

Cé go raibh an téarnamh leochaileach agus go raibh boilsciú maolaithe, chuireamar go leor tacaíocht airgeadais ar fáil chun an boilsciú a thabhairt ar ais níos gaire dár sprioc. De réir mar a mhéadaigh boilsciú, d’fhanamar foighneach agus leanúnach maidir lenár gcúrsa beartais ionas go seachnófaí teannadh róthapa mar fhreagairt ar thurraingí a bhain le soláthar. D’athraíomar luas na nglancheannachán sócmhainne faoin gclár ceannaigh le haghaidh éigeandáil na paindéime (PEPP) i gcomhréir leis an ionchas a bhí ag teacht chun cinn agus lenár measúnú ar dhálaí airgeadais.

Faoi mhí na Nollag, chinn an Chomhairle Rialaithe go bhféadfaí luas na gceannachán sócmhainní a laghdú de réir a chéile sna ráithí a bhí le teacht i bhfianaise an dul chun cinn a bhí déanta i dtreo téarnamh eacnamaíoch agus i dtreo ár sprice maidir le boilsciú sa mheántéarma. D’fhógair sí go dtiocfadh deireadh leis na glancheannacháin sócmhainní faoi PEPP i mí an Mhárta 2022, agus go ngearrfaí siar de réir a chéile ar a cuid clár ceannaigh eile do shócmhainní.

Mar chuid den athbhreithniú straitéise, d’fhoilsigh BCE plean gníomhaíochta uaillmhianach maidir le hathrú aeráide, in éineacht le treochlár sonraithe ar an gcaoi chun machnaimh athraithe aeráide a chuimsiú inár gcreat beartais airgeadaíochta. Áirítear sa mhéid sin obair ar an gcaoi inar féidir impleachtaí an athraithe aeráide a léiriú inár samhaltú maicreacnamaíoch, mar aon le táscairí nua a fhorbairt d’anailísí ar rioscaí athraithe aeráide. Beidh ról tábhachtach ag lárionad BCE um athrú aeráide – a seoladh in 2021 – maidir le gníomhaíochtaí gaolmhara a chomhordú sa bhanc. Agus anois, is féidir leat foghlaim faoi ghníomhaíochtaí agus faoi thionscnaimh inbhuanaitheachta BCE i gcaibidil ar leith den Tuarascáil Bhliantúil seo.

Rinne BCE roinnt athruithe tábhachtacha maidir lena chumarsáid freisin. I mí an Mheithimh, chuir an Chomhairle Rialaithe a ráiteas beartais airgeadaíochta a raibh stíl úr léi i láthair. Leis seo, cuirtear a cinntí beartais airgeadaíochta in iúl ar bhealach ar féidir le níos mó daoine teacht orthu. Tá leagan amhairc ag dul leis an ráiteas nua freisin, a dhírítear ar an bpobal mór, is é sin – “an sracfhéachaint ar ár ráiteas beartais airgeadaíochta". Mínítear cinntí BCE ann le friotal simplí agus íomhánna ar furasta dámh a bheith ag duine leo agus tá sé ar fáil i ngach teanga oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh.

Tá tacaíocht láidir ann don euro, agus i suirbhé an Eurobarometer a rinneadh i mí an Mheithimh agus i mí Iúil 2021, bhí 79% de na freagróirí sa limistéar euro i bhfabhar an airgeadra aonair. Ní mór don euro a bheith oiriúnach don ré dhigiteach, áfach. Is é sin an chúis ar sheol an Chomhairle Rialaithe an chéim fiosrúcháin in 2021 do thionscadal a mhairfeadh 24 mí le haghaidh euro digiteach féideartha. Ag an am céanna, beidh ról tábhachtach ag airgead tirim fós i saol na ndaoine. I mí na Nollag, d’fhógair BCE pleananna chun nótaí bainc euro a athdhearadh sa todhchaí. Bainfear úsáid sa phróiseas deartha as ionchur ó shaoránaigh agus táthar ag súil leis na dearthaí deiridh a roghnú in 2024.

Mar sin, tá athruithe i ndán don euro sna blianta le teacht. Ach beidh rud amháin gan athrú lena linn: tiomantas BCE don airgeadra aonair agus don chobhsaíocht praghsanna.

