Cinntí arna ndéanamh ag Comhairle Rialaithe an Bhainc Ceannais Eorpaigh (sa bhreis ar chinntí maidir le socrú rátaí úis)
Lúnasa-Meán Fómhair 2025
26 Meán Fómhair 2025
Oibríochtaí margaidh
Fachtóir aeráide a thabhairt isteach i gcreat comhthaobhachta an Eurochórais chun aghaidh a thabhairt ar éiginnteachtaí a bhaineann leis an aistriú aeráide
An 23 Iúil 2025, chinn an Chomhairle Rialaithe “fachtóir aeráide” a thabhairt isteach i gcreat comhthaobhachta an Eurochórais chun bainistiú níos fearr a dhéanamh ar rioscaí airgeadais a bhaineann leis an ngéarchéim aeráide. Leis an bhfachtóir aeráide sin, a d’fhéadfadh an luach a shanntar do shócmhainní incháilithe indíolta a ghealltar mar chomhthaobhacht a laghdú i gcomhréir le híogaireacht na sócmhainne i leith suaití a bhaineann leis an aistriú aeráide, comhlánófar an bosca uirlisí bainistithe riosca atá ag an Eurochóras cheana trí anailísí réamhbhreathnaitheacha ar chásanna féideartha aeráide a mheas agus, dá bhrí sin, cuirfear feabhas ar athléimneacht chur chun feidhme an bheartais airgeadaíochta ag an Eurochóras. De thoradh an fachtóir aeráide a chalabrú, déanfar deimhin de go mbeidh dóthain comhthaobhachta ar fáil go fóill. Tugtar faisnéis níos mionsonraithe i bpreasráiteas, atá le fáil ar shuíomh gréasáin BCE mar aon le roinnt Ceisteanna Coitianta gaolmhara.
An beartas macrastuamachta agus an chobhsaíocht airgeadais
Obair leantach ar Mholadh BERS/2015/2 maidir le measúnú ar éifeachtaí trasteorann beart beartais macrastuamachta agus ar chómhalartacht dheonach na mbeart sin
An 31 Iúil 2025, d’fhormheas an Chomhairle Rialaithe freagairt BCE ar Mholadh ESRB/2015/2 ón mBord Eorpach um Riosca Sistéamach maidir leis an measúnú ar éifeachtaí trasteorann beart beartais macrastuamachta agus ar chómhalartacht dheonach na mbeart sin. Cosúil leis an measúnú a rinneadh in 2023, leagtar béim sa fhreagra go bhfuil BCE ag cloí go hiomlán leis an gcuid den Mholadh atá ábhartha do BCE, ag tabhairt faoi deara go ndírítear an chuid is mó de na ceisteanna leantacha chuig údaráis a bhfuil gníomhaíochtaí macrastuamachta déanta cheana féin acu agus nach bhfuil na ceisteanna sin, dá bhrí sin, infheidhme maidir le BCE.
Bonneagar margaidh agus íocaíochtaí
Athbhreithniú ar na coinníollacha a ghabhann le rochtain a bheith ag córais choimhdeacha réamh-mhaoinithe ar TARGET
An 31 Iúil 2025, thug an Chomhairle Rialaithe dá haire measúnú ón gCoiste ar Chórais Íocaíochta agus Socraíochta nach raibh aon ghá na coinníollacha maidir le rochtain ag córais choimhdeacha réamh-mhaoinithe ar TARGET a choigeartú mar a leagtar amach i mbeartas an Eurochórais arna ghlacadh ag an gComhairle Rialaithe, agus d’fhormheas sí an togra go bhfanfadh an beartas sin gan athrú faoi láthair. Maidir leis an mbeartas um réamh-mhaoiniú, lena sainítear na coinníollacha faoinar féidir le córais choimhdeacha – i.e. bonneagair de chuid an mhargaidh airgeadais atá rannpháirteach in TARGET – réamhchistiú a úsáid in airgead bainc ceannais, is é is aidhm don bheartas sin rioscaí leachtachta agus creidmheasa a mhaolú agus socraíocht a éascú lasmuigh d’uaireanta oibriúcháin ollsocraíochta fíor-ama na mbanc ceannais, agus ag an am céanna cosc a chur ar thionchar diúltach ar éifeachtúlacht fhoriomlán an mhargaidh airgeadais agus ar chumas an Eurochórais a chúraimí reachtúla a chomhlíonadh. Thug an Chomhairle Rialaithe sainordú freisin don Bhord um Bonneagar Margaidh (MIB) leanúint d’fhaireachán a dhéanamh ar an úsáid a baintear as réamh-mhaoiniú in TARGET ar bhonn bliantúil.
