Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Cad é an creat oibriúcháin agus cad a dhéantar leis?

13 Meán Fómhair 2024

Is foireann uirlisí, nósanna imeachta agus oibríochtaí margaidh atá sa chreat oibriúcháin trína gcuirtear seasamh Chomhairle Rialaithe BCE maidir le beartas airgeadaíochta chun feidhme. Is é is cuspóir don chreat oibriúcháin rátaí úis gearrthéarmacha an mhargaidh airgid a stiúradh go dlúth i gcomhréir leis na rátaí beartais atá leagtha síos ag an gComhairle Rialaithe.

Sa deireadh thiar, téann tarchur éifeachtach na rátaí beartais chuig na margaí airgid i bhfeidhm ar an gcostas iasachtaithe do dhaoine agus gnólachtaí.

Cén nasc atá idir an creat oibriúcháin agus cinntí na Comhairle Rialaithe maidir le beartas airgeadaíochta?

Is leis an gcreat oibriúcháin a chuirtear an seasamh inmhianaithe maidir le beartas airgeadaíochta chun feidhme, ach ní fhéadfaidh sé cur isteach air. Dá réir sin, aon athrú ar an gcreat déantar é go neamhspleách ar na cinntí a dhéanann an Chomhairle Rialaithe ag a cruinnithe tráthrialta ina bpléitear an beartas airgeadaíochta. Déanann na hathruithe a rinneadh ar an gcreat oibriúcháin i mí an Mhárta 2024 difear don chaoi a soláthrófar leachtacht na mbanc ceannais, agus meath de réir a chéile ag teacht ar an róleachtacht sa chóras baincéireachta sna blianta amach romhainn, cé go mbeidh sí suntasach go fóill.

Tá deighilt shoiléir i bhfeidhm idir na cinntí faoin seasamh maidir le beartas airgeadaíochta, arna gcinneadh go príomha le leibhéal eochair-rátaí úis BCE, seachas nuair a bhíonn na rátaí sin ag an íosteorainn ghlan nó gar di, agus an chaoi a gcuirtear na cinntí sin chun feidhme san Eurochóras. Is le straitéis beartais airgeadaíochta BCE ar a seal féin a threoraítear na cinntí maidir leis an seasamh.

Cén fáth a ndearnamar athbhreithniú ar an gcreat oibriúcháin?

Roimh an nGéarchéim Mhór Airgeadais, chuir BCE beartas airgeadaíochta chun feidhme leis an aidhm díreach dóthain leachtachta a chur ar fáil do na bainc lena riachtanais a chomhlíonadh, go príomha iad sin a d’éirigh as éileamh an phobail ar nótaí bainc agus as fachtóirí leachtachta uathrialaitheacha eile (a bhfuil baint acu le fachtóirí leachtachta nach féidir a rialú go díreach le beartas airgeadaíochta BCE, amhail taiscí rialtais) chomh maith leo siúd a bheidh de dhíth lena gceanglais chúlchiste íosta a chumhdach.

Is de thoradh na mórathruithe sa gheilleagar chomh maith leis an aitheantas a thugtar don íosteorainn ghlan ar eochair‑rátaí beartais BCE atá an tEurochóras tar éis raon uirlisí nua a chur in úsáid ó thús na Géarchéime Móire Airgeadais lena chuspóir maidir le cobhsaíocht praghsanna a chomhlíonadh. Cruthaíodh leibhéil leachtachta dá bharr sin atá i bhfad níos mó ná riachtanais struchtúracha na mbanc. Ina theannta sin, tháinig méadú ar an tosaíocht a thug na bainc do chúlchistí a choinneáil ina seilbh de réir mar a roghnaigh siad maoláin leachtachta a choinneáil thar a n-íosriachtanais thraidisiúnta, agus chun aghaidh a thabhairt ar cheanglais rialála freisin. Mar sin féin, níor tugadh an aird chéanna ar an gcaoi a gcumhdódh na bainc a riachtanais leachtachta mar gheall ar an méid leachtachta a bhí sa chóras ar aon nós.

I ndiaidh tús an phróisis clár comhardaithe an Eurochórais a normalú i mí na Nollag 2021, thosaigh an leibhéal leachtachta nó cúlchistí sa chóras airgeadais ag titim, tar éis roinnt moille. De réir mar a thiocfaidh titim bhreise ar an róleachtacht, beidh ar na bainc éirí níos gníomhaí chun a áirithiú go gcumhdófar a riachtanais leachtachta. Rinne an Chomhairle Rialaithe athbhreithniú ar an gcreat oibriúcháin dá bhrí sin, chun aghaidh a thabhairt ar an gcaoi a bhfaighidh na bainc rochtain ar an leachtacht amach anseo. Bhí sé mar aidhm leis an athbhreithniú a áirithiú go mbeidh an creat fós iomchuí de réir mar a dhéanfar clár comhardaithe an Eurochórais a normalú, agus lena chur in oiriúint don timpeallacht nua. Áiritheofar leis sin go mbeidh cur chun feidhme na gcinntí maidir le beartas airgeadaíochta fós éifeachtach amach anseo. 

