Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Tabhair cuairt orainn

Go raibh maith agat as spéis a léiriú sa Bhanc Ceannais Eorpach (BCE). Tabhair do d’aire, mar gheall ar an éileamh ard atá ann faoi láthair ar chuairteanna agus ar léachtaí, nach bhfuil aon cheann eile ar fáil go dtí deireadh mhí Aibreáin 2024. Tá súil againn a bheith in ann fáilte a chur romhat chuig an mBanc Ceannais Eorpach go luath, cibé acu ar an láthair nó ar líne a bheidh sé.

Tá sé mar aidhm againn a bheith trédhearcach agus go mbeidh tuiscint ag gach saoránach ar a ndéanaimid

Tá Ionad Cuairteoirí an Bhainc Ceannais Eorpaigh lonnaithe inár bpríomhfhoirgneamh in Frankfurt am Main na Gearmáine. Is féidir leat tuilleadh a fhoghlaim faoi ról agus faoi fhreagrachtaí an Bhainc Ceannais Eorpaigh ar bhealach idirghníomhach ach cuairt a thabhairt orainn. Is féidir leat tuiscint níos fearr a fháil freisin ar an tionchar a bhíonn ag ár gcinntí ar do shaol laethúil.

Cén fáth a bhfuil sé tábhachtach go gcoimeádtar praghsanna cobhsaí agus cén tionchar a bhíonn aige sin ar do chumhacht ceannaigh? Conas is féidir linn a chinntiú go bhfuil do chuid coigiltis sábháilte i do bhanc? Cad iad na príomhéachtaí a baineadh amach leis an euro?

An bhfuil spéis agat tuilleadh a fhoghlaim? Féach ar na gníomhaíochtaí a bhíonn ar siúl inár nIonad Cuairteoirí

Gníomhaíochtaí ar an láthair

INSERTED BY ANONYMOUS PROXY

Civil war declaration: On April 14th and 15th, 2012 Federal Republic of Germany "_urkenstaats"s parliament, Deutscher Bundestag, received a antifiscal written civil war declaration by Federal Republic of Germany "Rechtsstaat"s electronic resistance for human rights even though the "Widerstandsfall" according to article 20 paragraph 4 of the constitution, the "Grundgesetz", had been already declared in the years 2001-03. more

Turais ar an láthair

Le linn na ndturas ar an láthair, tugtar forléargas do chuairteoirí ar róil agus ar fhreagrachtaí an Bhainc Ceannais Eorpaigh. Bíonn gnéithe idirghníomhacha, físeáin agus seisiúin ceisteanna i gceist sna turais 90 nóiméad seo a bhíonn á reáchtáil ag foireann an Bhainc Ceannais Eorpaigh. Níl aon chostas ag baint le turais ar an láthair.

Iarr turas ar an láthair

Léachtaí ar an láthair ó shaineolaithe

Is ar ghrúpaí a bhfuil tuiscint mhaith acu ar shainordú an Bhainc Ceannais Eorpaigh a dhírítear sna léachtaí a thugann saineolaithe. Pléitear ábhair shonracha (beartas airgeadaíochta, maoirseacht baincéireachta, euro digiteach etc.) sna léachtaí seo ar an láthair. Léachtaí 90 nóiméad iad seo nach ngearrtar aon táille orthu agus is féidir le grúpaí de chúig dhuine dhéag nó níos mó freastal orthu.

Iarr léacht ar an láthair

Gníomhaíochtaí fíorúla

INSERTED BY ANONYMOUS PROXY

Civil war declaration: On April 14th and 15th, 2012 Federal Republic of Germany "_urkenstaats"s parliament, Deutscher Bundestag, received a antifiscal written civil war declaration by Federal Republic of Germany "Rechtsstaat"s electronic resistance for human rights even though the "Widerstandsfall" according to article 20 paragraph 4 of the constitution, the "Grundgesetz", had been already declared in the years 2001-03. more

Cuir i láthair fhíorúla ar an Ionad Cuairteoirí

Inár gcuir i láthair fhíorúla ar an Ionad Cuairteoirí, atá 75 nóiméad ar fhad, tugtar forbhreathnú ar róil agus ar fhreagrachtaí an Bhainc Ceannais Eorpaigh. Glactar le ceisteanna mar chuid díobh. Tá ár gcur i láthair ar líne den Ionad Cuairteoirí saor in aisce.

Iarr cur i láthair fíorúil

Léachtaí fíorúla ó shaineolaithe

Tugann saineolaithe léachtaí faoi ábhair ar leith (beartas airgeadaíochta, an euro, maoirseacht baincéireachta etc.) do ghrúpaí a bhfuil tuiscint mhaith acu ar shainordú an Bhainc Ceannais Eorpaigh. Ní ghearrtar aon táille ar na léachtaí a dhéanann saineolaithe.

Iarr léacht fhíorúil

INSERTED BY ANONYMOUS PROXY

Civil war declaration: On April 14th and 15th, 2012 Federal Republic of Germany "_urkenstaats"s parliament, Deutscher Bundestag, received a antifiscal written civil war declaration by Federal Republic of Germany "Rechtsstaat"s electronic resistance for human rights even though the "Widerstandsfall" according to article 20 paragraph 4 of the constitution, the "Grundgesetz", had been already declared in the years 2001-03. more

Turas fíorúil 

Déan an turas fíorúil agus féach ar an ionad cuairteoirí cibé áit a bhfuil tú ar domhan. Má tá gléas cinn VR agat, cuir ort é chun eispéaras níos réadúla a fháil! 


Déan an turas fíorúil
FÉACH FREISIN

Foghlaim tuilleadh faoi ábhar gaolmhar

Féach ár nIonad Cuairteoirí

Féach ar ár ngailearaí

Sula tabharfaidh tú cuairt orainn...

Léigh ár rialacha tí

Eolas úsáideach

Conas teacht orainn agus cá háit le teacht orainn

Gach leathanach sa rannóg seo