Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by
  • Preasráiteas

Cinntí beartais airgeadaíochta

An 14 Aibreán 2022

Tá daoine ag fulaingt go mór mar thoradh ar fhogha na Rúise san Úcráin. Tá sé ag cur isteach ar an ngeilleagar freisin, san Eoraip agus níos faide i gcéin. Tá an choimhlint agus an éiginnteacht a bhaineann léi ag baint de mhisneach gnólachtaí agus tomhaltóirí. Tá ganntanais nua ábhar agus ionchur ann de dheasca suaití trádála. Tá éileamh ag laghdú agus tá táirgeadh srianta mar thoradh ar phraghsanna fuinnimh agus tráchtearraí atá ag ardú go mór. Beidh forbairt an gheilleagair ag brath go mór ar an éabhlóid a thiocfaidh ar an gcoimhlint, ar thionchar na smachtbhannaí atá anois ann, agus ar bhearta breise féideartha. Ag an am céanna, tá athoscailt an gheilleagair i ndiaidh thréimhse géarchéime na paindéime ag cur fós leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch. Tá ardú suntasach tagtha ar bhoilsciú agus fanfaidh sé ag leibhéal ard sna míonna atá romhainn, mar thoradh ar an ardú géar ar chostais fuinnimh den chuid is mó. Tá brú boilscithe méadaithe i mórán earnálacha.

Ag a cruinniú inniu, bhreithnigh an Chomhairle Rialaithe go dtacaíonn na sonraí a tháinig isteach ó bhí a cruinniú deireanach aici lena hionchas gur cheart go gcuirfí deireadh le glancheannacháin sócmhainní faoina clár ceannaithe sócmhainní sa tríú ráithe. Agus sinn ag féachaint chun tosaigh, beidh beartas airgeadaíochta an Bhainc Ceannais Eorpaigh ag brath ar na sonraí a thiocfaidh isteach agus ar mheasúnú na Comhairle Rialaithe ar an ionchas, measúnú a dtiocfaidh éabhlóid air ar feadh an ama. Agus dálaí ardéiginnteachta ann faoi láthair, coimeádfaidh an Chomhairle Rialaithe roghnaíocht, cur chuige céimnitheach agus solúbthacht sa bheartas airgeadaíochta. Déanfaidh an Chomhairle Rialaithe pé gníomh is gá chun sainordú an Bhainc Ceannais Eorpaigh a chomhlíonadh, is é sin, cobhsaíocht praghsanna a shaothrú agus cur le coimirce na cobhsaíocht airgeadais.

An clár ceannaithe sócmhainní (APP)

Beidh luach €40 billiún le glancheannacháin mhíosúla faoi APP i mí Aibreáin, luach €30 billiún leo i mí na Bealtaine agus luach €20 billiún leo i mí an Mheithimh. Ag a cruinniú inniu, bhreithnigh an Chomhairle Rialaithe go dtacaíonn na sonraí a tháinig isteach ó bhí a cruinniú deireanach aici lena hionchas gur cheart go gcuirfí deireadh le glancheannacháin sócmhainní faoin gclár ceannaithe sócmhainní sa tríú ráithe. Beidh calabrú na nglancheannachán le haghaidh an tríú ráithe ag brath ar shonraí agus beidh sé ina léiriú ar mheasúnú athraitheach na Comhairle Rialaithe ar an ionchas.

Na híocaíochtaí príomhshuime ó urrúis arna gceannach faoi APP atá ag teacht in aibíocht, tá sé beartaithe ag an gComhairle Rialaithe leanúint dá n‑infheistiú ina n‑iomláine ar feadh tréimhse ama fhadaithe tar éis an dáta a thosóidh sí ag ardú phríomhrátaí úis an Bhainc Ceannais Eorpaigh agus, i gcás ar bith, chomh fada agus is gá chun dálaí leachtachta fabhracha agus freastal airgeadaíochta fairsing a choimeád ar bun.

Príomhrátaí úis an Bhainc Ceannais Eorpaigh

Fanfaidh an ráta úis ar na príomhoibríochtaí athmhaoinithe, an ráta úis ar an tsaoráid iasachta imeallach agus an ráta úis ar an tsaoráid taisce gan athrú ag 0.00%, 0.25% agus −0.50% faoi seach.

