Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by
  • RÁITEAS BEARTAIS AIRGEADAÍOCHTA

PREASÓCÁID

Christine Lagarde, Uachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh
Luis de Guindos, Leas-Uachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh

Amstardam, an 9 Meitheamh 2022

Dia dhaoibh. Cuirim féin agus an Leas-Uachtarán fáilte romhaibh chuig an bpreasócáid. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an Uachtarán Knot as an bhfáilte fhial. Táimid an‑bhuíoch dá fhoireann a bhfuil scoth na hoibre déanta acu chun cruinniú na Comhairle Rialaithe inniu a eagrú.

Is dúshlán mór é an boilsciú ard do gach aon duine againn. Áiritheoidh an Chomhairle Rialaithe go dtógfar boilsciú ar ais chuig ár sprioc, is í sin, dó faoin gcéad sa mheántéarma.

Tháinig ardú suntasach eile ar bhoilsciú i mí na Bealtaine de dheasca praghsanna fuinnimh agus bia a bhí ag ardú i gcónaí, agus tionchar an chogaidh ina chúis leis sin. Tá tuilleadh brúnna praghsanna anois ann áfach agus iad níos géire anois, agus tá ardú mór tagtha ar phraghsanna mórán earraí agus seirbhísí leis. Tá athbhreithniú déanta ag baill foirne an Eurochórais ar a réamh-mheastacháin boilscithe bonnlíne, agus iad ardaithe go suntasach acu. Léirítear sna réamh-mheastacháin sin gur dócha go mbeidh boilsciú ag leibhéal ard neamh‑inmhianaithe go ceann tamall eile. Dá ainneoin sin, meastar go dtiocfaidh laghdú ar bhoilsciú de bharr modhnú ar chostais fuinnimh, scaoileadh deacrachtaí soláthar a bhaineann leis an bpaindéim agus normalú an bheartais airgeadaíochta. Sna réamh-mheastacháin foirne nua, tuartar go mbeidh boilsciú bliantúil ag 6.8 faoin gcéad in 2022, sula dtiocfaidh laghdú air go 3.5 faoin gcéad in 2023 agus go 2.1 faoin gcéad in 2024, rátaí atá níos airde ná mar a bhí i réamh-mheastacháin mhí an Mhárta. Fágann sé sin go mbeidh boilsciú bonnlíne beagán níos airde ná sprioc na Comhairle Rialaithe faoi dheireadh thréimhse an réamh-mheastacháin. Meastar go mbeidh an meánráta boilscithe (seachas bia agus fuinneamh) ag 3.3 faoin gcéad in 2022, 2.8 faoin gcéad in 2023 agus 2.3 faoin gcéad in 2024, rátaí atá níos airde freisin ná réamh-mheastacháin mhí an Mhárta.

Tá tionchar fós á imirt ag ionsaí na Rúise in aghaidh na hÚcráine, nach bhfuil bonn cirt leis, ar an ngeilleagar san Eoraip agus níos faide i gcéin. Cuireann sé isteach ar thrádáil, tá ganntanas ábhar ann dá dheasca agus cuireann sé le praghsanna arda fuinnimh agus tráchtearraí. Beidh tionchar ag na tosca sin ar mhuinín agus maolófar fás dá dheasca, go háirithe sa ghearrthéarma. Mar sin féin, tá cúinsí ann a fhágann gur féidir leis an ngeilleagar fás de bharr athoscailt leanúnach an gheilleagair, margadh saothair láidir, tacaíocht airgeadais agus coigiltis a sábháladh le linn na paindéime. Meastar go dtiocfaidh feabhas ar ghníomhaíocht eacnamaíoch tráth a mhaolófar na tosca diúltacha sin atá anois ann. Léirítear an t‑ionchas sin i réamh‑mheastacháin foirne an Eurochórais, ina dtuartar go mbeidh fíorfhás OTI ag 2.8 faoin gcéad in 2022, 2.1 faoin gcéad in 2023 agus 2.1 faoin gcéad in 2024. I comparáid le réamh-mheastacháin mhí an Mhárta, rinneadh an t-ionchas a athbhreithniú go suntasach don taobh thíos le haghaidh 2022 agus 2023 ach ardaíodh é i gcás 2024.

