Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Príomhfhigiúirí

1 Tuarascáil bhainistíochta

1.1 Cuspóir thuarascáil bhainistíochta BCE

Is cuid lárnach de Chuntais Bhliantúla BCE í an tuarascáil bhainistíochta[1] agus deartar í chun faisnéis chomhthéacsúil a chur ar fáil do léitheoirí maidir leis na ráitis airgeadais[2]. Ós rud é go dtugtar faoi gníomhaíochtaí BCE chun tacú lena chuspóirí beartais, ba cheart breathnú ar staid agus toradh airgeadais BCE i gcomhar lena ghníomhaíochtaí beartais.

Chuige sin, cuirtear i láthair sa tuarascáil bhainistíochta príomhchúraimí agus príomhghníomhaíochtaí BCE, chomh maith lena dtionchar ar a ráitis airgeadais. Thairis sin, déantar anailís inti na príomhfhorbairtí sa Chlár Comhardaithe agus an Cuntas Brabúis agus Caillteanais le linn na bliana agus áirítear inti faisnéis ar acmhainní airgeadais BCE. Ar deireadh, cuirtear síos inti ar an timpeallacht riosca ina bhfeidhmíonn BCE, ag cur ar fáil faisnéise ar na sonraí sonracha a bhfuil BCE neamhchosanta orthu, agus na beartais bainistíochta riosca a úsáidtear chun rioscaí a mhaolú.

1.2 Príomhchúraimí agus príomhghníomhaíochtaí

Tá BCE ina chuid den Eurochóras, ina bhfuil, seachas BCE, 19 mbanc ceannais náisiúnta (BCNanna) Bhallstáit an Aontais Eorpaigh (AE) arb é an euro a n-airgeadra. Is é an príomhchuspóir atá ag an Eurochóras cobhsaíocht praghsanna a choimeád[3]. Cuireann BCE a chúraimí i gcrích mar a thuairiscítear sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh[4] agus i Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Ceannais Eorpaigh (Reacht CEBC)[5] (Fíor 1). Seolann BCE a ghníomhaíochtaí chun a shainordú a chomhlíonadh agus ní leis an rún brabús a ghiniúint.

Fíor 1

Is iad príomhchúraimí BCE

Déantar beartas airgeadaíochta an Eurochórais a thaifeadadh i ráitis airgeadais BCE agus BCNanna an limistéir euro, ag léiriú phrionsabal chur chun feidhme díláraithe an bheartais airgeadaíochta san Eurochóras. I dTábla 1 thíos cuirtear ar fáil forbhreathnú ar phríomhoibríochtaí agus príomhfheidhmeanna BCE in iarracht a shainordú a chur i gcrích, agus a dtionchar ar ráitis airgeadais BCE.

Tábla 1

Príomhghníomhaíochtaí BCE agus a dtionchar ar ráitis airgeadais

Cur chun feidhme beartais airgeadaíochta

Oibríochtaí um malairt eachtrach a dhéanamh agus cúlchistí eachtracha a bhainistiú

Oibriú réidh na gcóras íocaíochta a chur chun cinn

Rannchuidiú le sábháilteacht agus fóntacht an chórais baincéireachta agus cobhsaíocht an chórais airgeadais

Eile

1) Is féidir teacht ar thuilleadh sonraí ar iasacht urrús ar shuíomh gréasáin BCE.
2) Is féidir tuilleadh sonraí ar na línte babhtála airgeadra ar shuíomh gréasáin BCE.
3) Is féidir teacht ar thuilleadh sonraí ar oibríochtaí leachtachta euro an Eurochórais i gcoinne comhthaobhacht incháilithe ar shuíomh gréasáin BCE.
4) Is féidir teacht ar thuilleadh sonraí ar TARGET2 ar shuíomh gréasáin BCE.

1.3 Forbairtí airgeadais

1.3.1 Clár Comhardaithe

Sa tréimhse ó 2017 go 2021, is é ceannach glan amach urrús ag BCE mar chuid de chur chun feidhme bheartas airgeadaíochta an Eurochórais (Cairt 1) go príomha a spreag forbairtí i gClár Comhardaithe BCE. Leathnaíodh Clár Comhardaithe BCE in 2018, mar gheall den chuid ba mhó ar ghlanfháil urrús faoin gclár ceannaigh sócmhainní (CCS)[6]. Tháinig deireadh le glancheannacháin faoin gclár seo i Nollaig 2018 agus thosaigh siad arís i Samhain 2019. De thoradh air sin, mhéadaigh Clár Comhardaithe BCE níos moille in 2019, agus d’eascair an chuid ba mhó den fhás seo ó arduithe i luach margaidh shócmhainní cúlchistí eachtracha BCE agus i luach nótaí bainc euro i gcúrsaíocht. In 2020, chun dul i ngleic le tionchar phaindéim an choróinvíris (COVID-19), shocraigh an Chomhairle Rialaithe ar phacáiste cuimsitheach de bhearta beartais airgeadaíochta, lena n-áirítear seoladh an chláir ceannaigh éigeandála paindéime (CCÉP)[7], a raibh tuilleadh fáis cláir comhardaithe ann dá bharr. Lean glancheannacháin faoi CCS agus CCÉP ar aghaidh in 2021, ag méadú mhéid Chlár Comhardaithe BCE níos mó arís.

In 2021 tháinig ardú €110.8 billiún ar Chlár Comhardaithe BCE go €680.1 billiún, mar gheall ar sciar BCE de ceannaigh urrúis faoi CCÉP agus CCS den chuid is mó. De bharr na gceannach seo bhí ardú in urrúis arna sealbhú chun críocha beartais airgeadaíochta, agus de bharr shocraíocht airgid na gceannach seo trí chuntais TARGET2 bhí méadú comhfhreagrach ann i ndliteanais in-Eurochórais. Rinneadh an t-ardú seo i ndliteanais in-Eurochórais a sheach-chur agus níos mó ná sin leis an airgead a fuarthas ó chustaiméirí TARGET2 i limistéar nach limistéar euro é, a raibh méadú ann i ndliteanais eile dá bharr chomh maith.

Chomh maith leis sin, mar gheall ar na méaduithe i luach nótaí bainc euro i gcúrsaíocht agus i luach margaidh shócmhainní cúlchistí eachtracha BCE cuireadh freisin le fás Chlár Comhardaithe BCE.

Cairt 1

Príomh-chomhpháirteanna Chlár Comhardaithe BCE

(EUR billiúin)

Foinse: BCE.

B’ionann urrúis ainmnithe in euro arna sealbhú chun críocha beartais airgeadaíochta agus 65% de shócmhainní BCE ag deireadh 2021. Faoin mír den chlár comhardaithe seo, coimeádann BCE urrúis a fuarthas i gcomhthéacs an Chláir Margaí Urrús (CMU), na trí chlár ceannaigh bannaí faoi chumhdach (CCBC1, CCBC2 agus CCBC3), CCUSB, CCEP agus CCÉP.

In 2021 lean BCE, bunaithe ar chinntí ábhartha na Comhairle Rialaithe, ar aghaidh lena ghlancheannacháin urrús faoi CCS agus CCÉP, lena n-áirítear athinfheistiú príomhíocaíochtaí ó urrúis atá ag teacht in aibíocht a cheannaítear faoi na cláir seo. De thoradh ar na ceannaigh seo, tháinig ardú €96.4 ar an bpunann urrús arna sealbhú ag BCE chun críocha beartais airgeadaíochta billiún go €445.4 billiún (Cairt 2), agus ba iad ceannaigh CCÉP ba chúis le bunús an mhéadaithe seo. Is de bharr fuascailtí a bhí an laghdú €1.3 billiún i sealúchais faoi CMU, CCBC1 agus CCBC2.

I mí na Nollag 2021 d’fhógair an Chomhairle Rialaithe[8] go n-ardódh sí glancheannacháin faoi CCS go €40 billiún de luas míosúil sa dara ráithe agus €30 billiún sa tríú ráithe de 2022. Ó Dheireadh Fómhair 2022 ar aghaidh, coinneofar glancheannaigh sócmhainní ag €20 billiún de luas míosúil a fhad is gá chun tionchar garaíochta rátaí beartais BCE a dhaingniú, agus tiocfaidh deireadh leis go gairid sula dtosóidh an Chomhairle Rialaithe ag ardú phríomhrátaí úis BCE. Chinn an Chomhairle Rialaithe freisin scor de ghlancheannaigh sócmhainní faoi CCÉP ag deireadh Mhárta 2022, ach d’fhéadfaí iad a thosú arís, más gá, chun cur in aghaidh turraingí diúltacha a bhaineann leis an bpaindéim. Leanfaidh an tEurochóras ar aghaidh ag athinfheistiú, ina n-iomláine, na bpríomhíocaíochtaí ó urrúis atá ag teacht in aibíocht a ceannaíodh faoi CCS agus CCÉP de réir chinneadh na Comhairle Rialaithe.

Cairt 2

Urrúis arna sealbhú chun críocha beartais airgeadaíochta

(EUR billiúin)

Foinse: BCE.

Le haghaidh na gclár urrús arna sealbhú chun críocha beartais airgeadaíochta, eadhon CCS agus CCÉP, bhí próifíl aibíochta éagsúlaithe ag urrúis arna sealbhú ag BCE ag deireadh 2021[9] (Cairt 3).

Cairt 3

Próifíl aibíochta CCS agus CCÉP

Foinse: BCE.
Nóta: Le haghaidh urrúis shócmhainn-bhunaithe, tá an phróifíl aibíochta bunaithe ar shaolré meánach ualaithe na n-urrús seachas an dáta aibíochta dlíthiúil.

In 2021 tháinig ardú €4.5 billiún ar chomhluach euro iomlán shócmhainní cúlchistí eachtracha BCE, ina bhfuil ór, cearta tarraingthe speisialta, dollair SAM, yen na Seapáine agus renminbi na Síne, go €80.3 billiún.

Tháinig ardú €1.1 billiún ar chomhluach euro shealúchais óir agus infháltais óir BCE go €26.1 billiún in 2021 (Cairt 4) mar gheall ar ardú i bpraghas margaidh óir i dtéarmaí euro, agus d’fhan méid na sealúchas seo in unsaí troí gan athrú. De bharr an ardaithe seo freisin bhí ardú coibhéiseach i gcuntais athluachála óir BCE (féach Roinn 1.3.2 “Acmhainní airgeadais”).

Cairt 4

Sealúchais óir agus praghsanna óir

(scála ar chlé: EUR billiúin; scála ar dheis: euro in aghaidh unsa troí óir)

Foinse: BCE.
Nóta: Ní chumhdaíonn “Cuntais athluachála óir” ranníocaíochtaí bhainc ceannais na mBallstát a chuaigh isteach sa limistéar euro tar éis an 1 Eanáir 1999 le cuntais athluachála óir carntha BCE amhail ar an lá roimh a n-iontráil san Eurochóras.

Tháinig €2.9 billiún ardú ar shealúchais airgeadais sheachtracha[10] dhollair SAM, yen na Seapáine agus renminbi na Síne i dtéarmaí euro go €53.0 billiún (Cairt 5), go príomha mar gheall ar luachmhéadú dhollar SAM in aghaidh an euro. Léirítear luachmhéadú dhollar SAM freisin in iarmhéideanna níos airde i gcuntais athluachála BCE (féach Roinn 1.3.2 “Acmhainní airgeadais”).

Cairt 5

Sealúchais airgeadra eachtraigh

(EUR billiúin)

Foinse: BCE.

Lean dollar SAM ar aghaidh de bheith ar an bpríomh-chomhpháirt de shealúchais airgeadais eachtraigh BCE, arb iad tuairim is 77% den iomlán ag deireadh 2021.

Bainistíonn BCE infheistíocht a shealúchais airgeadra eachtraigh trí úsáid a bhaint as cur chuige trí chéim. Ar dtús, déanann bainisteoirí riosca BCE punann tagarmharc straitéiseach a dhearadh agus déanann an Chomhairle Rialaithe é a cheadú. Sa dara dul síos, dearann bainisteoirí punainne BCE an phunann tagarmharc oirbheartaíoch, a dhéanann an Bord Feidhmiúcháin a fhaomhadh. Ar an tríú dul síos, déanann na BCNanna oibríochtaí infheistíochtaí ar bhealach díláraithe ar bhonn lá go lá.

Déantar sealúchais airgeadais eachtraigh BCE a infheistiú go príomha in urrúis agus taiscí margaí airgid nó coinnítear iad i gcuntais reatha (Cairt 6). Luacháiltear urrúis sa phunann seo ag praghsanna margaidh deireadh bliana.

Cairt 6

Comhdhéanamh infheistíochtaí airgeadra eachtraigh

(EUR billiúin)

Foinse: BCE.

Is é cuspóir shealúchais airgeadra eachtraigh BCE idirghabhálacha féideartha airgeadais sa mhargadh malairte eachtraí a mhaoiniú. Ar an gcúis seo, déantar sealúchais airgeadais eachtraigh BCE a bhainistiú de réir trí chuspóir (in ord tosaíochta): leachtacht, sábháilteacht agus toradh. Ar an mbonn sin, cuimsítear go príomha sa phunann seo urrúis le haibíochtaí gearra (Cairt 7).

Cairt 7

Próifíl aibíochta urrús ainmnithe in airgeadra eachtrach

Foinse: BCE.

In 2021 tháinig ardú €0.4 billiún ar luach na punainne cistí dílse go €21.1 billiún (Cairt 8), go príomha mar gheall ar infheistíocht na méideanna atá íoctha suas ag BCNanna an limistéir euro in 2021 maidir leis an gcéad tráthchuid dá síntiúis mhéadaithe i gcaipiteal BCE tar éis do Bhanc Shasana tarraingt siar ó CEBC (féach Roinn 1.3.2 “Acmhainní airgeadais”). Rinneadh an t-ardú seo a sheach-chur i bpáirt, go príomha trí laghdú i luach margaidh na n-urrús a choinnítear sa phunann cistí dílse.

Urrúis ainmnithe in euro a luacháiltear ag praghsanna margaidh deireadh bliana go príomha atá sa phunann. In 2021 b’ionann urrúis fiachais rialtais agus 72% den phunann iomlán.

In 2021 shocraigh BCE cuid dá phunann cistí féin a úsáid chun infheistiú sa chiste infheistíochta banna glas ainmnithe in euro do bhainc ceannais (EUR BISIP G2) arna sheoladh ag an mBanc le haghaidh Socruithe Idirnáisiúnta (BIS) i mí Eanáir 2021. Comhlánaíonn an infheistíocht seo ceannaigh dhíreacha bannaí glasa i margaí tánaisteacha. Lean an t-ardú ar aghaidh go seasta ar sciar na n-infheistíochtaí glasa sa phunann cistí dílse ó 3.5% ag deireadh 2020 go dtí 7.6% ag deireadh 2021. Beartaíonn BCE an sciar seo a ardú a thuilleadh sna blianta seo romhainn.

Cairt 8

Punann cistí dílseacha BCE

(EUR billiúin)

Foinse: BCE.

Is éard atá go príomha i bpunann cistí dílse BCE infheistíochtaí acmhainní airgeadais BCE, is é sin a chaipiteal íoctha agus méideanna a choinnítear sa chúlchiste ginearálta agus an fhoráil le haghaidh rioscaí airgeadais. Mar gheall ar infheistíocht ioncaim fáltais agus luacháil urrús ag praghsanna margaidh, ní gá go gcomhfhreagraíonn na hacmhainní airgeadais réamhluaite dá chéile i méid. Is é is cuspóir don phunann seo ioncam a chur ar fáil chun cabhrú speansais oibriúcháin BCE a mhaoiniú, nach bhfuil gaolta le comhlíonadh a thascanna maoirseachta[11]. Infheistítear é i sócmhainní ainmnithe in euro, faoi réir na dteorainneacha a fhorchuirtear lena chreat rialaithe riosca. Tá de thoradh air seo struchtúr aibíochta níos éagsúlaithe (Cairt 9) ná sa phunann cúlchistí eachtracha.

Cairt 9

Próifíl aibíochta urrús cistí dílseacha

Foinse: BCE.

Ag deireadh 2021, ba é luach iomlán nótaí bainc euro i gcúrsaíocht €1,544.4 billiún, 8% d’ardú i gcomparáid le deireadh 2020. Leithdháileadh do BCE sciar 8% de luach iomlán nótaí bainc euro i gcúrsaíocht, arbh ionann é agus €123.6 billiún faoi dheireadh na bliana. De bhrí nach n-eisíonn BCE féin nótaí bainc, coinníonn sé éilimh in-Eurochórais vis-à-vis BCNanna an limistéir euro le haghaidh luach coibhéiseach le luach na nótaí bainc i gcúrsaíocht.

Tháinig laghdú €3.3 billiún ar dhliteanais in-Eurochórais BCE, lena gcuimsítear go príomha glan-chomhardú TARGET2 BCNanna an limistéir euro vis-à-vis BCE agus dliteanais BCE i leith na sócmhainní cúlchistí eachtracha a d’aistrigh BCNanna go dtí é nuair a chuaigh siad isteach san Eurochóras, go €375.1 billiún in 2021. Ba é forbairt ghlandliteanas TARGET2 de thoradh ar ghlancheannacháin BCE urrús a choinnítear chun críocha beartais airgeadaíochta, a shocraítear trí chuntais TARGET2 (Cairt 10), ba mhó a spreag forbairt na ndliteanas in-Eurochórais thar an tréimhse ó 2017 go 2020.

In 2021, rinneadh tionchar glancheannach urrús beartais airgeadaíochta ar ghlandliteanas TARGET2 a sheach-chur agus níos mó ná sin, go príomha le taiscí níos airde chustaiméirí TARGET2 BCE i limistéar nach limistéar euro é agus cónaitheoirí i limistéar nach limistéar euro é arna nglacadh ag BCE ina ról mar ghníomhaire fioscach agus le hardú in airgead a fuarthas mar chomhthaobhacht ó oibríochtaí iasachta urrúis.

Cairt 10

Glan-chomharduithe TARGET2 in-Eurochórais agus urrúis a choinnítear chun críocha beartais airgeadaíochta

(EUR billiúin)

Foinse: BCE.

1.3.2 Acmhainní airgeadais

Is éard atá in acmhainní airgeadais BCE a chaipiteal, foráil le haghaidh rioscaí airgeadais, na cuntais athluachála agus an brabús don bhliain. Déantar na hacmhainní airgeadais seo (i) a infheistiú i sócmhainní a ghineann ioncam agus/nó (ii) úsáidtear iad chun caillteanais a thagann chun cinn ó rioscaí airgeadais a sheach-chur go díreach. Amhail an 31 Nollaig 2021, b’ionann acmhainní airgeadais BCE agus €49.7 billiún (Cairt 11). Bhí seo €3.5 billiún níos airde ná in 2020 mar gheall ar arduithe (i) sna cuntais athluachála tar éis luachmhéadú dhollar SAM in éadan an euro chomh maith leis an ardú i bpraghas margaidh an óir i dtéarmaí euro in 2021, (ii) sa chaipiteal íoctha agus (iii) san fhoráil le haghaidh rioscaí airgeadais[12]. Rinne na harduithe seo an brabús níos ísle in 2021 i gcomparáid le 2020 a sheach-chur agus níos mó ná sin.

Cairt 11

Acmhainní airgeadais BCE

(EUR billiúin)

Foinse: BCE.
Nóta: Áirítear le “cuntais athluachála” gnóthachain athluachála iomlána ar ór, sealúchais airgeadra agus urrús eachtracha, ach ní áirítear an cuntas athluachála le haghaidh sochair iarfhostaíochta.

