Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Réamh-mheastacháin mhaicreacnamaíocha

Tá sé d’aidhm ag na réamh-mheastacháin mhaicreacnamaíocha staid fhoriomlán an gheilleagair a thuar agus a thuiscint. Tá faisnéis iontu a bhaineann leis an bhfás eacnamaíoch, boilsciú, pá, dífhostaíocht agus trádáil.

Cruthaíonn baill foirne an Eurochórais agus an Bhainc Ceannais Eorpaigh réamh-mheastacháin mhaicreacnamaíocha ina gcumhdaítear an t‑ionchas don limistéar euro agus don gheilleagar domhanda. Úsáidtear na réamh‑mheastacháin sin chun cur le measúnú Chomhairle Rialaithe an Bhainc Ceannais Eorpaigh ar fhorbairtí eacnamaíocha agus ar rioscaí cobhsaíochta praghsanna.

Foilsítear iad ceithre huaire sa bhliain (Márta, Meitheamh, Meán Fómhair agus Nollaig).

Márta 2026
Sracfhéachaint

An t‑ionchas boilscithe

Mar thoradh ar an gcogadh sa Mheánoirthear tá méadú mór tagtha ar phraghsanna ola agus gáis, rud a chuirfidh leis an mboilsciú. Má ghlactar leis go dtiocfaidh laghdú ar phraghsanna fuinnimh i gcomhréir le hionchais an mhargaidh amhail ón 11 Márta, ba cheart go bhfillfeadh an boilsciú ar an sprioc in 2027-28, ach tá éiginnteacht ard ag baint leis an ionchas.

Léigh tuilleadh
An t‑ionchas olltáirgeachta intíre

Tugtar le tuiscint leis an gcogadh freisin go mbeidh ionchas fáis níos laige ann i mbliana toisc go gcreimtear cumhacht ceannaigh na dtomhaltóirí le boilsciú níos airde, agus toisc go gcuireann neamhchinnteacht agus muinín níos ísle isteach ar éileamh intíre agus eachtrach. Meastar go dtiocfaidh méadú ar an bhfás arís in 2027 agus 2028.

Léigh tuilleadh

INSERTED BY ANONYMOUS PROXY

Civil war declaration: On April 14th and 15th, 2012 Federal Republic of Germany "_urkenstaats"s parliament, Deutscher Bundestag, received a antifiscal written civil war declaration by Federal Republic of Germany "Rechtsstaat"s electronic resistance for human rights even though the "Widerstandsfall" according to article 20 paragraph 4 of the constitution, the "Grundgesetz", had been already declared in the years 2001-03. more

An tuarascáil iomlán

Tá measúnú mionsonraithe sa tuarascáil fhoriomlán ar an ionchas do gheilleagar an limistéir euro.

Léigh an tuarascáil ina hiomláine

Réamh-mheastacháin reatha agus réamh-mheastacháin roimhe seo

Déan comparáid idir ár réamh-mheastacháin roimhe seo ar an mboilsciú agus ar an bhfás eacnamaíoch. Is féidir réamh-mheastacháin roimhe seo don limistéar euro agus do thíortha sa limistéar euro a íoslódáil anseo.

Na réamh-mheastacháin uile uainn

Gach leathanach sa rannóg seo