Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Cinntí arna ndéanamh ag Comhairle Rialaithe an Bhainc Ceannais Eorpaigh (sa bhreis ar chinntí maidir le socrú rátaí úis)

Meitheamh 2024

21 Meitheamh 2024

Beartas airgeadaíochta

Sealúchais bannaí corparáide an Eurochórais chun críocha beartais airgeadaíochta

An 5 Meitheamh 2024 d’údaraigh an Chomhairle Rialaithe foilsiú an dara tuarascáil ón mBanc Ceannais Eorpach ar nochtaí airgeadais a bhaineann leis an aeráid de shócmhainní an Eurochórais arna sealbhú chun críocha beartais airgeadaíochta agus cúlchistí eachtracha an Bhainc Ceannais Eorpaigh. Cuirtear faisnéis ar fáil sa tuarascáil maidir le lorg carbóin phunanna an Eurochórais agus nochtadh do rioscaí aeráide, chomh maith le rialachas, straitéis agus bainistiú riosca a bhaineann leis an aeráid. Cuirtear faisnéis ar fáil i dtuarascáil eile freisin maidir le punanna beartais neamhairgeadaíochta an Bhainc Ceannais Eorpaigh atá ainmnithe in euro, lena n-áirítear a phunann cistí dílse agus a chiste pinsin foirne. Foilseofar an dá thuarascáil ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais Eorpaigh faoi dheireadh mhí an Mheithimh 2024.

Beartas macrastuamachta agus cobhsaíocht airgeadais

Tuarascáil an Bhainc Ceannais Eorpaigh ar chomhtháthú airgeadais agus ar struchtúir airgeadais sa limistéar euro

An 14 Meitheamh 2024, d’fhormheas an Chomhairle Rialaithe an tuarascáil ar chomhtháthú airgeadais agus ar struchtúir airgeadais sa limistéar euro agus thug sí dá haire a foilsiú an 18 Meitheamh 2024 ag comhdháil chomhpháirteach de chuid an Bhainc Ceannais Eorpaigh/an Choimisiúin Eorpaigh. Cuirtear i láthair sa tuarascáil príomhfhorbairtí struchtúracha amhail próiseas an chomhtháthaithe airgeadais, athruithe ar struchtúir airgeadais agus an próiseas forbartha agus nuachóirithe airgeadais. Pléitear beartais roghnaithe de chuid na hearnála airgeadais inti freisin, go háirithe beartais a bhaineann leis an aontas baincéireachta Eorpach agus le haontas margaí caipitil na hEorpa. Tá an tuarascáil, chomh maith le preaseisiúint ghaolmhar, le fáil ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais Eorpaigh.

Bonneagar margaidh agus íocaíochtaí

Tuarascáil Bhliantúil TARGET 2023

Ar an 3 Meitheamh 2024 thug an Chomhairle Rialaithe dá haire Tuarascáil Bhliantúil 2023 TARGET. Cuirtear faisnéis ar fáil sa tuarascáil maidir le trácht agus feidhmíocht, agus na príomhfhorbairtí a tharla in TARGET2 agus in T2 araon in 2023. Áirítear inti freisin ocht mbosca ar ábhair a raibh ábharthacht ar leith ag baint leo in 2023, lena n-áirítear anailís mhionsonraithe ar thrácht agus ar láimhdeachas T2, an úsáid a bhaineann rannpháirtithe as uaireanta oibriúcháin leathnaithe T2, sainaithint socruithe rannpháirtíochta cisealta in T2, léargas ar imirce tionscadail chomhdhlúthaithe TARGET2/T2S agus na chéad seachtainí d’oibríochtaí, éabhlóid ilairgeadra T2 agus TIPS, éabhlóid TIPS, agus praghsáil nua TIPS. Tá an tuarascáil le fáil ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais Eorpaigh.