Gnóthachain neamhréadaithe ar ór, airgeadraí eachtracha agus urrúis atá faoi réir athluacháil praghais nach n-aithnítear mar ioncam sa Chuntas Brabúis agus Caillteanais ach a thaifeadtar go díreach i gcuntais athluachála a thaispeántar ar thaobh na ndliteanais de Chlár Comhardaithe BCE. Is féidir na hiarmhéideanna sna cuntais seo a úsáid chun tionchar aon ghluaiseachta neamhfhabhraí a sheasamh sna praghsanna faoi seach agus/nó rátaí malairte, agus mar sin teacht aniar BCE i gcoinne rioscaí forluiteacha a neartú. In 2021 tháinig ardú €3.8 billiún ar na cuntais athluachála[13] le haghaidh óir, airgeadraí eachtracha agus urrúis go €33.1 billiún mar gheall ar iarmhéideanna athluachála níos airde le haghaidh airgeadraí eachtracha agus óir, go príomha de thoradh ar luachmhéadú dhollar SAM in éadan an euro (Cairt 12) agus ar an ardú i bpraghas margaidh an óir i dtéarmaí euro, a seach-chuireadh i bpáirt leis na laghduithe sna iarmhéideanna athluachála le haghaidh urrús.

Cairt 12

Na príomhrátaí malairte eachtracha agus praghas an óir thar an tréimhse 2017-21

(athruithe céatadáin vis-à-vis 2017; sonraí deireadh bliana)

Foinse: BCE.

Tar éis do Bhanc Shasana imeacht ó CEBC in 2020, tháinig ardú ar scaireanna na BCNanna iarmharacha i gcaipiteal suibscríofa BCE. Shocraigh an Chomhairle Rialaithe nach gclúdódh na BCNanna iarmharacha ach caipiteal íoctha tarraingthe siar Bhanc Shasana €58 milliún in 2020 agus go n-íocfadh BCNanna an limistéir euro ina n-iomláine a síntiúis ardaithe ina dhá thráthchuid bhliantúla chomhionanna in 2021 agus 2022. Tar éis íocaíocht na chéad tráthchodach ag BCNanna an limistéir euro, tháinig ardú €0.6 billiún ar chaipiteal íoctha BCE go €8.3 billiún in 2021. Tiocfaidh ardú €0.6 billiún níos mó air go €8.9 billiún in 2022[14].

I bhfianaise a neamhchosanta ar rioscaí airgeadais (féach Roinn 1.4.1 “Rioscaí airgeadais”), coinníonn BCE foráil le haghaidh rioscaí airgeadais. Déantar méid na forála seo a athbhreithniú go bliantúil, ag cur réimse tosca san áireamh, lena n-áirítear an leibhéal sealúchas sócmhainní rioscúla, na torthaí réamh-mheasta don bhliain atá le teacht agus measúnú riosca. Ní féidir leis an bhforáil le haghaidh rioscaí airgeadais, in éineacht le haon mhéid a choinnítear i gcúlchiste ginearálta BCE a bheith níos mó ná luach an chaipitil a íocann BCNanna an limistéir euro.

De thoradh ar an ardú €0.6 billiún i gcaipiteal íoctha BCE in 2021, tháinig ardú comhionann ar uasteorainn na forála le haghaidh rioscaí airgeadais. Ag cur san áireamh thorthaí mheasúnú neamhchosaintí BCE ar rioscaí airgeadais, shocraigh an Chomhairle Rialaithe €0.6 billiún a aistriú go foráil BCE le haghaidh rioscaí airgeadais, á ardú go dtí a uasleibhéal uasta ceadaithe €8.2 billiún.

Is féidir an brabús de thoradh shócmhainní agus dhliteanais BCE i mbliain airgeadais áirithe a úsáid chun caillteanais fhéideartha a thabhaítear sa bhliain chéanna a sheasamh. In 2021 ba é brabús BCE, tar éis an aistrithe go dtí an fhoráil le haghaidh rioscaí airgeadais, €0.2 billiún (féach Roinn 1.3.3 “Cuntas Brabúis agus Caillteanais”).

1.3.3 Cuntas Brabúis agus Caillteanais

Shroich brabús bliantúil BCE buaic in 2019 tar éis roinnt blianta d’arduithe, go príomha mar gheall ar ardú ar ioncam úis á ghiniúint ar urrúis a choinnítear chun críocha beartais airgeadais agus ar shócmhainní cúlchistí eachtracha. In 2020 thosaigh brabús BCE ag laghdú, den chuid is mó mar gheall ar ioncam níos ísle ar na míreanna réamhluaite.

In 2021 ba é brabús BCE €192 milliún (2020: €1,643 milliún). Ba é glantoradh níos ísle oibríochtaí airgeadais, díluachálacha agus forálacha riosca, go háirithe mar gheall ar an aistriú go dtí an fhoráil le haghaidh rioscaí airgeadais, agus glanioncam úis níos ísle, a spreag an laghdú €1,452 milliún i gcomparáid le 2020 (Cairt 13).

Cairt 13

Príomh-chomhpháirteanna Chuntas Brabúis agus Caillteanais BCE

(EUR milliúin)

Foinse: BCE.
Nóta: Is éard atá in “Ioncam agus speansais eile” ná “Ioncam/speansas glan ó tháillí agus ó choimisiúin”, “Ioncam ó scaireanna cothromais agus leasanna rannpháirteacha”, “Ioncam eile” agus “Speansais eile”.

Tháinig laghdú €451 milliún ar ioncam úis glan BCE go €1,566 milliún (Cairt 14) mar gheall ar ioncaim úis níos ísle a tuilleadh ar urrúis a choinnítear chun críocha beartais airgeadaíochta agus ar shócmhainní cúlchistí eachtracha. Leis an ardú seo i nglanioncam úis eile ní dhearnadh na laghduithe seo a chúiteamh ach i bpáirt.

Cairt 14

Glanioncam úis

(EUR milliúin)

Foinse: BCE.

Tháinig laghdú €331 milliún ar ioncam úis glan a choinnítear chun críocha beartais airgeadaíocht go €1,006 milliún in 2021 (Cairt 15) go príomha mar gheall ar an ioncam úis glan diúltach ar phunann CCÉP. Mar gheall ar leanúint ceannach urrús earnála poiblí faoi CCÉP – ag toradh meánach diúltach mar gheall ar na torthaí bannaí ceannais euro ísle i réim le linn chur chun feidhme an chláir seo (Cairt 16) – bhí glanioncam úis diúltach ardaithe €252 milliún ann ar an bpunann seo in 2021, i gcomparáid le hioncam úis glan diúltach de luach €41 milliún an bhliain roimhe. Chomh maith leis sin, Tháinig laghdú €82 milliún ar ghlanioncam úis ar CMU, CCBC1 agus CCBC2 go €111 milliún mar gheall ar an laghdú i méid na bpunann seo de thoradh ar urrúis atá ag teacht in aibíocht. Ar deireadh, tháinig laghdú €37 milliún ar ioncam úis glan ag eascairt as CSS (ó urrúis a choinnítear faoi CCUSB, CCBC3 agus CCEP) go €1,147 milliún, go príomha mar gheall ar ráta úis meánach níos ísle a tuilleadh ar urrúis a choinnítear faoi CCUSB.

In 2021 ghin urrúis a choinnítear chun críocha beartais airgeadaíochta 64% de ghlanioncam úis BCE.

Cairt 15

Glanioncam úis ar urrúis a choinnítear chun críocha beartais airgeadaíochta

(EUR milliúin)

Foinse: BCE.

Cairt 16

Torthaí bannaí ceannais seacht mbliana

(céatadán in aghaidh na bliana; sonraí deireadh míosa)

Foinse: BCE.

Tháinig laghdú €277 milliún ar ghlanioncam úis ar shócmhainní cúlchistí eachtracha go €197 milliún, go príomha de thoradh ar ioncam úis níos ísle a tuilleadh ar urrúis a ainmnítear i ndollair SAM. Mar gheall ar na torthaí banna ísle dhollar SAM i rith bhunús 2020 agus 2021 (Cairt 17), agus díolacháin agus fuascailtí torthaí bannaí níos airde a ceannaíodh roimhe seo, tháinig laghdú níos mó ar phunann dhollar SAM BCE in 2021 i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin.

Cairt 17

Torthaí bannaí ceannais dhá bhliain sna Stáit Aontaithe, sa tSeapáin agus sa tSín

(céatadán in aghaidh na bliana; sonraí deireadh míosa)

Foinse: BCE.

B’ionann an t-ioncam úis ar sciar BCE d’iomlán nótaí bainc i gcúrsaíocht agus an speansas úis a bhaineann le híocaíocht éilimh BCNanna maidir le cúlchistí eachtracha a aistríodh agus nialas de thoradh ar an ráta úis 0% a d’úsáid an tEurochóras ina phríomh-oibríochtaí athmhaoinithe (MROnna) in 2021.

Tháinig ardú ar ghlanioncam úis eile, go príomha mar gheall ar ioncam úis níos airde ar (i) na cuntais a choinníonn custaiméirí TARGET2 BCE i limistéar nach limistéar euro é ag BCE, (ii) oibríochtaí iasachta urrús beartais airgeadaíochta agus (iii) taiscí arna nglacadh ag BCE ina ról mar ghníomhaire fioscach, ar toradh gach ceann acu ar na meán-iarmhéideanna níos airde in 2021. Leis na harduithe seo rinneadh an t-ioncam úis níos ísle a tuilleadh ar an bpunann cistí dílse a chúiteamh agus níos mó ná sin de thoradh ar an timpeallacht toraidh ísil sa limistéar euro (Cairt 16).

B’ionann an glantoradh oibríochtaí airgeadais agus díluachálacha ar shócmhainní airgeadais agus caillteanas €139 milliún in 2021, i gcomparáid le gnóthachain €316 milliún in 2020 (Cairt 18). Ba iad na príomhspreagthaí dó seo caillteanais ghlana phraghais neamhréadaithe in 2021, i gcomparáid le gnóthachain phraghais ghlana réadaithe in 2020, agus díluachálacha ar urrúis ainmnithe i ndollair SAM agus euro.

D’eascair na caillteanais phraghais réadaithe as urrúis ainmnithe in euro agus todhchaíochtaí ráta úis ainmnithe i ndollar SAM. Ní dhearnadh na caillteanais seo a sheach-chur ach go páirteach le gnóthachain phraghais réadaithe ar urrúis ainmnithe i ndollar SAM, a bhí deimhneach fós in 2021 ach níos ísle ná an bhliain roimhe sin, mar d’fhan torthaí bannaí dhollar SAM seasmhach i rith bhunús 2020 agus 2021 sular thosaigh ardú ag teacht orthu i dtreo dheireadh 2021.

Cairt 18

Torthaí réadaithe agus díluachálacha

(EUR milliúin)

Foinse: BCE.

Chomh maith leis sin, amhail an 31 Nollaig, 2021, aistríodh €610 milliún go foráil BCE le haghaidh rioscaí airgeadais, lenar laghdaíodh brabús BCE méid comhionann. Tar éis torthaí a mheasúnuithe riosca a chur san áireamh, shocraigh an Chomhairle Rialaithe méid na forála le haghaidh rioscaí airgeadais a ardú go €8,194 milliún, arb é a uasteorainn de réir mar a shocraítear le caipiteal íoctha BCNanna an limistéir euro (féach Roinn 1.3.2 “Acmhainní airgeadais”).

Tháinig méadú €39 milliún ar speansais iomlána oibriúcháin BCE, lena n-áirítear dímheas agus seirbhísí táirgthe nóta bainc, go €1,238 milliún (Cairt 19). Bhí an t-ardú i gcomparáid le 2020 go príomha mar gheall ar chostais foirne níos airde de thoradh ar (i) chostais níos airde i dtaca le sochair iarfhostaíochta de thoradh ar chostas seirbhíse reatha níos airde tar éis luacháil achtúireach agus (ii) an líon meánach níos airde foirne in 2021. Tháinig ardú beag ar speansais riaracháin, go príomha mar gheall ar speansais chothabhála maoine níos airde.

Clúdaíonn táillí arna thobhach ar na heintitis mhaoirsithe go hiomlán speansais a bhaineann le maoirseacht ar bhaincéireacht. Bunaithe ar na speansais iarbhír a thabhaíonn an Banc Ceannais Eorpach i mbun a thascanna maoirseachta ar bhaincéireacht, b’ionann an t-ioncam ó tháillí maoirseachta sa bhliain 2021 agus €578 milliún[15].

Cairt 19

Speansais oibriúcháin agus ioncam ó tháillí maoirseachta

(EUR milliúin)

Foinse: BCE.

1.4 Bainistíocht riosca

Is cuid ríthábhachtach í an bhainistíocht riosca de ghníomhaíochtaí BCE agus déantar í trí phróiseas leanúnach (i) um shainaithint agus measúnú riosca, (ii) um athbhreithniú na straitéisí agus na mbeartas riosca, (iii) cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí maolaithe riosca, agus (iv) monatóireacht agus tuairisciú riosca, a dtacaíonn modheolaíochtaí, próisis agus córais éifeachtacha leo go léir.

Fíor 2

Timthriall bainistíochta riosca

Dírítear sna ranna seo a leanas ar na rioscaí, a bhfoinsí, agus na creataí rialaithe riosca is infheidhme.

1.4.1 Rioscaí airgeadais

Beartaíonn an Bord Feidhmiúcháin beartais agus nósanna imeachta lena gcinntítear leibhéal iomchuí cosanta in éadan na rioscaí airgeadais ar a bhfuil BCE neamhchosanta. Cuidíonn an Coiste um Bainistiú Riosca (CBR), ina bhfuil saineolaithe ó bhainc ceannais Eurochórais, maidir le monatóireacht, tomhas agus tuairisciú rioscaí airgeadais a bhaineann le clár comhardaithe an Eurochórais, agus sainmhíníonn agus athbhreithníonn sé na modheolaíochtaí agus na creatacha bainteacha. An tslí seo, cabhraíonn CBR leis na comhlachtaí cinnteoireachta chun an leibhéal iomchuí cosanta don Eurochórais a chinntiú.

Eascraíonn rioscaí airgeadais ó phríomhghníomhaíochtaí agus neamhchosaintí bainteacha BCE. Tá na creataí agus i dteorainneacha rialaithe riosca a úsáideann BCE chun a phróifíl riosca difriúil i gcineálacha oibríochta, agus léirítear leis sin beartas nó cuspóirí infheistíochta punanna éagsúla agus gnéithe riosca na mbunsócmhainní.

Chun monatóireacht agus measúnú a dhéanamh ar na rioscaí, braitheann BCE ar roinnt teicnící meastacháin riosca. Tá na teicnící seo bunaithe ar chomh-mhargadh agus creat ionsamhlúcháin riosca creidmheasa. Leis na príomhchoincheapa, na príomhtheicnící agus na príomhthoimhdí samhaltúcháin faoi na bearta riosca tarraingítear ar chaighdeáin tionscail agus sonraí margaidh atá ar fáil. Déantar na rioscaí a chainníochtú mar an t-easnamh ionchasach (EI)[16], a mheastar ag an leibhéal muiníne 99% thar thréimhse bliana. Úsáidtear dhá chur chuige chun rioscaí a mheas: (i) an cur chuige cuntasaíochta, faoina meastar cuntais athluachála BCE mar mhaolán i ríomh meastachán riosca de réir le gach riail chuntasaíochta is infheidhme; agus (ii) an cur chuige airgeadais, nach ndéantar na cuntais athluachála a mheas mar mhaolán faoi sa ríomh riosca. Ríomhann BCE bearta riosca eile ag leibhéil mhuiníne éagsúla, déanann sé cásanailís ar íogaireacht agus strus, agus déanann sé measúnú réamh-mheastacháin fhadtéarmacha neamhchosaintí agus ioncaim chun léargas cuimsitheach a choinneáil ar na rioscaí[17].

Tháinig ardú ar rioscaí iomlána BCE le linn na bliana. Ag deireadh 2021 sheas iomlán rioscaí airgeadais le haghaidh phunanna uile BCE cónasctha, mar a thomhaistear le EI ag an leibhéal muiníne 99% thar fhís bliana amháin faoin gcur chuige cuntasaíochta, ag €15.3 billiún, a bhí €2.5 billiún níos airde ná na rioscaí measta ag deireadh 2020 (Cairt 20). Leis an ardú i rioscaí measta leanann treocht ar aghaidh a thosaigh in 2020 agus lena léirítear fás phunanna beartais airgeadaíochta BCE de thoradh ar cheannaigh sócmhainne a dhéantar faoi CCÉP agus CCS.

Cairt 20

Iomlán rioscaí airgeadais (cur chuige cuntasaíochta EI 99%)

(EUR billiúin)

Foinse: BCE.

Eascraíonn riosca creidmheasa ó phunanna beartais airgeadaíochta BCE, a phunann cistí dílse agus a shealúchais cúlchiste eachtracha. Cé go luacháiltear urrúis a choinnítear chun críocha beartais airgeadaíochta ag costas amúchta faoi réir lagaithe agus níl siad mar sin, in éagmais díolachán, faoi réir athruithe a bhaineann le himircí creidmheasa, tá siad fós faoi réir riosca mainneachtain chreidmheasa. Luacháiltear cistí dílse agus cúlchistí eachtracha a ainmnítear in euro ag praghsanna margaidh agus, mar sin, tá siad faoi réir imirce creidmheasa agus riosca mainneachtana. Tháinig ardú ar riosca creidmheasa i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin mar gheall ar leathnú Chlár Comhardaithe BCE trí cheannaigh urrús faoi CCS agus CCÉP.

Déantar riosca creidmheasa a mhaolú go príomha trí chritéir incháilitheachta, nósanna imeachta díchill chuí agus teorainneacha atá éagsúil thar na punanna.

Eascraíonn rioscaí airgeadra agus tráchtearra as sealúchais airgeadra eachtracha agus óir BCE. Tháinig laghdú ar an riosca airgeadra i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin mar gheall ar chuntais níos airde athluachála airgeadra, a fheidhmíonn mar mhaoláin i gcoinne gluaiseachtaí diúltacha ráta malairte.

I bhfianaise ról beartais na sócmhainní seo, ní fhálaíonn BCE na rioscaí bainteacha airgeadra agus tráchtearra. Ina ionad sin, déantar na rioscaí seo a mhaolú trí chuntais athluachála a bheith ann agus éagsúlú na sealúchas in airgeadraí éagsúla agus ór.

Tá cúlchistí eachtracha BCE agus cistí dílseacha ainmnithe in euro infheistithe go príomha in urrúis ioncaim sheasta agus tá siad faoi réir riosca ráta úis marcála ón margadh, ós rud é go luacháiltear iad ag praghsanna an mhargaidh. Déantar cúlchistí eachtracha BCE a infheistiú go príomha i sócmhainní le haibíochtaí measartha gairid (féach Cairt 7 i Roinn 1.3.1 “Clár Comhardaithe”), agus bíonn go ginearálta aibíochtaí níos faide ag na sócmhainní sa phunann cistí dílse (féach Cairt 9 i Roinn 1.3.1 “Clár Comhardaithe”). Tháinig ardú beag ar ráta úis na bpunann, mar a thomhaistear faoin gcur chuige cuntasaíochta, i gcomparáid le 2020, ag léiriú forbairtí i gcoinníollacha margaidh.

Déantar riosca ráta úis marcála ón margadh BCE a mhaolú le beartais leithdháilte sócmhainne agus na cuntais athluachála.

Tá BCE faoi réir riosca ráta úis freisin, ag eascairt as mímheaitseálacha idir an ráta úis a thuilltear ar a shócmhainní agus an ráta úis a íoctar ar a dhliteanais, a bhfuil tionchar aige ar a ghlanioncam úis. Níl an riosca seo nasctha go díreach le haon phunann faoi leith ach le struchtúr Chlár Comhardaithe BCE san iomlán agus, go háirithe, mímheaitseálacha aibíochta agus toraidh a bheith ann idir sócmhainní agus dliteanais. Déantar monatóireacht air de bhíthin réamh-mheastacháin bhrabúsacht BCE, a chuireann in iúl go bhfuiltear ag dréim le BCE leanúint ar aghaidh ag tuilleadh glanioncam úis sna blianta seo romhainn.

Déantar an cineál seo riosca a bhainistiú trí bheartais leithdháilte sócmhainne agus déantar é a mhaolú a thuilleadh trí dhliteanais gan íocaíocht a bheith ar Chlár Comhardaithe BCE.

