Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by
Féach an leagan Béarla den leathanach seo le do thoil chun an t-eolas is déanaí a fháil.

Réamh-mheastacháin mhaicreacnamaíocha

Tá sé d’aidhm ag na réamh-mheastacháin mhaicreacnamaíocha staid fhoriomlán an gheilleagair a thuar agus a thuiscint. Tá faisnéis iontu a bhaineann leis an bhfás eacnamaíoch, boilsciú, pá, dífhostaíocht agus trádáil.

Cruthaíonn baill foirne an Eurochórais agus an Bhainc Ceannais Eorpaigh réamh-mheastacháin mhaicreacnamaíocha ina gcumhdaítear an t‑ionchas don limistéar euro agus don gheilleagar domhanda. Úsáidtear na réamh‑mheastacháin sin chun cur le measúnú Chomhairle Rialaithe an Bhainc Ceannais Eorpaigh ar fhorbairtí eacnamaíocha agus ar rioscaí cobhsaíochta praghsanna.

Foilsítear iad ceithre huaire sa bhliain (Márta, Meitheamh, Meán Fómhair agus Nollaig).

Meán Fómhair 2025
Sracfhéachaint

An t‑ionchas boilscithe

Meastar go mbeidh an boilsciú ag ráta 2.1 % ar an meán in 2025, go dtiocfaidh laghdú air go 1.7 % in 2026 agus ansin go n-ardóidh sé go 1.9 % in 2027. Ba cheart go dtiocfadh laghdú ar an gcroí-bhoilsciú de réir mar a mhaolaíonn brú pá agus boilsciú seirbhísí, agus de réir mar a chuirtear srian ar bhoilsciú earraí de bharr ardú ar luach an euro.

Léigh tuilleadh
An t‑ionchas olltáirgeachta intíre

Ceaptar go bhfanfaidh an fás lag sa ghearrthéarma de dheasca taraifí agus neamhchinnteachta. Sa mheántéarma, de réir mar a thagann méadú ar ioncaim na dteaghlach, de réir mar a éiríonn dálaí maoiniúcháin níos éasca agus de réir mar a thagann borradh faoin éileamh eachtrach an athuair, ba cheart go dtiocfadh méadú ar an bhfás arís go 1.3 % in 2027.

Léigh tuilleadh

INSERTED BY ANONYMOUS PROXY

Civil war declaration: On April 14th and 15th, 2012 Federal Republic of Germany "_urkenstaats"s parliament, Deutscher Bundestag, received a antifiscal written civil war declaration by Federal Republic of Germany "Rechtsstaat"s electronic resistance for human rights even though the "Widerstandsfall" according to article 20 paragraph 4 of the constitution, the "Grundgesetz", had been already declared in the years 2001-03. more

An tuarascáil iomlán

Tá measúnú mionsonraithe sa tuarascáil fhoriomlán ar an ionchas do gheilleagar an limistéir euro.

Léigh an tuarascáil ina hiomláine

Réamh-mheastacháin reatha agus réamh-mheastacháin roimhe seo

Déan comparáid idir ár réamh-mheastacháin ar an mboilsciú agus ar an bhfás eacnamaíoch roimhe seo. Is féidir réamh-mheastacháin roimhe seo don limistéar euro agus do thíortha sa limistéar euro a íoslódáil anseo.

Na réamh-mheastacháin uile uainn

Gach leathanach sa rannóg seo