Rochtain bhainc cheannais na mBalcán Thiar ar chlón d’ardán Socraíochta Íocaíochta Meandraí TARGET (TIPS)

An 7 Meitheamh 2024 d’fhormheas an Chomhairle Rialaithe go soláthródh Banca d’Italia, ag gníomhú thar ceann na mbanc ceannais de chuid an Eurochórais a chuireann seirbhísí ar fáil, clón d’ardán TIPS an Eurochórais do bhainc cheannais Mhontainéagró, na Cosaive, na Macadóine Thuaidh agus na Boisnia agus na Heirseagaivéine, chomh maith le Banc na hAlbáine, a d’iarr rochtain ar dtús mar chuid dá chuid oibre chun an córas íocaíochta san Albáin a nuachóiriú agus chun comhtháthú le tírdhreach íocaíochta an Aontais. Tiocfaidh an rochtain i bhfeidhm a luaithe a bheidh na téarmaí agus na coinníollacha tugtha chun críche ag na páirtithe uile.

Comhairle maidir le reachtaíocht

Tuairim BCE maidir leis an gcibearshlándáil

An 13 Bealtaine 2024 ghlac an Chomhairle Rialaithe Tuairim CON/2024/14 ar iarratas ó Aireacht Airgeadais Phoblacht na Laitvia.

Tuairim BCE maidir le leasuithe ar chóras na gcúlchistí íosta

An 14 Bealtaine 2024 ghlac an Chomhairle Rialaithe Tuairim CON/2024/15 ar iarratas Banca Națională a României.

Tuairim BCE ar Mholadh le haghaidh Cinneadh ón gComhairle maidir leis an leasú ar an gComhaontú Airgeadaíochta le Prionsacht Andóra agus ar an gComhaontú Airgeadaíochta le Poblacht San Mairíne

An 15 Bealtaine 2024 ghlac an Chomhairle Rialaithe Tuairim CON/2024/16 ar iarratas ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh.

Tuairim ó BCE maidir le cuntais soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní ag banc ceannais

An 27 Bealtaine 2024 ghlac an Chomhairle Rialaithe Tuairim CON/2024/17 ar iarratas ó Aireacht Airgeadais Phoblacht na Laitvia.

Tuairim BCE maidir le síneadh a chur leis an gClár Brústocaireachta

An 31 Bealtaine 2024 ghlac an Chomhairle Rialaithe Tuairim CON/2024/18 ar iarratas ó Aire Caiteachais Phoiblí, Sheachadadh agus Athchóiriú Phlean Forbartha Náisiúnta na hÉireann.

Tuairim BCE maidir le ceangal a chur ar institiúidí creidmheasa bonneagar íosta airgid a chur ar fáil

An 31 Bealtaine 2024 ghlac an Chomhairle Rialaithe Tuairim CON/2024/19 ar iarratas ó Aireacht Airgeadais Phoblacht na Laitvia.

Tuairim ó BCE maidir le cuóta na Liotuáine a mhéadú sa Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta

An 12 Meitheamh 2024, ghlac an Chomhairle Rialaithe Tuairim CON/2024/20 ar iarratas ó Aire Airgeadais na Liotuáine.

Rialachas corparáideach

Sceidil chruinnithe Chomhairle Rialaithe agus Chomhairle Ghinearálta an Bhainc Ceannais Eorpaigh in 2025 agus 2026

An 17 Bealtaine 2024 d’fhoilsigh an Banc Ceannais Eorpach na sceidil do chruinnithe den Chomhairle Rialaithe agus den Chomhairle Ghinearálta in 2025 agus 2026. Tá an clár ama le fáil ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais Eorpaigh.

Moladh ón mBanc Ceannais Eorpaigh maidir le hiniúchóirí seachtracha Banque de France

An 4 Meitheamh 2024, ghlac an Chomhairle Rialaithe Moladh BCE/2024/15 do Comhairle an Aontais Eorpaigh maidir le hiniúchóirí seachtracha Banque de France.