1.4.2 Riosca oibriúcháin

Tá an Bord Feidhmiúcháin freagrach as beartas agus creat bainistíochta riosca oibriúcháin BCE[18] (BRO). Tacaíonn an Coiste Riosca Oibriúcháin (CRO) leis an mBord Feidhmiúcháin agus é ag déanamh a róil, is é sin maoirseacht a dhéanamh ar bhainistiú rioscaí oibriúcháin. Is cuid lárnach BRO de struchtúr rialachais agus próisis bhainistíochta BCE[19]

Is é príomhchuspóir chreat BRO BCE cuidiú maidir lena chinntiú go mbaineann BCE amach a mhisean agus a chuspóirí, agus a chlú agus a shócmhainní a chosaint i gcoinne caillteanais, mí-úsáide agus damáiste. Faoi chreat BRO, tá gach réimse gnó freagrach as a rioscaí oibriúcháin, teagmhais agus rialuithe a shainaithint, a mheasúnú, freagairt orthu, agus monatóireacht a dhéanamh orthu. Sa chomhthéacs seo, tugtar le beartas caoinfhulaingthe riosca BCE treoir maidir le straitéisí freagartha ar riosca agus nósanna imeachta glactha riosca. Tá sé nasctha le maitrís riosca cúig bliana bunaithe ar scálaí grádaithe tionchair agus dóchúlachta, trí úsáid a bhaint as critéir chainníochtúla agus cháilíochtúla.

Tá an timpeallacht ina bhfeidhmíonn BCE neamhchosanta ar bhagairtí atá ag éirí níos casta agus idirnasctha agus tá réimse leathan rioscaí oibriúcháin ann a bhaineann le himeachtaí BCE ó lá go lá. I measc na bpríomhréimsí imní do BCE tá speictream rioscaí neamhairgeadais ann de thoradh ar dhaoine, faisnéis, córais, próisis agus soláthraithe seachtracha tríú páirtí. Dá bhrí sin, tá próisis curtha i bhfeidhm ag BCE chun bainistíocht leanúnach agus éifeachtach a éascú ar a rioscaí oibriúcháin agus chun faisnéis riosca a chomhtháthú isteach sa phróiseas cinnteoireachta. Thairis sin, tá BCE ag díriú ar a theacht aniar a fheabhsú, ag glacadh léargas leathan ar rioscaí agus deiseanna ó thaobh ceann go ceann, lena n-áirítear gnéithe inbhuanaitheachta. Mar sin, tá struchtúir freagartha agus pleananna teagmhais curtha ar bun chun leanúnachas feidhmeanna ríthábhachtacha gnó a chinntiú i gcás cur isteach nó géarchéime (amhail phaindéim COVID-19).

1.4.3 Riosca iompair

Oifig thiomanta um Chomhlíonadh agus Rialachas ag BCE mar fheidhm bainistíochta riosca chun creat rialachais BCE a neartú chun dul i ngleic le riosca iompair[20] ag BCE. Is é an cuspóir atá leis tacú leis an mBord Feidhmiúcháin agus é ag cosaint shláine agus cháil BCE, caighdeáin eiticiúla iompair a chur chun cinn agus cuntasaíocht agus trédhearcacht BCE a neartú. Cuireann Coiste Eitice ardleibhéil BCE comhairle agus treoir ar fáil d’oifigigh ardleibhéil BCE maidir le nithe a bhaineann le sláine agus iompar, agus tacaíonn sé leis an gComhairle Rialaithe agus í ag bainistiú rioscaí gaolmhara ag leibhéal feidhmiúcháin go cuí agus go comhleanúnach. Ag leibhéal an Eurochórais agus an tSásra Aonair Maoirseachta (SAM), oibríonn an Chomhdháil um Eitic agus Comhlíonadh i dtreo cur chun feidhme comhleanúnach na gcreataí iompair do BCNanna agus údaráis inniúla náisiúnta (ÚIN).

2 Ráitis bhliantúla BCE

2.1 Clár comhardaithe amhail an 31 Nollaig 2021

Nótaí: Is féidir nach ionann na hiomláin sna ráitis airgeadais agus sna táblaí mar gheall ar shlánú. Léiríonn na figiúirí 0 agus (0) méideanna deimhneacha agus diúltacha slánaithe go náid, agus léiríonn dais (-) nialas.

2.2 Cuntas Brabúis agus Caillteanais don bhliain dar críoch an 31 Nollaig 2021

Frankfurt am Main, an 8 Feabhra 2022
An Banc Ceannais Eorpach

Christine Lagarde
Uachtarán

2.3 Beartais chuntasaíochta

Ábhar agus cur i láthair na ráiteas airgeadais

Tarraingíodh suas ráitis airgeadais BCE de réir na mbeartas cuntasaíochta seo a leanas,[21] i bhfianaise na Comhairle Rialaithe BCE go mbaineann siad amach cur i láthair cothrom de na ráitis airgeadais, ag léiriú ag an am céanna cineál gníomhaíochtaí bainc ceannais.

Prionsabail chuntasaíochta

Cuireadh na prionsabail chuntasaíochta seo a leanas i bhfeidhm: réaltacht eacnamaíoch agus trédhearcacht, críonnacht, imeachtaí iar-chlár comhardaithe, ábharthacht, gnóthas leantach, prionsabal na bhfabhruithe, comhsheasmhacht agus inchomparáideacht.

Aitheantas sócmhainní agus dliteanas

Ní aithnítear sócmhainn ná dliteanas sa Chlár Comhardaithe ach nuair is dócha go sreabhfaidh aon sochar eacnamaíoch bainteach chuig nó ó BCE, go bhfuil bunús na rioscaí agus luaíochtaí gaolmhara go léir aistrithe chuig BCE, agus gur féidir costas nó luach mhéid na hoibleagáide a thomhas go hiontaofa.

Bunús na cuntasaíochta

Ullmhaíodh na cuntais ar bhonn costais stairiúil, arna mhodhnú chun luacháil margaidh urrús indíolta (seachas urrúis a choinnítear faoi láthair chun críocha beartais airgeadaíochta), ór agus gach sócmhainn agus dliteanas a ainmnítear in airgeadra eachtrach ar an gclár comhardaithe agus lasmuigh den chlár comhardaithe a chur san áireamh.

Léirítear idirbheartaíochtaí i sócmhainní agus dliteanais airgeadais sna cuntais ar bhonn an dáta ar socraíodh iad.

Cé is moite de spot-idirbhearta in urrúis, déantar idirbhearta in ionstraimí airgeadais ainmnithe in airgeadas eachtrach a thaifeadadh i gcuntais lasmuigh den chlár comhardaithe. Ar dháta na socraíochta, déantar na hiontrálacha lasmuigh den chlár comhardaithe a aisiompú agus déantar idirbhearta a iontráil ar an gclár comhardaithe. Le ceannacháin agus díolacháin airgeadra eachtraigh, imrítear tionchar ar ghlanstaid airgeadra eachtraigh ar an dáta trádála, agus déantar torthaí réadaithe a eascraíonn as díolacháin a ríomh ar an dáta sin freisin. Déantar ús fabhraithe, préimheanna agus lascainí a bhaineann le hionstraimí airgeadais a ainmnítear in airgeadra eachtrach a ríomh agus a thaifeadadh go laethúil, agus déantar difear don staid airgeadra eachtraigh go laethúil leis na fabhruithe seo freisin.

Sócmhainní agus dliteanais óir agus airgeadra eachtraigh

Déantar sócmhainní agus dliteanais ainmnithe in airgeadra eachtrach a thiontú chuig euro ag an ráta malairte atá i réim ar dháta an chláir comhardaithe. Déantar ioncam agus speansais a thiontú ag an ráta malairte atá i réim ar an dáta taifeadta. Déantar athluacháil sócmhainní malairte agus dliteanais eachtracha, lena n-áirítear ionstraimí ar an gclár comhardaithe agus lasmuigh den chlár comhardaithe, ar bhonn airgeadra-ar-airgeadra

Caitear le hathluacháil go dtí an praghas margaidh le haghaidh sócmhainní agus dliteanais ainmnithe in airgeadra eachtrach ar leithligh ón athluacháil ráta malairte.

Déantar ór a luacháil ag an bpraghas margaidh atá i réim ag dáta an chláir comhardaithe. Ní dhéantar aon idirdhealú idir an praghas agus difríochtaí athluachála airgeadra don ór. Ina ionad sin, tugtar cuntas ar luacháil aonair óir ar bhonn an phraghais in euro in aghaidh unsa troí óir, a díorthaíodh, don bhliain dar chríoch an 31 Nollaig 2021, ó ráta malairte an euro i gcoinne dhollar SAM ar an 31 Nollaig 2021.

Déantar an ceart tarraingthe speisialta (CTS) a shainmhíniú i dtéarmaí ciseán airgeadraí agus cinntear a luach le suim ualaithe rátaí malairte cúig mhór-airgeadra (dollar SAM, an euro, renminbi na Síne, yen na Seapáine agus an punt steirling). Rinneadh sealúchais BCE CTSanna a thiontú chuig euro trí úsáid a bhaint as ráta malairte an euro i gcoinne CTS amhail an 31 Nollaig, 2021.

Urrúis

Urrúis arna sealbhú chun críocha beartais airgeadaíochta
Tugtar cuntas ar urrúis a shealbhaítear faoi láthair chun críocha beartais airgeadaíochta ag costas amúchta faoi réir lagaithe.

Urrúis eile
Déantar urrúis indíolta (seachas urrúis a shealbhaítear faoi láthair chun críocha beartais airgeadaíochta) agus sócmhainní comhchosúla a luacháil ag na praghsanna meánmhargaidh nó ar bhonn chuar an toraidh bhaintigh atá i réim ar dháta an chláir comhardaithe, ar bhonn urrús go hurrús. Ní dhéantar roghanna a leabaítear in urrúis a scaradh chun críocha luachála. Don bhliain dar críoch an 31 Nollaig 2021, úsáideadh praghsanna meánmhargaidh ar an 30 Nollaig 2021.

Déantar cistí infheistíochta indíolta a athluacháil ar ghlanbhonn ag leibhéal ciste, trí úsáid a bhaint as a nglanluacha sócmhainne. Ní chuirtear aon ghlanluacháil i bhfeidhm idir gnóthachain neamhréadaithe agus caillteanais i gcistí infheistíochta éagsúla.

Déantar scaireanna cothromais neamhleachtacha, agus aon ionstraimí cothromais eile a choinnítear ag costas faoi réir lagaithe.

Aithint ioncaim

Aithnítear ioncam agus speansais sa tréimhse chuntasaíochta ina ndéantar iad a thuilleamh nó a thabhú.[22] Déantar gnóthachain agus caillteanais de thoradh ar dhíolachán airgeadra eachtraigh, óir agus urrús, a thaifeadadh sa Chuntas Brabúis agus Caillteanais. Déantar gnóthachain agus caillteanais mar seo a ríomh trí thagairt do chostas meánach na sócmhainne faoi seach.

Ní aithnítear gnóthachain neamhréadaithe mar ioncam agus aistrítear iad go díreach go cuntas athluachála.

Déantar caillteanais neamhréadaithe a thaifeadadh sa Chuntas Brabúis agus Caillteanais, ag deireadh na bliana, má sháraíonn siad gnóthachain athluachála roimhe sin a carnadh sa chuntas athluachála comhfhreagrach. Ní dhéantar glanluacháil ar chaillteanais neamhréadaithe mar seo ar aon urrús amháin, ná ar aon airgeadra ná ar ór i gcoinne gnóthachain neamhréadaithe ar airgeadraí nó ór eile. I gcás caillteanais neamhréadaithe mar seo ar aon mhír a thaifeadtar sa Chuntas Brabúis agus Caillteanais, déantar costas meánach na míre sin a laghdú go dtí an ráta malairte nó praghas margaidh deireadh bliana.

Déantar caillteanais lagaithe chuig an gCuntas Brabúis agus Caillteanais agus ní aisiompófar iad sna blianta ina dhiaidh sin mura laghdaíonn an lagú agus más féidir an laghdú a cheangal le teagmhas inbhraite a tharla tar éis an lagaithe a taifeadadh den chéad uair.

Déantar préimheanna nó lascainí a eascraíonn as urrúis a amúchadh thar shaolré na n-urrús atá fágtha.

Idirbhearta droim ar ais

Is oibríochtaí iad idirbhearta droim ar ais trína gceannaíonn nó trína ndíolann BCE sócmhainní faoi chomhaontú athcheannaigh nó trína seolann BCE oibríochtaí creidmheasa i gcoinne comhthaobhachta.

Faoi chomhaontú athcheannaigh, díoltar urrúis le haghaidh airgead tirim le comhaontú comhuaineach chun iad a athcheannach ón gcontrapháirtí ag praghas comhaontaithe ar dháta socraithe amach anseo. Déantar comhaontuithe athcheannaigh a thaifeadadh mar thaiscí comhthaobhaithe ar thaobh na ndliteanas den Chlár Comhardaithe. Fanann urrúis a dhíoltar faoi chomhaontú mar seo ar Chlár Comhardaithe BCE.

Faoi chomhaontú athcheannaigh droim ar ais, ceannaítear urrúis le haghaidh airgead tirim le comhaontú comhuaineach chun iad a dhíol ar ais leis an gcontrapháirtí ag praghas comhaontaithe ar dháta socraithe amach anseo. Déantar comhaontuithe athcheannaigh droim ar ais a thaifeadadh mar iasachtaí comhthaobhaithe ar thaobh na ndliteanas den Chlár Comhardaithe, ach ní chuirtear san áireamh iad i sealúchais urrúis BCE.

Ní thaifeadtar idirbhearta droim ar ais (lena n-áirítear idirbhearta iasachta urrús), a dhéantar faoi chlár a thairgeann institiúid speisialaithe, ar an gClár Comhardaithe ach nuair a bhí comhthaobhacht curtha ar fáil i bhfoirm airgid agus fanann an t-airgead seo gan infheistiú.

Ionstraimí lasmuigh den chlár comhardaithe

Áirítear ionstraimí airgeadra, is é sin réamh-idirbhearta malairte eachtraí, réamh-mhalairtí babhtálacha malairte eachtraí agus ionstraimí airgeadra eile lena mbaineann malartú airgeadra amháin ar airgeadra eile amach anseo sna glanstaideanna airgeadra eachtraigh chun gnóthachain agus caillteanais malairte eachtraí a ríomh.

Déantar ionstraimí ráta úis a athluacháil ar bhonn mír ar mhír. Déantar athruithe laethúla ar chorrlach athrúcháin conarthaí todhchaíochtaí ráta úis, chomh maith le babhtálacha ráta úis a ghlantar trí chontrapháirtí lárnach, a thaifeadadh sa Chuntas Brabúis agus Caillteanais. Déanann BCE luacháil réamh-idirbhearta in urrúis bunaithe ar mhodhanna luachála a bhfuil glacadh ginearálta leo trí úsáid a bhaint as praghsanna agus rátaí margaigh inbhraite, chomh maith le tosca lascaine ó na dátaí socraíochta go dtí an dáta luachála.

Sócmhainní seasta

Déantar sócmhainní seasta, lena n-áirítear sócmhainní doláimhsithe, ach gan talamh agus saothair ealaíne san áireamh, a luacháil ag costas lúide dímheas. Déantar talamh agus saothair ealaíne a luacháil ag costas. Déantar príomhfhoirgneamh BCE a luacháil ag costas lúide dímheas faoi réir lagú. Le haghaidh dhímheas phríomhfhoirgneamh BCE, déantar costais a shannadh do na comhpháirteanna sócmhainne cuí, a dhéantar a dhímheas de réir a saolré úsáidí measta. Déantar dímheas a ríomh ar bhonn líne dírí thar shaolré úsáideach ionchasach na sócmhainne, ag tosú sa ráithe tar éis don tsócmhainn a bheith ar fáil le húsáid. Is iad na saolréanna úsáideacha a chuirtear i bhfeidhm le haghaidh na bpríomhaicmí sócmhainní:

Déantar an tréimhse dhímheasa le haghaidh caiteachas ar athchóiriú caipitlithe a bhaineann le háitreabh reatha BCE ar cíos a choigeartú chun aon imeachtaí a bhfuil tionchar acu ar shaolré úsáideach ionchasach na sócmhainne dá ndéantar difear a chur san áireamh.

Déanann BCE teist lagaithe bhliantúil ar a phríomhfhoirgnimh agus ar shócmhainní lena ngabhann ceart úsáide a bhaineann le foirgnimh oifige (féach “Léasanna” thíos). Má shainaithnítear táscaire lagaithe, agus má mheastar go bhféadfadh an tsócmhainn a bheith lagaithe, déantar an méid in-aisghabhála a mheas. Déantar caillteanas lagaithe a thaifeadadh sa Chuntas Brabúis agus Caillteanas má tá an méid in-aisghabhála níos lú ná an glanluach de réir na leabhar.

Díscríobhtar sócmhainní seasta a bhfuil a gcostas faoi bhun €10,000 sa bhliain fála.

Déantar sócmhainní seasta a chomhlíonann na critéir chaipitlithe, ach atá fós á dtógáil nó i mbéal forbartha, a thaifeadadh faoin gceannteideal “Sócmhainní á dtógáil”. Déantar na costais ghaolmhara a aistriú go dtí na ceannteidil sócmhainní seasta ábhartha nuair a bheidh na sócmhainní réidh le húsáid.

Léasanna

I gcás gach léasa lena mbaineann sócmhainn inláimhsithe, aithnítear an tsócmhainn lena ngabhann ceart úsáide ar an gClár Comhardaithe ag dáta tosaigh an léasa agus bhí siad san áireamh faoi “Sócmhainní seasta láimhsithe agus doláimhsithe” agus “Ilghnéitheach” (dliteanais), faoi seach. Nuair a chomhlíonann léasanna na critéir chaipitlithe, ach tá an tsócmhainn ábhartha fós á tógáil nó á hathrú, déantar taifead ar na costais a tabhaíodh roimh an dáta tosaigh léasa faoin gceannteideal “Sócmhainní á dtógáil”. Aithnítear an tsócmhainn lena ngabhann ceart úsáide agus dliteanas léasa faoi na ceannteidil sócmhainní seasta ábhartha nuair a bheidh an tsócmhainn ar fáil le húsáid (dáta tosaigh léasa).

Déanta sócmhainní lena ngabhann ceart úsáide a luacháil ag costas lúide dímheas. Chomh maith leis sin, tá sócmhainní lena ngabhann ceart úsáide a bhaineann le foirgnimh oifige faoi réir lagú (maidir leis an teist bhliantúil lagaithe, féach “Sócmhainní seasta” thuas). Déantar dímheas a ríomh ar bhonn na líne dírí ón dáta tosaigh go dtí deireadh shaolré úsáideach na sócmhainne lena ngabhann ceart úsáide nó deireadh théarma an léasa, cibé acu is luaithe.

Déantar an dliteanas léasa a thomhas ar dtús ag luach reatha na n-íocaíochtaí léasa todhchaí (nach bhfuil ach comhpháirteanna léasanna iontu), arna lascainiú trí úsáid a bhaint as ráta iasachta incrimintí BCE. Ina dhiaidh sin, déantar an dliteanas léasa a thomhas ag costas amúchta trí úsáid a bhaint as modh an úis ghlain. Déantar an speansas úis bainteach a thaifeadadh sa Chuntas Brabúis agus Caillteanais faoi “Speansas úis eile”. Nuair atá athrú in íocaíochtaí léasa todhchaí ag eascairt as athrú in innéacs nó athmheasúnú eile ar an gconradh reatha, déantar an dliteanas léasa a atomhas. De thoradh ar aon atomhas mar sin bíonn coigeartú comhfhreagrach ar shuim ghlanluacha na sócmhainne lena ngabhann ceart úsáide.

Déantar léasanna gearrthéarma a mhaireann 12 mhí nó níos lú agus léasanna sócmhainní ar luach íseal faoi bhun €10,000 (comhsheasmhach leis an tairseach a úsáidtear chun sócmhainní seasta a aithint) a thaifeadadh mar speansas sa Chuntas Brabúis agus Caillteanais.