Ar bhonn ár measúnaithe nuashonraithe, chinneamar bearta breise a dhéanamh chun ár mbeartas airgeadaíochta a normalú. I rith an phróisis seo, coimeádfaidh an Chomhairle Rialaithe roghnaíocht, cur chuige sonraíbhunaithe céimnitheach, agus solúbthacht i bhfeidhmiú an bheartais airgeadaíochta.

Ar dtús báire, chinneamar deireadh a chur le glancheannacháin sócmhainní faoin gclár ceannaithe sócmhainní (APP) ón 1 Iúil 2022 amach. Na híocaíochtaí príomhshuime ó urrúis arna gceannach faoi APP atá ag teacht in aibíocht, tá sé beartaithe ag an gComhairle Rialaithe leanúint dá n‑infheistiú ina n‑iomláine ar feadh tréimhse ama fhadaithe tar éis an dáta a thosóidh sí ag ardú phríomhrátaí úis an Bhainc Ceannais Eorpaigh agus, i gcás ar bith, chomh fada agus is gá chun dálaí leachtachta leordhóthanacha agus freastal airgeadaíochta iomchuí a choimeád ar bun.

Rinneamar athbhreithniú cúramach freisin ar na coinníollacha gur cheart a shásamh, de réir ár réamhthreorach, sula dtosóimid ar rátaí úis a ardú. De thoradh an athbhreithnithe sin, tháinig an Chomhairle Rialaithe ar an gconclúid gur sásaíodh na coinníollacha úd. Dá réir sin agus i gcomhréir lenár seicheamhú beartais, tá sé ar intinn againn ardú 25 bhonnphointe a chur ar phríomhrátaí úis an Bhainc Ceannais Eorpaigh ag ár gcruinniú beartais airgeadaíochta i mí Iúil.

Ag breathnú chun tosaigh, measaimid go n‑ardóimid príomhrátaí úis an Bhainc Ceannais Eorpaigh arís i mí Mheán Fómhair. Beidh calabrú an ardaithe ráta sin ag brath ar an ionchas boilscithe mheántéarmaigh nuashonraithe. Má bhíonn an t‑ionchas boilscithe mheántéarmaigh ag an leibhéal céanna nó má théann sé chun donais, beidh incrimint níos airde ag cruinniú mhí Mheán Fómhair iomchuí.

Maidir leis an tréimhse tar éis mhí Mheán Fómhair, measaimid ar bhonn ár measúnú reatha go mbeidh conair chéimnitheach ach leanúnach d’arduithe rátaí úis iomchuí. I gcomhréir lenár dtiomantas i leith na sprice meántéarmaí, is í sin dó faoin gcéad, beidh an luas ag a ndéanfaimid an beartas airgeadaíochta a choigeartú ag brath ar na sonraí a thiocfaidh isteach agus ar ár measúnú ar fhorbairt an bhoilscithe sa mheántéarma.

Laistigh de shainordú na Comhairle Rialaithe, agus dálaí struis ann, beidh an tsolúbthacht sin fós mar chuid den bheartas airgeadaíochta i gcás ar bith ina gcuirfear gnóthú na cobhsaíocht airgeadaíochta i mbaol de dheasca bagairt ar tharchur beartais airgeadaíochta.

Leagtar amach na cinntí uile a rinneadh inniu i bpreasráiteas atá ar fáil ar ár suíomh gréasáin.

Tabharfaidh mé cuntas níos mionsonraithe anois ar ár mbarúil faoin bhforás a thiocfaidh ar an ngeilleagar agus ar bhoilsciú, agus ansin míneoimid ár measúnú ar dhálaí airgeadais agus airgeadaíochta.

Gníomhaíocht eacnamaíoch

Sa ghearrthéarma, measaimid go mbeidh gníomhaíocht maolaithe de dheasca praghsanna arda fuinnimh, na meatha i dtéarmaí trádála de, éiginnteacht níos mó agus thionchar diúltach an bhoilscithe aird ar ioncam indiúscartha. Tá scrogaill soláthair tar éis dul in olcas arís i ngeall ar an gcogadh san Úcráin agus srianta athnuachana paindéime sa tSín. Mar thoradh air sin, tá ar ghnólachtaí déileáil le costais níos airde agus le suaitheadh i slabhraí soláthair, agus tá meath ar a n-ionchas maidir le haschur sa todhchaí.

