Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by
  • PREASRÁITEAS

Cinntí maidir leis an mbeartas airgeadaíochta

11 Meán Fómhair 2025

Chinn an Chomhairle Rialaithe inniu gan aon athrú a chur ar thrí eochair-ráta úis an Bhainc Ceannais Eorpaigh. Tá an boilsciú ag thart ar an sprioc mheántéarmach 2 % faoi láthair agus is beag athrú atá tagtha ar mheasúnú na Comhairle Rialaithe maidir leis an ionchas boilscithe.

I meastacháin nua fhoireann BCE tugtar léargas ar an mboilsciú atá cosúil lena raibh i meastacháin mhí an Mheithimh. Meastar go mbeidh boilsciú ceannlíne 2.1 % ar an meán ann in 2025, 1.7 % in 2026 agus 1.9 % in 2027.  Maidir leis an mboilsciú gan fuinneamh ná bia a chur san áireamh, measann siad gur 2.4 % ar an meán a bheidh ann in 2025, 1.9 % in 2026 agus 1.8 % in 2026 agus 2027 araon. Meastar go bhfásfaidh an geilleagar 1.2 % in 2025, ráta ardaithe ón ráta 0.9 % a bhí á thuar i mí an Mheithimh. Tá an meastachán fáis le haghaidh 2026 beagán níos ísle anois, ag 1.0 %, agus tá an meastachán le haghaidh 2027 gan athrú, ag 1.3 %.

Tá rún daingean ag an gComhairle Rialaithe a chinntiú go bhfanfaidh an boilsciú cobhsaí ag an sprioc mheántéarmach 2 % atá aici. Leanfaidh sí cur chuige atá ag brath ar shonraí agus cur chuige cruinniú ar chruinniú chun seasamh iomchuí an bheartais airgeadaíochta a chinneadh. Go háirithe, beidh cinntí na Comhairle Rialaithe maidir le rátaí úis le bunú ar a measúnú ar an ionchas boilscithe agus na rioscaí a bhaineann leis sin i bhfianaise na sonraí nua eacnamaíocha agus airgeadais, na ndinimicí maidir le boilsciú foluiteach, agus neart an tarchuir beartais airgeadaíochta. Níl an Chomhairle Rialaithe ag tabhairt aon ghealltanas fós maidir le treo rátaí ar leith.

Eochair-rátaí úis an Bhainc Ceannais Eorpaigh

Déanfar na rátaí úis ar an tsaoráid taisce, ar na príomhoibríochtaí athmhaoiniúcháin agus ar an tsaoráid iasachta imeallach a fhágáil gan athrú ag 2.00 %, 2.15 % agus 2.40 % faoi seach.

An clár ceannaithe sócmhainní (APP) agus an clár ceannaigh le haghaidh éigeandáil na paindéime (PEPP)

Tá punanna an chláir ceannaithe sócmhainní (APP) agus an chláir ceannaigh le haghaidh éigeandáil na paindéime (PEPP) ag laghdú de réir ráta measta intuartha, toisc nach ndéanann an tEurochóras na híocaíochtaí príomhshuime ó urrúis atá ag teacht in aibíocht a athinfheistiú a thuilleadh.

***

Tá an Chomhairle Rialaithe réidh lena cuid ionstraimí uile a choigeartú laistigh dá sainordú chun a chinntiú go gcobhsóidh an boilsciú ag an sprioc mheántéarmach 2 % atá aici agus chun dea-fheidhmiú tharchur an bheartais airgeadaíochta a choimeád slán. Thairis sin, tá an Ionstraim um Chosaint Tarchuir ar fáil chun cur i gcoinne cúinsí mí-ordúla sa mhargadh nach bhfuil údar leo agus ar bagairt thromchúiseach iad do tharchur an bheartais airgeadaíochta i ngach tír sa limistéar euro. Ar an gcaoi sin, is féidir leis an gComhairle Rialaithe a sainordú i dtaobh cobhsaíocht praghsanna a chur i gcrích ar bhealach níos éifeachtúla.

Tabharfaidh Uachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh ráiteas faoi na cinntí seo ag preasócáid ag 14:45 CET inniu.

Tá an fhoclaíocht bheacht a chomhaontaigh an Chomhairle Rialaithe le fáil sa leagan Béarla den téacs seo.

TEAGMHÁIL

Banc Ceannais Eorpach

Stiúrthóireacht Cumarsáide

Ceadaítear atáirgeadh ar choinníoll go n-admhaítear an fhoinse.

An Oifig Preasa