Frankfurt am Main, Aibreán 2022

Christine Lagarde

An tUachtarán

Figiúirí na bliana

1 Forbairtí paindéime fós ag cur isteach ar ionchas eacnamaíoch atá ag neartú

In 2021, bhí téarnamh láidir ar an ngeilleagar domhanda, rud a bhí inchurtha go príomha d’athoscailt na ngeilleagar agus do rátaí arda vacsaínithe in aghaidh COVID-19, mar aon le tacaíocht láidir thráthúil beartais. Mar sin féin, bhí an téarnamh ábhairín míchothrom ar fud geilleagair margaidh atá sárfhorbartha agus i mbéal forbartha. Tháinig méadú ar bhoilsciú domhanda, rud a léiríonn go príomha an méadú géar ar phraghsanna fuinnimh agus soláthar a bhí á shárú ag an éileamh in earnálacha áirithe i bhfianaise constaicí ó thosca paindéime agus scrogaill eile soláthair agus iompair. Sa limistéar euro, tháinig athbhorradh láidir ar fhíor-OTI in 2021, i ndiaidh an mhaolaithe is mó ar taifead sa bhliain roimhe sin. Bhí bearta tráthúla, daingne beartais airgeadaíochta agus fhioscaigh mar thaca leis an téarnamh seo a chuir feabhas ar mhargaí saothair. Dá ainneoin sin, bhí éiginnteacht eacnamaíoch fós ardaithe le linn na bliana agus ba mhór an difríocht a bhí idir an dá earnáil is mó, tionscal agus seirbhísí. Go luath sa bhliain, rinne bearta dianghlasála agus srianta taistil difear don fhás, agus bhí tionchar diúltach aige sin ar sholáthar seirbhísí agus ar an éileamh ar sheirbhísí. Níos déanaí, i ndiaidh athbhorradh fíor-láidir ar éileamh domhanda, chuir scrogaill soláthair agus costais fuinnimh níos airde srian le táirgeadh san earnáil tionsclaíochta. Tháinig méadú géar ar bhoilsciú sa limistéar euro arna thomhas ag an Innéacs Comhchuibhithe ar Phraghsanna do Thomhaltóirí (HICP) go dtí 2.6% in 2021, aníos ó 0.3% in 2020. Bhí leibhéil an bhoilscithe sin maolaithe sna míonna ag tús na bliana, ach tháinig méadú air i gcaitheamh na bliana agus bhain sé ráta 5.0% amach i mí na Nollag. Tríd is tríd, léirigh an méadú ar phraghsanna borradh géar leathan ar phraghsanna fuinnimh, míchothromaíochtaí idir éileamh agus soláthar i ndiaidh athoscailt na ngeilleagar agus tosca níos teicniúla amhail laghdú sealadach CBL sa Ghearmáin a fhreaschur. Measadh go mbeadh boilsciú ardaithe fós sa ghearrthéarma tar éis 2021 ach go maolódh sé le linn na bliana 2022. Le hionradh na Rúise ar an Úcráin, áfach, méadaíodh go mór an éiginnteacht a bhaineann leis an ionchas maidir le boilsciú.

2 Beartas airgeadaíochta: tacaíocht leanúnach agus straitéis nua

Leis an tsraith chuimsitheach de bhearta beartais airgeadaíochta a ghabh BCE de láimh in 2021, mar aon lena n-athchalabrú, seachnaíodh géarú ar dhálaí maoiniúcháin agus laghdaíodh an baol go mbeadh géarchor creidmheasa ann trí neart leachtachta a choinneáil sa chóras baincéireachta agus trí shreabhadh creidmheasa chuig an ngeilleagar a chosaint. Bhí éifeacht ríthábhachtach chobhsaíochta ag an bhfreagairt beartais airgeadaíochta ar na margaí agus thacaigh sí leis an ngeilleagar agus leis an ionchas maidir le boilsciú. Ag deireadh 2021, ba mhó ná riamh méid chlár comhardaithe an Eurochórais ag €8.6 trilliún, méadú €1.6 trilliún ar mhéid na bliana roimhe sin. B’ionann sócmhainní a bhain le beartas airgeadaíochta ag deireadh 2021 agus 80% de na sócmhainní iomlána ar chlár comhardaithe an Eurochórais. Leanadh de rioscaí a bhain leis an gclár comhardaithe mór a mhaolú trí chreat bainistíochta riosca BCE.