Sochair iarfhostaíochta BCE, sochair fhadtéarmacha eile agus sochair foirceanta

Feidhmíonn BCE pleananna sochair shainithe dá fhoireann agus do chomhaltaí an Bhoird Feidhmiúcháin agus do chomhaltaí an Bhoird Maoirseachta a fhostaíonn BCE.

Tá an plean pinsin foirne á mhaoiniú ag sócmhainní atá á sealbhú i gciste sochar fadtéarmach d’fhostaithe. Léirítear na ranníocaíochtaí éigeantacha a dhéanann BCE agus an fhoireann i gcolún sochair shainithe an phlean. Is féidir le baill foirne ranníocaíochtaí breise a dhéanamh ar bhonn deonach i gcolún ranníocaíochta sainithe ar féidir a úsáid chun sochair bhreise a chur ar fáil.[23] Cinneann méid na ranníocaíochtaí deonacha in éineacht leis na brabúis infheistíochta a eascraíonn as na ranníocaíochtaí sin na sochair bhreise seo.

Tá socruithe neamh-mhaoinithe i bhfeidhm do na sochair iarfhostaíochta agus na sochair fhadtéarmacha eile atá ag comhaltaí den Bhord Feidhmiúcháin agus comhaltaí den Bhord Maoirseachta atá á bhfostú ag BCE. Do bhaill foirne, tá socruithe neamh-mhaoinithe i bhfeidhm le haghaidh sochair iarfhostaíochta seachas pinsin agus le haghaidh sochair fhadtéarmacha eile agus sochair foirceanta.

Glandliteanas sochair shainithe
Is ionann an dliteanas a aithnítear sa Chlár Comhardaithe faoi “Ilghnéitheach” (dliteanais) i dtaca leis na pleananna sochair shainithe, lena n-áirítear sochair fhadtéarmacha eile agus sochair foirceanta agus luach reatha na hoibleagáide sochair shainithe ag dáta an Chláir Comhardaithe, lúide luach cothrom sócmhainní plean a úsáidtear chun an oibleagáid ghaolmhar a mhaoiniú.

Déanann achtúirí neamhspleácha an oibleagáid sochair shainithe a ríomh go bliantúil trí úsáid a bhaint as modh creidmheasa an aonaid réamh-mheasta. Déantar luach reatha na hoibleagáide sochair shainithe a ríomh trí na sreafaí airgid measta amach anseo a lascainiú trí úsáid a bhaint as ráta a chinntear le tagairt do thorthaí margaidh ag dáta an chláir chomhardaithe ar bhannaí corparáideacha ardchaighdeáin ainmnithe in euro a bhfuil téarmaí comhchosúla acu go haibíocht agus atá ag an oibleagáid ghaolmhar.

Is féidir le gnóthachain agus caillteanais achtúireacha eascairt as coigeartuithe taithí (mar a bhfuil torthaí iarbhíre difriúil leis na toimhdí achtúireacha a rinneadh roimhe) agus athruithe i dtoimhdí achtúireacha.

Glanchostas sochair shainithe
Tá an glanchostas sochair shainithe scoilte i gcomhpháirteanna a thuairiscítear sa Chuntas Brabúis agus Caillteanas agus atomhais i dtaca le sochair iarfhostaíochta a léirítear sa Chlár Comhardaithe faoi “Cuntais athluachála”.

Is é atá sa ghlanmhéid a mhuirearaítear chuig an gCuntas Brabúis agus Caillteanais;

  1. costas seirbhíse reatha na sochar sainithe a fhabhraítear don bhliain;
  2. costas seirbhíse roimhe seo na sochar sainithe a eascraíonn as leasú plean;
  3. ús glan ag an ráta lascaine ar an nglandliteanas sochair shainithe;
  4. atomhais maidir le sochair fhadtéarmacha eile agus sochair foirceanta de chineál fadtéarmach, más ann dóibh, ina n-iomláine.

Is é atá sa ghlanmhéid a thaispeántar faoi “Cuntais athluachála” na míreanna seo a leanas:

  1. gnóthachain agus caillteanais achtúireacha ar an oibleagáid sochair shainithe;
  2. an toradh iarbhír ar shócmhainní plean, gan méideanna a áirítear san ús glan ar an nglandliteanas sochair shainithe;
  3. aon athrú ar éifeacht uasteorainn na sócmhainne, gan méideanna a áirítear san ús glan ar an nglandliteanas sochair shainithe a áireamh.

Déanann achtúirí neamhspleácha na méideanna seo a luacháil go bliantúil chun an dliteanas cuí sna ráitis airgeadais a bhunú.

Iarmhéideanna in-CEBC/iarmhéideanna in-Eurochórais

Bíonn iarmhéideanna in-CEBC ann go príomha de thoradh ar íocaíochtaí trasteorann san Aontas Eorpach a shocraítear in airgead bainc ceannais in euro. Den chuid is mó is eintitis phríobháideacha (i.e. institiúidí creidmheasa, corparáidí agus daoine aonair) a thionscnaíonn na hidirbhearta seo. Socraítear iad in TARGET2 – an córas Mearaistrithe Socraíochta Comhlán Fíor-ama Uathoibrithe Tras-Eorpach – agus tugann siad údar le hiarmhéideanna déthaobhacha i gcuntais TARGET2 de bhainc ceannais an Aontais Eorpaigh. Déantar na hiarmhéideanna déthaobhacha seo a ghlanluacháil agus ansin sanntar iad go dtí BCE ar bhonn laethúil, ag fágáil gach banc ceannais náisiúnta (BCN) le glanstaid dhéthaobhach aonair vis-à-vis BCE amháin. Bíonn tionchar ag íocaíochtaí a dhéanann BCE agus a shocraítear in TARGET2 freisin ar na glanstaideanna déthaobhacha aonair. Is ionann na staideanna seo i leabhair BCE agus glanéileamh nó glandliteanas gach BCN i gcoinne na coda eile den Chóras Eorpach Banc Ceannais (CEBC). Tá iarmhéideanna in-Eurochórais BCNanna limistéar an euro vis-à-vis BCE ag eascairt as TARGET2, chomh maith le hiarmhéideanna eile in-Eurochórais a ainmnítear in euro (e.g. dáileadh eatramhach brabúis BCE), curtha i láthair ar Chlár Comhardaithe BCE mar staid aonair glansócmhainne nó glandliteanais faoi “Éilimh eile laistigh den Eurochóras (glan)” nó “Dliteanais eile laistigh den Eurochóras (glan)”. Nochtar iarmhéideanna in-CEBC BCNanna nach bhfuil i limistéar an euro vis-à-vis BCE, ag eascairt as a rannpháirtíocht in TARGET2,[24] faoi “Dliteanais do neamhchónaitheoirí de chuid limistéar an euro a ainmnítear in euro”.

Tá iarmhéideanna in-Eurochórais ag eascairt as leithroinnt nótaí euro laistigh den Eurochóras san áireamh mar ghlansócmhainn aonair faoi “Éilimh a bhaineann le leithdháileadh nótaí bainc euro laistigh den Eurochóras” (féach “Nótaí bainc i gcúrsaíocht” thíos).

Tá iarmhéideanna in-Eurochórais ag eascairt as aistriú sócmhainní cúlchistí eachtracha go dtí BCE ag BCNanna ag dul isteach san Eurochóras ainmnithe in euro agus tuairiscítear iad faoi “Dliteanais comhionann le haistriú cúlchistí eachtracha”.

Nótaí bainc i gcúrsaíocht

Eisíonn BCE agus BCNanna limistéar an euro, arb iad le chéile an tEurochóras, nótaí bainc euro.[25] Leithroinntear luach iomlán nótaí bainc euro i gcúrsaíocht do bhainc ceannais an Eurochórais ar an lá oibre deireanach de gach mí de réir an scála leithdháilte nótaí bainc[26].

Leithdháileadh do BCE sciar 8% de luach iomlán nótaí bainc euro i gcúrsaíocht a nochtar sa Chlár Comhardaithe faoin mír dliteanais “Nótaí bainc i gcúrsaíocht”. Tacaíonn éilimh ar BCNanna le sciar BCE den eisiúint iomlán nótaí bainc euro. Nochtar na héilimh seo, a shaothraíonn ús,[27] faoin bhfomhír “Éilimh in-Eurochórais: éilimh a bhaineann le leithdháileadh nótaí bainc laistigh den Eurochóras” (féach “Iarmhéideanna in-CEBC/iarmhéideanna in-Eurochórais” thuas). Tá an t-ioncam úis ar na héilimh sin curtha san áireamh sa Chuntas Brabúis agus Caillteanais faoin mír “Ioncam úis a eascraíonn ó leithdháileadh nótaí bainc euro laistigh den Eurochóras”.

Dáileadh eatramhach brabúis

Méid atá comhionann le suim ioncam BCE ar nótaí bainc euro i gcúrsaíocht agus ioncam a eascraíonn as na hurrúis arna sealbhú chun críocha beartas airgeadaíochta a cheannaítear faoi (i) an Clár Margaí Urrús, (ii) an tríú clár ceannaigh bannaí faoi chumhdach, (iii) an clár ceannaigh urrús sócmhainn-bhunaithe, (iv) an clár ceannaigh earnála poiblí, agus (v) an clár ceannaigh éigeandála paindéime a dháilfear in Eanáir na bliana ina dhiaidh sin de bhíthin dáileadh eatramhach brabúis, ach amháin má shocraíonn an Chomhairle Rialaithe a mhalairt[28]. Dáiltear é ina iomláine ach amháin má tá sé níos airde ná brabús glan BCE don bhliain agus faoi réir aon chinntí ag an gComhairle Rialaithe aistrithe a dhéanamh chuig an soláthar le haghaidh rioscaí airgeadais. Féadfaidh an Chomhairle Rialaithe a chinneadh freisin méid an ioncaim a laghdú ar nótaí bainc i gcúrsaíocht le dáileadh i mí Eanáir de réir mhéid na gcostas a thabhaíonn BCE i leith na saincheiste agus láimhseáil nótaí bainc euro.

Imeachtaí iarchláir chomhardaithe

Déantar luachanna sócmhainní agus dliteanas a choigeartú le haghaidh imeachtaí a tharlaíonn idir dáta an chláir chomhardaithe bhliantúil agus an dáta a cheadaíonn an Bord Feidhmiúcháin cur isteach Chuntais Bhliantúla BCE chuig an gComhairle Rialaithe le faomhadh, má dhéanann imeachtaí mar seo difear ábhartha do riocht sócmhainní nó dliteanas ar dháta an chláir chomhardaithe.

Nochtar imeachtaí iarchláir chomhardaithe nach ndéanann difear do riocht sócmhainní agus dliteanas ag dáta an chláir chomhardaithe sna nótaí.

Athruithe ar bheartais chuntasaíochta

In 2021 ní raibh aon athruithe ar na beartais chuntasaíochta a chuir BCE i bhfeidhm.

Saincheisteanna eile

De réir Airteagal 27 de Reacht CEBC, agus ar bhonn moladh den Chomhairle Rialaithe, d’fhaomh Comhairle an Aontais Eorpaigh ceapachán Baker Tilly GmbH & Co. KG Wirtschaftsprüfungsgesellschaft, Düsseldorf (Poblacht Chónaidhme na Gearmáine) mar iniúchóirí seachtracha BCE ar feadh tréimhse cúig bliana go dtí deireadh na bliana airgeadais 2022. Is féidir an tréimhse cúig bliana sin a shíneadh suas le dhá bhliain airgeadais bhreise.

2.4 Nótaí an Chláir Chomhardaithe

Nóta 1 – Ór agus infháltais óir

Bhí 16,229,522 unsa óir mhín[29] arna sealbhú ag BCE amhail an 31 Nollaig 2021; ba é €26,121 milliún margadhluach an mhéid sin (2020: €25,056 milliún). Ní raibh aon oibríocht óir i bhfeidhm in 2021 agus ní raibh aon athrú ar shealúchais an Bhainc Ceannais Eorpaigh dá réir le hais a leibhéil amhail an 31 Nollaig 2020. Ba é an t-ardú ar mhargadhphraghas an óir ba chúis le méadú a chomhluacha in euro maidir leis na sealúchais sin i dtéarmaí euro (féach “Sócmhainní agus dliteanais óir agus airgeadra eachtraigh” i Roinn 2.3 “Beartais chuntasaíochta” agus nóta 15 “Cuntais athluachála”).

Nóta 2 – Éilimh ar neamhchónaitheoirí de chuid limistéar an euro agus cónaitheoirí limistéar an euro a ainmnítear in airgeadra eachtrach

Nóta 2.1 – Infháltais ó CAI

Léiríonn an tsócmhainn seo sealúchais BCE de chearta tarraingthe speisialta (SDRanna) dar luach €1,234 milliún amhail an 31 Nollaig 2021 (2020: €680 milliún). Tagann sé seo chun cinn de bharr socrú trádála deonaí déthreo ceannaithe agus díolta SDR leis an gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta (CAI), ar bhealach go bhfuil CAI údaraithe díolacháin nó ceannacháin SRDanna in aghaidh euro a eagrú, ar son an Bhainc Ceannais Eorpaigh, taobh istigh de na leibhéil sealúchais íosta agus uasta. Chun críocha cuntasaíochta, caitear le cearta tarraingthe speisialta mar airgeadra eachtrach (féach “Sócmhainní agus dliteanais óir agus airgeadra eachtraigh” i Roinn 2.3 “Beartais chuntasaíochta”). Méadaíodh sealúchais SDRanna an Bhainc Ceannais Eorpaigh in 2021, go príomha mar thoradh ar na hidirbhearta a tharla i gcás an tsocraithe trádála dheonaigh thuasluaite. Chuir luachmhéadú SDR in aghaidh an euro le linn 2021 le méadú a chomhluacha in euro maidir leis na sealúchais sin.

Nóta 2.2 – Iarmhéideanna le bainc agus infheistíochtaí urrúis, iasachtaí seachtracha agus sócmhainní seachtracha eile; agus éilimh ar chónaitheoirí limistéar an euro a ainmnítear in airgeadra eachtrach

Tá iarmhéideanna i gceist leis an dá mhír le bainc agus iasachtaí a ainmnítear in airgeadra eachtrach, agus infheistíochtaí in urrúis a ainmnítear i ndollar SAM, i yen na Seapáine agus i renminbi na Síne.

Mhéadaigh luach iomlán na míreanna sin in 2021, go príomha de bharr luachmhéadú dhollar SAM in aghaidh an euro.

Ba mar a leanas iad sealúchais airgeadra eachtraigh an Bhainc Ceannais Eorpaigh[30]:

Níor tharla aon idirghabháil airgeadraí eachtracha le linn 2021.

Nóta 3 – Éilimh ar neamhchónaitheoirí de chuid limistéar an euro a ainmnítear in euro

Nóta 3.1 – Iarmhéideanna le bainc, infheistíochtaí urrúis agus iasachtaí

Bhí éileamh dar luach €3,070 milliún cuimsithe sa mhír seo amhail an 31 Nollaig 2021 (2020: €1,830 milliún) maidir le socruithe saoráide leachtachta idir an tEurochóras agus bainc ceannais nach bhfuil i limistéar an euro. De réir na socruithe sin, cuireann an tEurochóras leachtacht euro ar fáil do bhainc ceannais nach bhfuil i limistéar an euro ar chomhthaobhacht incháilithe[31] chun dul i ngleic le riachtanais leachtachta euro ina ndlínsí mar chosaint in aghaidh neamhéifeacht mhargaidh agus mar sin an baol ar éifeachtaí iarmhartacha diúltacha ar mhargaí airgeadais agus ar gheilleagair i limistéar an euro.

Nóta 4 – Éilimh eile ar institiúidí creidmheasa i limistéar an euro a ainmnítear in euro

Amhail an 31 Nollaig 2021, ba é a bhí sa mhír seo, iarmhéideanna cuntais reatha le cónaitheoir limistéar an euro dar luach €38 milliún (2020: €81 milliún).

Nóta 5 – Urrúis chónaitheoirí limistéar an euro a ainmnítear in euro

Nóta 5.1 – Urrúis arna sealbhú chun críocha beartas airgeadaíochta

Amhail an 31 Nollaig 2021 chuimsigh an mhír seo urrúis a fuair an Banc Ceannais Eorpach laistigh de raon feidhme trí chlár ceannaithe bannaí faoi chumhdach (CCBC), an Chláir Margaí Urrús (CMU), an Chláir Ceannaigh d’Urrúis Sócmhainn-bhunaithe (CCUSB), an Chláir Ceannaigh Earnála Poiblí (CCEP) agus an chláir ceannaigh éigeandála paindéime (CCÉP).

1) Is féidir tuilleadh critéir incháilitheachta le haghaidh na gclár faoi leith a fháil i gcinntí na Comhairle Rialaithe.
2) Níor ceannaíodh faoi CMU ach urrúis fiachais phoiblí a d’eisigh cúig státchiste i limistéar an euro.

3) Ní fhaigheann BCE urrúis faoi chlár ceannaigh na hearnála corparáidí (CCEC).
4) Deonaíodh tarscaoileadh de na riachtanais incháilithe le haghaidh urrús a d’eisigh Rialtas na Gréige.

Stiúir an tEurochóras glancheannacháin in 2021 faoin gclár ceannaigh sócmhainní leathnaithe (CCSL)[32] ar luas míosúil de €20 billiún ar an meán. Rinne an Chomhairle Rialaithe comhaontú i mí na Nollag 2021[33] ar luas glancheannaigh €40 billiún sa dara ráithe agus €30 billiún sa tríú ráithe de 2022. Ó mhí Dheireadh Fómhair 2022 ar aghaidh, coinneoidh an Chomhairle Rialaithe glancheannacháin sócmhainní ag luas míosúil €20 billiún a fhad is gá chun tionchar garaíochta a rátaí beartais a dhaingniú, agus tá súil aici deireadh a chur leis na ceannacháin sin go gairid sula dtosóidh sí ag ardú phríomhrátaí úis BCE. Tá sé de rún ag an gComhairle Rialaithe leanúint ar aghaidh leis na hathinfheistíochtaí go ceann tréimhse leathnaithe tar éis an dáta a thosóidh an Chomhairle Rialaithe ag ardú phríomhrátaí úis BCE, agus in aon chás eile a fhad agus atá riachtanach chun dálaí leachtachta fabhracha a choinneáil chomh maith le céim bhreise cóiríochta airgeadaíochta.

Ina theannta sin, lean an tEurochóras ar aghaidh in 2021 lena ghlancheannacháin sócmhainne faoi CCÉP[34], le himchlúdach iomlán dar luach €1,850 billiún[35]. Stiúradh ceannacháin ar bhealach solúbtha bunaithe ar an measúnú ar dhálaí maoinithe agus ar chúrsaí boilscithe. Chinn an Chomhairle Rialaithe freisin i mí na Nollag 2021 scor de ghlancheannaigh sócmhainní faoi CCÉP ag deireadh mhí an Mhárta 2022, ach d’fhéadfaí iad a thosú arís, más gá, chun cur in aghaidh turraingí diúltacha a bhaineann le paindéim COVID-19. Leathnaigh an tEurochóras an fhís athinfheistithe, le haghaidh na bpríomhíocaíochtaí ó urrúis atá ag teacht in aibíocht a ceannaíodh faoi CCÉP go dtí deireadh na bliana 2024 ar a laghad. Is féidir athinfheistíochtaí CCÉP a athrú go solúbtha thar am, cineálacha sócmhainní agus dlínsí agus ag am ar bith. Stiúrfar rolladh amach phunann CCÉP amach anseo chun trasnaíocht a sheachaint leis an seasamh cuí maidir le beartas airgeadaíochta.

Luacháiltear na hurrúis faoi na cláir seo bunaithe ar chostas amúchta faoi réir lagú (féach “Urrúis” i Roinn 2.3 “Beartais Chuntasaíochta”).

Is iad seo a leanas costais amúchta na n-urrús arna sealbhú ag BCE agus a margadhluach[36] (nach ndéantar taifead orthu ar an gClár Comhardaithe ná ar an gCuntas Brabúis agus Caillteanais agus cuirtear ar fáil é ar chúiseanna comparáide amháin):

D’athraigh luach an chostais amúchta ar na hurrúis arna sealbhú ag BCE i rith na bliana mar seo a leanas:

1) San áireamh le “glanlascaine/ (biseach)” tá glanghnóthachain/(caillteanais) réadaithe, más ann dóibh.