Leasuithe ar an Treoirlíne maidir le hUathchóras Mearaistrithe Ollsocraíochtaí Fíor-ama Tras-Eorpach (TARGET) nua
An 31 Iúil 2025, ghlac an Chomhairle Rialaithe Treoirlíne BCE/2025/28 lena leasaítear Treoirlíne (AE) 2022/912 maidir le hUathchóras Mearaistrithe Ollsocraíochtaí Fíor-ama Tras-Eorpach (TARGET) nua. Na leasuithe ar an Treoirlíne, is léiriú iad ar an bhforbairt atá tagtha ar bheartas an Eurochórais i roinnt réimsí atá ábhartha do sheirbhísí TARGET, go háirithe maidir le rochtain ag soláthraithe seirbhíse íocaíochta neamhbhainc ar TARGET agus maidir leis an tsaoráid chreidmheasa neamh-lánroghnach do chontrapháirtithe lárnacha sa limistéar euro. Áirítear orthu freisin leasuithe eagarthóireachta agus teicniúla. Chun na leasuithe sin a chomhlánú, ghlac an Chomhairle Rialaithe freisin Cinneadh (AE) 2025/1734 maidir le coimircí i ndáil le rochtain ag contrapháirtithe lárnacha ar chreidmheas thar oíche an Eurochórais in TARGET (BCE/2025/29), lena sonraítear na ceanglais atá le comhlíonadh chun go bhfaigheadh contrapháirtithe lárnacha sa limistéar euro rochtain ar an tsaoráid chreidmheasa neamh-lánroghnach thuasluaite.
Athbhreithniú eagraíochtúil cuimsitheach ar rialachas sheirbhísí TARGET
An 26 Lúnasa 2025, thug an Chomhairle Rialaithe dá haire athbhreithniú ar shamhail eagraíochtúil rialachas Sheirbhísí TARGET, a d’iarr sí i mí na Nollag 2021 nuair a bhí breithniú á dhéanamh aici ar an bplean gníomhaíochta a d’ullmhaigh MIB chun aghaidh a thabhairt ar na cinntí fíorais agus ar na moltaí maidir le teagmhais Sheirbhísí TARGET in 2020. Ar áireamh san athbhreithniú tá roinnt beart atá le cur chun feidhme chun rialachas Sheirbhísí TARGET a fheabhsú tuilleadh. Thug an Chomhairle Rialaithe sainordú do MIB, agus do na bainc cheannais atá ag soláthar, tuairisc a thabhairt don Chomhairle Rialaithe le linn 2027 maidir le cur chun feidhme na mbeart feabhsúcháin atá beartaithe.