Dá ainneoin sin, tá tosca ann a thacaíonn leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch agus meastar gur i bhfeabhas a rachaidh na tosca sin sna míonna atá le teacht. Beidh tacaíocht ann fós d’ioncam agus do chaiteachas mar thoradh ar athoscailt na n‑earnálacha sin ba mhó a bhí thíos leis an bpaindéim, agus de bharr an mhargaidh saothair láidir atá anois ann ina bhfuil post ag níos mó daoine. Sa bhreis air sin, is cuidiú iad na coigiltis a cruinníodh le linn na paindéime.

Tá tionchar an chogaidh á mhaolú ag an mbeartas airgeadaíochta. Le bearta buiséadacha dírithe sealadacha, tugtar cosaint dóibh siúd is mó atá thíos le costais fuinnimh níos airde, fad is a shriantar an riosca go gcuirfí le brúnna boilscithe. Cuidiú a bheadh i gcur chun feidhme pras na bpleananna infheistíochta agus athchóirithe struchtúraigh faoi chlár Next Generation EU, faoin bpacáiste “Oiriúnach do 55” agus faoi phlean REPowerEU le go bhféadfadh geilleagar an limistéir euro fás ar bhealach níos tapúla agus inbhuanaithe agus a bheith níos athléimní i gcoinne turraingí domhanda.

Boilsciú

Tháinig ardú arís eile ar bhoilsciú i mí na Bealtaine go 8.1 faoin gcéad. Cé go bhfuil idirghabháil déanta ag rialtais agus gur chabhraigh siad le boilsciú fuinnimh a mhoilliú, tá praghsanna fuinnimh 39.2 faoin gcéad níos airde ná na leibhéil ag a raibh siad bliain ó shin. Tugtar le fios sna táscairí margaidh go mbeidh praghsanna fuinnimh fós ard sa ghearrthéarma ach go modhnóidh siad ansin go pointe áirithe. Tháinig ardú 7.5 ar phraghsanna bia i mí na Bealtaine, agus baint áirithe ag tábhacht na hÚcráine agus na Rúise i measc na bpríomhtháirgeoirí earraí talmhaíochta leis sin.

Tá ardú níos láidre ar phraghsanna freisin mar thoradh ar scrogaill soláthair athnuaite agus téarnamh san éileamh intíre, go háirithe san earnáil seirbhísí agus an geilleagar ag athoscailt. Tá arduithe praghsanna níos coitianta anois ar fud earnálacha éagsúla. Dá réir sin, tá tomhais ar bhoilsciú bunúsach tar éis a bheith ag ardú tuilleadh.

Tá an margadh saothair ag feabhsú fós agus bhí dífhostaíocht fós ag 6.8 faoin gcéad i mí Aibreáin, leibhéal an-íseal ó thaobh na staire de. Is léir ó na folúntais post i mórán earnálacha go bhfuil éileamh láidir ann le haghaidh saothair. Tá fás pá ag tosú ag feabhsú anois agus léirítear sin i dtáscairí todhchaí chomh maith. Le himeacht ama, ba cheart go dtacódh láidriú an gheilleagair agus éifeachtaí téarnaimh le fás níos tapúla ar phá. Cé go seasann formhór na measúnuithe ar an ionchas boilscithe fadtéarmach (a díorthaíodh ó mhargaidh airgeadais agus ó shuirbhéanna ar shaineolaithe) ag leibhéal thart ar dhó faoin gcéad, ach is fiú monatóireacht ghéar a dhéanamh ar chomharthaí luatha ar athbhreithnithe thar an sprioc sna measúnuithe sin.

Measúnú riosca

Tá maolú tagtha ar rioscaí a bhaineann leis an bpaindéim ach is riosca suntasach ar an taobh thíos don fhás é an cogadh fós. Mór‑riosca a bheadh ann dá gcuirfí isteach tuilleadh ar sholáthar fuinnimh sa limistéar euro, mar a léirítear sa chás ar an taobh thíos sna réamh-mheastacháin foirne. Sa bhreis air sin, dá n‑éireodh an cogadh ní ba mheasa, d’fhéadfadh seintimint eacnamaíoch dul in olcas, d’fhéadfadh tuilleadh srianta soláthair a bheidh ann, agus d’fhéadfadh costais fuinnimh agus bia fanacht ag leibhéal níos airde ná mar a bhfuiltear ag súil leis.

Is ar an taobh thuas den chuid is mó atá na rioscaí a bhaineann le boilsciú. I measc na rioscaí don ionchas boilscithe mheántéarmaigh tá meath seasmhach ar chumas táirgeachta ár ngeilleagair, praghsanna arda seasmhacha bia agus fuinnimh, ionchais bhoilscithe níos airde ná ár sprioc, agus fás níos airde ná mar a measadh ar phá. Dá dtiocfadh laghdú ar éileamh sa mheántéarma, áfach, laghdódh sé sin an brú ar phraghsanna.

