Dúshláin bheartais dhéthaobhacha a chothromú
Sa domhan seo atá ag athrú agus atá níos éiginnte, tá gaotha láidre ann atá ag bagairt praghsanna a bhrú suas agus síos níos minice agus le breis fórsa. Ní mór dár mbeartas airgeadaíochta a chinntiú nach n-imeoidh an boilsciú ar shiúl ónár sprioc 2% ar feadh tréimhse rófhada. Ní foláir é sin a sheachaint ionas go bhfeiceann daoine agus gnólachtaí gur ancaire í ár sprioc don bhoilsciú ar féidir leo muinín a bheith acu aisti. Mar sin, fiú má imíonn an boilsciú ónár sprioc go sealadach, is féidir leo brath orainn chun praghsanna cobhsaí a thabhairt i gcrích sa mheántéarma.
Chun é sin a bhaint amach, ní mór do BCE a bheith láidir diongbháilte ina chuid gníomhaíochtaí, bíodh an boilsciú ró-ard nó ró-íseal. Tá rioscaí ann ón dá thaobh. Ní mór dúinn freastal go cúramach ar an dá thrá, agus sinn dírithe go soiléir i gcónaí ar ár sprioc.