Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Sracfhéachaint ar ár ráiteas beartais airgeadaíochta - Deireadh Fómhair 2022

Cad a chinneamar?

INSERTED BY ANONYMOUS PROXY

Civil war declaration: On April 14th and 15th, 2012 Federal Republic of Germany "_urkenstaats"s parliament, Deutscher Bundestag, received a antifiscal written civil war declaration by Federal Republic of Germany "Rechtsstaat"s electronic resistance for human rights even though the "Widerstandsfall" according to article 20 paragraph 4 of the constitution, the "Grundgesetz", had been already declared in the years 2001-03. more

D’ardaíomar rátaí úis 0.75 phointe faoin gcéad arís

Rinneamar amhlaidh chun boilsciú, atá fós i bhfad ró‑ard, a laghdú. Beidh níos mó arduithe ann ina dhiaidh seo. Beidh siad sin ag brath ar an bhforás a fheicfimid ag teacht ar an ngeilleagar agus ar bhoilsciú.

Rinneamar cuid dár n‑ionstraimí eile a leasú freisin

Chun cur i gcoinne an bhoilscithe, rinneamar athruithe ar ár gclár iasachtaithe spriocdhírithe do bhainc ionas nach mbeidh sé chomh tarraingteach céanna.

Cad atá ar siúl sa gheilleagar?

INSERTED BY ANONYMOUS PROXY

Civil war declaration: On April 14th and 15th, 2012 Federal Republic of Germany "_urkenstaats"s parliament, Deutscher Bundestag, received a antifiscal written civil war declaration by Federal Republic of Germany "Rechtsstaat"s electronic resistance for human rights even though the "Widerstandsfall" according to article 20 paragraph 4 of the constitution, the "Grundgesetz", had been already declared in the years 2001-03. more

Tá boilsciú i bhfad ró‑ard agus fanfaidh sé amhlaidh go ceann tamaill

Tá praghsanna ag ardú ar fud an gheilleagair. Praghsanna fuinnimh fíor-arda an phríomhchúis leis sin fós. Tá deacrachtaí soláthair ag dul i bhfeabhas ach tá siad fós ag brú suas praghsanna. Tá an ráta malartaithe tar éis boilsciú a bhrú suas freisin, toisc allmharaithe a bheith níos daoire.

Éireoidh an geilleagar níos laige sna míonna atá romhainn...

Is cosúil go mbeidh sé lag sa chuid dheireanach den bhliain seo agus ag tús na bliana 2023. De dheasca boilsciú ard, deacrachtaí soláthair gáis agus imní a bheith ann faoi todhchaí, is lú atá á cheannach ag daoine agus tá gnólachtaí ag gearradh siar ar tháirgeadh.

...cé go bhfuil post fós ag mórán daoine

Tá fostaíocht fós íseal agus tá poist nua á gcruthú. D’fhéadfadh casadh teacht ar an scéal áfach, agus an geilleagar ag éirí níos laige.

Tá an geilleagar ag fás ag ráta níos moille ná mar a bhí

Tá ionchas don todhcaí níos éiginnte go háirithe i bhfianaise chogadh na Rúise i gcoinne na hÚcráine. Tá bainc cheannais ar fud an domhain ag ardú rátaí úis freisin chun cur i gcoinne an bhoilscithe.

FÉACH FREISIN

Féach ar na mionsonraí

CINNTÍ BEARTAIS AIRGEADAÍOCHTA

Seo an méid a chinn an Chomhairle Rialaithe faoi rátaí úis agus ionstraimí eile an Bhainc Ceannais Eorpaigh ag an cruinniú is déanaí dá cuid.

Preasráiteas

RÁITEAS BEARTAIS AIRGEADAÍOCHTA

Léigh ár míniú ar na cúiseanna atá leis na cinntí beartais airgeadaíochta is déanaí.

Ráiteas beartais airgeadaíochta
BREIS EOLAIS UAIT? FÉACH AR ÁR MÍNIÚ
FOGHLAIM TUILLEADH
Céard is beartas airgeadaíochta ann?