3 An earnáil airgeadais Eorpach: rioscaí gearrthéarmacha laghdaithe ag an téarnamh in 2021 ach leochaileachtaí ag méadú amach romhainn

Le dálaí feabhsaithe eacnamaíocha in 2021, laghdaíodh rioscaí gearrthéarmacha a bhain leis an bpaindéim do chobhsaíocht airgeadais an limistéir euro, sa mhéid gur sheachain an earnáil chorparáideach, iasachtaithe ceannasacha agus bainc géarchor ar an taobh thíos. Ar a shon sin, chruthaigh suaitheadh ar shlabhraí soláthair domhanda agus praghsanna ardaitheacha fuinnimh dúshláin nua do neart an téarnaimh agus don ionchas maidir le boilsciú, rud a d’fhéadfadh difear a dhéanamh don chobhsaíocht airgeadais amach anseo. Ag an am céanna, bhí leochaileachtaí eile ag teacht chun cinn, ar nós luachálacha sínte i margaí tithíochta agus airgeadais, glacadh leanúnach riosca ag institiúidí airgeadais neamhbhainc agus leibhéil níos airde fiachais sna hearnálacha corparáideacha agus poiblí de thoradh na paindéime. De réir mar a ghabh an téarnamh chun cinn, d’aistrigh béim an phlé beartais airgeadaíochta ó sholáthar tacaíochta ghearrthéarmaí chuig maolú leochaileachtaí cobhsaíochta airgeadais, go háirithe rioscaí timthriallacha agus rioscaí margaidh eastáit réadaigh. De bhreis air sin, leanadh leis an obair chun an creat rialála do bhanic agus an cur chuige macrastuamachta d’institiúidí airgeadais neamhbhainc a neartú d’fhonn athléimneacht fhadtéarmach an chórais airgeadais a fheabhsú.

4 Feidhmiú rianúil bhonneagar an mhargaidh agus íocaíochtaí

Tá ról lárnach ag an Eurochóras i bhforbairt, in oibriú agus i maoirsiú bhonneagair an mhargaidh agus socruithe lena n-éascaítear sreabhadh sábháilte éifeachtach íocaíochtaí, urrús agus comhthaobhachta ar fud an limistéir euro. Ina theannta sin, spreagann sé comhtháthú agus nuálaíocht i margadh na n-íocaíochtaí agus na n-urrús. Mar fhreagairt ar an mbunathrú digiteach, ar cheanglais nua rialála agus ar éilimh athraitheacha ó úsáideoirí, tá athbhreithniú agus athnuachan déanta ag an Eurochóras ar bhonneagair, ar bheartais agus ar straitéisí reatha an mhargaidh, agus tá iniúchadh déanta aige ar theicneolaíochtaí nua, ar airgeadraí digiteacha agus ar fhorbairtí ar chripteashócmhainní.

5 Iarrachtaí chun tacú le feidhmiú an mhargaidh, agus seirbhísí airgeadais a chuirtear ar fáil d’institiúidí eile

Lean BCE d’oibríochtaí dhollar na Stát Aontaithe a thairiscint do chontrapháirtithe an limistéir euro agus, ar an gcaoi sin, chuir sé cúlstop ar fáil maidir le maoiniú margadhbhunaithe. Bhí línte leachtachta euro chuig bainc cheannais eile, arna mbunú nó arna gcur i bhfeidhm in 2020, fós i bhfeidhm in 2021 agus níor bunaíodh aon línte nua.

Ní dhearna BCE aon idirghabháil sa mhargadh malairte eachtraí, rud a thuairiscítear freisin sna sonraí ráithiúla ar idirghabhálacha malairte eachtraí de chuid BCE. Foilsítear na sonraí sin ar shuíomh gréasáin BCE.

D’éirigh leis an tionscal airgeadais an t-aistriú ó Mheáninnéacs Euro Thar Oíche (EONIA) chuig ráta gearrthéarmach euro (€STR) BCE a chur i gcrích go rathúil an 3 Eanáir 2022, agus lean sé leis an obair chun feabhas a chur ar stóinseacht cleachtas margaidh a bhaineann le praghsáil, lena n-áirítear úsáid níos leithne €STR a chur chun cinn.

In 2021, lean BCE de bheith freagrach as oibríochtaí éagsúla airgeadais a riaradh thar ceann AE agus de ról comhordúcháin a ghlacadh i ndáil le creat an Eurochórais um sheirbhísí bainistíochta cúlchistí.

