Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Déimeagrafaic: ag cur srian linn?


Táimid go léir ag dul in aois, agus is amhlaidh dár sochaithe. Agus tá tionchar aige sin ar ráta fáis ár ngeilleagar. Cé gur thug an inimirce breis oibrithe eachtracha isteach inár bhfórsa saothair le blianta beaga anuas agus, dá bhrí sin, gur chuidigh sí lenár ngeilleagair fás, d’fhéadfadh sé nach mairfeadh an tacaíocht sin. Agus tuilleadh daoine ag dul ar scor agus níos lú oibrithe ag dul isteach sa lucht saothair, tá an chothromaíocht idir óg agus aosta ag athrú.

Meastar go dtiocfaidh laghdú ar an mboilsciú i bhfad na haimsire de bharr aosú ár ndaonra. Ach d’fhéadfadh sé leagan amach nua a chur freisin ar a thapúla agus ar a mhéad is féidir leis an ngeilleagar fás, ar na hearraí agus na seirbhísí a ídímid agus ar an gcaoi a gcaitear airgead poiblí.

Tá tábhacht leis na treochtaí sin ó thaobh an bheartais airgeadaíochta de.