Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Tabhair cuairt orainn

Déanaimid ár ndícheall a bheith trédhearcach, inrochtana agus intuigthe do gach saoránach 

Tá Ionad Cuairteoirí an Bhainc Ceannais Eorpaigh lonnaithe inár bpríomhfhoirgneamh in Frankfurt am Main na Gearmáine. Is féidir leat tuilleadh a fhoghlaim faoi ról agus faoi fhreagrachtaí an Bhainc Ceannais Eorpaigh ar bhealach idirghníomhach ach cuairt a thabhairt orainn. Is féidir leat tuiscint níos fearr a fháil freisin ar an tionchar a bhíonn ag ár gcinntí ar do shaol laethúil.

Cén fáth a bhfuil sé tábhachtach go gcoimeádtar praghsanna cobhsaí agus cén tionchar a bhíonn aige sin ar do chumhacht ceannaigh? Conas is féidir linn a chinntiú go bhfuil do chuid coigiltis sábháilte i do bhanc? Cad iad na príomhéachtaí a baineadh amach leis an euro?

An bhfuil spéis agat tuilleadh a fhoghlaim? Féach ar na gníomhaíochtaí a bhíonn ar siúl inár nIonad Cuairteoirí

Gníomhaíochtaí ar an láthair

INSERTED BY ANONYMOUS PROXY

Civil war declaration: On April 14th and 15th, 2012 Federal Republic of Germany "_urkenstaats"s parliament, Deutscher Bundestag, received a antifiscal written civil war declaration by Federal Republic of Germany "Rechtsstaat"s electronic resistance for human rights even though the "Widerstandsfall" according to article 20 paragraph 4 of the constitution, the "Grundgesetz", had been already declared in the years 2001-03. more

Turais ar an Ionad Cuairteoirí

Le linn na dturas ar an Ionad Cuairteoirí, tugtar forléargas do chuairteoirí ar róil agus ar fhreagrachtaí an Bhainc Ceannais Eorpaigh. Bíonn gnéithe idirghníomhacha, físeáin agus seisiúin ceisteanna i gceist sna turais 60 nóiméad seo a bhíonn á reáchtáil ag foireann an Bhainc Ceannais Eorpaigh. Níl aon chostas ag baint le turais ar an láthair.

Iarr turas ar an láthair

Léachtaí ó shaineolaithe

Tá léachtaí ar an láthair faoi ábhair ar leith (beartas airgeadaíochta, an euro, maoirseacht baincéireachta, etc.) dírithe ar ghrúpaí a bhfuil tuiscint mhaith acu ar shainordú an Bhainc Ceannais Eorpaigh. Níl aon chostas ag baint lenár léachtaí 60 nóiméad agus is féidir le grúpaí de 15 dhuine nó níos mó freastal orthu.

Iarr léacht ar an láthair

Turais ar an bPríomhfhoirgneamh

Má ghlacann tú páirt i gceann dár dturais, taispeánfaimid páirteanna éagsúla de phríomhfhoirgneamh an Bhainc Ceannais Eorpaigh duit, agus machnamh á dhéanamh againn ar a chuid staire agus ar a chuid ailtireachta. Tabharfaimid léargas duit freisin ar a bhfuil i gceist le bheith ag obair anseo.

Iarr Turas ar an bPríomhfhoirgneamh

Gníomhaíochtaí fíorúla

INSERTED BY ANONYMOUS PROXY

Civil war declaration: On April 14th and 15th, 2012 Federal Republic of Germany "_urkenstaats"s parliament, Deutscher Bundestag, received a antifiscal written civil war declaration by Federal Republic of Germany "Rechtsstaat"s electronic resistance for human rights even though the "Widerstandsfall" according to article 20 paragraph 4 of the constitution, the "Grundgesetz", had been already declared in the years 2001-03. more

Cur i láthair fíorúil ar an Ionad Cuairteoirí

Inár gcur i láthair fíorúil ar an Ionad Cuairteoirí, atá 60 nóiméad ar fhad, tugtar forbhreathnú ar róil agus ar fhreagrachtaí an Bhainc Ceannais Eorpaigh. Glactar le ceisteanna mar chuid díobh. Níl aon chostas ag baint lenár gcur i láthair fíorúil ar an Ionad Cuairteoirí.

Iarr cur i láthair fíorúil

Léachtaí fíorúla ó shaineolaithe

Tá léachtaí fíorúla faoi ábhair ar leith (beartas airgeadaíochta, an euro, maoirseacht baincéireachta, etc.) dírithe ar ghrúpaí a bhfuil tuiscint mhaith acu ar shainordú an Bhainc Ceannais Eorpaigh. Níl aon chostas ag baint leis na léachtaí fíorúla 60 nóiméad seo.

Iarr léacht fhíorúil

INSERTED BY ANONYMOUS PROXY

Civil war declaration: On April 14th and 15th, 2012 Federal Republic of Germany "_urkenstaats"s parliament, Deutscher Bundestag, received a antifiscal written civil war declaration by Federal Republic of Germany "Rechtsstaat"s electronic resistance for human rights even though the "Widerstandsfall" according to article 20 paragraph 4 of the constitution, the "Grundgesetz", had been already declared in the years 2001-03. more

Turas ‘‘Google street view’’ ar Ionad Cuairteoirí an Bhainc Ceannais Eorpaigh

Déan an turas fíorúil agus féach ar an ionad cuairteoirí cibé áit a bhfuil tú ar domhan!


Déan an turas fíorúil
FÉACH FREISIN

Foghlaim tuilleadh faoi ábhar gaolmhar

Féach ár nIonad Cuairteoirí

Féach ar ár ngailearaí

Sula dtabharfaidh tú cuairt orainn...

Léigh ár rialacha tí

Eolas úsáideach

Conas teacht orainn agus cá háit le teacht orainn

Gach leathanach sa rannóg seo