6 Ardéileamh ar airgead tirim agus leibhéal íseal góchumtha

Tá BCE agus bainc cheannais náisiúnta (BCNanna) an limistéir euro freagrach as nótaí bainc euro a eisiúint de réir líon inmhianaithe agus struchtúr ainmníochtaí inmhianaithe, rud a chinntíonn go bhfuil airgead tirim ar fáil agus a chothaíonn iontaoibh san airgeadra comhchoiteann. Bhí dhá éifeacht ag paindéim COVID-19 ar iompar íocaíochtaí. Ar an gcéad dul síos, leag sé béim ar an ról atá ag airgead tirim mar stór luacha agus, ar an dara dul síos, laghdaigh sé roinnt den éileamh idirbheartaíochta ar airgead tirim. Dá ainneoin sin, tháinig méadú ar líon nótaí bainc euro i gcúrsaíocht in 2021, fad a bhí líon na nótaí góchumtha a tarraingíodh siar ó chúrsaíocht ag leibhéal atá níos ísle ná riamh. Ó tharla gurb é airgead tirim an modh íocaíochta is fearr le go leor custaiméirí gó fóill, tá sé mar aidhm ag an Eurochóras a chinntiú go mbeidh fáil leordhóthanach ar aigead tirim agus go mbeidh glacadh forleathan leis sna blianta atá le teacht, mar a shonraítear i Straitéis Airgid Thirim an Eurochórais.

Tar éis don Eurochóras sraith nótaí bainc Europa a thabhairt isteach in 2019, tá tús curtha aige cheana féin lena chuid ullmhúchán chun nótaí bainc a fhobairt amach anseo.

7 Staitisticí

Déanann BCE - le cúnamh ó na bainc cheannais náisiúnta (BCNanna) - raon leathan staitisticí agus sonraí riachtanacha a fhorbairt, a bhailiú, a chomhthiomsú agus a scaipeadh chun tacú le beartas airgeadaíochta BCE, mar aon le cúraimí cobhsaíochta airgeadais agus cúraimí eile de chuid an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais (CEBC) agus an Bhoird Eorpaigh um Riosca Sistéamach (BERS). Bíonn na staitisticí seo á n-úsáid freisin ag údaráis phoiblí, eagraíochtaí idirnáisiúnta, rannpháirtithe margaidh airgeadais, na meáin agus ag an bpobal i gcoitinne, agus cuidíonn siad le BCE chun trédhearcacht a chuid oibre a fheabhsú.

Sa chaibidil seo, dírítear ar staitisticí nua an limistéir euro, eadhon táscairí turgnamhacha chun tacú leis an mbeartas um athrú aeráide agus le hinnéacsanna praghsanna tithíochta úinéir-áitithe. Díríonn an dá bhosca ar mheánrátaí agus innéacs chomhsuite €STR a foilsíodh le déanaí, agus ar chaighdeánú sonraí domhanda a chur chun cinn.

8 Gníomhaíochtaí taighde BCE

Lean iarmhairtí eacnamaíocha phaindéim COVID-19 de thionchar a imirt ar ghníomhaíochtaí taighde in 2021. Bhí an Suirbhé ar Ionchais Tomhaltóirí an-áisiúil chun staid na dteaghlach príobháideach a mheas. Ag an am céanna, lean líonraí rialta taighde lena gcuid clár oibre. Bunaíodh braisle nua taighde maidir leis an athrú aeráide, agus d’éirigh le líonra amháin a dhíríonn ar shocrú praghsanna bunaithe ar mhicreashonraí (PRISMA) dul chun cinn suntasach a dhéanamh. Cuireadh tús athuair leis an idirghníomhaíocht leis an saol acadúil le linn 2021, agus cé nach raibh an oiread céanna gníomhaíochtaí comhdhála ar siúl mar gheall ar an bpaindéim, bhíothas in ann, tríd is tríd, comhdhálacha fíorúla a chur ar siúl in ionad imeachtaí ina mbíonn daoine i láthair.

9 Gníomhaíochtaí dlíthiúla agus dualgais dhlíthiúla

Sa chaibidil seo, déileáltar le dlínse na Cúirte Breithiúnais i leith BCE, cuirtear faisnéis ar fáil maidir le tuairimí BCE agus maidir le cásanna nuair nach gcomhlíontar an oibleagáid chun dul i gcomhairle le BCE maidir le dréacht-reachtaíocht a thagann laistigh dá réimsí inniúlachta agus tuairiscítear ar fhaireachán BCE ar chomhlíonadh an toirmisc ar mhaoiniú airgeadaíochta agus ar rochtain phribhléideach.

