Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by
Christine Lagarde
The President of the European Central Bank
Luis de Guindos
Vice-President of the European Central Bank
  • RÁITEAS BEARTAIS AIRGEADAÍOCHTA

PREASÓCÁID

Christine Lagarde, Uachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh
Luis de Guindos, Leas-Uachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh

Frankfurt am Main, an 16 Márta 2023

Dia daoibh. Cuirim féin agus an Leas-Uachtarán fáilte romhaibh chuig an bpreasócáid.

Réamh-mheastar go bhfanfaidh boilsciú ró-ard ar feadh rófhada. Dá bhrí sin, chinn an Chomhairle Rialaithe inniu trí eochair-ráta úis an Bhainc Ceannais Eorpaigh a ardú 50 bonnphointe, i gcomhréir leis an rún atá againn a chinntiú go dtugtar boilsciú ar ais go pras go dtínár sprioc mheántéarmach dó faoin gcéad. Treisíonn an leibhéal ardaithe neamhchinnteachta an tábhacht atá le cur chuige sonraí-bhunaithe i leith ár gcinntí faoi bheartas rátaí úis, a chinnfear lenár measúnú ar an ionchas boilscithe i bhfianaise na sonraí eacnamaíochta agus airgeadais, na ndinimicí maidir le boilsciú bunúsach, agus neart an tarchuir beartais airgeadaíochta.

Táimid ag déanamh monatóireacht dhlúth ar theannais sa mhargadh reatha agus táimid ullamh le freagairt a thabhairt de réir mar is gá chun cobhsaíocht praghsanna agus cobhsaíocht airgeadais a choinneáil sa limistéar euro. Tá earnáil baincéireachta an limistéir euro athléimneach, agus tá staid láidir chaipitil agus leachtachta aici. I gcás ar bith, tá an creat uirlisí beartais atá againn iomlán ábalta tacaíocht leachtachta a chur ar fáil do chóras airgeadais an limistéar euro más gá agus tarchur réidh beartais airgeadaíochta a choinneáil.

Tugadh réamh-mheastacháin mhaicreacnamaíocha nua fhoireann an Bhainc Ceannais Eorpaigh chun críche ag tús mhí Márta sular tháinig teannais chun cinn le gairid sa mhargadh airgeadais. Mar sin, tugann na teannais seo le fios go bhfuil neamhchinnteacht bhreise ann maidir leis na measúnaithe bonnlíne boilscithe agus fáis. Sular tháinig na forbairtí is déanaí seo chun cinn, bhí coigeartú anuas déanta cheana féin ar an gcosán bonnlíne do bhoilsciú foriomlán, mar gheall go príomha ar ranníocaíocht níos lú ó phraghsanna fuinnimh ná mar a bhí reámh-mheasta. Síleann foireann an Bhainc Ceannais Eorpaigh anois gur boilsciú 5.3 faoin gcéad ar an meán a bheidh ann in 2023, 2.9 faoin gcéad ar an meán in 2024 agus 2.1 faoin gcéad ar an meán in 2025. Ag an am céanna, tá brúnna bunúsacha praghais fós láidir. Lean boilsciú gan fuinneamh agus bia san áireamh ag ardú i mí Feabhra agus síleann foireann an Bhainc Ceannais Eorpaigh gur 4.6 faoin gcéad ar an meán a bheidh ann in 2023, ráta atá níos airde ná mar a tuaradh i réamh-mheastacháin mhí na Nollag. Ina dhiaidh sin, meastar go dtiocfaidh sé anuas go dtí 2.5 faoin gcéad in 2024 agus go dtí 2.2 faoin gcéad in 2025, de réir mar a bheidh na brúnna aníos ó thurraingí soláthair roimhe seo agus ó athoscailt an gheilleagair ag imeacht agus de réir mar a bheidh beartas airgeadaíochta níos géire ag cur maolú níos mó ar éileamh.

