Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by
  • PREASRÁITEAS

Tugann Comhairle Rialaithe BCE a straitéis beartais airgeadaíochta cothrom le dáta

30 Meitheamh 2025

  • Sprioc shiméadrach 2 % don bhoilsciú sa mheántéarma deimhnithe ag an gComhairle Rialaithe
  • Ciallaíonn siméadracht gur gá freagairt bheartais atá láidir nó leanúnach go hiomchuí a thabhairt ar dhialltaí móra marthanacha sa bhoilsciú ón sprioc i gceachtar treo
  • Tá na huirlisí uile fós ar fáil sa tsraith uirlisí agus fágfaidh roghnú, dearadh agus cur chun feidhme na n-uirlisí sin go mbeifear in ann freagairt thapa a thabhairt ar shuaití nua
  • De dheasca athruithe struchtúracha, amhail ilroinnt gheopholaitiúil agus eacnamaíoch agus úsáid mhéadaitheach na hintleachta saorga, baineann éiginnteacht breise le timpeallacht an bhoilscithe

D’fhoilsigh Comhairle Rialaithe an Bhainc Ceannais Eorpaigh (BCE) torthaí a measúnaithe straitéise inniu, agus tá na torthaí sin leagtha amach i ráiteas nuashonraithe maidir leis an straitéis beartais airgeadaíochta.

Tar éis an athbhreithnithe straitéise a rinneadh in 2020-21, d’fhógair an Chomhairle Rialaithe go ndéanfadh sí measúnú tréimhsiúil ar oiriúnacht a straitéise beartais airgeadaíochta. Comhlíonadh an ghealltanais sin is ea an measúnú a foilsíodh inniu, agus deimhin á déanamh de go bhfuil ár gcreat, ár sraith straitéisí agus ár gcur chuige oiriúnach dá bhfeidhm go fóill.

Tá de thoradh ar an straitéis beartais airgeadaíochta go bhfuil ar chumas na Comhairle Rialaithe gníomhú go héifeachtach i leith athruithe móra i dtimpeallacht an bhoilscithe. Tá tábhacht ar leith ag baint leis sin ós rud é go bhfuil an chosúlacht ar chúrsaí, de bharr athruithe struchtúracha leanúnacha atá ag titim amach, amhail ilroinnt gheopholaitiúil agus eacnamaíoch, úsáid mhéadaitheach na hintleachta saorga, an t-athrú déimeagrafach agus an bhagairt ar inbhuanaitheacht chomhshaoil, go leanfaidh timpeallacht an bhoilscithe de bheith éiginnte agus go bhféadfadh sí a bheith níos luainí, agus dialltaí níos mó ann ón sprioc shiméadrach 2 % maidir le boilsciú.

Chun siméadracht na sprice a choimeád, tá tábhacht le gníomhaíocht beartais airgeadaíochta atá láidir nó leanúnach go hiomchuí mar fhreagairt ar dhialltaí móra leanúnacha sa bhoilsciú ón sprioc i gceachtar treo. Seachnófar, dá chionn sin, an baol go gcuirfí na hionchais maidir le boilsciú as a riocht agus an baol go ndaingeofaí dialltaí an bhoilscithe ón sprioc.

“Is mór agam a fhógairt gur fhormheas an Chomhairle Rialaithe, le linn an chruinnithe is déanaí dá cuid, straitéis nuashonraithe BCE maidir leis an mbeartas airgeadaíochta”, a dúirt Uachtarán BCE, Christine Lagarde. “Is deis luachmhar é an measúnú seo chun dúshlán ár smaointeoireachta a thabhairt, chun ár sraith straitéisí beartais a sheiceáil agus chun ár straitéis a bheachtú go mion. Cuireann sé bonn níos láidre fós ar fáil dúinn chun an beartas airgeadaíochta a chur i gcrích agus chun ár sainordú maidir le cobhsaíocht praghsanna a chomhlíonadh i dtimpeallacht atá ag éirí níos éiginnte i gcónaí.”

Tá na huirlisí beartais airgeadaíochta uile atá ar fáil don Chomhairle Rialaithe faoi láthair ar fáil go fóill ina sraith straitéisí. Beidh measúnú cuimsitheach comhréireachta le déanamh tráth ar bith a mbeifear ag brath ar na huirlisí sin a úsáid Beidh roghnú, dearadh agus cur chun feidhme na n-uirlisí sin solúbtha go leor ionas go mbeifear in ann gníomhú go gasta i leith athruithe i dtimpeallacht an bhoilscithe.

Sna cinntí a dhéanann sí maidir leis an mbeartas airgeadaíochta, cuireann an Chomhairle Rialaithe san áireamh ní hamháin an bealach is dóchúla a rachaidh an boilsciú agus an geilleagar ach freisin na rioscaí agus an éiginnteacht a bhaineann leo, lena n-áirítear trí úsáid iomchuí a bhaint as hipitéisí agus anailísí íogaireachta.

Tionólfar an chéad chruinniú rialta den Chomhairle Rialaithe maidir leis an mbeartas airgeadaíochta – cruinniú ina gcuirfear an straitéis nuashonraithe i bhfeidhm – an 23-24 Iúil 2025. Tá beartaithe ag an gComhairle Rialála measúnú a dhéanamh go tréimhsiúil ar oiriúnacht a straitéise beartais airgeadaíochta. Meastar go ndéanfar an chéad mheasúnú eile in 2030.

Is féidir leis na meáin a gcuid ceisteanna a sheoladh chuig Stefan Ruhkamp, teil.: +49 69 1344 5057.

Nótaí

  • Roimh mheasúnú straitéise 2025, thug an Chomhairle Rialaithe athbhreithnithe straitéise i gcrích in 2003 agus 2021.
  • Le 12 mhí anuas thionóil an Chomhairle Rialaithe seimineáir, láithreoireachtaí, seisiúin phlé agus cruinnithe a bhí dírithe ar an measúnú straitéise.
  • Is toradh é an measúnú straitéise ar iarracht shuntasach chomhoibríoch le linn na tréimhse sin. Bhí foirne BCE agus na mbanc ceannais náisiúnta ar fud sa limistéar euro páirteach ann agus eagraíodh ina dhá shruth oibre ar leithligh é.
TEAGMHÁIL

Banc Ceannais Eorpach

Stiúrthóireacht Cumarsáide

Ceadaítear atáirgeadh ar choinníoll go n-admhaítear an fhoinse.

An Oifig Preasa