Dálaí airgeadais agus airgeadaíochta

Tá ardú tagtha ar rátaí úis margaidh mar fhreagairt ar an ionchas athraitheach ar bhoilsciú agus ar an mbeartas airgeadaíochta. Agus rátaí úis tagarmhaic ag ardú, tá ardú tagtha ar chostais maoinithe banc, agus tá ardú tagtha ar rátaí iasachta banc do theaghlaigh go háirithe dá dheasca. Mar sin féin, tháinig ardú ar iasachtú do ghnólachtaí i mí an Mhárta. Tharla sé sin mar thoradh ar an ngá leanúnach atá le hinfheistíocht agus caipiteal oibre a mhaoiniú, i gcomhthéacs costais táirgthe níos airde, scrogaill soláthair sheasmhacha agus níos lú spleáchais ar mhaoiniú margaidh. Tháinig ardú ar iasachtú do theaghlaigh freisin, rud a léiríonn an t‑éileamh láidir atá ann fós ar mhorgáistí.

I gcomhréir lenár straitéis beartais airgeadaíochta, tá a measúnú débhliantúil mionsonraithe ar an idirchaidreamh idir an beartas airgeadaíochta agus an chobhsaíocht airgeadais curtha i gcrích ag an gComhairle Rialaithe. Tá an timpeallacht cobhsaíochta airgeadais tar éis dul in olcas ó bhí ár measúnú deireanach againn i mí na Nollag in 2021, go háirithe sa ghearrthéarma. D’fhéadfadh meath eile fós teacht ar na dálaí eacnamaíocha atá ann d’iasachtaithe de dheasca fás níos ísle agus brúnna praghais níos airde, chomh maith le rátaí gan riosca atá agus torthaí bannaí rialtais atá ag ardú. Ag an am céanna, d’fhéadfadh maolú teacht ar roinnt leochaileachtaí cobhsaíochta airgeadais sa mheántéarma mar thoradh ar dhálaí maoinithe níos géire. Na bainc a raibh staid láidre caipitil agus caighdeán sócmhainní i mbun feabhais acu ag tús na bliana, tá rioscaí creidmheasa níos mó rompu anois. Beimid ag faire go géar ar na tosca sin. I gcás ar bith, is é an beartas macrastuamachta an chéad líne chosanta a bheidh ann chun an chobhsaíocht airgeadais a chaomhnú agus chun dul i ngleic le leochaileachtaí meántéarmacha.

Conclúid

Mar achoimre, tá ionsaí gan bonn cirt na Rúise in aghaidh na hÚcráine ag cur isteach ar gheilleagar an limistéir euro agus tá ard‑éiginnteacht ann fós ann maidir leis an ionchas. Mar sin féin, tá na dálaí ann le go bhféadfadh an geilleagar leanúint ag fás agus ag téarnamh tuilleadh sa mheántéarma.

Tá boilsciú níos airde ná mar ba mhian linn agus meastar go bhfanfaidh sé ag leibhéal os cionn na sprice go ceann tamall eile. Áiritheoimid go dtógfar boilsciú ar ais chuig ár sprioc, is í sin, dó faoin gcéad sa mheántéarma. Dá réir sin, chinneamar bearta breise a dhéanamh chun ár mbeartas airgeadaíochta a normalú. Beidh calabrú ár mbeartas uile ag brath ar shonraí i gcónaí agus beidh sé ina léiriú ar ár measúnú athraitheach ar an ionchas. Táimid réidh lenár n‑ionstraimí uile a choigeartú, laistigh dár sainordú agus solúbthacht á cur san áireamh, chun a áirithiú go gcobhsófar boilsciú ag ár sprioc, is í sin dó faoin gcéad sa mheántéarma.

Táimid réidh anois le glacadh le bhur gcuid ceisteanna.

Tá an fhoclaíocht bheacht ar ar cinn an Chomhairle Rialaithe le fáil sa leagan Béarla den téacs seo.

TEAGMHÁIL

Banc Ceannais Eorpach

Stiúrthóireacht Cumarsáide

Ceadaítear atáirgeadh ar choinníoll go n-admhaítear an fhoinse.

An Oifig Preasa