Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Cinntí arna ndéanamh ag Comhairle Rialaithe an Bhainc Ceannais Eorpaigh (sa bhreis ar chinntí maidir le socrú rátaí úis)

Samhain 2022

2 Nollaig 2022

Oibríochtaí margaidh

Síneadh curtha le hInfhaighteacht shaoráid shealadach athcheannaigh an Eurochórais do bhainc cheannais (EUREP) tar éis Eanáir 2023

An 8 Samhain 2022 chinn an Chomhairle Rialaithe síneadh a chur le hinfhaighteacht chreat EUREP (atá socraithe faoi láthair le dul in éag ar an 15 Eanáir 2023) go dtí an 15 Eanáir 2024, ar an mbonn go bhfuil údar fós le línte leachtachta euro cúlstop a chur ar fáil trí EUREP ó thaobh an bheartais airgeadaíochta de. Dhearbhaigh an Chomhairle Rialaithe freisin a hullmhacht gach líne shealadach reatha bhabhtála agus athcheannaigh a choinneáil le bainc cheannais nach bhfuil sa limistéar euro go dtí an 15 Eanáir 2024. Tá tuilleadh sonraí maidir le línte leachtachta ar fáil ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais Eorpaigh.

Athbhreithniú ar theorainn le haghaidh comhthaobhacht airgid thirim in iasachtú urrús

An 9 Samhain 2022 chinn an Chomhairle Rialaithe, i bhfianaise an éilimh bhreise fhéideartha ar chomhthaobhacht ar ardchaighdeán ag deireadh na bliana, an teorainn iomlán maidir le hiasachtú urrús i gcoinne comhthaobhacht airgid thirim faoin gclár ceannaigh le haghaidh éigeandáil na paindéime a mhéadú ó €150 billiún go €250 billiún. Tá an cinneadh curtha in iúl trí nuashonrú ar na suíomhanna gréasáin um iasachtú urrús ar leithligh atá ag baill an Eurochórais agus tá sé ar fáil freisin ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais Eorpaigh.

Beartas macrastuamachta agus cobhsaíocht airgeadais

Ráiteas ón gComhairle Rialaithe maidir le beartais mhacrastuamachta

An 28 Deireadh Fómhair 2022 d'fhaomh an Chomhairle Rialaithe ráiteas maidir le beartais mhacrastuamachta. Tá an doiciméad ar fáil ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais Eorpaigh.

Athbhreithniú ar Chobhsaíocht Airgeadais – Samhain 2022

An 9 Samhain 2022 phléigh an Chomhairle Rialaithe saincheisteanna cobhsaíochta airgeadais sa limistéar euro bunaithe ar eagrán na Samhna 2022 den Athbhreithniú ar Chobhsaíocht Airgeadais agus d'fhaomh sí a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais Eorpaigh. Leagtar amach san eagrán seo an chaoi a bhfuil an meath i gcoinníollacha eacnamaíocha agus airgeadais tar éis na rioscaí do chobhsaíocht airgeadais an limistéir euro a mhéadú. Foilsíodh an tAthbhreithniú agus an preasráiteas lena mbaineann ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais Eorpaigh ar an 16 Samhain 2022.

Bonneagar margaidh agus íocaíochtaí

Leasuithe ar cháipéisíocht dhlíthiúil a bhaineann le TARGET

An 9 Samhain 2022 ghlac an Chomhairle Rialaithe Cinneadh BCE/2022/38 lena leasaítear Cinneadh (AE) 2022/911 maidir le téarmaí agus coinníollacha TARGET-BCE agus Treoirlíne BCE/2022/39 lena leasaítear Treoirlíne (AE) 2022/912 maidir le hUathchóras Mearaistrithe Ollsocraíochtaí Fíorama Tras-Eorpach (TARGET) don ré nua. Ba ghá na gníomhartha dlí a leasú mar gheall ar chinneadh an 20 Deireadh Fómhair 2022 den Chomhairle Rialaithe go ndéanfaí seoladh an chórais nua ollsocraíochta fíor-ama agus a samhail bainistíochta leachtachta, T2, a athsceidealú ón 21 Samhain 2022 go dtí an 20 Márta 2023.