Ceapachán ionadaithe BCE ar an mBord Maoirseachta

An 5 Meitheamh 2024 cheap an Chomhairle Rialaithe Sharon Donnery (Leas-Ghobharnóir Bhanc Ceannais na hÉireann), Pedro Machado (Comhalta Boird agus Stiúrthóir Pleanála agus Cinntí Réitigh ar an mBord Réitigh Aonair) agus Patrick Montagner (An Chéad Leas-Ard-Rúnaí agus Ceann Maoirseachta Árachais agus Cleachtas Tráchtála d’Earnálacha Baincéireachta agus Árachais ag Autorité de Contrôle Prudentiel et de Résolution) ina n-ionadaithe BCE ar Bhord Maoirseachta Mhaoirseacht Baincéireachta an Bhainc Ceannais Eorpaigh, gach duine acu ar feadh téarma neamh-inathnuaite 5 bliana. Tiocfaidh siad i gcomharbacht ar ionadaithe reatha an Bhainc Ceannais Eorpaigh – Edouard Fernandez-Bollo, Kerstin af Jochnick agus Elizabeth McCaul – nuair a thiocfaidh deireadh lena dtéarmaí faoi seach idir mí Lúnasa agus mí na Samhna i mbliana. Tá preaseisiúint ghaolmhar le fáil ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais Eorpaigh.

Staidreamh

Nuashonrú bliantúil ar liosta na ngníomhairí tuairiscithe sonraí grúpa a bhaineann le staidreamh ar shealúchais urrús

An 10 Bealtaine 2024, d’fhormheas an Chomhairle Rialaithe an liosta nuashonraithe de ghníomhairí tuairiscithe sonraí grúpa a bhaineann le staidreamh ar shealúchais urrús. Ó 2016 i leith, tá nuashonrú á dhéanamh ar an liosta uair sa bhliain ar a laghad ar bhonn na gcritéar cainníochta agus cáilíochta a leagtar amach in Airteagal 2(4) de Rialachán BCE /2012/24. Thug an banc ceannais náisiúnta ábhartha fógra d’eintitis a ndearna na hathruithe difear dóibh laistigh de 10 lá oibre tar éis dháta chinneadh na Comhairle Rialaithe de bhun Airteagal 8(2) de Threoirlíne BCE/2013/7 (gníomhairí tuairiscithe nua) agus Airteagal 2(8) de Rialachán BCE/2012/24 (gníomhairí tuairiscithe le baint).

Tuarascáil cáilíochta 2023 ar staidreamh faoin limistéar euro, faoi chomharduithe íocaíochtaí náisiúnta agus faoin staid infheistíochta idirnáisiúnta

An 23 Bealtaine 2024, d’fhormheas an Chomhairle Rialaithe an measúnú atá i dtuarascáil cáilíochta 2023 ar staidreamh a bhaineann le comharduithe íocaíochtaí náisiúnta agus an limistéir euro agus staidreamh faoin staid infheistíochta idirnáisiúnta, agus d’fhormheas sí a foilsiú. Tá an tuarascáil, ina gcuireann fáisnéis nuashonraithe ar fáil maidir leis na feabhsuithe a rinneadh ó foilsíodh tuarascáil cáilíochta 2021 agus ina léirítear réimsí ina bhféadfaí tuilleadh feabhais a dhéanamh amach anseo, le fáil ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais Eorpaigh.

Comhar Idirnáisiúnta agus Eorpach

Tuarascáil maidir le ról idirnáisiúnta an euro

An 16 Bealtaine 2024, d’fhormheas an Chomhairle Rialaithe eagrán mhí an Mheithimh 2024 den tuarascáil ar ról idirnáisiúnta an euro agus d’údaraigh sí a foilsiú ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais Eorpaigh. Tá an tuarascáil, ina dtugtar forléargas ar fhorbairtí in úsáid an euro i measc neamhchónaitheoirí de chuid an limistéir euro in 2023, le fáil, mar aon le preaseisiúint ghaolmhar, ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais Eorpaigh.

Nótaí bainc agus boinn

Comórtas deartha don tríú sraith nótaí bainc euro

An 13 Meitheamh 2024, thug an Chomhairle Rialaithe dá haire na próisis don chomórtas deartha agus chun giúiré an chomórtais deartha bhunú don tsraith nótaí bainc euro a bheidh ann amach anseo. Leis an gcomórtas deartha beifear in ann dearadh a roghnú le haghaidh nótaí bainc euro a bheidh ann amach anseo agus beidh sé bunaithe ar phrionsabail ghinearálta chomórtas poiblí, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach. Foilseofar an nós imeachta in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Mar chuid den phróiseas, bunófar giúiré don chomórtas deartha, a mbeidh saineolaithe neamhspleácha ina gcomhaltaí de, chun gearrliosta dearaí a ullmhú chun tacú le roghnú na Comhairle Rialaithe. Táthar ag súil go gcuirfidh an giúiré tús lena chuid oibre faoi dheireadh 2024 agus táthar ag súil go seolfar an comórtas deartha go luath in 2025.

