Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Forléargas ar íocaíochtaí agus ar chobhsaíocht airgeadais

Is rud fíor-riachtanach é do chuile dhuine a bheith in ann íocaíochtaí a dhéanamh go sábháilte

Braitheann íocaíochtaí ar fud an limistéir euro ar bhonneagar fíorleathan lena gcinntítear gur féidir cistí agus sócmhainní a aistriú ó áit amháin go háit eile go sábháilte. Bainistímid cuid den líonra sin agus coinnímid súil ar an gcuid eile de.

Déanaimid monatóireacht freisin ar fhorbairtí in earnálacha baincéireachta sa limistéar euro agus san Aontas Eorpach ina iomláine, chomh maith le hearnálacha airgeadais eile, chun aon leochaileacht a shainaithint agus chun athléimneacht an chórais airgeadais a sheiceáil.

Seirbhísí TARGET

Oibríonn an Banc Ceannais Eorpach agus bainc cheannais náisiúnta an limistéir euro roinnt bonneagar margaidh airgeadais lena gcinntítear sreabhadh saor airgid, urrús agus comhthaobhachtaí ar fud na hEorpa. Seirbhísí TARGET a thugtar ar na seirbhísí sin le chéile.

Céard iad seirbhísí TARGET?

Íocaíochtaí láithreacha

Bíonn daoine ag súil leis go seolfar airgead chomh tapa agus a sheoltar ríomhphoist. Sin an fáth a bhfuilimid ag obair chun íocaíochtaí láithreacha a thabhairt isteach do chuile dhuine sa limistéar euro. Is é TIPS ár seirbhís láithreach socraíochta íocaíochta atá ar fáil do bhainc. Le TIPS is féidir le daoine atá ina gcónaí sa limistéar euro airgead a aistriú laistigh de chúpla soicind.

Céard é TIPS?

Ráta gearrthéarmach euro (€STR)

Is é €STR an tagarmharc nua don ráta úis a seoladh i mí Dheireadh Fómhair 2019. Is léiriú é ar na costais a íocann bainc le chéile chun airgead a fháil ar iasacht thar oíche. Táthar ag súil leis go n-aistreoidh margaí airgeadais go hiomlán go dtí an ráta nua faoi dheireadh 2021.

Ráta gearrthéarmach euro (€STR)

Athbhreithniú ar Chobhsaíocht Airgeadais

Déantar anailís ar rioscaí féideartha don chobhsaíocht airgeadais sa limistéar euro san Athbhreithniú ar Chobhsaíocht Airgeadais. Tá cobhsaíocht airgeadais ríthábhachtach dúinn mar tá sé ar cheann amháin de na nithe atá de dhíth chun boilsciú seasta a chinntiú.

Léigh ár nAthbhreithniú ar Chobhsaíocht Airgeadais

Cibear-athléimneacht

Tá riosca ag baint le cibirionsaithe do bhainc aonair agus don chóras airgeadais trí chéile. Is é sin an fáth a dtugaimid aird ar chibear-athléimneacht agus a gcuirimid tionscnaimh i gcrích a chuidíonn leis an earnáil airgeadais a bheith ullamh agus ar an airdeall.

Céard is cibear-athléimneacht ann?

Nuálaíocht

Féadfaidh buntáistí móra a bheith le nuálaíocht san earnáil airgeadais. Scrúdaímid nuálaíocht airgeadais agus an chaoi a bhfuil an nuálaíocht sin ag athrú an bhealaigh a n-oibríonn margaí airgeadais, nó an chaoi a bhféadfadh sí é a athrú. Ba mhaith linn a chinntiú freisin nach ndéanfaidh cur isteach teicneolaíoch dochar do chomhtháthú ná do chobhsaíocht.

Nuálaíocht airgeadais

Míniú ar an mbonneagar margaidh agus íocaíochtaí

Féach i dtrí nóiméad mar a dhéanann bonneagar an mhargaidh Eorpaigh le haghaidh íocaíochta agus socraíochta urrús an saol níos éasca dúinn gach lá, fiú mura mbíonn sé le feiceáil go soiléir againn i gcónaí, ag ceadú don chomhtháthú.

Féach ar an bhfíseán

DAOINE GAIRMIÚLA A OIBRÍONN LE hAIRGEAD TIRIM

An láimhseálaí gairmiúil airgid thirim thú ó bhanc tráchtála, ó oifig an phoist nó ó eagraíocht eile?

Lean ár n-aistear

Chun an nuacht is déanaí faoi Íocaíochtaí agus faoin mBonneagar Margaidh a fháil, lean muid ar ár gcainéil thiomnaithe. 

Breis eolais uait? Léigh an míniú uainn
Foghlaim tuilleadh
Céard é TARGET2?

Gach leathanach sa rannóg seo