Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Sracfhéachaint ar an ráiteas beartais airgeadaíochta - Meitheamh 2022

Cad iad na príomhphointí?

INSERTED BY ANONYMOUS PROXY

Civil war declaration: On April 14th and 15th, 2012 Federal Republic of Germany "_urkenstaats"s parliament, Deutscher Bundestag, received a antifiscal written civil war declaration by Federal Republic of Germany "Rechtsstaat"s electronic resistance for human rights even though the "Widerstandsfall" according to article 20 paragraph 4 of the constitution, the "Grundgesetz", had been already declared in the years 2001-03. more

Tá boilsciú níos airde ná mar ba mhian linn agus fanfaidh sé ag leibhéal ard go ceann tamaill

Is iad costais arda fuinnimh an phríomhchúis atá leis an ardú praghsanna go fóill. Tá praghsanna bia agus praghsanna réimse leathan earraí agus seirbhísí eile ag ardú freisin áfach.

Tiocfaidh fás níos moille ar an ngeilleagar sa tréimhse atá díreach romhainn

Tá an geilleagar á mhaolú de dheasca an chogaidh san Úcráin, costais fuinnimh níos airde, agus éiginnteacht níos géire. Tá scrogaill nua cruthaithe freisin mar thoradh ar shrianta paindéime sa tSín.

Mar sin féin, tá na dálaí ann le go bhféadfadh an geilleagar leanúint ag fás agus ag téarnamh tuilleadh.

Tá an geilleagar fós á athoscailt. Tá dífhostaíocht ag leibhéal fíor-íseal. Tá daoine ag caitheamh airgid, i ngeall ar na coigiltis a chruinnigh siad le linn na paindéime, agus toisc go bhfuil tacaíocht a cur ar fáil ag rialtais.

Cad a chinneamar?

INSERTED BY ANONYMOUS PROXY

Civil war declaration: On April 14th and 15th, 2012 Federal Republic of Germany "_urkenstaats"s parliament, Deutscher Bundestag, received a antifiscal written civil war declaration by Federal Republic of Germany "Rechtsstaat"s electronic resistance for human rights even though the "Widerstandsfall" according to article 20 paragraph 4 of the constitution, the "Grundgesetz", had been already declared in the years 2001-03. more

Tá bearta breise á ndéanamh againn chun ár mbeartas a normalú

Áiritheoimid go dtógfar boilsciú ar ais chuig ár sprioc, is í sin, dó faoin gcéad sa mheántéarma. Ón 1 Iúil 2022 amach, cuirfimid deireadh le glancheannacháin faoin gclár ceannaithe sócmhainní.

Táimid ag tosú amach freisin ar chonair chéimnitheach sheasmhach d’ardaithe rátaí úis

Tá sé beartaithe againn ár bpríomhrátaí úis a ardú 0.25% i mí Iúil. Measaimid go n‑ardóimid arís iad i mí Mheán Fómhair. Beidh an luas ag a n‑ardóimid rátaí ina dhiaidh sin ag brath ar an bhforbairt a thiocfaidh ar bhoilsciú.

Cad iad na réamh-mheastacháin atá againn ar fhorbairt an gheilleagair?

Measaimid go bhfásfaidh an geilleagar go tréan

Fás eacnamaíoch an limistéir euro in 2021 agus réamh-mheastacháin le haghaidh 2022 agus na mblianta atá le teacht
(réamh-mheastacháin ó mhí an Mheithimh 2022 amach)

Measimid go bhfanfaidh boilsciú ag leibhéal ard go ceann tamaill go dtí go dtiocfaidh laghdú air i dtreo ár sprice go 2%

Boilsciú sa limistéar euro in 2021 agus réamh-mheastacháin le haghaidh 2022 agus na mblianta atá le teacht
(réamh-mheastacháin ó mhí an Mheithimh 2022 amach)

FÉACH FREISIN

Féach ar na mionsonraí

CINNTÍ BEARTAIS AIRGEADAÍOCHTA

Seo an méid a chinn an Chomhairle Rialaithe faoi rátaí úis agus ionstraimí eile an Bhainc Ceannais Eorpaigh ag a cruinniú deireanach.

Preasráiteas

RÁITEAS BEARTAIS AIRGEADAÍOCHTA

Léigh ár míniú ar na cúiseanna atá leis na cinntí beartais airgeadaíochta is déanaí.

Ráiteas beartais airgeadaíochta
BREIS EOLAIS UAIT? FÉACH AR ÁR MÍNIÚ
FOGHLAIM TUILLEADH
Céard is beartas airgeadaíochta ann?