Maoirseacht baincéireachta an Bhainc Ceannais Eorpaigh

Comhlíonadh BCE le Treoirlínte an Údaráis Baincéireachta Eorpaigh (ÚBE) maidir le táscairí tábhachta sistéamaí a shonrú agus a nochtadh

An 10 Bealtaine 2024, níor chuir an Chomhairle Rialaithe i gcoinne togra ón mBord Maoirseachta fógra a thabhairt do ÚBE, maidir leis na hinstitúidí suntasacha faoina mhaoirseacht dhíreach, go gcomhlíonann an Banc Ceannais Eorpach Treoirlínte ÚBE maidir le sonrú agus nochtadh táscairí tábhachta sistéamaí (ÚBE/GL/2023/10) cheana féin.

Comhlíonadh BCE le Treoirlínte an Údaráis Baincéireachta Eorpaigh (ÚBE) maidir le tagarmharcáil na gcleachtas éagsúlachta

An 24 Bealtaine 2024, níor chuir an Chomhairle Rialaithe i gcoinne togra ón mBord Maoirseachta fógra a thabhairt do ÚBE, go bhfuil sé beartaithe ag BCE, i gcás na n-institiúidí suntasacha faoina mhaoirseacht dhíreach, nuair a bheidh na himeachtaí reachtacha nó rialála is gá curtha i gcrích, Treoirlínte maidir le tagarmharcáil cleachtas éagsúlachta, lena n-áirítear beartais éagsúlachta agus an bhearna phá idir na hinscní, faoi Threoir 2013/36/AE agus faoi Threoir (AE) 2019/2034 (EBA/GL/2023/08) a chomhlíonadh.

Meabhrán tuisceana idir an Banc Ceannais Eorpach agus Superintendencia de Servicios Financieros del Banco Central del Uruguay

An 31 Bealtaine 2024 níor chuir an Chomhairle Rialaithe i gcoinne togra ón mBord Maoirseachta chun Meabhrán Tuisceana idir an Banc Ceannais Eorpach agus Banco Central del Uruguay, a fhormheas. I gcomhréir leis an gcleachtas caighdeánach, foilsíodh an Meabhrán Tuisceana, tar éis do na páirtithe uile é a shíniú, ar shuíomh gréasáin maoirseachta baincéireachta BCE.

Comhairliúchán poiblí faoi Threoir BCE maidir le néalseirbhísí a sheachfhoinsiú chuig soláthraithe néalseirbhísí

An 31 Bealtaine 2024, ní chuir an Chomhairle Rialaithe i gcoinne togra ón mBord Maoirseachta chun comhairliúchán poiblí a sheoladh maidir le Treoir BCE maidir le néalseirbhísí a sheachfhoinsiú chuig soláthraithe néalseirbhísí. Tá an t-ábhar a bhaineann leis an gcomhairliúchán seo, a bheidh á reáchtáil go dtí an 15 Iúil 2024, le fáil ar shuíomh gréasáin Mhaoirseacht Baincéireachta an Bhainc Ceannais Eorpaigh.

Tuarascáil bhliantúil 2023 ar ghníomhaíochtaí smachtbhannaí SMA

An 5 Meitheamh 2024 níor chuir an Chomhairle Rialaithe in gcoinne togra ón mBord Maoirseachta an Tuarascáil Bhliantúil ar Ghníomhaíochtaí Smachtbhannaí in SMA in 2023 a fhoilsiú. Tá an tuarascáil ar fáil ar shuíomh gréasáin maoirseachta baincéireachta an Bhainc Ceannais Eorpaigh.

TEAGMHÁIL

Banc Ceannais Eorpach

Stiúrthóireacht Cumarsáide

Ceadaítear atáirgeadh ar choinníoll go n-admhaítear an fhoinse.

An Oifig Preasa