Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by
Christine Lagarde
The President of the European Central Bank
  • ÓRÁID

Cúig bliana is fiche de BCE

Focail tosaigh ó Christine Lagarde, Uachtarán BCE, ag an gceiliúradh chun 25 bliain ó bunaíodh BCE a chomóradh

Frankfurt am Main, 24 Bealtaine 2023

Is cúis áthais dom fáilte a chur romhaibh chuig an bhfáiltiú seo agus muid ag comóradh 25 bliain ó bunaíodh an Banc Ceannais Eorpach agus an tEurochóras.

Thug Helmut Kohl, iar-Sheansailéir na Gearmáine, faoi deara uair amháin go bhfuil “níos mó i gceist le síocháin ná díreach easpa cogaíochta a bheith ann”. Agus ar a fhréamh, tá scéal an euro ar cheann de bhunchlocha na síochána buaine.

Is scéal é a eascraíonn as cinneadh fadbhreathnaitheach na hEorpa tar éis an Dara Cogadh Domhanda a geilleagair a cheangal le chéile ar bhealach chomh docht sin go mbeadh ár dtodhchaí doscartha agus, dá réir sin, a chruthaigh an loighic chumhachtach atá mar bhonn le lánpháirtiú na hEorpa.

Chiallaigh an t-inneall comhtháthaithe seo, nuair a bhíomar ag tabhairt aghaidhe ar dhúshláin, nár éirigh easaontas eadrainn agus nár ligeamar don mhéid a bhí tógtha againn le chéile titim ó chéile. Ina ionad sin, thugamar aghaidh ar na dúshláin sin agus thugamar freagra orthu le chéile.

Agus ba é an spiorad céanna sin - ó dheireadh na 1980idí ar aghaidh - a rinne riachtanach é go mbunófaí airgeadra aonair sa chéad chéim eile dár dturas Eorpach.

Ag an am sin, bhí an Eoraip agus an domhan araon ag athrú.

Ar an gcéad dul síos, bhí ár gcómhargadh ag tiontú ina Mhargadh Aonair. Mar gheall air sin, bhí sé níos tábhachtaí fós deireadh a chur leis an bhféidearthacht go ndéanfaí díluachálacha iomaíocha i measc mórgheilleagair, ós rud é go mbainfeadh sé sin an bonn den mhuinín agus go gcasfadh sé an taoide i gcoinne na hoscailteachta.

Ach nuair a bhí sreafaí caipitil domhanda ag méadú, bhí córas ráta malairte seasta na hEorpa ag éirí níos éagobhsaí — fadhb a léiríodh le géarchéim na meicníochta ráta malairte in 1992-93.

Ar an dara dul síos, bhí comhtháthú domhanda an airgeadais ag bagairt ar mhuintir na hEorpa a raibh ceannasacht airgeadaíochta caillte acu. Bhí tionchar domhanda níos mó ag beartais airgeadaíochta na dtíortha móra a d’eisigh airgeadraí domhanda — go háirithe na Stáit Aontaithe.[1]

Beag beann ar an gcóras ráta malairte a úsáideadh, chiallaigh sé sin go raibh an scóip do thíortha beaga dálaí airgeadaíochta a shocrú i gcomhréir lena riachtanais intíre ag laghdú de réir a chéile.

Ar an tríú dul síos, de réir mar a thit Balla Bheirlín agus nuair a tháinig deireadh leis an gCogadh Fuar, cuireadh ceisteanna bunúsacha nua faoi threo na hEorpa — agus cé a bheadh i gceannas inti. Chruthaigh sé sin gá cumhachtach le siombailí Eorpacha nua a d’fhéadfadh daoine a cheangal le chéile laistigh d’Aontas a bheadh níos mó ó thaobh méid agus ó thaobh éagsúlachta de.

Ba é an euro an freagra loighciúil ar gach ceann de na trí hathruithe sin. Chuir sé cobhsaíocht, ceannasacht agus dlúthpháirtíocht ar fáil do mhuintir na hEorpa.