Nuashonrú tráthrialta cháipéisíocht shamhail na baincéireachta ceannais comhfhreagraí (SBCC)

An 10 Samhain 2022 d'fhaomh an Chomhairle Rialaithe athruithe ar cháipéisíocht SBCC agus d’fhaomh sí foilsiú leaganacha nuashonraithe na ndoiciméad seo a leanas:

  • Samhail na baincéireachta ceannais comhfhreagraí (SBCC) – Nósanna Imeachta le haghaidh chontrapháirtithe an Eurochórais;
  • Iarscríbhinn theicniúil ar fhaisnéis SBCC le haghaidh contrapháirtithe – Achoimre ar ionstraimí dlíthiúla a úsáidtear sa limistéar euro.

Tá an dá dhoiciméad ar fáil faoi rannán CCBM (SBCC) ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais Eorpaigh.

Gníomh bliantúil aicmithe ar chórais íocaíochta an limistéir euro

An 17 Samhain 2022 d’fhaomh an Chomhairle Rialaithe toradh an ghnímh aicmithe le haghaidh córais íocaíochta bunaithe ar shonraí le haghaidh na mblianta tagartha 2020 agus 2021 agus d’fhaomh sí a fhoilsiú. Beidh faisnéis ghaolmhar ar fáil go luath ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais Eorpaigh.

Comhairle maidir le reachtaíocht

Tuairim BCE maidir le tobhaigh shealadacha a fhorchur ar institiúidí creidmheasa áirithe

An 2 Samhain 2022 ghlac an Chomhairle Rialaithe Tuairim CON/2022/36 ar iarratas ó Banco de España, ag gníomhú thar ceann Pharlaimint na Spáinne.

Tuairim BCE ar scéim na Slóivéine chun nótaí bainc hryvnia atá i seilbh daoine easáitithe ón Úcráin a chomhshó in euro

An 3 Samhain 2022 ghlac an Chomhairle Rialaithe Tuairim CON/2022/39 ar iarratas ó Thionól Náisiúnta Phoblacht na Slóivéine.

Tuairim BCE maidir le híocaíochtaí díbhinne, athchaipitliú agus aisíocaíocht Bhanc Magyar Nemzeti

An 10 Samhain 2022 ghlac an Chomhairle Rialaithe Tuairim CON/2022/37 ar iarratas ó Aireacht Airgeadais na hUngáire.

Tuairim BCE maidir le cumainn foirgníochta

An 10 Samhain 2022 ghlac an Chomhairle Rialaithe Tuairim CON/2022/38 ar iarratas ó Mharascal Pharlaimint na Polainne.

Tuairim BCE maidir le leasuithe ar an Acht maidir le Banc Magyar Nemzeti

An 28 Samhain 2022 ghlac an Chomhairle Rialaithe Tuairim CON/2022/40 ar iarratas ó Aireacht Airgeadais na hUngáire.

Tuairim BCE maidir le húinéireacht eintitis shainchuspóirigh chun nótaí bainc euro a mhonarú

An 29 Samhain 2022 ghlac an Chomhairle Rialaithe Tuairim CON/2022/41 ar iarratas ó Aireacht Airgeadais agus Riaracháin Phoiblí na Spáinne.

Rialachas corparáideach

Nochtadh pléití a bhain le Cinneadh ón mBanc Ceannais Eorpach a ghlacadh maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid de chuid an Bhainc Ceannais Eorpaigh

An 31 Deireadh Fómhair 2022 d’údaraigh an Chomhairle Rialaithe nochtadh sleachta de thoradh pléití de chuid chomhlachtaí cinnteoireachta an Bhainc Ceannais Eorpaigh agus Choiste Dlí an Eurochórais/CEBC (LEGCO) a bhain le glacadh Chinneadh BCE/2004/3 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid an Bhainc Ceannais Eorpaigh. Cuireadh na sleachta ar fáil don phobal trí mheán Chlár Poiblí Doiciméad an Bhainc Ceannais Eorpaigh.