Tá na réamh-mheastacháin bonnlíne le haghaidh fáis in 2023 coigeartaithe suas go dtí 1.0 faoin gcéad ar an meán mar thoradh ar an titim ar phraghsanna fuinnimh agus athléimneacht níos fearr an gheilleagair i leith na timpeallachta idirnáisiúnta dúshlánaí araon. Síleann foireann an Bhainc Ceannais Eorpaigh ansin go n-ardóidh fás tuilleadh, go 1.6 faoin gcéad, in 2024 agus 2025 araon, agus margadh saothair láidir mar thaca faoi, muinín feabhsaithe agus téarnamh i bhfíor-ioncaim. Ag an am céanna, tá an t-ardú a bheidh ar fhás in 2024 agus in 2025 níos laige ná mar a measadh i mí na Nollag, mar gheall ar an daingniú a rinneadh ar bheartas airgeadaíochta.

Tá na cinntí uile a rinneadh inniu leagtha amach i bpreasráiteas atá ar fáil ar ár suíomh gréasáin.

Tabharfaidh mé cuntas níos mionsonraithe anois ar ár mbarúil faoin bhforás a thiocfaidh ar an ngeilleagar agus ar an mboilsciú, agus ansin míneoimid ár measúnú ar dhálaí airgeadais agus airgeadaíochta.

Gníomhaíocht eacnamaíoch

Ní raibh aon bhorradh faoi gheilleagar an limistéir euro sa cheathrú ráithe de 2022, ag seachaint dá réir an cúngú a bhí measta roimhe sin. Thit éileamh intíre príobháideach go tobann mar sin féin. Laghdaigh boilsciú ard, neamhchinnteachtaí a bhí i réim agus coinníollacha níos géire maoinithe tomhaltas agus infheistíocht phríobháideach, a thit 0.9 faoin gcéad agus 3.6 faoin gcéad faoi seach.

Faoin mbonnlíne, tá an chuma air go dtéarnóidh an geilleagar sna ráithí amach romhainn. Ba chóir go dtiocfadh borradh faoi tháirgeadh tionsclaíoch de réir mar a fheabhsóidh coinníollacha tuilleadh, de réir mar a bheidh muinín ag ardú arís agus de réir mar a bheidh gnóthais ag líonadh riaráistí d’orduithe móra. Fritháireoidh pá a bheidh ag ardú agus praghsanna fuinnimh a bheidh ag ísliú i bpáirt an caillteanas sa chumhacht ceannaigh a tharla do go leor líonta tí mar thoradh ar bhoilsciú ard. Tacóidh sé sin, dá réir, le caiteachas tomhaltóirí.

De bhreis air sin, tá an margadh saothair fós láidir, ainneoin lagú sa ghníomhaíocht eacnamaíoch. Tháinig ardú 0.3 faoin gcéad ar fhostaíocht sa cheathrú ráithe de 2022 agus d’fhan an ráta dífhostaíochta ag 6.6 faoin gcéad in Eanáir 2023, an ráta is ísle a bhí ann riamh.

Maidir le bearta tacaíochta rialtais a bhfuil sé mar aidhm leo an geilleagar a chosaint ar thionchar praghsanna arda fuinnimh, ba cheart iad a bheith sealadach, dírithe, agus in oiriúint do dhreasachtaí chun níos lú fuinnimh a úsáid. Tá sé tábhachtach anois agus praghsanna fuinnimh ag titim agus an baol i ndáil leis an soláthar fuinnimh ag maolú, go dtosófaí ag maolú na mbeart seo go pras agus ar bhealach comhbheartaithe. Mura mbeidh bearta ag teacht leis na prionsabail sin, is mó an seans go gcuirfear leo le brúnna praghsanna agus go mbeadh freagairt beartais airgeadaíochta níos láidre de dhíth dá dheasca. Chomh maith leis sin, de réir chreat rialachais eacnamaíoch an AE agus mar a luaitear sa treoir ón gCoimisiún Eorpach an 8 Márta 2023, ba cheart go ndíreodh beartais fhioscacha ar ár ngeilleagar a dhéanamh níos táirgiúla agus fiachas poiblí a ísliú de réir a chéile. Is féidir le beartais chun cumas soláthair an limistéir euro a fheabhsú, go háirithe in earnáil an fhuinnimh, cabhrú le brúnna praghais a laghdú go meántéarmach. Chuige sin, ba cheart do rialtais a gcuid pleananna maidir le hathchóiriú struchtúrach agus infheistíochta a chur i bhfeidhm go gasta faoin gclár Next Generation EU. Ba cheart críoch a chur le leasú ar chreat rialachais eacnamaíoch an AE go gasta.