Coigeartuithe ar bith atá le déanamh ar phríomhrátaí úis an Bhainc Ceannais Eorpaigh, déanfar iad sin ar bhealach céimnitheach tamall tar éis deireadh a chur le glancheannacháin na Comhairle Rialaithe faoi APP. Leanfar de chonair phríomhrátaí úis an Bhainc Ceannais Eorpaigh a bhunú ar réamhthreoir na Comhairle Rialaithe agus ar a gealltanas straitéiseach boilsciú a chobhsú ag 2% sa mheántéarma. Dá réir sin, measann an Chomhairle Rialaithe go gcoimeádfar príomhrátaí úis an Bhainc Ceannais Eorpaigh ag na rátaí ag a bhfuil siad faoi láthair go dtí go bhfeictear di go mbainfear boilsciú ag ráta 2% amach i bhfad roimh dheireadh thréimhse a réamh-mheastacháin agus go dtí go measann sí dul chun cinn leordhóthanach a bheith déanta maidir le boilsciú bunúsach le go mbeidh sé comhsheasmhach le cobhsú an bhoilscithe ag 2% sa mheántéarma.

An clár ceannaigh le haghaidh éigeandáil na paindéime (PEPP)

Na híocaíochtaí príomhshuime ó urrúis arna gceannach faoi PEPP atá ag teacht in aibíocht, tá sé i gceist ag an gComhairle Rialaithe na híocaíochtaí sin a athinfheistiú go dtí deireadh 2024 ar a luaithe. I gcás ar bith, déanfar scor céimnitheach phunann PEPP amach anseo a bhainistiú ionas nach gcuirfidh sé isteach ar an seasamh beartais airgeadaíochta iomchuí.

I gcás ilroinnt margaidh athnuaite, féadfar athinfheistíochtaí PEPP a choigeartú ar bhealach solúbtha ó thaobh ama de, agus ar fud aicmí airgeadais agus dlínsí, am ar bith. D’fhéadfadh ceannach bannaí arna n‑eisiúint ag an bPoblacht Heilléanach a bheith san áireamh leis sin de bhreis ar rolladh fuascailtí chun cur isteach ar íocaíochtaí sa dlínse sin a sheachaint, rud a d’fhéadfadh tarchur an bheartais airgeadaíochta chuig geilleagar na Gréige a lagú fad is atá sé fós ag téarnamh ó thionchar na paindéime. D’fhéadfaí tús a chur an athuair le glancheannacháin faoi PEPP, dá mba ghá, chun dul i ngleic le turraingí diúltacha a bhaineann leis an bpaindéim.

Oibríochtaí athmhaoinithe

Leanfaidh an Chomhairle Rialaithe d’fhaireachán a dhéanamh ar dhálaí cistiúcháin banc agus áiritheoidh sí nach gcuirfidh teacht in aibíocht oibríochtaí faoin tríú sraith oibríochtaí athmhaoinithe spriocdhírithe fhadtéarmacha (TLTRO III) isteach ar tharchur mín a beartais airgeadaíochta. Déanfaidh an Chomhairle Rialaithe measúnú ar bhonn rialta ar an gcaoi a bhfuil oibríochtaí athmhaoinithe spriocdhírithe ag cur lena seasamh beartais airgeadaíochta. Mar a fógraíodh, measann sí go dtiocfaidh deireadh leis na coinníollacha speisialta is infheidhme faoi TLTRO III i Meitheamh na bliana seo. Déanfaidh an Chomhairle Rialaithe measúnú freisin ar chalabrú iomchuí a córas dhá leibhéal le haghaidh íocaíocht cúlchiste ionas nach gcuirfear srian le cumas idirghabhála banc le beartas an ráta úis dhiúltaigh i dtimpeallacht ina bhfuil leachtacht bhreise fhairsing ann.

***

Tá an Chomhairle Rialaithe réidh lena hionstraimí uile a choigeartú, laistigh dá sainordú agus solúbthacht á cur san áireamh, chun a áirithiú go gcobhsófar boilsciú ag an sprioc, is í sin 2%, sa mheántéarma. Léiríodh i rith na paindéime, agus dálaí struis ann, gur cuidiú a bhí sa tsolúbthacht maidir le dearadh agus cur i gcrích ceannachán sócmhainní chun dul i ngleic le tarchur beartais airgeadaíochta lagaithe agus gurb éifeachtaí iarrachtaí na Comhairle Rialaithe a cuspóir a bhaint amach de bharr na solúbthachta sin. Laistigh de shainordú na Comhairle Rialaithe, agus dálaí struis ann, beidh an tsolúbthacht sin fós mar chuid den bheartas airgeadaíochta i gcás ar bith ina gcuirfear gnóthú na cobhsaíocht airgeadaíochta i mbaol de dheasca bagairt ar tharchur beartais airgeadaíochta.

Déanfaidh Uachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh trácht ar na breithnithe a bhí mar bhunús leis na cinntí seo ag preasráiteas a thosóidh ag 14:30 CET inniu.

Tá an fhoclaíocht bheacht ar a cinn an Chomhairle Rialaithe le fáil sa leagan Béarla den téacs seo.

TEAGMHÁIL

Banc Ceannais Eorpach

Stiúrthóireacht Cumarsáide

Ceadaítear atáirgeadh ar choinníoll go n-admhaítear an fhoinse.

An Oifig Preasa