Staitisticí

Tuarascáil bhliantúil 2021 maidir le rúndacht na faisnéise staidrimh aonair arna bailiú ag an mBanc Ceannais Eorpach, le cabhair ó na bainc cheannais náisiúnta

An 10 Samhain 2022 d’fhaomh an Chomhairle Rialaithe, le tairbhe breathnóireachtaí ó chomhaltaí den Chomhairle Ghinearálta, tuarascáil na bliana 2021 dar teideal “Statistical confidentiality protection in the European System of Central Banks (ESCB)” (“Cosaint rúndachta staidrimh sa Chóras Eorpach Banc Ceannais (CEBC)”) agus d’fhaomh sí a foilsiú. Tá an tuarascáil ar fáil ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais Eorpaigh.

Nótaí bainc agus boinn

Cinntí maidir le líon eisiúintí bonn in 2022 agus 2023

An 8 Samhain 2022 ghlac an Chomhairle Rialaithe Cinneadh BCE/2022/40 maidir leis an líon eisiúintí bonn atá le formheas in 2023 agus Cinneadh BCE/2022/41 lena leasaítear Cinneadh (AE) 2021/2255 maidir leis an líon eisiúintí bonn atá le formheas in 2022. Ba ghá an líon eisiúintí bonn in 2022 a leasú mar fhreagairt ar iarrataí arna bhfáil ó roinnt bainc cheannais sa limistéar euro ar líonta breise a fhaomhadh ar bhonn ad hoc.

Maoirseacht Baincéireachta an Bhainc Ceannais Eorpaigh

Torthaí athbhreithniú téamach 2022 ar rioscaí a bhaineann leis an aeráid agus leis an timpeallacht

An 31 Deireadh Fómhair 2022 níor chuir an Chomhairle Rialaithe in aghaidh moladh ón mBord Maoirseachta tuarascáil a fhoilsiú maidir le torthaí athbhreithniú téamach 2022 ar rioscaí a bhaineann leis an aeráid agus leis an timpeallacht agus maidir leis an gcoimre dea-chleachtas. Tá an preasráiteas lena mbaineann ar fáil ar shuíomh gréasáin Maoirseachta Baincéireachta an Bhainc Ceannais Eorpaigh

Foilsiú doiciméid nochta ón mBord Riaracháin Athbhreithnithe (BRA) maidir le taithí ocht mbliana a bheith ag athbhreithniú chinntí maoirseachta an Bhainc Ceannais Eorpaigh

An 21 Meán Fómhair 2022 níor chuir an Chomhairle Rialaithe in aghaidh moladh ón mBord Maoirseachta doiciméad nochta ó BRA a fhoilsiú ina bpléitear taithí ocht mbliana a bheith ag athbhreithniú chinntí maoirseachta an Bhainc Ceannais Eorpaigh. Cuirfear an doiciméad ar fáil go luath ar shuíomh gréasáin Maoirseachta Baincéireachta an Bhainc Ceannais Eorpaigh.

Comhlíonadh Threoirlínte ÚBE maidir le tagarmharcáil cleachtas íocaíochta agus maidir le bailiú sonraí i leith lucht ardioncaim.

An 29 Samhain 2022 níor chuir an Chomhairle Rialaithe in aghaidh moladh ón mBord Maoirseachta a chur in iúl do ÚBE go gcomhlíonann an Banc Ceannais Eorpach, maidir leis na hinstitiúidí suntasacha faoina mhaoirseacht dhíreach, Treoirlínte ÚBE maidir le cleachtais tagarmharcála ar chleachtais íocaíochta, an bhearna phá inscne agus cóimheasa níos airde ceadaithe faoi Threoir 2013/36/AE (CBE/GL/2022/06) agus Treoirlínte CBE maidir le cleachtais bailithe sonraí i leith lucht ardioncaim faoi Threoir 2013/36/AE agus faoi Threoir (AE) 2019/2034/AE (CBE/GL/2022/08).

TEAGMHÁIL

Banc Ceannais Eorpach

Stiúrthóireacht Cumarsáide

Ceadaítear atáirgeadh ar choinníoll go n-admhaítear an fhoinse.

An Oifig Preasa