Cobhsaíocht, toisc gur chinntigh an euro go bhféadfaí an Margadh Aonair a insliú ó luaineachtaí airgeadra agus ag an am céanna nach bhféadfaí ionsaithe amhantracha a dhéanamh ar airgeadraí an limistéir euro.

Ceannasacht, toisc go gcuirfeadh glacadh beartais aonair airgeadaíochta ar an leibhéal Eorpach le neamhspleáchas beartais na hEorpa vis-à-vis gníomhaithe móra eile.

Agus an dlúthpháirtíocht, toisc gurb é an euro an tsiombail is cumhachtaí agus is inláimhsithe d’aontacht na hEorpa a mbeadh plé ag daoine leis ina saol laethúil.

An euro trí na géarchéimeanna

Is féidir linn a bheith buíoch as fadbhreathnaitheacht bhunaitheoirí físeacha na hEorpa. Nuair a tháinig ann don euro ar an 1 Eanáir 1999, níorbh fhéidir leo na géarchéimeanna a bhí amach rompu a shamhlú.

I measc na ndúshlán a bhí roimh an gcéad Uachtarán ar BCE, Wim Duisenberg, bhí 9/11 agus an ghéarchéim dotcom. Bhí ar a chomharba, Jean-Claude Trichet, dul i ngleic leis an ngéarchéim airgeadais dhomhanda agus le géarchéim an fhiachais cheannasaigh sna laethanta tosaigh, a fuair mo réamhtheachtaí, Mario Draghi, le hoidhreacht. Bhí air dul i ngleic le heagla faoi thodhchaí an limistéir euro, agus ina dhiaidh sin tréimhse fhada ina raibh boilsciú ró-íseal.[2]

Agus tá an phaindéim agus dianghlasáil eacnamaíoch, ionradh brúidiúil na Rúise ar an Úcráin, an ghéarchéim fuinnimh agus boilsciú ró-ard feicthe chéana féin le linn m'Uachtaránachta féin.

Mar sin féin, is fíor an gealltanas bunúsach atá ag an euro. Agus a bhuíochas sin dár n-aontas airgeadaíochta, bhíomar in ann teacht slán as gach géarchéim agus muid beagáinín beag níos láidre gach uile uair.

Ar an gcéad dul síos, tá an euro tar éis cobhsaíocht a thabhairt dúinn.

Le rátaí malairte cobhsaí, ní hamháin go bhfuil an Margadh Aonair — agus an tiomantas don tsíocháin a léirítear ann — tar éis teacht slán; tá sé tar éis dul i dtreise. Ní féidir ach samhlú cén cathú a bheadh orainn glacadh leis an gcaomhnaitheacht mura mbeadh deireadh curtha leis an bhféidearthacht díluachálacha iomaíocha a dhéanamh.

Tá an euro tar éis muid a chosaint ar thurraingí eachtracha freisin. Go gairid i ndiaidh a sheolta, bhunaigh sé é féin go tapa mar an dara airgeadra cúltaca agus sonrascaithe ar domhan. Mar thoradh air sin, tá na praghsanna de níos mó ná leath den mhéid a bhímid a thrádáil ainmnithe anois in euro, agus maidir leis an leath eile, chuidigh an t-airgeadra aonair leis an ngeilleagar a insliú ó luaineacht iomarcach sa ráta malairte.[3]

Mar léiriú air sin, tugann meastacháin ó fhoireann BCE le fios, dá mba rud é nár tugadh isteach an euro, go bhféadfadh laghdú ar luach airgeadraí i roinnt tíortha sa limistéar euro i gcoinne dhollair na Stát Aontaithe a bheith suas le 14 % níos mó le linn na géarchéime airgeadais domhanda agus suas le 10 % níos mó le linn na paindéime.[4]

Ar ndóigh, tá éagobhsaíocht tagtha chun cinn i réimsí eile a bhí ar iarraidh ó dhearadh bunaidh an limistéir euro, le linn ghéarchéim an fhiachais cheannasaigh go háirithe. Ach nuair a tháinig bearnaí chun solais, líonadh iad, go háirithe trí mhaoirseacht baincéireachta san Eoraip a chruthú.

