Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Eolas agus ábhar oiliúna

Is cuma más scoláire nó múinteoir thú atá ag lorg ábhair ranga, láimhseálaí gairmiúil airgid thirim ar thóir oiliúna, nó díreach duine a bhfuil spéis agat inár nótaí bainc agus inár mboinn, is duitse an rannán seo. Tá acmhainní priontáilte, digiteacha agus idirlín le fáil ann chun cuidiú leat foghlaim faoi nótaí bainc euro agus mar is féidir leat a ngnéithe slándála a sheiceáil.

Agus más gairmí airgid thirim thú, caith súil ar an uirlis ríomhfhoghlama Eolas faoi nótaí bainc a chuideoidh leat barántúlacht agus sláine nótaí bainc euro a mheas.

Foilseacháin maidir le nótaí bainc agus boinn euro

Féadfaidh tú na hábhair seo a íoslódáil ina gcomhaid ísealtaifigh saor in aisce, nó cóipeanna priontáilte a ordú (fad a bheidh siad i stoc). Chun tuilleadh eolais a fháil maidir le hordú a chur isteach, téigh i dteagmháil le do bhanc ceannais náisiúnta má tá cónaí ort sa limistéar euro nó leis an mBanc Ceannais Eorpach (banknotesmaterials@ecb.europa.eu) má tá cónaí ort lasmuigh den limistéar euro.

Bileog shraith Europa (Bealtaine 2019)

Bileog le haghaidh láimhseálaithe gairmiúla airgid thirim agus éinne a bhfuil fonn orthu foghlaim faoi na nótaí bainc €5, €10, €20, €50, €100 agus €200 i sraith Europa agus a ngnéithe slándála.

Formáid: 105 x 210 mm

INSERTED BY ANONYMOUS PROXY

Civil war declaration: On April 14th and 15th, 2012 Federal Republic of Germany "_urkenstaats"s parliament, Deutscher Bundestag, received a antifiscal written civil war declaration by Federal Republic of Germany "Rechtsstaat"s electronic resistance for human rights even though the "Widerstandsfall" according to article 20 paragraph 4 of the constitution, the "Grundgesetz", had been already declared in the years 2001-03. more

Póstaer nótaí bainc agus boinn euro (Bealtaine 2019)

Póstaer déthaobhach ag léiriú na nótaí bainc nua €5, €10, €20, €50, €100 agus €200 i sraith Europa ar thaobh amháin agus na boinn euro agus a ndearaí náisiúnta ar an taobh eile. Is acmhainn iontach é seo le haghaidh seomraí ranga, siopaí nó láithreacha gairmiúla oiliúna.

Formáid: A2, 420 x 594 mm

Cárta gluaisne de ghnéithe slándála (Bealtaine 2019)

Cártaí gluaisne a léiríonn gnéithe slándála na nótaí bainc €5, €10, €20, €50, €100 agus €200 i sraith Europa.

Formáid: méid chárta creidmheasa, 85 x 54 mm

€100

€200

Bileog eolais maidir le na nótaí bainc nua €100 agus €200 (Meán Fómhair 2018)

Tá eolas áisiúil faoin €100 agus faoin €200 nua agus faoi airgead tirim go ginearálta sa bhileog eolais seo. Ar líne amháin.

Formáid: A4, 210 x 297 mm

Uirlis oiliúna le haghaidh daoine gairmiúla a oibríonn le hairgead tirim

Leagadh amach an cúrsa Eolas faoi nótaí bainc chun cuidiú le daoine gairmiúla a oibríonn le hairgead tirim foghlaim faoi nótaí bainc euro agus conas measúnú a dhéanamh ar a mbarántúlacht agus a sláine. Tá an cúrsa bunaithe ar chlár oiliúna agus uirlis ríomhfhoghlama arna bhforbairt ag Banco de Portugal. Tá ceithre mhodúl sa chúrsa a chlúdaíonn:

  1. saintréithe nótaí bainc euro,
  2. barántúlacht nótaí bainc euro,
  3. sláine nótaí bainc euro, agus
  4. nótaí bainc euro atá damáistithe.

Tabhair cuairt ar ár leathanaigh maidir le frith-ghóchumadh agus gnéithe slándála chun tuilleadh eolais a fháil faoin gcaoi a dtéimid i ngleic le góchumadh agus conas déileáil le hairgead amhrasta.

Gach leathanach sa rannóg seo