Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

An intleacht shaorga: conas atá cúrsaí á n-athrú aici?


Le teacht chun cinn na hintleachta saorga (IS), tá athmhúnlú á dhéanamh ar an gcaoi a smaoinímid ar tháirgiúlacht, ar an obair agus, b’fhéidir, ar an mboilsciú. Inár n-athbhreithniú straitéise, 2021, thugamar faoi deara go bhféadfadh an digitiú brúnna praghsanna a laghdú, go díreach, de réir mar a éiríonn an teicneolaíocht níos saoire, agus go hindíreach, toisc go n-athraíonn sí an bealach a n-oibríonn margaí.

Ó shin i leith, tá méadú tagtha ar luas an digitithe, go háirithe le teacht chun cinn na hintleachta saorga giniúnaí. Cé go bhfuil neart gleo ann faoi na teicneolaíochtaí nua agus go bhfuil siad á gceiliúradh toisc gur rud iad a chuirfidh athrú ó bhonn ar an saol, níl an intleacht shaorga in úsáid go forleathan fós. Níl léir fós cad a chiallaíonn sé seo go léir don gheilleagar agus don bhoilsciú. An dtiocfaidh borradh faoin táirgiúlacht agus laghdú ar phraghsanna de bharr na hintleachta saorga? Nó an mbeidh de thoradh uirthi go spreagfar pá níos airde agus go gcuirfear borradh faoin éileamh, agus dá bhrí sin go dtiocfaidh ardú ar phraghsanna?

Tá an clár fichille leagtha amach, ach ní fios fós cén toradh a bheidh ar an gcluiche.