Breathnóirí Ghrúpa Stiúrtha T2S CSD a ainmniú
An 9 Meán Fómhair 2025 d’ainmnigh an Chomhairle Rialaithe seisear breathnóirí i nGrúpa Stiúrtha T2S CSD (CSG) chun fónamh mar ionadaithe úsáideoirí T2S. Na breathnóirí, arna moladh ag an mBord um Bonneagar Margaidh (MIB) agus arna n-ainmniú ag an gComhairle Rialaithe ar feadh téarma inathnuaite dhá bhliain bunaithe ar iarratais ón gCónaidhm Baincéireachta Eorpach (CBE), ón nGrúpa Baincéireachta Taisce agus Miondíola Eorpaigh (ESBG), ó Chomhlachas Eorpach na gComharbhanc (EACB), ón gComhlachas um Margaí Airgeadais san Eoraip (AFME), agus ó Chomhlachas Eorpach na dTithe Imréitigh CCP (EACH), déanann siad ionadaíocht ar CBOE Clear Europe N.V., ar Citibank Europe PLC, ar Danske Bank A/S, ar Deutsche Bank AG, ar Deutsche WertpapierService Bank agus ar Eurex Clearing in T2S CSG. Tá liosta de na hinstitiúidí príobháideacha atá rannpháirteach in T2S CSG mar Bhreathnóirí le fáil ar shuíomh gréasáin BCE.
Comhairle maidir le reachtaíocht
Tuairim ó BCE maidir le géarchéim shibhialta agus cosaint náisiúnta
An 4 Lúnasa 2025 ghlac an Chomhairle Rialaithe Tuairim CON/2025/18 arna iarraidh sin d’Oifig Rialtais Phoblacht na hEastóine.
Tuairim ó BCE maidir le neamhspleáchas Finanssivalvonta agus na tréimhsí marana is infheidhme maidir le hoifigigh Suomen Pankki
An 4 Lúnasa 2025 ghlac an Chomhairle Rialaithe Tuairim CON/2025/19 arna iarraidh sin d’Aireacht Airgeadais na Fionlainne.
Tuairim ó BCE maidir le cáin ar institiúidí airgeadais áirithe
An 5 Lúnasa 2025 ghlac an Chomhairle Rialaithe Tuairim CON/2025/20 arna iarraidh sin do Pharlaimint na Polainne.
Tuairim ó BCE maidir le teorainneacha ar íocaíochtaí in airgead tirim agus teorainneacha ar an nglacadh atá leo i ndáil le táillí cúirte agus riaracháin
An 11 Lúnasa 2025 ghlac an Chomhairle Rialaithe Tuairim CON/2025/21 arna iarraidh sin d’Aire Airgeadais Phoblacht na Slóvaice.
Tuairim ó BCE maidir le bearta cur chun feidhme a bhaineann le rochtain ar airgead tirim
An 14 Lúnasa 2025 ghlac an Chomhairle Rialaithe Tuairim CON/2025/22 arna iarraidh sin d’Aire Airgeadais na hÉireann.
Tuairim ó BCE maidir le neamhspleáchas maoirseachta Lietuvos bankas agus coinbhleachtaí leasa i measc a chomhaltaí foirne agus a chomhlachtaí rialachais a chosc
An 14 Lúnasa 2025 ghlac an Chomhairle Rialaithe Tuairim CON/2025/23 arna iarraidh sin d’Aire Airgeadais Phoblacht na Liotuáine.
Tuairim ó BCE maidir le hinaistritheacht uimhreacha IBAN le haghaidh cuntais bhainc
An 19 Lúnasa 2025 ghlac an Chomhairle Rialaithe Tuairim CON/2025/24 arna iarraidh sin do Chathaoirleach an Choiste um an nGeilleagar, um Chosaint an Tomhaltóra agus um Dhigitiú de chuid Theach Ionadaithe na Beilge.
Tuairim ó BCE maidir le togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le staidreamh neamhairgeadais eastáit réadaigh tráchtála
An 2 Meán Fómhair 2025 ghlac an Chomhairle Rialaithe Tuairim CON/2025/25 arna iarraidh sin do Pharlaimint na hEorpa.
Tuairim ó BCE maidir le dlí bunreachtúil i ndáil leis an gceart chun airgead tirim a úsáid
An 2 Meán Fómhair 2025 ghlac an Chomhairle Rialaithe Tuairim CON/2025/26 arna iarraidh sin do Thionól Náisiúnta na Slóivéine.
