Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by
  • Preasráiteas

Cinntí beartais airgeadaíochta

An 9 Meitheamh 2022

Is dúshlán mór é an boilsciú ard do gach aon duine againn. Áiritheoidh an Chomhairle Rialaithe go dtógfar boilsciú ar ais chuig an sprioc, is í sin, 2% sa mheántéarma.

Tháinig ardú suntasach eile ar bhoilsciú i mí na Bealtaine de dheasca praghsanna fuinnimh agus bia a bhí ag ardú i gcónaí, agus tionchar an chogaidh ina chúis leis sin. Tá tuilleadh brúnna praghais ann faoi láthair áfach agus iad níos géire anois, agus tá ardú mór tagtha ar phraghas mórán earraí agus seirbhísí. Tá athbhreithniú déanta ag baill foirne an Eurochórais ar a réamh-mheastacháin boilscithe bonnlíne, agus iad ardaithe go suntasach acu. Léirítear sna réamh-mheastacháin seo gur dócha go mbeidh boilsciú ag leibhéal ard neamh‑inmhianaithe go ceann tamall eile. Dá ainneoin sin, meastar go dtiocfaidh laghdú ar bhoilsciú de bharr modhnú ar chostais fuinnimh, scaoileadh deacrachtaí soláthar a bhaineann leis an bpaindéim agus normalú an bheartais airgeadaíochta. Sna réamh-mheastacháin foirne nua, tuartar go mbeidh boilsciú bliantúil ag 6.8% in 2022, sula dtiocfaidh laghdú air go 3.5% in 2023 agus go 2.1% in 2024, rátaí atá níos airde ná mar a bhí i réamh-mheastacháin mhí an Mhárta. Fágann sé sin go mbeidh boilsciú bonnlíne beagán níos airde ná sprioc na Comhairle Rialaithe faoi dheireadh thréimhse an réamh-mheastacháin. Tuartar go mbeidh an meánleibhéal boilscithe gan fuinneamh agus bia san áireamh ag 3.3% in 2022, 2.8% in 2023 agus 2.3% in 2024, rátaí atá níos airde freisin ná réamh-mheastacháin mhí an Mhárta.

Tá tionchar fós á imirt ag ionsaí na Rúise in aghaidh na hÚcráine, nach bhfuil bonn cirt leis, ar an ngeilleagar san Eoraip agus níos faide i gcéin. Cuireann sé isteach ar thrádáil, tá ganntanas ábhar ann dá dheasca agus cuireann sé le praghsanna arda fuinnimh agus tráchtearraí. Beidh tionchar ag na tosca sin ar mhuinín agus maolófar fás dá dheasca, go háirithe sa ghearrthéarma. Mar sin féin, tá cúinsí ann a fhágann gur féidir leis an ngeilleagar fás de bharr athoscailt leanúnach an gheilleagair, margadh saothair láidir, tacaíocht airgeadais agus coigiltis a sábháladh le linn na paindéime. Meastar go dtiocfaidh feabhas ar ghníomhaíocht eacnamaíoch tráth a mhaolófar na tosca diúltacha sin atá anois ann. Léirítear an t‑ionchas sin i réamh‑mheastacháin foirne an Eurochórais, ina dtuartar go mbeidh fíorfhás OTI ag 2.8% in 2022, 2.1% in 2023 agus 2.1% in 2024. I comparáid le réamh‑mheastacháin mhí an Mhárta, rinneadh an t-ionchas a athbhreithniú go suntasach don taobh thíos le haghaidh 2022 agus 2023 ach ardaíodh é i gcás 2024.

Ar bhonn a measúnaithe nuashonraithe, chinn an Chomhairle Rialaithe bearta breise a dhéanamh chun a beartas airgeadaíochta a normalú. I rith an phróisis seo, coimeádfaidh an Chomhairle Rialaithe roghnaíocht, cur chuige sonraíbhunaithe céimnitheach, agus solúbthacht i bhfeidhmiú an bheartais airgeadaíochta.

Clár ceannaithe sócmhainní (APP) agus clár ceannaigh le haghaidh éigeandáil na paindéime (PEPP)

Chinn an Chomhairle Rialaithe deireadh a chur le glancheannacháin sócmhainní faoina clár ceannaithe sócmhainní (APP) ón 1 Iúil 2022 amach. Na híocaíochtaí príomhshuime ó urrúis arna gceannach faoi APP atá ag teacht in aibíocht, tá sé beartaithe ag an gComhairle Rialaithe leanúint dá n‑infheistiú ina n‑iomláine ar feadh tréimhse ama fhadaithe tar éis an dáta a thosóidh sí ag ardú phríomhrátaí úis an Bhainc Ceannais Eorpaigh agus, i gcás ar bith, chomh fada agus is gá chun dálaí leachtachta leordhóthanacha agus freastal airgeadaíochta iomchuí a choimeád ar bun.

Na híocaíochtaí príomhshuime ó urrúis arna gceannach faoin gclár ceannaigh le haghaidh éigeandáil na paindéime (PEPP) atá ag teacht in aibíocht, tá sé i gceist ag an gComhairle Rialaithe na híocaíochtaí sin a athinfheistiú go dtí deireadh 2024 ar a luaithe. I gcás ar bith, déanfar scor céimnitheach phunann PEPP amach anseo a bhainistiú ionas nach gcuirfidh sé isteach ar an seasamh beartais airgeadaíochta iomchuí.