Ar an dara dul síos, mhéadaigh an euro ár gceannasacht, rud a chuir ar ár gcumas a bheith i gceannas ar ár gcinniúint eacnamaíoch féin agus an beartas airgeadaíochta atá ag teastáil ón Eoraip le haghaidh praghsanna cobhsaí agus fás marthanach a shocrú.

A bhuí lenár mbeartas airgeadaíochta aonair, bhí BCE in ann freagairt go tapa agus go cinntitheach do gach cineál turrainge a bhí os ár gcomhair. Agus tá sé sin déanta againn fiú nuair a bhí dlínsí móra eile ag tarraingt i dtreo eile.

B’fhéidir gurbh é an t-am is mó a raibh sé sin le feiceáil nuair a thosaigh Córas Cúlchiste Feidearálach na Stát Aontaithe ar thimthriall níos doichte in 2013 fad is a bhí an limistéar euro fós ag téarnamh ó ghéarchéim an fhiachais cheannasaigh. Thug ár neamhspleáchas beartais deis dúinn ár gcúrsa féin a leagan amach agus tús a chur le téarnamh a mhair ar feadh 26 ráithe dhíreacha.

Ar an tríú dul síos, chruthaigh an euro dlúthpháirtíocht laistigh den Eoraip.

Chuir sé siombail aontachta ar fáil i dtréimhsí a bhí thar a bheith dúshlánach, agus spreag sé muid chun tacú lena chéile in am an ghátair. Agus dá bhrí sin, tá tíortha nua ag teacht isteach fós.

Le 25 bliain anuas, tá fáilte curtha againn roimh 9 dtír eile atá tagtha isteach sa limistéar euro, rud a mhéadaigh an limistéar ó 11 ballstát go 20 ballstát - arbh í an Chróit an tír is déanaí a tháinig isteach ann ag tús na bliana seo.

Táimid tar éis seasamh a bhaint amach anois inar féidir le daoine idirdhealú a dhéanamh idir institiúidí agus beartais — is é mo bharúilse é gur comhartha sóirt é sin a léiríonn an rath atá ar an limistéar euro. Más maith nó olc leo beartais an Bhainc Ceannais Eorpaigh, den chuid is mó ní cheistíonn siad a thuilleadh an é an rogha cheart é a bheith mar chuid den limistéar euro.

Cé gur thit sciar na ndaoine a thacaíonn leis an euro chomh híseal le thart ar 60% le linn ghéarchéim an fhiachais cheannasaigh, tá an figiúr sin gar do 80% anois.[5] Agus léiríodh doimhneacht na tacaíochta sin sa bhosca ballóide aon uair a bhí ballraíocht sa limistéar euro i gceist i dtoghcháin náisiúnta.

Ag féachaint chun cinn

Ach ní chiallaíonn an rath seo go bhfuil ár gcuid oibre déanta. Ciallaíonn sé go bhfuilimid in ann anois na roghanna is fearr a dhéanamh dár n-aontas airgeadaíochta — seachas a bheith ag déanamh roghanna faoi aontas a bheith againn ar chor ar bith.

Tá sé in am anois an chéad chaibidil eile de scéal an euro a scríobh. Agus beidh sé sin ag brath ar na gníomhaíochtaí a dhéanaimid, mar Eorpaigh.

I gcás BCE, is í an phríomhthosaíocht atá againn boilsciú a laghdú arís go dtí ár sprioc mheántéarmach 2 % go tráthúil. Agus déanfaimid amhlaidh.

