Sraith straitéisí beartais airgeadaíochta atá oiriúnach don fheidhm
Is é an misean atá againn a chinntiú go bhfanfaidh an boilsciú – an ráta ag a n-athraíonn praghsanna earraí agus seirbhísí le himeacht ama – ag 2% sa mheántéarma. Chun é sin a dhéanamh, bainimid úsáid as ár n-uirlisí beartais airgeadaíochta chun tionchar a imirt ar an gcostas a bhaineann le hairgead a fháil ar iasacht.
Is í an phríomhuirlis atá againn ár sraith eochair-rátaí úis – ar a dtugtar “rátaí beartais” freisin. Thairis sin, is féidir linn uirlisí breise a úsáid, ag brath ar a bhfuil ag teastáil. Is féidir leis na huirlisí sin cabhrú lenár seasamh maidir leis an mbeartas airgeadaíochta a threisiú nó is féidir leo deimhin a dhéanamh de go n-oibríonn na margaí airgeadais i gceart ionas go mbíonn éifeachtaí ár gcinntí beartais airgeadaíochta le brath go cothrom ar fud gheilleagar an limistéir euro. Más gá, is féidir linn uirlisí nua beartais a fhorbairt freisin, agus deimhin á dhéanamh de i gcónaí go mbíonn cothromaíocht mhaith ann idir torthaí a bhaint amach agus a laghad fo-éifeachtaí agus is féidir a bheith ann. Dá thoradh sin go léir cinntítear go mbímid ullmhaithe i gcónaí chun gníomhú i leith na n-athruithe agus na héiginnteachta ar domhan.