Déanann an Chomhairle Rialaithe measúnú rialta ar na rioscaí airgeadais a bhaineann leis na hurrúis a shealbhaítear de réir na gclár seo.

Sa chás seo, déantar scrúduithe bearnaithe ar bhonn bliantúil, ach úsáid a bhaint as sonraí ag deireadh na bliana, agus déanann an Chomhairle Rialaithe iad a fhaomhadh. Sna scrúduithe in, déantar measúnú ar na táscairí bearnaithe ar leithligh le haghaidh gach cláir. I gcásanna ina ndéantar breathnóireacht ar tháscairí bearnaithe, déantar tuilleadh anailíse chun a dheimhniú nár chuir eachtra bearnaithe isteach ar shreabhadh airgid na n-urrús forluiteach. Níor thaifead BCE caillteanais le haghaidh na n-urrús a shealbhaítear ina phunanna beartais airgeadaíochta in 2021, bunaithe ar thorthaí scrúduithe bearnaithe na bliana seo.

Tá luach an chostais amúchta ar na hurrúis arna sealbhú ag an Eurochóras mar seo a leanas:

Nóta: Tá na figiúirí le haghaidh “BCNanna i limistéar an euro” réamhbharúlach agus d’fhéadfaidís a bheith faoi réir athbhreithniú, rud a d’fhágfadh go mbeadh athrú coibhéise ann maidir leis na figiúirí le haghaidh “An tEurochóras Iomlán”.

Nóta 6 – Éilimh in-Eurochórais

Nóta 6.1 – Éilimh a bhaineann le leithroinnt nótaí bainc euro laistigh den Eurochóras

Is é atá sa mhír seo, éilimh BCE vis-à-vis BCNanna i limistéar an euro maidir le cionroinnt na nótaí bainc euro laistigh den Eurochóras (féach “Nótaí bainc i gcúrsaíocht” i Roinn 2.3 “Beartais chuntasaíochta”) agus amhail an 31 Nollaig 2021 b’ionann iad agus €123,551 milliún (2020: €114,761 milliún). Ríomhtar íocaíocht na n-éileamh sin go laethúil ag an ráta úis imeallach is deireanaí atá ar fáil a úsáideann an tEurochóras ina thairiscintí le haghaidh na bpríomhoibríochtaí athmhaoinithe[37] (féach nóta 22.2 “Ioncam úis a eascraíonn ó leithdháileadh nótaí bainc euro laistigh den Eurochóras”).

Nóta 7 – Sócmhainní eile

Nóta 7.1 – Sócmhainní seasta láimhsithe agus doláimhsithe

Cuimsítear na míreanna seo a leanas leis na sócmhainní seo:

I leith fhoirgneamh BCE agus an oifig lena gabhann ceart úsáide, rinneadh scrúdú bearnaithe ag deireadh na bliana agus níor taifeadadh aon chaillteanas bearnaithe.

Nóta 7.2 – Sócmhainní airgeadais eile

Is éard atá sa mhír seo den chuid is mó punann cistí dílse BCE ina bhfuil infheistíochtaí acmhainní airgeadais BCE go príomha, is é sin an caipiteal íoctha agus méideanna a choinnítear sna cúlchistí agus an soláthar le haghaidh rioscaí airgeadais. San áireamh leis sin tá 3,211 scair sa Bhanc um Shocraíochtaí Idirnáisiúnta (BSI) ag costas éadála €42 milliún agus cuntais reatha eile ainmnithe in euro.

Is mar seo a leanas na comhpháirteanna sa mhír seo:

Ba é ba chúis le méadú sa mhír seo go príomha in 2021 an infheistíocht i bpunann cistí dílse BCE de (i) na méideanna a d’íoc BCNanna i limistéar an euro in 2021 i leith na gcéad tráthchoda dá síntiúis mhéadaithe i gcaipiteal BCE (féach nóta 16 “Caipiteal agus cúlchistí”); (ii) an t-ioncam úis a gineadh ar an bpunann seo in 2021, agus (iii) contrapháirt an mhéid a aistríodh chuig soláthar BCE le haghaidh rioscaí airgeadais in 2020. Bhí an méadú sa mhír seo fritháirithe go páirteach, de bharr laghdú ar mhargadhluach na n-urrús arna sealbhú i bpunann cistí dílse BCE.

Nóta 7.3 – Difríochtaí athluachála ionstraimí lasmuigh den chlár comhardaithe

Tá athruithe luachála sa mhír seo i réamh-idirbhearta agus in idirbhearta babhtála in airgeadra eachtrach a bhí gan íoc an 31 Nollaig 2021 (féach nóta 20 “Babhtáil airgeadraí eachtracha agus réamh-idirbheart”). B’ionann na hathruithe luachála sin agus €620 milliún (2020: €388 milliún) agus tá siad ann de thoradh comhshó idirbheart dá leithéid isteach ina gcomhluach in euro de réir na rátaí malairte eachtraí a bhí ann ar dháta an chláir chomhardaithe, i gcomparáid leis na luachanna euro atá ann de thoradh chomhshó na n-idirbheart ag meánchostas an airgeadra eachtraigh faoi seach ar an dáta sin (féach “Ionstraimí lasmuigh den chlár comhardaithe” agus “Sócmhainní agus dliteanais óir agus airgeadra eachtraigh” i Roinn 2.3 “Beartais chuntasaíochta”).

Nóta 7.4 – Fabhruithe agus speansais réamhíoctha

An 31 Nollaig 2021 bhí an mhír seo ar luach €4,055 milliún (2020: €3,390 milliún). Cuimsíodh leis go príomha ús cúpóin fabhraithe ar urrúis, lena n-áirítear ús gan íoc a íocadh agus é á éadáil, arbh ionann iad agus €3,332 milliún (2020: €2,757 milliún) (féach nóta 2.2 “Iarmhéideanna le bainc agus infheistíochtaí urrúis, iasachtaí seachtracha agus sócmhainní seachtracha eile; agus éilimh ar chónaitheoirí limistéar an euro ainmnithe in airgeadra eachtrach”, nóta 5 “Urrúis chónaitheoirí limistéar an euro a ainmnítear in euro” agus nóta 7.2 “Sócmhainní airgeadais eile”).

San áireamh leis an mír seo bhí méid de €577 milliún ag freagairt do na táillí maoirseachta le fáil le haghaidh thréimhse na dtáillí 2021 (féach nóta 25 “Ioncam/speansas glan ó tháillí agus ó choimisiúin”).[38] Baileofar an méid seo in 2022.

San áireamh leis an mír seo tá (i) ioncam fabhraithe ó thionscadail choitianta an Eurochórais (féach nóta 27 “Ioncam eile”); (ii) réamhíocaíochtaí ilghnéitheacha; agus (iii) ioncam úis fabhraithe ar shócmhainní agus ar dhliteanais airgeadais eile.

Nóta 7.5 – Ilghnéitheach

An 31 Nollaig 2021 b’ionann an mhír seo agus €749 milliún (2020: €1,970 milliún) agus cuimsíodh leis go príomha iarmhéideanna dar luach €573 milliún (2020: €692 milliún) a bhaineann le réamh-idirbhearta agus idirbhearta babhtála in airgeadra eachtrach a bhí gan íoc an 31 Nollaig 2021 (féach nóta 20 “Babhtáil airgeadraí eachtracha agus réamh-idirbheart”). Tháinig na hiarmhéideanna seo chun cinn ó chomhshó idirbheart dá leithéid ina gcoibhéis euro ag meánchostas an airgeadra faoi seach ar dháta an chláir chomhardaithe, i gcomparáid leis na luachanna euro a ndearnadh taifeadadh orthu ar dtús (féach “Ionstraimí lasmuigh den chlár comhardaithe” i Roinn 2.3 “Beartais chuntasaíochta”).

San áireamh leis sin freisin bhí an méid fabhraithe de dháileadh eatramhach brabúis BCE dar luach €150 milliún (2020: €1,260 milliún) (féach “Dáileadh eatramhach brabúis” i Roinn 2.3 “Beartais chuntasaíochta” agus nóta 12.2 “Dliteanais eile laistigh den Eurochóras (glan)”).

Nóta 8 – Nótaí bainc i gcúrsaíocht

Is é atá sa mhír seo, sciar BCE (8%) de na nótaí bainc euro iomlán i gcúrsaíocht (féach “Nótaí bainc i gcúrsaíocht” i Roinn 2.3 “Beartais chuntasaíochta”) agus amhail an 31 Nollaig 2021 b’ionann iad agus €123,551 milliún (2020: €114,761 milliún).

Nóta 9 – Dliteanais eile d’institiúidí creidmheasa i limistéar an euro a ainmnítear in euro

Is féidir le bainc cheannais an Eurochórais airgead tirim a ghlacadh mar chomhthaobhacht ina saoráidí iasachtaithe urrús CCEP gan aon dualgas orthu é athinfheistiú. I gcás BCE, déantar na hoibríochtaí seo trí institiúid speisialta. Tá na coinníollacha céanna i gceist le sealúchais CCÉP san earnáil phoiblí.

Amhail an 31 Nollaig 2021, b’ionann na hidirbhearta iasachtaithe gan íoc in aghaidh na comhthaobhachta airgid a rinneadh sna hinstitiúidí creidmheasa i limistéar an euro agus €9,473 milliún (2020: €2,559 milliún). Aistríodh airgead faighte mar chomhthaobhacht chuig cuntais TARGET2. De bharr nach ndearnadh athinfheistíocht ar an airgead faoi dheireadh na bliana, rinneadh taifeadadh ar na hidirbhearta ar an gClár Comhardaithe (féach “Idirbhearta droim ar ais” i Roinn 2.3 “Beartais chuntasaíochta”)[39].

Nóta 10 – Éilimh ar chónaitheoirí eile limistéar an euro a ainmnítear in euro

Nóta 10.1 – Rialtas ginearálta

Amhail an 31 Nollaig 2021 b’ionann an mhír seo agus €3,200 milliún (2020: €10,012 milliún) agus san áireamh ann bhí taiscí de chuid na Saoráide Eorpaí um Chobhsaíocht Airgeadais (SECA) agus an tSásra Cobhsaíochta Eorpach (SCE). I gcomhréir le hAirteagal 21 de Reacht CEBC, d’fhéadfadh BCE feidhmiú mar ghníomhaire fioscach d’institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí de chuid an Aontais Eorpaigh, rialtais láir, údaráis réigiúnacha, áitiúla nó údaráis phoiblí eile, comhlachtaí eile rialaithe ag an dlí poiblí, nó gnóthais phoiblí de chuid na mBallstát.

Nóta 10.2 – Dliteanais eile

Is é atá sa mhír seo iarmhéideanna chustaiméirí TARGET2 i limistéar euro de chuid BCE agus amhail an 31 Nollaig 2021 b’ionann é agus €4,404 milliún (2020: €3,688 milliún).

Nóta 11 – Dliteanais do neamhchónaitheoirí de chuid limistéar an euro a ainmnítear in euro

Amhail an 31 Nollaig 2021 b’ionann an mhír seo agus €112,492 milliún (2020: €11,567 milliún). Ba í an chomhpháirt ba mhó, méid dar luach €71,875 milliún (2020: €4,685 milliún) ina bhfuil iarmhéideanna TARGET2 le BCNanna nach bhfuil i limistéar an euro vis-à-vis BCE (féach “Iarmhéideanna in-CEBC/iarmhéideanna in-Eurochórais” i Roinn 2.3 “Beartais chuntasaíochta”) agus custaiméirí TARGET2 de chuid BCE nach bhfuil i limistéar an euro. Comhfhreagraíonn méadú na n-iarmhéideanna seo in 2021 d’iarmhéideanna chustaiméirí TARGET2 de chuid BCE nach bhfuil i limistéar an euro.

Cuimsítear leis méid €21,750 milliún (2020: €3,425 milliún) ag eascairt as CCEP gan íoc agus urrúis CCÉP na hearnála poiblí ag iasachtú idirbheart a dhéantar i gcomhar le neamhchónaitheoirí de chuid limistéar an euro ina bhfuarthas airgead mar chomhthaobhacht agus aistríodh é chuig cuntais TARGET2 (féach nóta 9 “Dliteanais eile d’institiúidí creidmheasa i limistéar an euro a ainmnítear in euro”).

San áireamh leis an mír seo bhí méid €18,033 milliún a bhain le riar ghníomhaíochtaí iasachtaíochta agus an Aontais Eorpaigh, mar a mbíonn BCE ag feidhmiú mar ghníomhaire fioscach don Choimisiún Eorpach (féach nóta 21 “Riarachán na n-oibríochtaí iasachtaíochta agus iasachta”). Ní raibh aon iarmhéideanna dá leithéid gan íoc amhail an 31 Nollaig 2020.

Is é fuílleach na míre seo €834 milliún (2020: €3,457 milliún) ag eascairt as an socrú airgeadra cómhalartach reatha leis an gCóras Cúlchiste Feidearálaigh. Faoin socrú seo, cuireann Banc Cúlchiste Feidearálaigh Nua-Eabhrac dollair SAM ar fáil do BCE trí idirbhearta babhtála, agus é mar sprioc maoiniú dollar SAM gearrthéarmach a thairiscint do contrapháirtithe an Eurochórais. Idir an dá linn gabhann BCE le hidirbhearta comhuaineacha babhtála le BCNanna i limistéar an euro, a úsáideann na cistí atá ann dá bharr chun tabhairt faoi oibríochtaí dollar SAM chun leachtacht a sholáthar le contrapháirtithe an Eurochórais i bhfoirm idirbheart droim ar ais. De bharr na n-idirbheart comhuaineach babhtála tá iarmhéideanna in-Eurochórais idir BCE agus BCNanna i limistéar an euro. Thairis sin, bíonn éilimh agus dliteanais réamhchonartha ann de thoradh na n-idirbheart babhtála a dhéantar i gcomhar le Banc Cúlchiste Feidearálach Nua-Eabhrac agus BCNanna i limistéar an euro agus déantar taifeadadh ar an héilimh agus dliteanais sin sna cuntais lasmuigh den chlár comhardaithe (féach nóta 20 “Babhtáil airgeadraí eachtracha agus réamh-idirbhearta”).

Nóta 12 – Dliteanais in-Eurochórais

Nóta 12.1 – Dliteanais comhionann le haistriú cúlchistí eachtracha

Déanann siad seo ionadaíocht ar na dliteanais do BCNanna i limistéar an euro a tháinig chun cinn de bharr aistriú na sócmhainní cúlchistí eachtracha chuig BCE nuair a tháinig siad isteach san Eurochóras. De bhun Airteagal 30.2 de Reacht CEBC, tá na ranníocaíochtaí seo seasta i gcomhréir le scaireanna BCNanna i gcaipiteal suibscríofa BCE. Níor tharla aon athrú in 2021.

Ríomhtar íocaíocht na ndliteanas go laethúil ag an ráta úis imeallach is deireanaí atá ar fáil a úsáideann an tEurochóras ina thairiscintí le haghaidh príomhoibríochtaí athmhaoinithe, a athraítear gan aon toradh a thaispeáint ar an gcomhpháirt óir (féach nóta 22.3 “Íocaíocht éilimh BCNanna maidir le cúlchistí eachtracha a aistríodh”).

Nóta 12.2 – Dliteanais eile laistigh den Eurochóras (glan)

Ba é a bhí sa mhír seo in 2021, iarmhéideanna TARGET2 BCNanna i limistéar an euro vis-à-vis BCE agus an méid le híoc le BCNanna i limistéar an euro i leith dháileadh eatramhach brabúis BCE (féach “Iarmhéideanna in-CEBC/iarmhéideanna in-Eurochórais” agus “Dáileadh eatramhach brabúis”, faoi seach, i Roinn 2.3 “Beartais chuntasaíochta”).

Bhí an laghdú ar ghlandliteanas TARGET2 inchurtha go príomha i leith (i) insreafaí airgid mar thoradh ar na hiarmhéideanna níos airde de chuid chustaiméirí TARGET2 BCE nach bhfuil i limistéar an euro (féach nóta 11 “Dliteanais do neamhchónaitheoirí de chuid limistéar an euro a ainmnítear in euro”); (ii) an méadú ar airgead a fuarthas mar chomhthaobhacht in aghaidh iasachtú CCEP agus urrúis CCÉP na hearnála poiblí (féach nóta 9 “Dliteanais eile d’institiúidí creidmheasa i limistéar an euro a ainmnítear in euro”); agus nóta 11 “Dliteanais do neamhchónaitheoirí de chuid limistéar an euro a ainmnítear in euro”); agus (iii) insreafaí airgid mar thoradh ar na taiscí níos airde de chuid neamhchónaitheoirí de chuid limistéar an euro glactha ag BCE ina ról mar ghníomhaire fioscach (féach nóta 11 “Dliteanais do neamhchónaitheoirí de chuid limistéar an euro a ainmnítear in euro”). D’fhritháirigh glancheannacháin na n-urrús tionchar na bhfachtóirí faoi CCÉP agus faoi CCSL, rud a socraíodh trí chuntais TARGET2 (féach nóta 5 “Urrúis chónaitheoirí limistéar an euro a ainmnítear in euro”).

Maidir le híocaíocht na staideanna TARGET2, cé is moite d’iarmhéideanna a thagann chun cinn ó idirbhearta comhuaineacha babhtála maidir le hoibríochtaí chun leachtacht a sholáthar i ndollar SAM, déantar í a ríomh go laethúil ag an ráta úis imeallach is deireanaí atá ar fáil a úsáideann an tEurochóras agus a thairiscintí le haghaidh na bpríomhoibríochtaí athmhaoinithe.

Nóta 13 – Dliteanais eile

Nóta 13.1 – Difríochtaí athluachála ionstraimí lasmuigh den chlár comhardaithe

Go príomha, tá athruithe luachála sa mhír seo i réamh-idirbhearta agus in idirbhearta babhtála in airgeadra eachtrach a bhí gan íoc an 31 Nollaig 2021 (féach nóta 20 “Babhtáil airgeadraí eachtracha agus réamh-idirbheart”). B’ionann na hathruithe luachála agus €568 milliún (2020: €636 milliún) agus tá siad ann de thoradh comhshó idirbheart dá leithéid isteach ina gcomhluach in euro de réir na rátaí malairte eachtraí a bhí ann ar dháta an chláir chomhardaithe, i gcomparáid leis na luachanna euro atá ann de thoradh chomhshó na n-idirbheart ag meánchostas an airgeadra eachtrach faoi seach ar an dáta sin (féach “Ionstraimí lasmuigh den chlár comhardaithe” agus “Sócmhainní agus dliteanais óir agus airgeadra eachtraigh” i Roinn 2.3 “Beartais chuntasaíochta”).

Cuirtear caillteanais luachála maidir le réamh-idirbhearta gan íoc in urrúis san áireamh sa mhír seo (féach nóta 19 “Réamh-idirbhearta in urrúis”).

Nóta 13.2 – Fabhruithe agus ioncam a bhailítear roimh ré

Cuimsítear na nithe seo a leanas leis an mír seo:

Nóta 13.3 – Ilghnéitheach

An 31 Nollaig 2021, b’ionann an mhír seo agus €2,277 milliún (2020: €2,419 milliún). Bhí iarmhéideanna san áireamh dar luach €535 milliún (2020: €507 milliún) maidir le babhtáil agus réamh-idirbhearta in airgeadra eachtrach a bhí gan íoc an 31 Nollaig 2021 (féach nóta 20 “Babhtáil airgeadraí eachtracha agus réamh-idirbhearta”). Tháinig na hiarmhéideanna seo chun cinn ó chomhshó idirbheart dá leithéid ina gcoibhéis euro ag meánchostas an airgeadra faoi seach ar dháta an chláir chomhardaithe, i gcomparáid leis na luachanna euro a ndearnadh taifeadadh orthu ar dtús (féach “Ionstraimí lasmuigh den chlár comhardaithe” i Roinn 2.3 “Beartais chuntasaíochta”).

