Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by
  • PREASRÁITEAS

An chairt um chomhionannas, éagsúlacht agus cuimsiú seolta ag an mBanc Ceannais Eorpach

26 Iúil 2022

  • Cairt sínithe ag an mBanc Ceannais Eorpach lena ndéantar an comhionannas, an éagsúlacht agus an cuimsiú a choimirciú
  • 27 síniú go dtí seo

Sheol Uachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh cairt um chomhionannas, éagsúlacht agus cuimsiú CEBC agus SMA inniu in éineacht le 26 cheannaire ó bhainc ceannais náisiúnta Eorpacha agus ó údaráis inniúla náisiúnta.[1] Geallann lucht a sínithe go gcuirfidh a gcuid institiúidí dlús lena n-iarrachtaí timpeallachtaí oibre a chur chun cinn atá bunaithe ar mheas agus ar dhínit. Geallann siad freisin go n‑áiritheoidh siad go mbeidh a gcuid ionad oibre saor ó leithcheal.

“Is fearr na torthaí a chuirtear ar fáil ó institiúidí ina bhfuil an éagsúlacht agus cuimsitheacht chun cinn. Agus sinn ag tarraingt le chéile, is fearr is féidir linn éagsúlacht na saoránach ar a ndéanaimid freastal a léiriú inár bhfoireann,” a dúirt an tUachtarán Lagarde.

Agus an chairt sínithe acu, deimhníonn na hinstitiúidí rannpháirteacha an chomhthuiscint atá acu go bhfeabhsófar feidhmíocht agus athléimneacht an gcuid insititiúidí má bhíonn an éagsúlacht agus cuimsiú ann san ionad oibre. Leagtar amach prionsabail agus cuspóirí coitinn sa chairt chomh maith le gealltanais daingne chun an cultúr oibre a fheabhsú ar leibhéal an chórais. Tugtar urraim ann don phrionsabal go bhfuil gach aon duine comhionann ó thaobh ceart agus dínite de agus gur nuálaí na réitigh a cheapann foirne a bhfuil éagsúlacht iontu.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi iarrachtaí an Bhainc Ceannais Eorpaigh an comhionannas, an éagsúlacht agus an cuimsiú a chothú, féach ár suíomh gréasáin.

Le haghaidh fiosrúchán ó na meáin déan teagmháil le Verena Reith, Teil: +49 69 1344 5737.

  1. Is gealltanas poiblí roghnach atá sa chairt ar féidir le bainc cheannais náisiúnta agus údaráis inniúla náisiúnta sa Chóras Eorpach Banc Ceannais (CEBC) agus maoirseacht baincéireachta Eorpach, dá ngairmtear an Sásra Maoirseachta Aonair (SMA) freisin, í a shíniú.

TEAGMHÁIL

Banc Ceannais Eorpach

Stiúrthóireacht Cumarsáide

Ceadaítear atáirgeadh ar choinníoll go n-admhaítear an fhoinse.

An Oifig Preasa