Tuairim ó BCE maidir le neamhspleáchas chomhaltaí Chomhairle Rialaithe Българска народна банка (Banc Náisiúnta na Bulgáire)
An 2 Meán Fómhair 2025, ghlac an Chomhairle Rialaithe Tuairim CON/2025/27 arna iarraidh sin do Българска народна банка (Banc Náisiúnta na Bulgáire), ag gníomhú dó thar ceann Aireacht Airgeadais na Bulgáire.
Tuairim ó BCE maidir le bunú institiúidí creidmheasa speisialta a bhfuil tairseach caipitil tosaigh níos ísle EUR 1 mhilliún acu
An 17 Meán Fómhair 2025 ghlac an Chomhairle Rialaithe Tuairim CON/2025/28 arna iarraidh sin d’Aireacht Airgeadais na Laitvia.
Tuairim ó BCE maidir le neamhspleáchas an Údaráis Fheidearálaigh um Maoirseacht Airgeadais
An 18 Meán Fómhair 2025 ghlac an Chomhairle Rialaithe Tuairim CON/2025/29 arna iarraidh sin d’Aireacht Airgeadais Fheidearálach na Gearmáine.
Rialachas corparáideach
Moladh ó BCE maidir le hiniúchóirí seachtracha De Nederlandsche Bank
An 29 Iúil 2025 ghlac an Chomhairle Rialaithe Moladh BCE/2025/27 do Chomhairle an Aontais Eorpaigh maidir le hiniúchóirí seachtracha De Nederlandsche Bank.
Cathaoirleach gníomhach an Choiste um Chaidreamh Idirnáisiúnta (IRC)
An 10 Meán Fómhair 2025 cheap an Chomhairle Rialaithe Fátima Pires, Leas-Ardstiúrthóir BCE um Chaidreamh Idirnáisiúnta agus Eorpach, ina cathaoirleach gníomhach ar IRC le héifeacht láithreach, chun teacht i gcomharbas ar Isabel Vansteenkiste a ceapadh le déanaí ina Comhairleoir d’Uachtarán agus Comhordaitheoir an Abhcóide don Bhord Feidhmiúcháin, agus éifeacht leis sin ón 15 Meán Fómhair 2025. Mairfidh sainordú Fátima Pires go dtí an 31 Nollaig 2025, nuair a (ath)cheapfar cathaoirligh choistí uile an Eurochórais/CEBC don chéad tréimhse trí bliana eile (Eanáir 2026 go Nollaig 2028).
Comhaltaí nua ceaptha ar an gCoiste Formhaoirseachta ar rátaí gearrthéarmacha an euro
An 18 Meán Fómhair 2025, cheap an Chomhairle Rialaithe Felix Geiger (Deutsche Bundesbank) agus Emiliano González (Banco de España) ina gcomhaltaí arna n-ainmniú ag bainc cheannais náisiúnta (BCNanna) de Choiste Formhaoirseachta €STR. Agus téarmaí acu ón 1 Deireadh Fómhair 2025 go dtí an 30 Meán Fómhair 2027, tagann siad in ionad na gcomhaltaí reatha ó Banque de France agus ó Banca d’Italia. Tá na ceapacháin i gcomhréir leis na rialacha maidir le huainíocht chomhaltaí na mbanc ceannais náisiúnta ar an gCoiste. Ina theannta sin, cheap an Chomhairle Rialaithe Roland Straub, an Leas-Ardstiúrthóir um Oibríochtaí Margaidh, ina chomhalta thar ceann BCE den Choiste le héifeacht ón 1 Deireadh Fómhair 2025, in ionad an chomhalta reatha Thomas Vlassopoulos, an tArd-Stiúrthóir um Bonneagar Margaidh agus Íocaíochtaí. Déanfar an fhaisnéis ábhartha a nuashonrú go luath ar shuíomh gréasáin BCE.