Boilsciú

D’ísligh boilsciú síos go dtí 8.5 faoin gcéad i mí Feabhra. Tharla an t-ísliú mar gheall ar thitim mhór athnuaite ar phraghsanna fuinnimh. Ar an lámh eile, d’ardaigh boilsciú praghsanna bia tuilleadh, go dtí 15.0 faoin gcéad, leis an ardú ar chostas fuinnimh agus ar ionchuir eile i dtáirgeadh bia fós á áireamh i bpraghsanna tomhaltóirí.

Thairis sin, tá brúnna bunúsacha praghais fós láidir. D'ardaigh boilsciú gan fuinneamh agus bia san áireamh go dtí 5.6 faoin gcéad i mí Feabhra agus d’fhan táscairí eile de bhoilsciú bunúsach ard freisin. D'ardaigh boilsciú earraí tionsclaíocha neamhfhuinnimh go dtí 6.8 faoin gcéad i mí Feabhra, ag léiriú na dtionchar moillithe a bhí ag scrogaill soláthair agus praghsanna arda fuinnimh roimhe seo. Tá boilsciú seirbhísí, a d’ardaigh go dtí 4.8 faoin gcéad i mí Feabhra, fós á spreagadh ag an gcur ar aghaidh de réir chéile d’arduithe ar chostais fuinnimh roimhe seo, éileamh faoi chois ó athoscailt an gheilleagair agus pá a bheith ag ardú.

Tá brúnna pá ag treisiú mar thoradh ar mhargaí saothair láidre agus fostaithe ag iarraidh cuid den chumhacht ceannaigh a chaill siad mar gheall ar bhoilsciú ard a fháil ar ais. Thairis sin, bhí go leor gnóthas ábalta a gcuid corrlaigh bhrabúis a ardú in earnálacha a raibh orthu dul i ngleic le soláthar srianta agus éileamh athuair. Ag an am céanna, seasann an chuid is mó de thomhaiseanna maidir le hionchais bhoilscithe níos fadtéarmaí ag tuairim is dó faoin gcéad, cé go mbíonn monatóireacht leanúnach ag teastáil ina leith, go háirithe i bhfianaise luaineacht le gairid in ionchais maidir le boilsciú margadh-bhunaithe.

Measúnú riosca

Tá baoil i leith an ionchais d’fhás eacnamaíoch tiontaithe i dtreo an taoibh thíos. D’fhéadfadh teannais ardaithe de shíor sa mhargadh airgeadais coinníollacha creidmheasa níos leithne a dhaingniú níos láidre ná mar a bhí súil leis agus muinín a mhaolú. Riosca suntasach ar an taobh thíos i gcónaí é cogadh na Rúise in aghaidh na hÚcráine agus a muintire, nach bhfuil bonn cirt leis, agus d’fhéadfadh ardú teacht ar chostais fuinnimh agus bia arís dá dheasca. D’fhéadfadh maolú breise ar fhás sa limistéar euro a bheith ann má lagaíonn geilleagar an domhain níos tobainne ná mar atáthar ag súil leis. D’fhéadfadh cuideachtaí dul in oiriúint níos tapa don timpeallacht idirnáisiúnta dhúshlánach áfach, agus anuas ar an turraing fuinnimh a bheith ag maolú, d’fhéafadh sé seo tacú le fás níos airde ná mar atá súil leis faoi láthair.

