Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by
  • PREASRÁITEAS

Cinntí beartais airgeadaíochta

3 Feabhra 2022

Dheimhnigh an Chomhairle Rialaithe na cinntí a rinneadh ag a cruinniú beartais airgeadaíochta i mí na Nollag seo caite.

Clár ceannaigh le haghaidh éigeandáil na paindéime (PEPP)

Sa chéad ráithe de 2022, tá an Chomhairle Rialaithe ag déanamh glancheannacháin sócmhainní faoi PEPP ag luas níos moille ná an ráithe roimhe seo. Cuirfidh sí deireadh le glancheannacháin sócmhainní faoi PEPP ag deireadh mhí an Mhárta 2022.

Na híocaíochtaí príomhshuime ó urrúis arna gceannach faoi PEPP atá ag teacht in aibíocht, tá sé i gceist ag an gComhairle Rialaithe na híocaíochtaí sin a athinfheistiú go dtí deireadh 2024 ar a luaithe. I gcás ar bith, déanfar scor céimnitheach phunann PEPP amach anseo a bhainistiú ionas nach gcuirfidh sé isteach ar an seasamh beartais airgeadaíochta iomchuí.

Léiríodh i rith na paindéime, agus dálaí struis ann, gur cuidiú a bhí sa tsolúbthacht maidir le dearadh agus cur i gcrích ceannachán sócmhainní chun dul i ngleic le tarchur beartais airgeadaíochta lagaithe agus gurb éifeachtaí iarrachtaí na Comhairle Rialaithe a cuspóir a bhaint amach de bharr na solúbthachta sin. Laistigh de shainordú na Comhairle Rialaithe, agus dálaí struis ann, beidh an tsolúbthacht sin fós mar chuid den bheartas airgeadaíochta i gcás ar bith ina gcuirfear gnóthú na cobhsaíocht airgeadaíochta i mbaol de dheasca bagairt ar tharchur beartais airgeadaíochta. Go háirithe, i gcás ilroinnt margaidh athnuaite, féadfar athinfheistíochtaí PEPP a choigeartú ar bhealach solúbtha ó thaobh ama de, agus ar fud aicmí airgeadais agus dlínsí, am ar bith. D’fhéadfadh ceannach bannaí arna n‑eisiúint ag an bPoblacht Heilléanach a bheith san áireamh leis sin de bhreis ar rolladh fuascailtí chun cur isteach ar íocaíochtaí sa dlínse sin a sheachaint, rud a d’fhéadfadh tarchur an bheartais airgeadaíochta chuig geilleagar na Gréige a lagú fad is atá sé fós ag téarnamh ó thionchar na paindéime. D’fhéadfaí tús a chur an athuair le glancheannacháin faoi PEPP, dá mba ghá, chun dul i ngleic le turraingí diúltacha a bhaineann leis an bpaindéim.

Clár ceannaithe sócmhainní (APP)

I gcomhréir leis an laghdú céim‑ar‑chéim ar cheannacháin sócmhainní a cinneadh mí na Nollag 2021, agus chun a áirithiú go mbeidh an seasamh beartais airgeadaíochta fós comhsheasmhach le cobhsú an bhoilscithe ag a sprioc sa mheántéarma, is luach €40 billiún a bheidh sna glancheannacháin mhíosúla faoi APP sa dara ráithe de 2022 agus is luach €30 billiún a bheidh iontu sa tríú ráithe. Ó mhí Dheireadh Fómhair amach, coimeádfaidh an Chomhairle Rialaithe glancheannacháin mhíosúla faoi APP ag luas míosúil dar luach €20 billiún chomh fada agus is gá chun tionchar freastail a rátaí beartais a threisiú. Tá súil ag an gComhairle Rialaithe go gcuirfear deireadh le glancheannacháin go gairid sula dtosóidh sí ag ardú príomhrátaí úis an Bhainc Ceannais Eorpaigh.

