Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Ráitis phríobháideachais

Agus é ag cur a chuid cúraimí i gcrích, próiseálann an Banc Ceannais Eorpach (BCE) sonraí pearsanta i gcomhréir leis an dlí AE is infheidhme maidir le cosaint sonraí eadhon Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin.

Rialachán (AE) 2018/1725

Is féidir leat tuilleadh faisnéise a léamh inár ráitis phríobháideachais ar líne faoin gcaoi a bpróiseálann an Banc Ceannais Eorpach do chuid sonraí pearsanta. Mínítear iontu:

  • cé a phróiseálann na sonraí agus a dhéanann iad a rialú;
  • cén fáth a bpróiseáiltear sonraí pearsanta agus an bunús dlí atá leis;
  • cad iad na catagóirí sonraí pearsanta a bhailítear;
  • cé chomh fada agus a stóráiltear na sonraí pearsanta;
  • cé hiad faighteoirí na sonraí pearsanta;
  • conas is féidir leat do chearta cosanta sonraí a fheidhmiú;
  • conas teagmháil a dhéanamh le hOifigeach Cosanta Sonraí BCE má bhíonn ceisteanna agat faoi chosaint sonraí;
  • conas teagmháil a dhéanamh leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí más gá duit gearán a dhéanamh toisc go gceapann tú gur sáraíodh do chearta faoi Rialachán (AE) 2018/1725 mar thoradh ar an bpróiseáil.

Féadfaimid na ráitis phríobháideachais a leasú chun forbairtí dlíthiúla nua a chur san áireamh. Sna ráitis phríobháideachais sa liosta thuas tá faisnéis atá cothrom le dáta maidir le hoibríochtaí próiseála an Bhainc Ceannais Eorpaigh.

Sonraí teagmhála

Má tá aon cheist agat maidir le cosaint sonraí, is féidir leat teagmháil a dhéanamh le hOifigeach Cosanta Sonraí an Bhainc Ceannais Eorpaigh trí ríomhphost a sheoladh chuig DPO@ecb.europa.eu.

Gach leathanach sa rannóg seo