Áirítear ar na rioscaí ar an taobh thuas i leith boilscithe brúnna atá sa phíblíne faoi láthair a d'fhéadfadh fós praghsanna míondíola a chur níos airde ná mar a bhíothas ag súil leis sa ghearrtéarma. D’fhéadfadh gnéithe inmheánacha, amhail ardú seasta ar ionchais bhoilscithe os cionn ár sprice nó arduithe ar phá agus corrlaigh bhrabúis, ní b’airde ná mar a bhfuiltear ag súil leo, boilsciú a ardú tuilleadh, sa mheántéarma san áireamh. Thairis sin, d’fhéadfadh borradh úr a bheith faoi phraghsanna tráchtearraí agus faoi éileamh eachtrach le téarnamh eacnamaíoch níos láidre ná mar a rabhthas ag súil leis sa tSín. Áirítear ar na baoil ar an taobh thíos teannais ardaithe de shíor sa mhargadh airgeadais a d’fhéadadh dlús a chur le frithbhoilsciú. Ina theannta sin, d’fhéadfadh praghsanna fuinnimh atá ag titim aistriú isteach ina bhrú níos lú ó bhoilsciú bunúsach agus pá. Chuirfeadh maolú ar éileamh, lena n-áirítear mar thoradh ar mhoilliú níos láidre ar chreidmheas bainc nó tarchur beartais airgeadaíochta níos láidre ná mar a bhí súil leis, le brúnna níos ísle praghais freisin ná mar atáthar ag súil leo faoi láthair, go háirithe sa mheántéarma.

Dálaí airgeadais agus airgeadaíochta

D’ardaigh rátaí úis go suntasach sa mhargadh sna seachtainí i ndiaidh dúinn ár gcruinniú deiridh a bheith againn. Ach tá an t-ardú iompaithe droim ar ais go mór le laethanta beaga anuas i gcomhthéacs teannais dhéine sa mhargadh airgeadais. Tá creidmheas bainc do ghnóthais sa limistéar euro faighte níos costasaí. Tá creidmheas do ghnóthais lagaithe tuilleadh, mar gheall ar éileamh níos lú agus coinníollacha soláthair creidmheasa níos géire. Tá iasachtaíocht teaghlaigh faighte níos costasaí freisin, go háirithe mar gheall ar rátaí níos airde morgáiste. Tá tuilleadh moilliú síos ar an bhfás ar iasachtaí le teaghlaigh tarlaithe mar gheall ar an ardú ar chostais iasachtaíochta agus an laghdú dá réir ar éileamh, mar aon le caighdeáin chreidmheasa níos géire. I measc na ndinimicí níos laige iasachta, tá fás an airgid moillithe go tobanna, arna spreagadh ag a choda is leachtúla.

Conclúid

Mar achoimre, réamh-mheastar go bhfanfaidh boilsciú ró-ard ar feadh rófhada. Dá bhrí sin, chinn an Chomhairle Rialaithe inniu trí eochair-ráta úis an Bhainc Ceannais Eorpaigh a ardú 50 bonnphointe, i gcomhréir leis an rún atá againn a chinntiú go dtugtar boilsciú ar ais go pras go dtínár sprioc mheántéarmach dó faoin gcéad. Treisíonn an leibhéal ardaithe neamhchinnteachta an tábhacht atá le cur chuige sonraí-bhunaithe i leith ár gcinntí faoi bheartas rátaí úis, a chinnfear lenár measúnú ar an ionchas boilscithe i bhfianaise na sonraí eacnamaíochta agus airgeadais, na ndinimicí maidir le boilsciú bunúsach, agus neart an tarchuir beartais airgeadaíochta. Táimid ag déanamh monatóireacht dhlúth ar theannais sa mhargadh reatha agus táimid ullamh le freagairt a thabhairt de réir mar is gá chun cobhsaíocht praghsanna agus cobhsaíocht airgeadais a choinneáil sa limistéar euro.

I gcás ar bith, táimid réidh lenár n-ionstraimí uile a choigeartú laistigh dár sainordú chun a chinntiú go bhfillfidh boilsciú go dtí ár sprioc mheántéarmach agus an tarchur réidh beartais airgeadaíochta a choinneáil.

Táimid réidh anois le glacadh le bhur gcuid ceisteanna.

Tá an fhoclaíocht bheacht a chomhaontaigh an Chomhairle Rialaithe le fáil sa leagan Béarla den téacs seo.

TEAGMHÁIL

Banc Ceannais Eorpach

Stiúrthóireacht Cumarsáide

Ceadaítear atáirgeadh ar choinníoll go n-admhaítear an fhoinse.

An Oifig Preasa