Na híocaíochtaí príomhshuime ó urrúis arna gceannach faoi APP atá ag teacht in aibíocht, tá sé beartaithe ag an gComhairle Rialaithe leanúint dá n‑infheistiú ina n‑iomláine ar feadh tréimhse ama fhadaithe tar éis an dáta a thosóidh sí ag ardú phríomhrátaí úis an Bhainc Ceannais Eorpaigh agus, i gcás ar bith, chomh fada agus is gá chun dálaí leachtachta fabhracha agus freastal airgeadaíochta fairsing a choimeád ar bun.

Príomhrátaí úis an Bhainc Ceannais Eorpaigh

Fanfaidh an ráta úis ar na príomhoibríochtaí athmhaoinithe, an ráta úis ar an tsaoráid iasachta imeallach agus an ráta úis ar an tsaoráid taisce gan athrú ag 0.00%, 0.25% agus −0.50% faoi seach.

Chun tacú lena sprioc shiméadrach boilsciú ag ráta 2% a bhaint amach agus i gcomhréir lena straitéis beartais airgeadaíochta, measann an Chomhairle Rialaithe go gcoimeádfar príomhrátaí úis an Bhainc Ceannais Eorpaigh ag na rátaí ag a bhfuil siad faoi láthair nó ag rátaí níos ísle go dtí go bhfeictear di go mbainfear boilsciú ag ráta 2% amach i bhfad roimh dheireadh thréimhse a réamh-mheastacháin agus go bhfanfaidh sé amhlaidh don chuid eile don tréimhse réamh-mheastacháin, agus go dtí go measann sí dul chun cinn leordhóthanach a bheith déanta maidir le boilsciú bunúsach le go mbeidh sé comhsheasmhach le cobhsú an bhoilscithe ag 2% sa mheántéarma. Féadfar go mbeidh tréimhse aistrithe i gceist mar thoradh air sin ina mbeidh boilsciú ag ráta atá measartha níos airde ná an sprioc.

Oibríochtaí athmhaoinithe

Leanfaidh an Chomhairle Rialaithe d’fhaireachán a dhéanamh ar dhálaí cistiúcháin banc agus áiritheoidh sí nach gcuirfidh teacht in aibíocht oibríochtaí faoin tríú sraith oibríochtaí athmhaoinithe spriocdhírithe fhadtéarmacha (TLTRO III) isteach ar tharchur mín a beartais airgeadaíochta. Déanfaidh an Chomhairle Rialaithe measúnú ar bhonn rialta ar an gcaoi a bhfuil oibríochtaí athmhaoinithe spriocdhírithe ag cur lena seasamh beartais airgeadaíochta. Mar a fógraíodh, measann sí go dtiocfaidh deireadh leis na coinníollacha speisialta is infheidhme faoi TLTRO III i Meitheamh na bliana seo. Déanfaidh an Chomhairle Rialaithe measúnú freisin ar chalabrú iomchuí a córas dhá leibhéal le haghaidh íocaíocht cúlchiste ionas nach gcuirfear srian le cumas idirghabhála banc le beartas an ráta úis dhiúltaigh i dtimpeallacht ina bhfuil leachtacht bhreise fhairsing ann.

***

Tá an Chomhairle Rialaithe réidh lena hionstraimí uile a choigeartú, de réir mar is iomchuí, chun a áirithiú go gcobhsófar boilsciú ag an sprioc, 2%, sa mheántéarma.

Déanfaidh Uachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh trácht ar na breithnithe a bhí mar bhunús leis na cinntí seo ag preasráiteas a thosóidh ag 14:30 CET inniu.

Tá an fhoclaíocht bheacht ar a chinn an Chomhairle Rialaithe le fáil sa leagan Béarla den téacs seo.

TEAGMHÁIL

Banc Ceannais Eorpach

Stiúrthóireacht Cumarsáide

Ceadaítear atáirgeadh ar choinníoll go n-admhaítear an fhoinse.

An Oifig Preasa