San áireamh leis an mír seo freisin tá dliteanas léasa dar luach €175 milliún (2020: €199 milliún) (féach “Léasanna” i Roinn 2.3 “Beartais chuntasaíochta”).

Chomh maith leis sin, san áireamh leis an mír seo tá glandliteanas sochair shainithe BCE i leith shochair iarfhostaíochta agus shochair fhadtéarmacha eile a fhoirne[40] agus chomhaltaí an Bhoird Feidhmiúcháin, chomh maith le comhaltaí an Bhoird Maoirseachta a fhostaíonn BCE. San áireamh leis sin tá sochair foirceanta fhoireann BCE.

Sochair iarfhostaíochta BCE, sochair fhadtéarmacha eile agus sochair foirceanta

Clár Comhardaithe
Bhí na méideanna a aithnítear sa Chlár Comhardaithe faoin mír “Ilghnéitheach” (dliteanais) i leith sochair iarfhostaíochta, sochair fhadtéarmacha eile agus sochair foirceanta de chuid na foirne mar seo a leanas:

Nóta: Is iad na colúin a bhfuil “Boird” orthu a thuairiscíonn méideanna i leith an Bhoird Feidhmiúcháin agus an Bhoird Maoirseachta araon.

San áireamh le luach reatha den oibleagáid sochair shainithe vis-à-vis an fhoireann dar luach €3,165 milliún (2020: €3,034 milliún) in 2021, bhí sochair neamh-mhaoinithe dar luach €373 milliún (2020: €364 milliún) maidir le sochair iar-fhostaíochta nach pinsin iad, sochair fhadtéarmacha eile agus sochair foirceanta na foirne. Maidir leis an luach reatha den oibleagáid sochair shainithe vis-à-vis comhaltaí an Bhoird Feidhmiúcháin agus comhaltaí an Bhoird Maoirseachta dar luach €43 milliún (2020: €44 milliún) ní bhaineann sé ach le socruithe neamhmhaoinithe i bhfeidhm le haghaidh sochair iarfhostaíochta agus sochair fhadtéarmacha eile.

Tugtar aitheantas don atomhas ar ghlandliteanas sochair shainithe BCE i leith sochair iarfhostaíochta sa Chlár Comhardaithe faoin mír dhliteanais “Cuntais athluachála”. B’ionann caillteanas atomhais faoin mír dhliteanais sin agus €799 milliún in 2021 (2020: €1,067 milliún) (féach nóta 15 “Cuntais athluachála”).

Athruithe san oibleagáid sochair shainithe, sócmhainní plean agus torthaí atomhais
Bhí na hathruithe i luach reatha na hoibleagáide sochair shainithe mar seo a leanas:

Nóta: Is iad na colúin a bhfuil “Boird” orthu a thuairiscíonn méideanna i leith an Bhoird Feidhmiúcháin agus an Bhoird Maoirseachta.
1) An glanfhigiúr lena n-áirítear ranníocaíochtaí éigeantacha agus aistrithe isteach i bpleananna agus amach as pleananna. Is iad na ranníocaíochtaí éigeantacha a d’íoc an fhoireann 7.4%, le hais 20.7% a íocann BCE den bhuntuarastal.

Tháinig na gnóthachain atomhais iomlána dar luach €76 milliún ar an oibleagáid sochair shainithe in 2021 chun cinn go príomha mar gur ardaigh an ráta lascaine a úsáideadh le haghaidh na luachála ó 1.1% in 2020 go dtí 1.3% in 2021. Bhí na gnóthachain ann dá réir fritháirithe i bpáirt de bharr na gcaillteanas atomhais ag eascairt as coigeartuithe taithí ag léiriú na difríochta idir na toimhdí achtúireacha a rinneadh i dtuarascáil na bliana seo caite agus an taithí iarbhír.

Bhí na hathruithe ar luach cóir na sócmhainní plean agus sa cholún sochair shainithe i leith na foirne mar seo a leanas:

Léirigh na gnóthachain atomhais maidir le sócmhainní plean in 2021 gurbh airde an toradh iarbhír ar na haonaid mhaoinithe ná an t-ioncam úis gafa ar shócmhainní plean, rud a bhí bunaithe ar an toimhde ráta lascaine 1.1%.

Bhí athruithe na dtorthaí atomhais mar seo a leanas:

Cuntas Brabúis agus Caillteanais
Bhí na méideanna a aithníodh sa Cuntas Brabúis agus Caillteanais mar seo a leanas:

Nóta: Is iad na colúin a bhfuil “Boird” orthu a thuairiscíonn méideanna i leith an Bhoird Feidhmiúcháin agus an Bhoird Maoirseachta araon.

Méadaíodh an costas seirbhíse reatha in 2021 go dtí €169 milliún (2020: €142 milliún), ba é ba chúis leis sin go príomha, an t-ardú ar an ráta méadaithe pinsin sa todhchaí ó 1.0% in 2019 go dtí 1.7% in 2020. Chomh maith leis sin tháinig tuilleadh laghdaithe ar an ráta lascaine ó 1.2% in 2019 go 1.1% in 2020.[41]

Príomhthoimhdí
Agus na hachtúirí neamhspleácha ag ullmhú na luachálacha dá dtagraítear sa nóta seo, bhain siad úsáid as toimhdí ar ghlac an Bord Feidhmiúcháin leo chun críocha cuntasaíochta agus nochta. Tá na príomhthoimhdí a úsáidtear ar mhaithe leis an dliteanas le haghaidh sochair iarfhostaíochta a ríomh chomh maith le sochair fhadtéarmacha eile mar seo a leanas:

1) Baineadh úsáid as na toimhdí seo chun an chuid d’oibleagáid sochair shainithe BCE a mhaoiníonn sócmhainní a bhfuil ráthaíocht chaipitil acu a ríomh.
2) Ina theannta sin, cuirtear méaduithe tuarastail aonair ionchasacha san áireamh suas le 1.8% sa bhliain, ag brath ar aois na rannpháirtithe plean.

3) De réir rialacha an phlean phinsin de chuid BCE, méadófar na pinsin go bliantúil. Má bhíonn athruithe tuarastail ginearálta fhostaithe BCE faoi bhun an bhoilscithe praghsanna, beidh aon mhéadú ar phinsin de réir athruithe tuarastail ginearálta. Má théann na hathruithe tuarastail ginearálta os cionn boilsciú praghsanna, cuirfear i bhfeidhm iad chun méadú na bpinsean a fáil amach, ar choinníoll gur féidir le staid airgeadais phleananna pinsean BCE a leithéid de mhéadú a sheasamh.

Nóta 14 – Soláthairtí

Sa mhír seo, den chuid is mó, tá soláthar le haghaidh rioscaí airgeadais, a úsáidfear go dtí an leibhéal a cheapfaidh an Chomhairle Rialaithe atá riachtanach chun caillteanais réadaithe agus neamhréadaithe amach anseo a fhritháireamh. Déantar athbhreithniú ar mhéid agus ar riachtanas reatha an tsoláthair seo go bliantúil, bunaithe ar mheasúnú BCE ar a neamhchosaint ar na rioscaí céanna agus réimse fachtóirí á gcur san áireamh. Ní féidir lena mhéid, in éineacht le haon mhéid a choinnítear sa chúlchiste ginearálta, a bheith níos mó ná luach chaipiteal BCE a íocann BCNanna an limistéir euro.

Ag cur san áireamh torthaí mheasúnú neamhchosaintí BCE ar rioscaí airgeadais, agus an uasteorainn is mó a cheadaítear de sholáthar BCE le haghaidh rioscaí airgeadais, rinne an Chomhairle Rialaithe cinneadh €610 milliún a aistriú chuig an soláthar seo amhail an 31 Nollaig 2021. Laghdaigh an t-aistriú sin glanbhrabús BCE le haghaidh na bliana 2021 go dtí €192 milliún agus mhéadaigh sé méid an tsoláthair go dtí €8,194 milliún, rud a chomhfhreagraíonn do luach chaipiteal BCE a bhí íoctha ag NCBanna i limistéar an euro ar an dáta céanna.

San áireamh leis an mír seo tá forálacha riaracháin dar luach €74 milliún (2020: €57 milliún).

Nóta 15 – Cuntais athluachála

Sa mhír seo, den chuid is mó, tá iarmhéideanna athluachála a eascraíonn as gnóthachain neamhréadaithe ar shócmhainní, ar dhliteanais agus ar ionstraimí lasmuigh den chlár comhardaithe (féach “Aithint ioncaim”, “Sócmhainní agus dliteanais óir agus airgeadra eachtraigh”, “Urrúis” agus “Ionstraimí lasmuigh den chlár comhardaithe” i Roinn 2.3 “Beartais chuntasaíochta”). San áireamh leis sin freisin tá, atomhais ar ghlandliteanas sochair shainithe BCE i leith sochair iarfhostaíochta (féach “Sochair iarfhostaíochta, sochair fhadtéarmacha eile agus sochair foirceanta BCE” i Roinn 2.3 “Beartais chuntasaíochta” agus nóta 13.3 “Ilghnéitheach”).

Is éard is cúis le méadú mhéid na gcuntas athluachála, go príomha, luachmhéadú an dollar SAM in aghaidh an euro agus ardú mhargadhphraghas an óir i dtéarmaí an euro in 2021.

Ba iad seo a leanas na rátaí malairte eachtraí a úsáideadh le haghaidh athluachála dheireadh na bliana:

Nóta 16 – Caipiteal agus cúlchistí

Nóta 16.1 – Caipiteal

Is ionann caipiteal suibscríofa BCE agus €10,825 milliún.

Tar éis do Bhanc Shasana aistarraingt ó CEBC ar 31 Eanáir 2020, choinnigh BCE a chaipiteal suibscríofa gan athrú agus ath-leithdháileadh scair chaipiteal suibscríofa Bhanc Shasana i measc NCBanna limistéar an euro agus i measc NBCanna a bhí fágtha nach bhfuil i limistéar an euro.

D’fhan caipiteal íoctha BCE gan athrú freisin ag €7,659 milliún in 2020, agus chlúdaigh na NCBanna fágtha caipiteal íoctha aistarraingthe de chuid Bhanc Shasana dar luach €58 milliún. Chomh maith leis sin, rinne an Chomhairle Rialaithe cinneadh go n-íocfadh NCBanna a síntiúis mhéadaithe ar fad ar dhá thráthchuid in 2021 agus in 2022, an dá ceann acu dar luach €610 milliún.

De thairbhe íocaíocht chéad tráthchuid NCBanna i limistéar an euro an 29 Nollaig 2021, mhéadaigh caipiteal íoctha BCE go dtí €8,270 milliún, mar a léirítear sa tábla thíos:

Ceanglaítear ar BCNanna nach bhfuil i limistéar an euro 3.75% dá gcaipiteal suibscríofa a íoc mar ranníocaíocht do chostais oibriúcháin BCE. Ón 1 Feabhra 2020 b’ionann an ranníocaíocht agus €76 milliún san iomlán. Níl NCBanna nach bhfuil i limistéar an euro i dteideal aon scair de bhrabúis indáilte BCE, ná níl aon dualgas orthu aon chaillteanas de chuid BCE a chumhdach ach an oiread.

2.5 Ionstraimí lasmuigh den chlár comhardaithe

Nóta 17 – Cláir iasachtaithe urrús

Mar chuid de bhainistíocht chistí dílse BCE, tá comhaontú cláir iasachtaithe urrús i bhfeidhm ag BCE agus de réir an chomhaontaithe, téann institiúid speisialta in idirbhearta iasachtaithe urrús ar son BCE.

Chomh maith leis sin, de réir chinntí na Comhairle Rialaithe, a chuir BCE ar fáil ar bhonn a shealúchais urrús a thabhairt ar iasacht a ceannaíodh faoin gcéad, dara agus tríú CCBC, CCEP agus CCÉP, chomh maith lena sealúchais urrús a ceannaíodh faoi CMU atá incháilithe le ceannach faoi CCEP freisin.[42]

Mura ndéantar na gníomhaíochtaí iasachtaithe urrús seo in aghaidh comhthaobhacht airgid a fhágtar gan a infheistiú ag deireadh na bliana, déantar taifead orthu i gcuntais lasmuigh den chlár comhardaithe.[43] Bhí gníomhaíochtaí iasachtaithe urrús dá leithéid, dar luath €16,156 milliún (2020: €17,214 milliún), gan íoc ar an 31 Nollaig 2021. Ón méid sin, bhain €11,821 milliún (2020: €12,615) le hiasachtú urrús a coimeádadh chun críocha beartais airgeadaíochta.

Nóta 18 – Todhchaíochtaí ráta úis

Bhí na hidirbhearta seo a leanas, a cuireadh i láthair ag ráta malairte eachtraí dheireadh na bliana, gan íoc:

Rinneadh na hidirbhearta seo i gcomhthéacs bhainistíocht chúlchistí eachtracha BCE.

Nóta 19 – Réamh-idirbhearta in urrúis

Bhí réamhdhíolacháin urrús dar luach €382 milliún gan íoc ar an 31 Nollaig 2021. Rinneadh na hidirbhearta seo i gcomhthéacs bhainistíocht chúlchistí eachtracha BCE. Ní raibh aon idirbheart dá leithéid gan íoc amhail deireadh na bliana 2020.

Nóta 20 – Babhtáil airgeadraí eachtracha agus réamh-idirbheart

Cúlchistí eachtracha a bhainistiú
Rinneadh babhtáil airgeadraí eachtracha agus réamh-idirbhearta sa bhliain 2021 i gcomhthéacs chúlchistí eachtracha BCE a bhainistiú. Ba iad seo a leanas na héilimh agus na dliteanais de thoradh na n-idirbheart seo a cuireadh i láthair ag ráta malairte eachtraí dheireadh na bliana:

Línte babhtála a chruthaíonn leachtacht
Tá línte babhtála cómhalartacha i bhfeidhm ag an mBanc Ceannais Eorpach le Banc Cheanada, Banc Shasana, Banc na Seapáine, an Córas Cúlchiste Feidearálaigh agus Daonbhanc na Síne. Cumasaíonn na línte babhtála seo soláthar (i) leachtachta in aon airgeadra de chuid na mbanc ceannais thuasluaite chuig bainc i limistéar an euro nó (ii) leachtachta euro chuig institiúidí airgeadais i ndlínsí na mbanc ceannais thuasluaite. Chomh maith leis sin, tá comhaontuithe babhtála i bhfeidhm chomh maith le Banc Náisiúnta na Bulgáire, Hrvatska narodna banka, Danmarks Nationalbank agus Sveriges Riksbank le haghaidh soláthar leachtachta euro chuig institiúidí airgeadais ina ndlínsí. Tá na socruithe thuas dírithe ar aghaidh a thabhairt ar riachtanais fhéideartha leachtachta chun freagairt ar mhífheidhmiú féideartha an mhargaidh.

Tháinig éilimh agus dliteanais a ainmníodh i ndollar SAM a raibh dáta aibíochta acu sa bhliain 2022 chun cinn maidir le soláthar leachtachta dollar SAM chuig contrapháirtithe an Eurochórais (féach nóta 11 “Dliteanais do neamhchónaitheoirí de chuid limistéar an euro a ainmnítear in euro”).

Nóta 21 – Riar oibríochtaí iasachtaíochta agus iasachtaithe

Sa bhliain 2021 lean an Banc Ceannais Eorpach a bheith freagrach as riar oibríochtaí iasachtaíochta agus iasachtaithe an Aontais Eorpaigh faoin tsaoráid cúnaimh airgeadais mheántéarmach agus faoin tSaoráid Eorpach um Chobhsaíocht Airgeadais, le haghaidh an chomhaontaithe saoráide iasachta don Ghréig, agus le haghaidh riar na n-íocaíochtaí a bhaineann le dhá iasacht de chuid na Saoráide Eorpach um Chobhsaíocht Airgeadais.

Mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19, sa bhliain 2021 lean an tAontas Eorpach ag bronnadh iasachtaí ar na Ballstáit faoina ionstraim le haghaidh tacaíocht shealadach chun Rioscaí Dífhostaíochta i gcaitheamh Géarchéime (SURE) a mhaolú. Mar aon leis seo, sa bhliain 2021, bhunaigh an tAontas Eorpach an clár an Chéad Ghlúin AE Eile (NGEU) chun tacú le téarnamh eacnamaíoch san Aontas, agus aistriú glas agus digiteach gheilleagar an Aontais á chumasú aige. Cuireann an clár NGEU maoiniú ar fail i bhfoirm tacaíochta airgeadais nach gá a aisíoc agus tacaíocht iasachta do na Ballstáit. Thacaigh an Banc Ceannais Eorpach leis an gCoimisiún Eorpach i riar na n-oibríochtaí a bhaineann leis an dá ionstraim thuasluaite.

Sa bhliain 2021 phróiseáil an Banc Ceannais Eorpach íocaíochtaí a bhain leis na hoibríochtaí thuasluaite uile.

2.6 Nótaí ar an gCuntas Brabúis agus Caillteanais

Nóta 22 – Glanioncam úis

Nóta 22.1 – Ioncam úis ar shócmhainní cúlchistí eachtracha

Áiríonn an mhír seo ioncam úis, glan ar speansas úis, i dtaca le glansócmhainní cúlchistí eachtracha BCE.

Taispeántar glanioncam/glanspeansas úis le haghaidh gach cineál ionstraime thíos:

Mar seo a leanas glanioncam/glanspeansas úis in aghaidh na n-airgeadraí eachtracha:

Nóta 22.2 – Ioncam úis a eascraíonn ó leithdháileadh nótaí bainc euro laistigh den Eurochóras

Is é atá san mhír seo, an t-ioncam úis a bhaineann le sciar 8% an Bhainc Cheannais Eorpaigh d’eisiúint iomlán nótaí bainc an euro (féach “Nótaí bainc i gcúrsaíocht” i roinn 2.3 “Beartais Chuntasaíochta” agus nóta 6.1 “Éilimh a bhaineann le cionroinnt nótaí bainc an euro laistigh den Eurochóras”). Le haghaidh na bliana 2021 b’ionann an t-ioncam úis seo agus náid, de bharr gur fhan an ráta úis ar na príomhoibríochtaí athmhaoinithe ag 0% i gcaitheamh na bliana ar fad.

Nóta 22.3 – Íocaíocht éilimh BCNanna i leith cúlchistí eachtracha a aistríodh

Nochtar an íocaíocht le BCNanna i limistéar an euro agus a n-éilimh i dtaca le sócmhainní cúlchistí eachtracha a aistríodh chuig an mBanc Ceannais Eorpach (féach nóta 12.1 “Dliteanais comhionann le haistriú cúlchistí eachtracha”) faoin gceannteideal seo. B’ionann an íocaíocht le haghaidh na bliana 2021 agus náid, rud a tharla de bharr gur 0% a bhí mar ráta úis ar na príomhoibríochtaí athmhaoinithe i gcaitheamh na bliana ar fad.

Nóta 22.4 – Ioncam úis eile; agus speansas úis eile

Mar seo a leanas a bhí an t-ioncam úis eile agus speansas úis eile:

1) B’ionann glanioncam úis an Bhainc Cheannais Eorpaigh ar shealúchais CMU de chuid bhannaí rialtais na Gréige agus €46 milliún (2020: €50 milliún).

Nóta 23 – Gnóthachain/caillteanais réadaithe a eascraíonn as oibríochtaí airgeadais

Ba mar seo a leanas na gnóthachain/caillteanais réadaithe ghlana a d’eascair as oibríochtaí airgeadais:

Áirítear gnóthachan agus caillteanais réadaithe ar urrúis, todhchaíochtaí ráta úis agus babhtálacha ráta úis sna Gnóthachain/cailleanais phraghais réadaithe ghlana. Spreag caillteanais phraghais a réadaíodh in urrúis ainmnithe i euro agus i dtodhchaíochtaí ráta úis ainmnithe i ndollar SAM an glanchaillteanas praghais a réadaíodh sa bhliain 2021. Sa bhliain 2020 réadaíodh gnóthachain phraghais arda i bpunann dollar SAM i ndiaidh an mheatha i dtorthaí urrúis dollar SAM.

