Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Cosaint an chomhshaoil sa Bhanc Ceannais Eorpach

Tá ról le himirt againn i gcosaint an chomhshaoil agus sa chomhrac i gcoinne an athraithe aeráide.

Chun ár bhfeidhmíocht chomhshaoil a fheabhsú agus ár lorg carbóin a laghdú a mhéid is féidir, chuireamar beartas comhshaoil chun feidhme in 2007 agus táimid cláraithe leis an Scéim Eorpach um Éiceabhainistíocht agus um Éiciniúchóireacht (EMAS) ó 2010 i leith.

Léigh an ráiteas is déanaí uainn ar an gcomhshaol

MAR A D’FHEABHSAÍOMAR ÁR bhFHEIDHMÍOCHT CHOMHSHAOIL IN 2023:

Tascfhórsaí idirinstitiúideacha a bhunú a dhíríonn ar thaisteal gnó agus ar loirg charbóin

Oiliúint a chur ar fáil maidir le cúrsaí comhshaoil a chur san áireamh i dtionscadail

Feabhas a chur ar chruinneas an tuairiscithe inmheánaigh ráithiúil ar lorg carbóin

Níos mó faichí a thiontú ina móinéir bláthanna fiáine agus bláthanna ilbhliantúla a chur in ionad limistéir gairbhéil

Feabhas a chur ar ríomhanna astaíochtaí a bhaineann le heitiltí trí fhachtóirí astaíochta aicme-shonracha a thabhairt isteach

Breithnithe comhshaoil a chur san áireamh sa straitéis réadmhaoine a bheidh ann amach anseo

Cosaint an chomhshaoil sa Bhanc Ceannais Eorpach

FÉACH FREISIN

COSAINT AN CHOMHSHAOIL SA BHANC CEANNAIS EORPACH AGUS IN INSTITIÚIDÍ EILE DE CHUID AN AONTAIS

Beartas comhshaoil

Sa bheartas seo, cuirtear sraith de bhearta soiléire ar fáil a chuidíonn linn feabhas a chur ar ár bhfeidhmíocht chomhshaoil agus ár lorg éiceolaíoch a íoslaghdú.

Caith súil ar ár mbeartas comhshaoil

Gnéithe coigilte fuinnimh inár bpríomhfhoirgneamh

Foghlaim cén chaoi a n-athchúrsálaimid fuinneamh, teas agus uisce báistí chun go mbeidh ár bhfoirgneamh chomh glas agus is féidir.

Foghlaim tuilleadh faoin gcaoi a ndéanaimid athchúrsáil ar fhuinneamh

Comhar idirinstitiúideach

Faigh tuilleadh eolais faoin gcaoi a n-oibríonn na hinstitiúidí Eorpacha atá cláraithe le EMAS le chéile chun a lorg éiceolaíoch a laghdú.

Tuilleadh eolais faoin gcomhar idirinstitiúideach

Gach leathanach sa rannóg seo