An Euro Digiteach
Bheadh euro digiteach ina fhoirm dhigiteach airgid thirim, a bheadh eisithe ag an mbanc ceannais agus a bheadh ar fáil do gach duine sa limistéar euro.
Táimid ag obair le bainc cheannais náisiúnta an limistéir euro chun a fhiosrú an bhféadfaí euro digiteach a eisiúint. Airgeadra digiteach bainc ceannais a bheadh ann, a bheadh ar comhstádas leis an airgead tirim, ach i bhfoirm leictreonach. Bheadh an euro digiteach ann in éineacht leis an airgead tirim agus thabharfaí rogha eile do dhaoine leis chun íocaíochtaí a dhéanamh.
An Euro Digiteach
Airgead bainc ceannais i bhfoirm dhigiteach, ar fáil le haghaidh aon íocaíochtaí leictreonacha i siopaí, ar líne nó ó dhuine go duine.
Ceisteanna Coitianta
Cén chaoi a gcabhródh an euro digiteach liom? Cén chaoi a mbeadh an euro digiteach éagsúil le cripteamhona cobhsaí agus le criptea-shócmhainní? An ndéanfadh an euro digiteach príobháideachas an úsáideora a ráthú? An dtiocfadh an euro digiteach in ionad airgead tirim? Léigh freagraí na gceisteanna is coitianta anseo
Dul chun cinn maidir leis an euro digiteach
Foghlaim faoin dul chun cinn a rinneadh le linn chéim ullmhúcháin thionscadal an euro dhigitigh, a seoladh i mí na Samhna 2023.
NA FOILSEACHÁIN IS DÉANAÍ FAOIN EURO DIGITEACH
ANSEO
An euro digiteach agus...
... príobháideachas
Leis an euro digiteach, chuirfí réiteach íocaíochta ar fáil do dhaoine agus do ghnólachtaí sa limistéar euro leis na caighdeáin phríobháideachais is airde. Ní bheadh an Banc Ceannais Eorpach ná an tEurochóras in ann a aithint cé thú féin nó cad atá á cheannach agat ó na sonraí íocaíochta a fhaighimid.
Léigh tuilleadh faoin euro digiteach agus príobháideachas... criptea-shócmhainní
Ós rud é go mbeadh banc ceannais ag tacú leis an euro digiteach, ní criptea-shócmhainn a bheadh ann. Tá sainordú ag bainc cheannais luach an airgid a choinneáil, cibé acu más airgead fisiciúil nó airgead digiteach atá i gceist. Ní thacaíonn aon institiúid lárnach le criptea-shócmhainní ná ní dhéanann siad iad a bhainistiú agus níl aon ráthaíocht ann gur féidir leat iad a mhalartú ar airgead tirim nuair is gá duit.
Cad é an difríocht?... infheistíochtaí
Dhearfaí an euro digiteach mar mhodh íocaíochta seachas mar ionstraim le haghaidh infheistíochtaí airgeadais. Táimid ag fiosrú na ceiste sin go cúramach chun iarmhairtí diúltacha don earnáil airgeadais a sheachaint. Ba cheart go rachadh an euro digiteach chun tairbhe don gheilleagar agus don tsochaí ina iomláine.
An euro digiteach: Ábhair imní na mbanc maidir le taiscí a chailleadh a bhréagnú... íocaíochtaí uile-Eorpacha
Tá straitéis chuimsitheach íocaíochtaí leagtha amach againn don ré dhigiteach. Is é is aidhm dúinn a chinntiú go dtacaíonn margadh iomaíoch agus nuálach le híocaíochtaí Eorpacha, margadh atá in ann freastal ar éilimh na dtomhaltóirí agus ceannasacht Eorpach á caomhnú aige.
Ár straitéis íocaíochtaí miondíolaPodchraoladh an Bhainc Ceannais Eorpaigh
Euro digiteach: céard é féin, cén uair agus cén fáth? (cuid 1 & 2)
An bhfuil gá le euro digiteach, agus má tá, cén fáth? Cén chuma a bheadh air? Cé na difríochtaí a bheadh ann idir euro digiteach agus bealaí eile íocaíochta? Cuireann Katie Ranger, láithreoir an phodchraolta, na ceisteanna sin ar Evelien Witlox, saineolaí ar an euro digiteach.
Éist le cláir an phodchraoltaSoiléiriú ar an euro digiteach
Táimid ag ullmhú don fhéidearthacht go mbeadh an euro digiteach le heisiúint. Tá sin ag cothú go leor spéise - agus míthuiscintí - in ainneoin nach ndearnadh aon chinneadh go fóill. Tabharfaidh ár láithreoir Stefania Secola agus Evelien Witlox, ceann thionscadal an euro dhigitigh, soiléiriú ar roinnt de na miotais.
Éist leis an gclár seo den phodchraoladhBí ar an airdeall faoi chalaois
Táimid ar an eolas faoi ríomhphoist agus suíomhanna gréasáin bréagacha ina n-iarrtar ar dhaoine infheistíocht a dhéanamh sa euro digiteach. Is camscéim é sin. Ní iarraimid infheistíochtaí, airgead ná sonraí pearsanta ar dhaoine riamh. Má cheapann tú go ndearnadh calaois ort, déan teagmháil leis na póilíní áitiúla.