Nóta 24 – Díluachálacha ar shócmhainní agus staideanna airgeadais

Mar seo a leanas a bhí na díluachálacha ar shócmhainní agus staideanna airgeadais:

D’ísligh luach margaidh roinnt urrús a sealbhaítear i ndollar SAM agus i bpunanna cistí dílse, mar aon le méadú sna torthaí comhfhreagracha sa bhliain 2021. Bhí caillteanais phraghais neamhréadaithe ag deireadh na bliana mar thoradh air seo.

Nóta 25 – Ioncam/speansas glan ó tháillí agus ó choimisiúin

Sa bhliain 2021 ba tháillí maoirseachta ba mhó a bhí i gceist leis an ioncam faoin gceannteideal seo. Tháinig ardú ar speansais ó tháillí cumhdaigh den chuid is mó.

Ioncam agus speansais a bhaineann le tascanna maoirseachta
Gearrann an Banc Ceannais Eorpach táillí ar eintitis mhaoirsithe ar mhaithe le caiteachas a thabhaítear i ndéanamh a thascanna maoirseachta a athshlánú. Tá na táillí bunaithe ar na speansais bhliantúla iarbhír le haghaidh tascanna maoirseachta a thabhaítear i dtaca le tréimhse an táille le haghaidh na méideanna a aisíoctar chuig/a fhaightear ó bhainc aonair le haghaidh tréimhsí táillí roimhe sin agus coigeartaithe eile, lena n-airítear ús a fuarthas ar íocaíochtaí déanacha.[44]

Bunaithe ar na speansais iarbhír a thabhaíonn BCE i mbun a thascanna maoirseachta ar bhaincéireacht, b’ionann an t-ioncam ó tháillí maoirseachta sa bhliain 2021 agus €578 milliún. I ndiaidh coigeartú le haghaidh ús a fuarthas ar íocaíochtaí déanacha, is ionann na táillí maoirseachta atá le gearradh ar eintitis mhaoirsithe le haghaidh thréimhse táillí 2021 agus €577 milliún[45] (féach nóta 7.4 “Fabhruithe agus speansais réamhíoctha”). Eiseofar sonrasc le haghaidh na dtáillí maoirseachta ar leith sa dara ráithe den bhliain 2022.[46]

Tá BCE i dteideal pionóis riaracháin a ghearradh chomh maith ar eintitis a ndéantar maoirseacht orthu as gan cloí le ceanglais stuamachta bhaincéireachta AE (lena n-áirítear cinntí maoirseachta BCE). Ní chuirfear ioncam a bhaineann leis san áireamh agus na táillí maoirseachta bliantúla á ríomh. Ina ionad sin, déantar taifead air mar ioncam i gCuntas Brabúis agus Caillteanais BCE agus dáiltear é ar bhainc cheannais náisiúnta i limistéar an euro mar chuid de chóras dáilte brabúis BCE. Sa bhliain 2021 b’ionann an t-ioncam a d’eascair as pionóis ar eintitis mhaoirsithe agus €1 mhilliún.

Mar sin, mar seo a leanas a bhí ioncam BCE ó thascanna maoirseachta:

Speansais a bhaineann le maoirseacht ar bhaincéireacht ón maoirseacht dhíreach ar eintitis shuntasacha, an fhormhaoirseacht ar mhaoirseacht eintitis a bhfuil suntas níos lú ag baint leo agus déanamh tascanna cothrománacha agus seirbhísí speisialaithe. Is é atá iontu ná speansais dhíreacha de chuid fheidhm maoirseachta BCE agus na speansais ábhartha a eascraíonn as réimsí tacaíochta a theastaíonn chun freagrachtaí maoirseachta BCE a chomhlíonadh, a sheasann dá gcuid seirbhísí maidir le háitribh agus aiseanna; acmhainní daonna; teicneolaíocht faisnéise (TF); dlí, iniúchóireacht agus riarachán; cumarsáid agus aistriúchán; chomh maith le gníomhaíochtaí eile.

B’ionann na speansais iarbhír a bhaineann le tascanna maoirseachta BCE, a aisghabhtar trí na táillí maoirseachta bliantúla le haghaidh 2021 agus €578 milliún (2020: €535 milliún). Spreag na forbairtí leanúnacha i gcórais TF tiomanta do mhaoirseacht ar bhaincéireacht agus costais foirne níos airde an méadú foriomlán.

Déanann BCE aisíoc leis na heintitis mhaoirsithe freisin sa chás go gcuireann an chúirt na pionóis riaracháin a gearradh orthu roimhe sin ar neamhní. Sa bhliain 2021 b’ionann na haisíocaíochtaí a bhain leis seo agus €5 mhilliún (féach nóta 31 “Speansais eile”). Ní chuirfear na speansais sin san áireamh agus na táillí maoirseachta bliantúla á ríomh ach déantar taifead orthu i gCuntas Brabúis agus Caillteanais BCE agus íslíonn siad a ghlantoradh.

Nóta 26 – Ioncam ó scaireanna cothromais agus leasanna rannpháirteacha

Taispeántar díbhinní a fuarthas ar scaireanna a sealbhaíonn BCE sa Bhanc um Socraíochtaí Idirnáisiúnta (féach nóta 7.2 “Sócmhainní airgeadais eile”) faoin gceannteideal seo. Sa bhliain 2021 bhí díbhinn bhreise, a d’fhaomh Cruinniú Cinn Bhliana an Bhainc um Shocraíochtaí Idirnáisiúnta chun cúiteamh a dhéanamh ar choinneáil díbhinne don tréimhse 2019/2020, san áireamh sa mhéid seo.[47]

Nóta 27 – Ioncam eile

Den chuid is mó d’eascair ioncam ilchineálach eile i gcaitheamh na bliana 2021 as (i) ranníocaíochtaí bainc cheannais náisiúnta limistéar an euro chuig costais a thabhaigh BCE i dtaca le comhthionscadail Eurochórais; agus (ii) íocaíochtaí árachais a bhain le hoibreacha leasúcháin ar bhonneagar ar an bpríomhfhoirgneamh (féach nóta 29 “Speansais riaracháin”).

Nóta 28 – Costais foirne

Mar seo a leanas a bhí na costais foirne:

1) Tá na tuarastail agus na liúntais múnlaithe den chuid is mó ar scéimeanna luach saothair an Aontais Eorpaigh agus d’fheadfaí iad a chur i gcomparáid leo.

B’ionann meánlíon na bhfostaithe, léirithe i gcoibhéis lánaimseartha (FTE)[48], agus 4,038 (2020: 3,923), agus ais sin is foireann bainistíochta a bhí i gceist le 362 (2020: 356).

Mhéadaigh costais foirne sa bhliain 2021, den chuid is mó ba de thoradh ar chostais níos airde i dtaca le sócmhainní iar-fhostaíochta, a bhí mar thoradh, den chuid is mó, ar ráta méaduithe pinsin níos airde sa todhchaí agus ráta lascaine níos ísle a úsáideadh sa luacháil achtúireach chun an costas seirbhíse reatha le haghaidh na bliana 2021 a ríomh[49] (féach nóta 13.3 “Ilghnéitheach”). Chuir an méadú ar an meánlíon foirne a d’fhostaigh BCE leis an méadú sin chomh maith.

Luach saothair na mBord Feidhmiúcháin agus Maoirseachta
Faigheann comhaltaí an Bhoird Feidhmiúcháin agus comhaltaí an Bhoird Maoirseachta a fhostaíonn BCE tuarastal bunúsach agus liúntas cónaithe. I gcás an Uachtaráin, cuirtear áit chónaithe ar fáil seachas liúntas cónaithe. Faigheann comhaltaí an Bhoird Feidhmiúcháin agus Cathaoirleach an Bhoird Maoirseachta liúntas ionadaíochta chomh maith. Ag brath ar na Coinníollacha Fostaíochta d’Fhoireann an Bhainc Ceannais Eorpaigh, d’fheadfadh baill an dá bhord a bheith i dteideal liúntais teaghlaigh, leanaí, oideachais agus eile, ag brath ar a gcúinsí ar leith. Tá na tuarastail faoi réir cánach ar leas an Aontais Eorpaigh, chomh maith le hasbhaintí i dtaca le ranníocaíochtaí chuig na scéimeanna pinsin, leighis, cúraim fhadtéarmaigh agus árachais timpistí. Níl liúntais faoi réir cánach agus ní féidir pinsean a éileamh uathu.

Sa bhliain 2021 ba mar seo a leanas a bhí tuarastail bhunúsacha chomhaltaí an Bhoird Feidhmiúcháin agus chomhaltaí an Bhoird Maoirseachta a d’fhostaigh BCE (i.e. gan ionadaithe na maoirseoirí náisiúnta san áireamh):[50]

1) Ghlac Frank Elderson oifig mar chomhalta ar an mBord Feidhmiúcháin ar an 15 Nollaig 2020; cuireadh a luach saothair don chuid eile de mhí na Nollag 2020 san áireamh i gcostais na bliana 2021, toisc gur íocadh é in Eanáir 2021.
2) Níl tuarastal Leaschathaoirleach an Bhoird Maoirseachta (Yves Mersch go dtí an 14 Nollaig 2020 agus Frank Elderson ón 24 Feabhra 2021) san áireamh san iomlán seo, toisc go dtuairiscítear iad siúd le comhaltaí eile an Bhoird Feidhmiúcháin.

B’ionann na liúntais iomlána a íocadh le comhaltaí an dá bhord agus ranníocaíochtaí BCE i dtreo scéimeanna leighis, cúraim fhadtéarmaigh agus árachais timpistí ar a son agus €1,097,128 (2020: €1,201,810).

D’fhéadfaí íocaíochtaí idirthréimhseacha a íoc le hiarchomhaltaí de chuid an dá bhord le haghaidh tréimhse theoranta tar éis dheireadh a dtéarmaí oifige. B’ionann na liúntais iomlána a íocadh le comhaltaí an dá bhord agus ranníocaíochtaí BCE i dtreo scéimeanna leighis, cúraim fhadtéarmaigh agus árachais timpistí ar a son agus €977,547 (2020: €1,555,042) sa bhliain 2021. Tháinig laghdú ar na híocaíochtaí seo de bharr go raibh níos lú comhaltaí boird á bhfáil sa bhliain 2021, agus fuair na daoine a bhí á bhfáil fós méid níos lú, de réir mar a theann siad le deireadh n-idirthréimhse.

B’ionann na híocaíochtaí a bhain le pinsin, lena n-áirítear liúntais iar-fhostaíochta, agus na ranníocaíochtaí chuig scéimeanna leighis, cúraim fhadtéarmaigh, agus árachais timpistí le haghaidh iarchomhaltaí boird agus a gcleithiúnach agus €4,047,008 (2020: €928,149).[51] Sa bhliain 2021 bhí íocaíocht chnapshuime ar éirí as d’iarchomhalta boird in ionad íocaíochtaí pinsin sa todhchaí san áireamh sa tsuim seo.

Nóta 29 – Speansais riaracháin

Mar seo a leanas a bhí na speansais riaracháin:

Tháinig ardú beag ar speansais riaracháin sa bhliain 2021. Bhain an t-ardú sna speansais chíosa, chothabhála maoine agus fóntas den chuid is mó leis an riachtanas lochtanna i mbonneagar an phríomhfhoirgnimh, a bhí fós ann ón staid tógála, a leigheas. Aisghabhadh na costais a bhain leis seo trí íocaíochtaí árachais (féach nóta 27 “Ioncam eile”).

Nóta 30 – Seirbhísí táirgthe nótaí bainc

Eascraíonn an speansas seo den chuid is mó as nótaí bainc euro a iompar trasteorann idir clólann nótaí bainc agus bainc cheannais náisiúnta, le haghaidh seachadadh nótaí bainc nua, agus idir bainc cheannais náisiúnta, chun ganntanais a chúiteamh le stoc barrachais. Glacann BCE na costais seo go lárnach.

Nóta 31 – Speansais eile

Sa bhliain 2021 is aisíoc pionóis riaracháin a ghearr an BCE ar thrí eintiteas, laistigh den ghrúpa céanna ar chuir an chúirt cuid na cinntí ábhartha ar neamhní, a bhí sa mhír seo (féach nóta 25 “Glanioncam/speansas ó tháillí agus ó choimisiúin”).

3 Tuarascáil iniúchóra neamhspleách

Chuig Uachtarán agus Comhairle Rialaithe
an Bhainc Ceannais Eorpaigh

Frankfurt am Main

Tuarascáil maidir leis an Iniúchadh ar Ráitis Airgeadais BCE, 2021

Tuairim

Rinneamar iniúchadh ar Ráitis Airgeadais an Bhainc Ceannais Eorpaigh (BCE) don bhliain dar chríoch an 31 Nollaig 2021 – san áireamh i gCuntais Bhliantúla BCE – a chuimsíonn an clár comhardaithe, an cuntas brabúis agus caillteanais, agus achoimre ar bheartais chuntasaíochta shuntasacha agus nótaí mínithe eile.

Dar linne, tugann na Ráitis Airgeadais lena ngabhann léargas fíor agus cothrom ar staid airgeadais BCE amhail an 31 Nollaig 2021 agus ar thorthaí a oibríochtaí airgeadais le haghaidh na bliana a chríochnaigh ansin i gcomhréir leis na prionsabail a bhunaigh an Chomhairle Rialaithe, a leagtar síos i gCinneadh (AE) 2016/2247 de chuid BCE ar an 3 Samhain 2016 ar chuntais bhliantúla BCE (BCE/2016/35), arna leasú, rud atá bunaithe ar Threoirlíne (AE) 2016/2249 de chuid BCE ar an 3 Samhain 2016 maidir leis an gcreat dlíthiúil i dtaca le cuntasaíocht agus tuairisciú airgeadais sa Chóras Eorpach Banc Ceannais (BCE/2016/34), arna leasú.

Bonn na Tuairime

Rinneamar ár n-iniúchadh i gcomhréir leis na Caighdeáin Idirnáisiúnta Iniúchóireachta (“ISAnna”). Déantar cur síos mionsonraithe ar ár bhfreagrachtaí faoi na caighdeáin sin faoin mír Freagrachtaí an Iniúchóra maidir leis an Iniúchadh ar na Ráitis Airgeadais inár dtuarascáil. Táimid neamhspleách ar BCE de réir na gceanglas eiticiúil Gearmánach atá ábhartha lenár n-iniúchadh ar na Ráitis Airgeadais, atá ag teacht leis an gCód Eitice le haghaidh Cuntasóirí Gairmiúla de chuid an Bhoird Idirnáisiúnta Caighdeán Eitice le haghaidh Cuntasóirí agus chomhlíonamar ár bhfreagrachtaí eiticiúla i gcomhréir leis na ceanglais sin. Creidimid go bhfuil an fhianaise iniúchta a fuaireamar dóthanach agus cuí chun bunús a thabhairt lenár dtuairim.

Faisnéis Eile

Tá Bord Feidhmiúcháin BCE freagrach as an bhfaisnéis eile a chuirtear ar fáil i gCuntais Bhliantúla BCE. Is éard atá san fhaisnéis eile ná an fhaisnéis uile atá san áireamh i dTuarascáil Bhliantúil BCE seachas Ráitis Airgeadais BCE agus an tuarascáil iniúchóra dár gcuid.

Ní chuimsíonn ár dtuairim ar na Ráitis Airgeadais an fhaisnéis eile agus ní léirímid aon chineál tátail dheimhnithe maidir leis an bhfaisnéis sin.

Maidir lenár n-iniúchadh ar na Ráitis Airgeadais, tá sé de fhreagracht orainn an fhaisnéis eile a léamh agus, é sin ar bun againn, an méid seo a leanas a mheas: an bhfuil an fhaisnéis eile neamhréireach go hábhartha leis na Ráitis Airgeadais nó leis an eolas a fuaireamar san iniúchadh, nó an léir go bhfuil sí míshonraithe go hábhartha ar shlí eile?

Freagrachtaí an Bhoird Feidhmiúcháin agus iad siúd a raibh dualgas orthu maidir le Rialachas i gcomhair na Ráiteas Airgeadais

Tá an Bord Feidhmiúcháin freagrach as ullmhú agus as cur i láthair cóir na Ráiteas Airgeadais i gcomhréir leis na prionsabail a bhunaigh an Chomhairle Rialaithe, a leagtar síos i gCinneadh (AE) 2016/2247 de chuid BCE ar an 3 Samhain 2016 ar chuntais bhliantúla BCE (BCE/2016/35), arna leasú, rud atá bunaithe ar Threoirlíne (AE) 2016/2249 de chuid BCE ar an 3 Samhain 2016 maidir leis an gcreat dlíthiúil i dtaca le cuntasaíocht agus tuairisciú airgeadais sa Chóras Eorpach Banc Ceannais (BCE/2016/34), arna leasú, agus le haghaidh an rialaithe inmheánaigh sin a chinneann an Bord Feidhmiúcháin a bheith riachtanach i dtaca le Ráitis Airgeadais nach bhfuil míráitis ábhartha iontu, bíodh sin de dheasca calaoise nó earráide, a ullmhú.

Agus na Ráitis Airgeadais á n-ullmhú, tá an Bord Feidhmiúcháin freagrach as cumas BCE leanúint ar aghaidh mar ghnóthas leantach a mheas, as nithe a bhaineann le gnóthas leantach a nochtadh, de réir mar is infheidhme, agus as bonn cuntasaíochta an ghnóthais leantaigh a úsáid.

Tá na daoine siúd a raibh dualgas an rialachais orthu freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar phróiseas tuairiscithe airgeadais BCE.

Freagrachtaí an Iniúchóra maidir leis an Iniúchadh ar na Ráitis Airgeadais

Is iad ár spriocanna ná dearbhú réasúnta a fháil cibé an bhfuil nó nach bhfuil na Ráitis Airgeadais saor ó mhíráitis ábhartha san iomlán, bíodh sin de dheasca calaoise nó earráide, agus tuarascáil iniúchóra a eisiúint a bhfuil ár dtuairim san áireamh ann. Is ardleibhéal dearbhuithe é dearbhú réasúnta, ach ní gealltanas atá ann go n-aimseoidh iniúchadh i gcomhréir leis na Caighdeáin Idirnáisiúnta Iniúchóireachta míráiteas ábhartha i gcónaí más ann dó. Féadfaidh míráitis eascairt as calaois nó earráid agus meastar go bhfuil siad ábhartha i gcás ina bhféadfaí a bheith ag súil leis le réasún go n-imreoidís tionchar, ar bhonn aonair nó ar bhonn comhiomláin, ar chinntí eacnamaíocha na n-úsáideoirí a dhéantar ar bhonn na Ráiteas Airgeadais seo.