10 BCE i gcomhthéacs AE agus idirnáisiúnta

Lean BCE leis an idirphlé dlúth lena chomhpháirtithe Eorpacha agus idirnáisiúnta in 2021. Is bunchloch de chreat cuntasachta BCE é a chaidreamh le Parlaimint na hEorpa. Bhí dlúth-idirghníomhaíocht ag BCE leis an gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta de chuid Pharlaimint na hEorpa (ECON) i rith na bliana trí bhíthin éisteachtaí rialta, malartú litreacha agus cruinnithe breise i gcomhthéacs an athbhreithnithe straitéise agus an euro digiteach. Níos faide i gcéin ná an Eoraip, bhí rannpháirtíocht dhearfach ag BCE le haireachtaí Airgeadais G20 agus le bainc cheannais i bplé a bhain le bainc cheannais ag an gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta (CAI), plé a bhí dírithe go mór mór ar fhreagairtí beartais chun téarnamh domhanda ó phaindéim COVID-19 a chothú. Ina theannta sin, rannchuidigh BCE le comhsheasaimh arna nglacadh ag an Aontas Eorpach nó tíortha an limistéir euro i bhfóraim idirnáisiúnta trí shaineolas agus léargas a chur ar fáil. Ba chor cinniúnach é leithdháileadh ginearálta nua ceart speisialta tarraingthe ag CAI chun tacú leis an ngeilleagar domhanda, agus rinne an tEurochóras a chion trína chinntiú go raibh an margadh deonach le haghaidh malartuithe ceart speisialta tarraingthe ag feidhmiú go maith.

11 Dea-rialachas agus inbhuanaitheacht shóisialta agus chomhshaoil níos fearr in BCE

In 2021, gheall BCE go dtabharfadh sé faoi thuairisciú níos iomláine ar ábhair a bhaineann le hinbhuanaitheacht chomhshaoil, shóisialta agus rialachais (CSR) agus atá ábhartha do chomhpháirtithe inmheánacha agus seachtracha. Chuige sin, cuireadh tús le hobair lena leathnófaí creat tuairiscithe reatha BCE maidir leis an gcomhshaol chun go n-áireofaí ann cúrsaí rialachais agus sóisialta agus fostaithe, agus ceanglais na Treorach maidir le Faisnéis Neamhairgeadais á gcur san áireamh.[1]Sa chaibidil seo, tá achoimre ar chur chuige BCE maidir leis na hábhair sin a aithníodh trí bhíthin gníomh measúnaithe ábharthachta. Bhí an gníomh seo ríthabhachtach chun ábhar an tuairiscithe a shainiú agus chun bheith mar bhonn eolais don athbhreithniú a dhéanfar go luath ar straitéis ghnó BCE, d’fhonn an inbhuanaitheacht a chomhtháthú tuilleadh i rialachas na heagraíochta.

12 Ár bhfoireann

Sna caibidlí agus leathanaigh thuas de Thuarascáil Bhliantúil BCE, tugtar léargas mionsonraithe, fíorasach ar phríomhghníomhaíochtaí agus ar phríomhthorthaí BCE laistigh dá réimsí inniúlachta in 2021. I gcuid mhór de na cásanna, bhíothas in ann na nithe sin a bhaint amach trí chomhar idir comhghleacaithe ar fud réimsí gnó, laistigh den Eurochóras agus CEBC nó níos faide i gcéin fiú. Tugann na scéalta seo a leanas ónár gcomhghleacaithe léargas ar an gcomhar sin agus barúil faoin gcaoi ina rannchuidíonn siad leis an méid atá á bhaint amach ag BCE.

Cuntais Bhliantúla

https://www.ecb.europa.eu/pub/annual/annual-accounts/html/ecb.annualaccounts2021~5130ce3be2.ga.html

Clár comhardaithe comhdhlúite an Eurochóras amhail ar an 31 Nollaig 2021

https://www.ecb.europa.eu/pub/annual/balance/html/ecb.eurosystembalancesheet2021~f9edd2ff57.ga.html

© An Banc Ceannais Eorpach, Déardaoin 28 Aibreán 2022 09:47:41

Seoladh poist 60640 Frankfurt am Main, An Ghearmáin
Teileafón +49 69 1344 0
Suíomh Gréasáin www.ecb.europa.eu

Gach ceart ar cosaint Ceadaítear atáirgeadh chun críocha oideachais agus neamhthráchtála fad is a aithnítear an fhoinse.

Ba é 24 Feabhra 2022 an spriocdháta le haghaidh sonraí a áiríodh sa tuarascáil seo (cuirtear aon eisceachtaí in iúl go sainráite).

Chun téarmaíocht shonrach a fháil, féach ar ghluais BCE (ar fáil i mBéarla amháin).

HTML ISBN 978-92-899-5101-2, ISSN 2600-5107, doi:10.2866/527844, QB-AA-22-001-GA-Q


  1. Treoir 2014/95/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2014 lena leasaítear Treoir 2013/34/AE maidir le nochtadh na faisnéise neamhairgeadais agus éagsúlachta ag gnóthais agus grúpaí móra áirithe (IO L 330, 15.11.2014, lch 1).