Cairt: 

An fhorbairt ar chlár comhardaithe comhdhlúite stílithe an Eurochórais ó 2007

(i dtrilliúin EUR, sonraí seachtainiúla)

Foinse: BCE

Cén toradh a bhí ar an athbhreithniú?

An 13 Márta 2024, chuir BCE toradh an athbhreithnithe in iúl. Liostaítear thíos roinnt de na príomhghnéithe:

  • Leanfaidh an Chomhairle Rialaithe ar aghaidh ag stiúradh an tseasaimh maidir le beartas airgeadaíochta trí mheán an ráta úis ar an tsaoráid taisce (DFR). Tá coinne leis go bhfabhróidh rátaí gearrthéarmacha úis an mhargaidh airgid gar don DFR, agus lamháltas ann le haghaidh roinnt luaineachta fad is nach ndoiléireofar an comhartha leis faoin seasamh atá beartaithe maidir le beartas airgeadaíochta.
  • Cuirfidh an tEurochóras leachtacht ar fáil trí mheascán leathan ionstraimí, lena n‑áirítear oibríochtaí creidmheasa gearrthéarmacha (i.e. príomhoibríochtaí athmhaoiniúcháin, MROnna) agus oibríochtaí athmhaoinithe fadtéarmacha 3 mhí (LTROnna) chomh maith – ag céim níos moille – le hoibríochtaí creidmheasa struchtúracha fadtéarmacha agus punann struchtúrach urrús. Féach an méid thíos le tuilleadh faisnéise a fháil faoi na hoibríochtaí struchtúracha.
  • Leanfar ar aghaidh ag déanamh MROnna, chomh maith leis na LTROnna 3 mhí, trí mheán nós imeachta tairisceana ráta sheasta maille le cionroinnt iomlán. Ciallaíonn sé sin gur ar bhonn solúbtha a chomhlíonfar éileamh na mbanc ar iasachtaíocht sna hoibríochtaí sin, ar an gcuntar go mbeidh comhthaobhacht incháilithe leordhóthanach acu, rud a bheidh ar bhonn leathan go fóill.
  • Tá na MROnna, in éineacht leis na LTROnna 3 mhí, ceaptha chun ról lárnach a fheidhmiú chun riachtanais leachtachta na mbanc a chomhlíonadh, agus beidh an úsáid a bhainfidh contrapháirtithe astu ina cuid dhílis de chur chun feidhme rianúil an bheartais airgeadaíochta.
  • Amhail an 18 Meán Fómhair 2024, laghdaíodh an raon difríochta idir an ráta i leith na MROnna agus an DFR chuig 15 bhonnphointe ón raon difríochta 50 pointe a bhí ann roimhe sin. Is dreasacht atá sa raon difríochta níos cúnga sin chun tairiscintí a dhéanamh sna hoibríochtaí seachtainiúla, ionas gur dócha go bhfabhróidh rátaí úis gearrthéarmacha an mhargaidh airgid gar don DFR, agus cuirtear teorainn leis ar an bhféidearthacht go mbeidh luaineacht i rátaí úis ghearrthéarmacha an mhargaidh airgid. Ag an am céanna, fágann sé spás le haghaidh gníomhaíocht sa mhargadh airgid, agus tugann sé dreasachtaí do na bainc chun teacht ar réitigh maidir le maoiniú margadh-bhunaithe. Táthar tar éis an ráta ar an tsaoráid iasachta imeallach (MLF) a choigeartú freisin sa chaoi gur fhan an raon difríochta idir an ráta ar an tsaoráid agus an ráta ar na príomhoibríochtaí athmhaoiniúcháin gan athrú ag 25 bonnphointe.

Oibríochtaí struchtúracha nua

Tá an tEurochóras ag beartú cúlchistí bainc ceannais a sholáthar trí mheascán leathan ionstraimí chun foinse leachtachta éifeachtach, sholúbtha agus sheasmhach a thairiscint do na bainc, agus tacú leis an gcobhsaíocht airgeadais leis sin freisin. Áireofar leis na hionstraimí sin oibríochtaí creidmheasa gearrthéarmacha, is é sin MROnna, agus LTROnna 3 mhí. Ag céim níos moille, a luaithe a thosóidh fás buan ag teacht ar chlár comhardaithe an Eurochórais arís, agus sealúchais bannaí leagáide á gcur san áireamh, tabharfar isteach freisin oibríochtaí athmhaoinithe struchtúracha fadtéarmacha nua agus punann struchtúrach d’urrúis an limistéir euro.