Mar chuid d’iniúchadh i gcomhréir leis na Caighdeáin Idirnáisiúnta Iniúchóireachta, bainimid leas as breithiúnas gairmiúil agus coinnímid amhras gairmiúil i bpleanáil agus i ndéanamh an iniúchta síos tríd. Ina theannta sin:

  • Aithnímid agus measaimid na rioscaí a bhaineann le míráiteas ábhartha sna Ráitis Airgeadais, bíodh sin de dheasca calaoise nó earráide, dearaimid agus cuirimid nósanna imeachta iniúchta i gcrích a mbíonn aird acu ar na rioscaí sin, agus faighimid fianaise iniúchta atá dóthanach agus cuí chun bunús a thabhairt lenár dtuairim. Is mó an riosca nach mbraithfí míráiteas ábhartha a eascraíonn as calaois ná an riosca nach mbraithfí míráiteas ábhartha a eascraíonn as earráid, toisc go bhféadfadh claonpháirteachas, brionnú, easnaimh d'aon turas, mífhaisnéisí nó sárú ar rialú inmheánach a bheith i gceist le calaois.
  • Faighimid tuiscint ar rialú inmheánach a bhaineann leis an iniúchadh ar mhaithe le nósanna imeachta iniúchta a dhearadh atá cuí sna cúinsí ar leith, agus ní ar mhaithe le tuairim a nochtadh faoi éifeachtacht rialú inmheánach BCE.
  • Déanaimid measúnú ar oiriúnacht na mbeartas cuntasaíochta a úsáideadh agus ar réasúnacht na meastachán cuntasaíochta agus na nochtuithe gaolmhara arna soláthar ag an mbainistíocht.
  • Tagaimid ar chonclúid maidir le cé chomh hoiriúnach agus a bhí an úsáid a bhain an bhainistíocht as bonn cuntasaíochta an ghnóthais leantaigh agus, bunaithe ar an bhfianaise iniúchta a fhaightear, cinnimid cé acu atá nó nach bhfuil neamhchinnteacht ábhartha ann a bhaineann le himeachtaí nó coinníollacha a d'fhéadfadh amhras suntasach a tharraingt ar chumas BCE leanúint ar aghaidh mar ghnóthas leantach. Má thagaimid ar chonclúid gur ann do neamhchinnteacht ábhartha, tá dualgas orainn béim a leagan air inár dtuarascáil iniúchóra maidir leis na nochtuithe a bhaineann leis sna Ráitis Airgeadais nó, murar leor nochtuithe dá leithéid, ár dtuairim a mhionathrú. Tá ár gcuid conclúidí bunaithe ar an bhfianaise iniúchta a fhaightear suas go dtí dáta ár dtuarascála iniúchóra.
  • Déanaimid measúnú ar chur i láthair, ar leagan amach agus ar ábhar iomlán na Ráiteas Airgeadais, lena n-áirítear na nochtuithe, agus measaimid cé acu a chuireann nó nach gcuireann na Ráitis Airgeadais na hidirbhearta agus na himeachtaí is bun leo in iúl ar bhealach a bhaineann cur i láthair cothrom amach.

Tá dualgas orainn raon feidhme agus tráth beartaithe an iniúchta agus torthaí suntasacha an iniúchta, lena n-airítear aon difríochtaí suntasacha i rialú inmheánach a aithnímid i gcaitheamh ár n-iniúchta, a chur in iúl dóibh siúd a bhfuil dualgas rialachais orthu.

Frankfurt am Main, an 9 Feabhra 2022

Baker Tilly GmbH & Co. KG
Wirtschaftsprüfungsgesellschaft

(Düsseldorf)

4 Nóta maidir le dáileadh brabúis/leithdháileadh caillteanas

Ní cuid de ráiteas airgeadais BCE le haghaidh na bliana 2021 é an nóta seo.

De bhun Airteagal 33 de Reacht CEBC, aistreofar glanbhrabús BCE san ord seo a leanas:

  1. aistreofar suim a chinnfidh an Chomhairle Rialaithe, nach mbeidh níos mó ná 20% den ghlanbhrabús i gceist leis, chuig an gcúlchiste ginearálta, faoi réir teorainn cothrom le 100% an chaipitil; agus
  2. dáilfear an glanbhrabús atá fágtha ar scairshealbhóirí BCE i gcomhréir lena scaireanna íoctha.[52]

Sa chás go dtabhaíonn BCE caillteanas, d’fheadfaí an ganntanas a fhritháiriú in aghaidh chúlchiste ginearálta BCE agus, más gá, i ndiaidh cinneadh de chuid na Comhairle Rialaithe, in aghaidh ioncam airgeadaíochta na bliana airgeadais ábhartha i gcomhréir agus suas leis na méid a leithdháileadh ar na bainc cheannais náisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 32.5 de Reacht CEBC.[53]

B’ionann glanbhrabús BCE le haghaidh na bliana 2021 agus €192 milliún. I ndiaidh cinneadh de chuid na Comhairle Rialaithe, íocadh dáileadh eatramhach brabúis, dar luach €150 milliún, chuig bainc cheannais náisiúnta limistéar an euro ar an 31 Eanáir 2022. Mar aon leis sin, rinne an Chomhairle Rialaithe cinneadh an brabús €42 milliún a bhí fágtha a dháileadh ar na bainc cheannais náisiúnta i limistéar an euro.

© An Banc Ceannais Eorpach, 2022

Seoladh poist 60640 Frankfurt am Main, An Ghearmáin
Guthán +49 69 1344 0

Suíomh Gréasáin www.ecb.europa.eu

Gach ceart ar chosaint. Ceadaítear atáirgeadh ar mhaithe le hoideachas agus le cúiseanna nach mbaineann le tráchtáil a fhad is go dtugtar aitheantas don fhoinse.

Tá téarmaíocht ar leith ar fáil ó ghluais BCE (ar fáil i mBéarla amháin).

HTML ISBN 978-92-899-5102-9, doi:10.2866/56390, QB-BS-22-001-GA-Q

  1. I rith an doiciméid seo, is féidir nach suimeoidh na huimhreacha a chuirtear i láthair go beacht go dtí na hiomláin agus is féidir nach léireoidh na céatadáin go beacht na figiúirí absalóideacha mar gheall ar shlánú.
  2. Is éard atá sna “ráitis airgeadais” Clár Comhardaithe, an Cuntais Brabúis agus Caillteanais agus na nótaí gaolmhara.
  3. Is féidir teacht ar shonraí ar an athbhreithniú straitéise a rinneadh in 2021 ar shuíomh gréasáin BCE.
  4. Leagan comhdhlúite den Chonradh maidir le Feidhmiú an Aontais Eorpaigh (IO C 202, 7.6.2016, lch. 1), arna leasú. Is féidir an téacs comhdhlúite neamhoifigiúil leis an liosta leasuithe a aimsiú anseo.
  5. Prótacal (Uimh 4) ar Chonradh ar Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Ceannais Eorpaigh (IO C 202, 7.6.2016, lch. 230). Is éard atá sa Chóras Eorpach Banc Ceannais (CEBC) BCE agus BCNanna na 27 mBallstát AE uile.
  6. Is éard atá in CCS an tríú clár ceannaigh bannaí faoi chumhdach (CCBC3), clár ceannaigh urrús sócmhainn-bhunaithe (CCUSB), clár ceannaigh na hearnála poiblí (CCEP) agus clár ceannaigh na hearnála corparáidí (CCEC). Ní fhaigheann BCE urrúis faoi CCEC. Is féidir teacht ar thuilleadh sonraí ar na próisis CCS ar shuíomh gréasáin BCE.
  7. Is féidir teacht ar thuilleadh sonraí ar CCÉP ar shuíomh gréasáin BCE.
  8. Chun tuilleadh sonraí a fháil, féach an phreaseisiúint an 16 Nollaig 2021 ar chinntí na Comhairle Rialaithe.
  9. Is féidir teacht ar shrianta aibíochta do CCS agus CCÉP ar shuíomh gréasáin BCE
  10. San áireamh sna sealúchais seo tá sócmhainní a chuimsítear faoi na míreanna den chlár comhardaithe “Éilimh ar neamhchónaitheoirí de chuid limistéar an euro a ainmnítear in airgeadra eachtrach – Iarmhéideanna le bainc agus infheistíochtaí urrúis, iasachtaí seachtracha agus sócmhainní seachtracha eile” agus “Éilimh ar chónaitheoirí limistéar an euro a ainmnítear in airgeadra eachtrach”.
  11. Déantar speansais a thabhaíonn BCE i gcomhlíonadh a chúraimí maoirseachta a aisghabháil trí tháillí maoirseachta bliantúla arna thobhach ar eintitis mhaoirsithe. Is féidir teacht ar thuilleadh sonraí ar shuíomh gréasáin BCE um maoirseacht bhaincéireachta.
  12. De thoradh ar an ardú san fhoráil le haghaidh rioscaí bhí laghdú comhfhreagrach i mbrabús in 2021.
  13. Áirítear leis an mír den chlár comhardaithe “Cuntais athluachála” freisin atomhais i leith sochair iar-fhostaíochta.
  14. Féach preaseisiúint an 30 Eanáir 2020 ar chaipiteal suibscríofa BCE tar éis do Bhanc Shasana tarraingt siar ó CEBC.
  15. Cuirtear Ioncam ó tháillí maoirseachta san áireamh faoi “Ioncam agus speansais eile” (Cairt 13).
  16. Sainmhínítear EI mar chaillteanas meánach arna ualú de réir dóchúlachta a tharlaíonn sa chás is measa (1-p)%, mar a seasann p don leibhéal muiníne.
  17. Is féidir tuilleadh sonraí ar an gcur chuige samhaltúcháin in “The financial risk management of the Eurosystem’s monetary policy operations [Bainistíocht riosca oibríochtaí beartais airgeadaíochta an Eurochórais]”, BCE, Iúil 2015.
  18. Cuimsítear le riosca oibriúcháin gach riosca neamhairgeadais agus sainmhínítear é mar riosca tionchair dhiúltaigh gnó, clú nó airgeadais ar BCE de thoradh ar dhaoine, cur chun feidhme neamh-leordhóthanach nó mainneachtain rialachais inmheánaigh agus próiseas gnó, cliseadh córas ar a mbraitheann córais, nó imeachtaí seachtracha (e.g. tubaistí nádúrtha nó ionsuithe seachtracha).
  19. Is féidir teacht ar thuilleadh sonraí ar struchtúr rialachais BCE ar shuíomh gréasáin BCE.
  20. Tá níos mó airde faighte ag bainistiú riosca iompair san earnáil chorparáideach agus phoiblí. Is comhlánú é ar bhainistíocht airgeadais agus oibriúcháin agus do BCE is féidir é a shainmhíniú mar an riosca dochar clú nó eile a fhulaingt arna arbh iad oifigigh ardleibhéil BCE nó baill foirne nach bhfuil ag feidhmiú de réir rialacha eitice agus ionracais BCE agus/nó caighdeáin dea-rialachais agus dea-riaracháin is cúis leis.
  21. Tá beartais chuntasaíochta BCE leagtha síos i gCinneadh (AE) 2016/2247 de BCE ar an 3 Samhain 2016 ar Chuntais Bhliantúla BCE (BCE/2016/35) (IO L 347, 20.12.2016, lch. 1), arna leasú. Is féidir an téacs comhdhlúite neamhoifigiúil leis an liosta leasuithe a aimsiú anseo.
    Chun cuntasaíocht chomhchuibhithe agus tuairisciú airgeadais na n-oibríochtaí Eurochórais a chinntiú, tá an Cinneadh thuasluaite bunaithe ar Threoirlíne (AE) 2016/2249 de BCE ar an 3 Samhain 2016 ar an gcreat dlíthiúil le haghaidh cuntasaíochta agus tuairisciú airgeadais sa Chóras Eorpach Banc Ceannais (BCE/2016/34) (IO L 347, 20.12.2016, lch. 37), arna leasú. Is féidir an téacs comhdhlúite neamhoifigiúil leis an liosta leasuithe a aimsiú anseo.
    Tá na beartais seo, a athbhreithnítear agus a nuashonraítear go rialta de réir mar a mheastar a bheith iomchuí, comhsheasmhach le forálacha Alt 26.4 de Reacht CEBC, lena gceanglaítear cur chuige comhchuibhithe i leith na rialuithe lena rialaíonn cuntasaíocht agus tuairisciú airgeadais oibríochtaí Eurochórais.
  22. Tá tairseach íosta €100,000 i bhfeidhm le haghaidh fabhruithe agus forálacha riaracháin.
  23. Is féidir na cistí a charnann ball foirne trí ranníocaíochtaí deonacha a úsáid ag scor chun pinsean breise a cheannach. Tá an pinsean seo san áireamh san oibleagáid sochair shainithe ón bpointe sin ar aghaidh.
  24. Amhail an 31 Nollaig 2021 ba iad BCNanna nach bhfuil i limistéar an euro a bhí rannpháirteach in TARGET2 Българска народна банка (Banc Náisiúnta na Bulgáire), Danmarks Nationalbank, Hrvatska narodna banka, Narodowy Bank Polski agus Banca Naţională a României.
  25. Cinneadh BCE an 13 Nollaig 2010 ar eisiúint nótaí bainc in euro (BCE/2010/29) (2011/67/AE) (IO L 35, 9.2.2011, lch. 26), arna leasú. Is féidir an téacs comhdhlúite neamhoifigiúil leis an liosta leasuithe a aimsiú anseo.
  26. Ciallaíonn “Scála leithdháilte nótaí bainc” na céatadáin a éiríonn as sciar BCE in eisiúint iomlán nótaí bainc euro a chur san áireamh agus an scála caipitil suibscríofa a chur i bhfeidhm ar sciar BCNanna san iomlán sin.
  27. Cinneadh (AE) 2016/2248 ó BCE an 3 Samhain 2016 maidir le leithdháileadh ioncaim airgeadaíochta bhainc cheannais náisiúnta na mBallstát arb é an euro an t-airgeadra acu (BCE/2016/36) (IO L 347, 20.12.2016, lch. 26), arna leasú. Is féidir an téacs comhdhlúite neamhoifigiúil leis an liosta leasuithe a aimsiú anseo.
  28. Cinneadh (AE) 2015/298 BCE an 15 Nollaig 2014 ar eisiúint eatramhach ioncam BCE (BCE/2014/57) (IO L 53, 25.2.2015, lch. 24), mar a leasaítear. Is féidir an téacs comhdhlúite neamhoifigiúil leis an liosta leasuithe a aimsiú anseo.
  29. Comhfhreagraíonn sé sin do 504.8 tona.
  30. Cuimsítear leis na sealúchais sin sócmhainní lúide dliteanais a ainmnítear san airgeadra eachtrach atá leagtha amach agus atá faoi réir ag athluacháil airgeadra eachtraigh. Cuimsítear iad faoi na ceannteidil “Éilimh ar neamhchónaitheoirí de chuid limistéar an euro a ainmnítear in airgeadra eachtrach”, “Éilimh ar chónaitheoirí limistéar an euro a ainmnítear in airgeadra eachtrach”, “Fabhruithe agus speansais réamhíoctha”, “Difríochtaí athluachála ionstraimí lasmuigh den chlár comhardaithe” (ar an taobh dliteanas) agus “Fabhruithe agus ioncam a bhailítear roimh ré” agus cuireann siad san áireamh babhtáil airgeadraí eachtracha agus réamh-idirbheart a áirítear sna míreanna lasmuigh den chlár comhardaithe. Gnóthachain praghais maidir le hionstraimí airgeadais a ainmnítear in airgeadra eachtrach ag teacht chun cinn de bharr nach gcuirtear athluachálacha san áireamh.
  31. Is féidir tuilleadh sonraí faoi leachtacht euro an Eurochórais in aghaidh comhthaobhacht incháilithe a fháil ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais Eorpaigh.
  32. Is féidir teacht ar thuilleadh sonraí faoi CCSL ar shuíomh gréasáin BCE.
  33. Féach an phreaseisiúint ón 16 Nollaig 2021 ar chinntí na Comhairle Rialaithe.
  34. Is féidir teacht ar thuilleadh sonraí ar CCÉP ar shuíomh gréasáin BCE.
  35. Más féidir dálaí maoinithe dearfacha a choinneáil le sreafaí ceannaigh sócmhainní nach n-ídíonn an ciste le linn fhís glancheannacháin CCÉP, ní gá an ciste iomlán a úsáid.
  36. Taispeánann na margadhluachanna na luachaintí margaidh agus díorthaítear na margadhluachanna ar bhonn na luachaintí margaidh freisin. Nuair nach bhfuil luachaintí margaidh ar fáil, déantar meas ar na margadhphraghasanna ach úsáid a bhaint as samhailtí inmheánacha de chuid an Eurochórais.
  37. Ón 16 Márta 2016 is é 0% an ráta úis a úsáideann an tEurochóras ina thairiscintí le haghaidh príomhoibríochtaí athmhaoinithe.
  38. Is féidir tuilleadh sonraí a fháil ar shuíomh gréasáin mhaoirseacht baincéireachta BCE.
  39. Is iad na hidirbhearta maidir le hiasachtú urrús nach bhfuil comhthaobhacht airgid neamhinfheistithe mar thoradh orthu ag deireadh na bliana a ndéantar taifeadadh orthu sna cuntais lasmuigh den chlár comhardaithe (féach nóta 17 “Cláir iasachtaithe urrús”).
  40. Ní léiríonn colún sochair shainithe an phlean ach na ranníocaíochtaí éigeantacha a rinne BCE agus an fhoireann. B’ionann na ranníocaíochtaí deonacha a rinne an fhoireann i colún ranníocaíochta sainithe in 2021 agus €220 milliún (2020: €186 milliún). Tá na ranníocaíochtaí seo infheistithe sna sócmhainní plean agus tá oibleagáid chomhfhreagrach ar chomhluach ann mar gheall air sin.
  41. Meastar an costas seirbhíse reatha trí úsáid a bhaint as na rátaí a cuireadh i bhfeidhm sa bhliain roimhe.
  42. Ní cheannaíonn BCE urrúis de chuid na hearnála corparáidí faoi CCEC ná CCÉP agus níl aon sealúchas ábharach aige atá ar fáil le haghaidh iasachtú dá bharr sin. Is féidir tuilleadh sonraí maidir le hiasachtú urrús a fháil ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannas Eorpach
  43. Má fhágtar comhthaobhacht airgid gan a bheith infheistithe ag deireadh na bliana, déantar na hidirbhearta seo a thaifeadadh sna cuntais ar chláir comhardaithe (féach nóta 9 “Dliteanais eile d’institiúidí creidmheasa i limistéar an euro a ainmnítear in euro” agus nóta 11 “Dliteanais do neamhchónaitheoirí de chuid limistéar an euro a ainmnítear in euro”).
  44. Féach Airteagal 5(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1163/2014 ón mBanc Ceannais Eorpach an 22 Deireadh Fómhair 2014 maidir le táillí maoirseachta (BCE/2014/41) (IO L 311, 31.10.2014, lch. 23), arna leasú. Is féidir an téacs comhdhlúite neamhoifigiúil leis an liosta leasuithe a aimsiú anseo.
  45. Glacfar le cinneadh an Bhainc Cheannais Eorpaigh maidir le méid iomlán na dtáillí maoirseachta bliantúla i gcomhair na bliana 2021 agus foilseofar iad ina dhiaidh sin faoi dheireadh mhí Aibreáin 2022.
  46. Is féidir teacht ar thuilleadh sonraí ar shuíomh gréasáin BCE um maoirseacht bhaincéireachta.
  47. Féach Tuarascáil Bhliantúil 2020/21, An Banc um Shocraíochtaí Idirnáisiúnta.
  48. Is é atá i gceist le coibhéis lánaimseartha (FTE) ná aonad gur ionann é agus fostaí amháin ag obair go lánaimseartha ar feadh aon bhliain amháin. Cuirtear an fhoireann a bhfuil conarthaí buana, ar thréimhse sheasta nó gearrthéarmacha agus rannpháirtithe atá ag glacadh páirte i gClár Iarchéime BCE san áireamh i gcomhréir leis na huaireanta a d’oibrigh siad. Tá baill foirne ar shaoire mháithreachais nó ar shaoire fhadtéarmach san áireamh, ach níl baill foirne ar shaoire gan phá san áireamh.
  49. Meastar an costas seirbhíse reatha trí úsáid a bhaint as na rátaí a cuireadh i bhfeidhm sa bhliain roimhe.
  50. Cuirtear ollmhéideanna i láthair, i.e. sula mbaintear aon cháin ar leas an Aontais Eorpaigh.
  51. Maidir leis an nglanmhéid iomlán a muirearaíodh chuig an gCuntas Brabúis agus Caillteanais i dtaca leis na socruithe pinsin le haghaidh chomhaltaí reatha an Bhoird Feidhmiúcháin agus chomhaltaí reatha an Bhoird Monatóireachta a fhostaíonn BCE, féach nóta 13.3 “Ilghnéitheach”.
  52. Níl bainc cheannais náisiúnta nach bhfuil i limistéar an euro i dteideal aon sciar de bhrabúis indáilte BCE a fháil, agus ní bheidh dliteanas orthu aon chaillteanas de chuid BCE a íoc.
  53. Faoi Airteagal 32.5 de Reacht CEBC, leithdháilfear suim ioncaim airgeadais na mbanc ceannais náisiúnta ar na banc ceannais náisiúnta i gcomhréir lena scaireanna íoctha i gcaipiteal BCE.