I gcás ilroinnt margaidh athnuaite, féadfar athinfheistíochtaí PEPP a choigeartú ar bhealach solúbtha ó thaobh ama de, agus ar fud aicmí airgeadais agus dlínsí, am ar bith. D’fhéadfadh ceannach bannaí arna n‑eisiúint ag an bPoblacht Heilléanach a bheith san áireamh leis sin de bhreis ar rolladh fuascailtí chun cur isteach ar íocaíochtaí sa dlínse sin a sheachaint, rud a d’fhéadfadh tarchur an bheartais airgeadaíochta chuig geilleagar na Gréige a lagú fad is atá sé fós ag téarnamh ó thionchar na paindéime. D’fhéadfaí tús a chur an athuair le glancheannacháin faoi PEPP, dá mba ghá, chun dul i ngleic le turraingí diúltacha a bhaineann leis an bpaindéim.

Príomhrátaí úis an Bhainc Ceannais Eorpaigh

Rinne an Chomhairle Rialaithe athbhreithniú cúramach ar na coinníollacha gur cheart a shásamh, de réir a réamhthreorach, sula dtosóidh sí ar rátaí úis a ardú. De thoradh an athbhreithnithe sin, tháinig an Chomhairle Rialaithe ar an gconclúid gur sásaíodh na coinníollacha sin.

Dá réir sin agus i gcomhréir le seicheamhú beartais na Comhairle Rialaithe, tá sé ar intinn ag an gComhairle Rialaithe ardú 25 bhonnphointe a chur ar phríomhrátaí úis an Bhainc Ceannais Eorpaigh ag a cruinniú beartais airgeadaíochta i mí Iúil. Idir an dá linn, chinn an Chomhairle Rialaithe an ráta úis ar na príomhoibríochtaí athmhaoinithe agus na rátaí úis ar an tsaoráid iasachta imeallach agus ar an tsaoráid taisce a choimeád gan athrú ag 0.00%, 0.25% agus -0.50% faoi seach.

Ag breathnú chun tosaigh, measann an Chomhairle Rialaithe go n‑ardóidh sí príomhrátaí úis an Bhainc Ceannais Eorpaigh arís i mí Mheán Fómhair. Beidh calabrú an ardaithe ráta sin ag brath ar an ionchas boilscithe mheántéarmaigh nuashonraithe. Má bhíonn an t‑ionchas boilscithe mheántéarmaigh ag an leibhéal céanna nó má théann sé chun donais, beidh incrimint níos airde ag cruinniú mhí Mheán Fómhair iomchuí.

Maidir leis an tréimhse tar éis mhí Mheán Fómhair, measann an Chomhairle Rialaithe, ar bhonn a measúnú reatha, go mbeidh conair chéimnitheach ach leanúnach d’arduithe rátaí úis iomchuí. I gcomhréir le tiomantas na Comhairle Rialaithe i leith na sprice meántéarmaí, is í sin 2%, beidh an luas ag a ndéanfaidh an Chomhairle Rialaithe an beartas airgeadaíochta a choigeartú ag brath ar na sonraí a thiocfaidh isteach agus ar a measúnú ar fhorbairt an bhoilscithe sa mheántéarma.

Oibríochtaí athmhaoinithe

Leanfaidh an Chomhairle Rialaithe d’fhaireachán a dhéanamh ar dhálaí cistiúcháin banc agus áiritheoidh sí nach gcuirfidh teacht in aibíocht oibríochtaí faoin tríú sraith oibríochtaí athmhaoinithe spriocdhírithe fhadtéarmacha (TLTRO III) isteach ar tharchur mín a beartais airgeadaíochta. Déanfaidh an Chomhairle Rialaithe measúnú ar bhonn rialta ar an gcaoi a bhfuil oibríochtaí athmhaoinithe spriocdhírithe ag cur lena seasamh beartais airgeadaíochta. Mar a fógraíodh cheana, tiocfaidh deireadh leis na coinníollacha speisialta is infheidhme faoi TLTRO III an 23 Meitheamh 2022.

***

Tá an Chomhairle Rialaithe réidh lena hionstraimí uile a choigeartú, agus solúbthacht á cur san áireamh más gá, chun a áirithiú go gcobhsófar boilsciú ag an sprioc, is í sin 2%, sa mheántéarma. Léiríodh i rith na paindéime, agus dálaí struis ann, gur cuidiú a bhí sa tsolúbthacht maidir le dearadh agus cur i gcrích ceannachán sócmhainní chun dul i ngleic le tarchur beartais airgeadaíochta lagaithe agus gurb éifeachtaí iarrachtaí na Comhairle Rialaithe a cuspóir a bhaint amach de bharr na solúbthachta sin. Laistigh de shainordú an Bhainc Ceannais Eorpaigh, agus dálaí struis ann, beidh an tsolúbthacht sin fós mar chuid den bheartas airgeadaíochta i gcás ar bith ina gcuirfear gnóthú na cobhsaíocht airgeadaíochta i mbaol de dheasca bagairt ar tharchur beartais airgeadaíochta.

Déanfaidh Uachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh trácht ar na breithnithe a bhí mar bhunús leis na cinntí seo ag preasráiteas a thosóidh ag 14:30 CET inniu.

Tá an fhoclaíocht bheacht ar ar cinn an Chomhairle Rialaithe le fáil sa leagan Béarla den téacs seo.

TEAGMHÁIL

Banc Ceannais Eorpach

Stiúrthóireacht Cumarsáide

Ceadaítear atáirgeadh ar choinníoll go n-admhaítear an fhoinse.

An Oifig Preasa