Déanfar na hoibríochtaí athmhaoinithe struchtúracha agus punann struchtúrach na n-urrús a chalabrú i gcomhréir lena na prionsabail arna bhfógairt i mí an Mhárta 2024 agus ionas nach gcuirfear isteach ar an seasamh maidir le beartas airgeadaíochta. Is rannchuidiú substaintiúil a bheidh sna hoibríochtaí sin chun riachtanais leachtachta struchtúraí earnáil na baincéireachta a chumhdach, ag eascairt as fachtóirí leachtachta uathrialaitheacha agus ceanglais chúlchiste íosta. Leis na fachtóirí leachtachta uathrialaitheacha agus na ceanglais chúlchiste íosta, cruthaítear easnamh leachtachta struchtúrach in earnáil na baincéireachta. Líontar an t-easnamh sin le punanna bannaí leagáide an Eurochórais faoi láthair, mar sin níl aon ghá le hoibríochtaí struchtúracha den sórt sin san am i láthair. Mar sin féin, agus na punanna bannaí leagáide a sealbhaíodh leis na cláir cheannaithe sócmhainní leathnaithe á n-éagadh i gcomhréir le cinntí beartais airgeadaíochta na Comhairle Rialaithe, ionsúfar níos mó de chúlchistí na mbanc leis an éileamh ar nótaí bainc agus le fachtóirí leachtachta uathrialaitheacha eile. Ag pointe áirithe, caithfidh fás buan teacht arís ar oibríochtaí beartais airgeadaíochta an Eurochórais chun cloí leis an bhfás a bhfuil coinne leis ar riachtanais leachtachta struchtúraí. Agus is timpeall an ama sin a sheolfar na hoibríochtaí struchtúracha nua chun foinse chobhsaí leachtachta a chur ar fáil. 

Cén difríocht atá idir an phunann struchtúrach agus na punanna sealúchas bannaí atá ann faoi láthair?

Tá difríochtaí le sonrú idir punann struchtúrach agus punann beartais airgeadaíochta, agus baineann cuspóirí difriúla leo. Ba é ba chuspóir do na punanna beartais airgeadaíochta faoin gclár ceannaithe sócmhainní leathnaithe (CCSL) agus faoin gclár ceannaithe d’éigeandáil na paindéime (CCÉP) an seasamh maidir le beartas airgeadaíochta a mhaolú i gcomhthráth le srian a bheith curtha ar rátaí úis leis an íosteorainn ghlan. Bhain cuspóir déach le CCÉP, ag tacú freisin le tarchur beartais airgeadaíochta. Is é is cuspóir do phunann struchtúrach leachtacht a chur ar fáil ar bhonn marthanach leis an éileamh struchtúrach ar chúlchistí ó na bainc a chomhlíonadh. Dá bhrí sin, tá na hoibríochtaí struchtúracha ceaptha chun an seasamh maidir le beartas airgeadaíochta a chur chun feidhme, ní lena stiúradh. Dá réir sin, is féidir go mbeidh difríocht freisin i gcomhdhéanamh na punainne struchtúraí ó chomhdhéanamh na bpunann beartais airgeadaíochta. Déanfaidh BCE anailís ghrinn ar dhearadh na n-oibríochtaí struchtúracha nua, lena n-áirítear oibríochtaí athmhaoinithe fadtéarmacha agus punann urrús struchtúrach.

Cén chaoi a gcuirfidh tú breithnithe a bhaineann leis an athrú aeráide le dearadh d’oibríochtaí struchtúracha?

Gan dochar do phríomh-shainchúram BCE, beidh sé d’aidhm le dearadh an chreata oibriúcháin nithe a bhaineann leis an athrú aeráide a chur san áireamh in oibríochtaí struchtúracha beartais airgeadaíochta. A mhéid a bhíonn cumraíochtaí difriúla an chreata oibriúcháin chomh fabhrach céanna chun cur chun feidhme éifeachtach an tseasaimh maidir le beartas airgeadaíochta a áirithiú, éascófar leis an gcreat oibriúcháin iarracht BCE a chuspóir tánaisteach a bhaint amach chun tacú le beartais eacnamaíocha ghinearálta san Aontas Eorpach, go háirithe an t-aistriú chuig geilleagar glas, gan dochar do phríomhchuspóir na cobhsaíochta praghsanna.

Tagann an méid sin freisin le rún BCE maidir le dlús a chur leis an obair atá dírithe ar an aistriú glas agus ar an aeráid agus ar rioscaí a bhaineann leis an dúlra, mar a fógraíodh i bpreaseisiúint an 30 Eanáir 2024. Is iad na trí réimse fócais le haghaidh 2024 agus 2025 na himpleachtaí ón aistriú glas, tionchar fisiciúil an athraithe aeráide agus ról na rioscaí a bhaineann leis an dúlra don gheilleagar agus don chóras airgeadais. Chuige sin, mar chuid de shainchúram BCE, triailfidh sé an cás le haghaidh tuilleadh athruithe a dhéanamh ar a ionstraimí agus ar a phunanna beartais airgeadaíochta i bhfianaise an aistrithe sin.

Beidh na nithe sin a bhaineann leis an athrú aeráide mar chuid d’anailís ghrinn BCE ar dhearadh na n-oibríochtaí nua athmhaoinithe fadtéarmacha agus na punainne struchtúraí nua.