Ach mar a dúirt mé le déanaí, agus aghaidh á tabhairt agam ar gheopholaitíocht, ar chlaochluithe digiteacha agus ar bhagairt na haeráide atá ag athrú, beidh níos mó dúshlán ann amach anseo a mbeidh ar BCE aghaidh a thabhairt orthu. Ní mór dúinn leanúint de chobhsaíocht a chur ar fáil i ndomhan atá aon rud ach cobhsaí.[6]

Agus táimid ag brath freisin ar lucht déanta beartas eile chun a gcuid féin a dhéanamh. Ní críochphointe é aontas airgeadaíochta — is próiseas leanúnach é chun aontú. Ní mór do gach glúin de cheannairí leanúint ar aghaidh leis. Ba cheart don Aontas a bheith ilghnéitheach — lena n-áirítear gnéithe fioscacha, airgeadais agus baincéireachta chun leibhéal níos airde comhtháthaithe a fhorbairt, go háirithe má tá an euro chun a stádas idirnáisiúnta a dhaingniú.

Nuair a ghlac Wim Duisenberg le Duais Charlemagne thar ceann an euro in 2002, léirigh sé an euro mar chonradh triarach.[7]

Is conradh é idir tíortha chun a neart a chomhthiomsú. Conradh idir BCE agus muintir na hEorpa chun a gcuid riachtanas a chomhlíonadh, cobhsaíocht praghsanna thar aon ní eile. Agus conradh idir Eorpaigh féin chun a n-airgeadra coiteann a roinnt.

Ach ní hamháin go ndeonaíonn conradh cearta — sanntar freagrachtaí leis freisin. Agus anois is fúinne uile — ceannairí, institiúidí agus saoránaigh — atá sé an conradh seo a urramú go ceann na mblianta fada eile.

  1. Féach Eichengreen, B. agus Naef, A. (2022), “Imported or home grown? The 1992–3 EMS crisis”, Journal of International Economics, Vol. 138, Meán Fómhair; agus Rey, H. (2015), “Dilemma not Trilemma: The Global Financial Cycle and Monetary Policy Independence”, NBER Working Papers, No 21162, National Bureau of Economic Research, Bealtaine.

  2. Chun forléargas a fháil ar chéad 20 bliain BCE, féach Rostagno, M. et al. (2021), Monetary Policy in Times of Crisis: A Tale of Two Decades of the European Central Bank, Oxford University Press.

  3. Di Sano, M., Frohm, E. and Gunnella, V. (2022), “How important is invoicing currency choice for the impact of exchange rate fluctuations on trade?”, The international role of the euro, ECB, Meitheamh.

  4. De réir meastacháin ó fhoireann BCE agus bunaithe ar an gcur chuige agus ar an scéim ualaithe a ndéantar cur síos orthu in Gabriel, R.D. agus Pessoa, A.S. (2020), “Adopting the Euro: a synthetic control approach”, Munich Personal RePEc Archive Paper, No 99622, Márta. Is é atá i gceist leis an gcur chuige na hairgeadraí oidhreachta a mhalartú le grúpaí ualaithe airgeadraí eile a dhéanann aithris ar gheilleagair na n-airgeadraí oidhreachta chomh gar agus is féidir. Thairis sin, léirítear sna meastacháin go bhfuil ilchineálacht ar fud airgeadraí oidhreachta frithfhíorasacha an limistéir euro i méid ghluaiseachtaí an ráta malairte mar fhreagairt ar shuaití.

  5. De réir shuirbhéanna Eorabharaiméadair.

  6. Lagarde, C. (2023), “Central banks in a fragmenting world”, óráid ag an gComhairle um Chaidreamh Eachtrach’ C. Peter McColough Series on International Economics, 17 Aibreán.

  7. Duisenberg, W. (2002), “Duais Idirnáisiúnta Charlemagne Aachen do 2002”, óráid ghlactha, Aachen, 9 Bealtaine.

TEAGMHÁIL

Banc Ceannais Eorpach

Stiúrthóireacht Cumarsáide

Ceadaítear atáirgeadh ar choinníoll go n-admhaítear an fhoinse.

An Oifig Preasa