Comhar idirnáisiúnta agus Eorpach
Síneadh a chur leis an socrú déthaobhach babhtála airgeadra euro-renminbi le Daonbhanc na Síne
An 31 Iúil 2025, d’fhormheas an Chomhairle Rialaithe síneadh trí bliana eile a chur leis an socrú déthaobhach babhtála airgeadra euro-renminbi idir BCE agus Daonbhanc na Síne, go dtí an 8 Deireadh Fómhair 2028. Tá preasráiteas gaolmhar le fáil ar shuíomh gréasáin BCE.
Maoirseacht baincéireachta BCE
Torthaí na dtástálacha struis a rinne an tÚdarás Baincéireachta Eorpach agus BCE in 2025
An 28 Iúil 2025 níor chuir an Chomhairle Rialaithe i gcoinne togra ón mBord Maoirseachta go bhformheasfaí torthaí deiridh na tástála struis a rinneadh ar fud an Aontais Eorpaigh in 2025 arna chomhordú ag an Údarás Baincéireachta Eorpach (ÚBE) agus torthaí deiridh thástáil struis BCE féin. Sa bheart comhcheangailte seo, cuireadh 51 bhanc san áireamh mar shampla i dtástáil struis an Údaráis Baincéireachta Eorpaigh agus 45 bhanc i sampla BCE; is bainc atá faoi mhaoirseacht dhíreach BCE atá sna bainc sin ar fad. Foilsíodh na torthaí, chomh maith le preasráiteas gaolmhar, ar shuíomh gréasáin BCE an 1 Lúnasa 2025.
Comhairliúchán poiblí i dtaobh dréacht-Treoirlíne ó BCE maidir le cur chuige coiteann maoirseachta i ndáil le cumhdach iasachtaí neamhthuillmheacha ag institiúidí ar lú a suntas
An 28 Lúnasa 2025 níor chuir an Chomhairle Rialaithe i gcoinne togra ón mBord Maoirseachta go seolfaí comhairliúchán poiblí i ndáil le dréacht-Treoirlíne ó BCE maidir le cur chuige maoirseachta na n-údarás inniúil náisiúnta i leith cumhdach neamhchosaintí neamhthuillmheacha atá ina seilbh ag eintitis faoi mhaoirseacht ar lú a suntas. Tá an dréacht-Treoirlíne mar aon le doiciméad ceisteanna coitianta le fáil ar shuíomh gréasáin maoirseachta baincéireachta BCE, mar aon le preasráiteas gaolmhar. Beidh an comhairliúchán poiblí ar siúl go dtí an 27 Deireadh Fómhair 2025.
Rialachán ó BCE lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/534 maidir le faisnéis airgeadais maoirseachta a thuairisciú
An 9 Meán Fómhair 2025 níor chuir an Chomhairle Rialaithe i gcoinne togra ón mBord Maoirseachta go nglacfaí Rialachán BCE/2025/31 lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/534 maidir le faisnéis airgeadais maoirseachta a thuairisciú (BCE/2015/13). Sonraítear sna leasuithe faisnéis bhreise a cheanglófar ar na hinstitiúidí ar lú a suntas a thuairisciú do BCE d’fhonn feabhas a chur ar inchomparáideacht fhorthorthaí an mheasúnaithe ar phróiseas an athbhreithnithe maoirseachta agus meastóireachta. Leis an bhfeabhas sin neartófar an chaoi a ndéanann BCE formhaoirseacht ar fheidhmiú an tSásra Aonair Maoirseachta agus déanfar cur i bhfeidhm comhsheasmhach ardchaighdeán maoirseachta a chur chun tosaigh. Foilseofar an Rialachán leasaitheach, a mbeidh feidhm aige ón 30 Nollaig 2025, amach anseo ar EUR-Lex. Tá preasráiteas gaolmhar le fáil ar shuíomh gréasáin maoirseachta baincéireachta BCE.
Banc Ceannais Eorpach
Stiúrthóireacht Cumarsáide
- Sonnemannstrasse 20
- 60314 Frankfurt am Main, an Ghearmáin
- +49 69 1344 7455
- media@ecb.europa.eu
Ceadaítear atáirgeadh ar choinníoll go n-admhaítear an fhoinse.
An Oifig Preasa