Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Boinn chomórtha €2 - 2024

Tá na tuairiscí ar an leathanach seo bunaithe ar an bhfaisnéis in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, dá bhrí sin d’fhéadfadh éagsúlacht a bheith idir iad agus ábhar eile atá foilsithe ar an suíomh gréasáin seo.

An Phortaingéil

Ábhar an chomórtha: Rannpháirtíocht na Portaingéile sna 33ú Cluichí Oilimpeacha

Tuairisc ar an dearadh: Taispeánann an dearadh sraith gnéithe atá eagraithe i gcruth croí, rud a léiríonn barróg chomhchoiteann; timpeall ar an gcroí tá 15 chiorcal mar thagairt shiombalach do na fáinní Oilimpeacha agus do na mór-ranna a léirítear leo, tá armas na Portaingéile ar bharr chruth an chroí; i lár na ‘barróige’ tá lógó Choiste Oilimpeach na Portaingéile, rud a léiríonn an smaoineamh go mbeidh croí na bPortaingéalach ag bualadh d’aon bhuille amháin ar son fhoireann Oilimpeach na Portaingéile ag Cluichí Oilimpeacha 2024 i bPáras. Faoi chruth an chroí, tá an teideal ‘Equipa Olímpica Portugal’, agus an bhliain ‘2024’; ar chlé tá an marc mionta ‘Casa da Moeda’; ar dheis tá ainm an dearthóra. Taispeántar na 12 réalta de bhratach an Aontais ar fháinne amuigh an bhoinn.

Líon na mbonn atá le heisiúint: 520 000 bonn

Dáta eisiúna: Iúil 2024

An Ghréig

Ábhar an chomórtha: 50 bliain ó athbhunú an daonlathais sa Ghréig

Tuairisc ar an dearadh: Tá foirgneamh na Parlaiminte Heilléanaí le feiceáil sa dearadh, agus é timpeallaithe leis an bhfoclaíocht ‘50 ΧΡΟΝΙΑ ΑΠΟ ΤΗ ΜΕΤΑΠΟΛΙΤΕΥΣΗ’ (‘50 BLIAIN Ó ATHBHUNÚ AN DAONLATHAIS SA GHRÉIG’) agus ‘ΕΛΛΗΝΙΚΗ ΔΗΜΟΚΡΑΤΙΑ’ (‘AN PHOBLACHT HEILLÉANACH’). Faoina bhun sin tá pailméad inscríofa (marc mionta Mhionta na Gréige). Turnamh junta na gcoirnéal an 24 Iúil 1974 tar éis deachtóireacht a mhair 7 mbliana, ba leis sin a athbhunaíodh an daonlathas sa Ghréig. Taispeántar na 12 réalta de bhratach an Aontais ar fháinne amuigh an bhoinn.

Líon na mbonn atá le heisiúint: 750 000 bonn

Dáta eisiúna: Iúil 2024

An Ghréig

Ábhar an chomórtha: 150 bliain ó rugadh Penelope Delta

Tuairisc ar an dearadh: Tá portráid de Penelope Delta le feiceáil sa dearadh. Tá portráid de Penelope Delta le feiceáil sa dearadh. Tá an fhoclaíocht ‘ΠΗΝΕΛΟΠΗ ΔΕΛΤΑ 1874-1941’ (‘PENELOPE DELTA 1874-1941’) agus ‘ΕΛΛΗΝΙΚΗ ΔΗΜΟΚΡΑΤΙΑ’ (‘an Phoblacht Heilléanach’) mar imlíne ar an téama. Ar thaobh na láimhe clé tá pailméad (marc mionta Mhionta na Gréige) agus ar an taobh deas tá bliain a bhuailte. Ba cheannródaí Penelope Delta i ngort litríocht na bpáistí sa Ghréig. Tógadh na glúnta de pháistí na Gréige lena cuid leabhar, agus tá an-tóir ar na leabhair go fóill. Taispeántar na 12 réalta de bhratach an Aontais ar fháinne amuigh an bhoinn.

Líon na mbonn atá le heisiúint: 750 000 bonn

Dáta eisiúna: Iúil 2024

Málta

Ábhar an chomórtha: Beach Mheala Mhálta

Tuairisc ar an dearadh: Is í Maria Anna Frisone a chruthaigh an dearadh, agus is éard atá ann beach mheala Mhálta (Apis Mellifera Ruttneri), ceann de na speicis eindéimeacha flora agus fauna a aimsítear ar oileáin Mhálta. Taispeántar sa dearadh íomhá den bheach agus tá an cúlra líonta le bláth agus cíor mheala. Músclaítear feasacht leis an mona maidir le ceann de speicis eindéimeacha Mhálta agus léirítear ann obair na beiche, is é sin blátha a phailniú agus mil a chruthú. Ar thaobh na láimhe clé tá inscríbhinn na tíre is eisitheoir ‘MALTA’ (Málta) agus ar thaobh na láimhe deise tá an bhliain eisiúna ‘2024’. Taispeántar na 12 réalta de bhratach an Aontais ar fháinne amuigh an bhoinn.

Líon na mbonn atá le heisiúint: 85 500 bonn

Dáta eisiúna: Meitheamh 2024

An Fhionlainn

Ábhar an chomórtha: Toghcháin agus an daonlathas

Tuairisc ar an dearadh: Taispeántar sa dearadh ballóidí stílithe. Is éard atá sna ballóidí ciorcail agus dronuilleoga. Tá an t-ábhar teibí, ach so-aitheanta mar sin féin. Tá ocht mballóid ann, agus tá forluí páirteach eatarthu, rud a chruthaíonn cruthanna geoiméadracha níos lú sna háiteanna a dtagann na ticéid le chéile. Tá an bhliain 2024 ag an mbun. Tá na litir ‘FI’ ar thaobh na láimhe deise beagán os cionn an lárphointe. Tá an téacs ‘VAALIT ♦ DEMOKRATIA’ ag rothlú ar thaobh na láimhe deise den fháinne airgid. Tá an téacs ‘VAL ♦ DEMOKRATI’ ag ciorclú an mhona ar thaobh na láimhe clé. Taispeántar na 12 réalta de bhratach an Aontais ar fháinne amuigh an bhoinn.

Líon na mbonn atá le heisiúint: 400 000 bonn

Dáta eisiúna: Earrach 2024

An Eastóin

Ábhar an chomórtha:  An gormán – Bláth náisiúnta na hEastóine

Tuairisc ar an dearadh:  Taispeántar sa dearadh scáthchruth an ghormáin leis an téacs ‘CENTAUREA CYANUS’ (gormán sa Laidin) ag an mbarr ar chlé, i leathchiorcal. Ag an mbun tá ainm na tíre is eisitheoir ‘EESTI’ agus, faoina bhun sin, an bhliain eisiúna ‘2024’. Taispeántar na 12 réalta de bhratach an Aontais ar fháinne amuigh an bhoinn.

Líon na mbonn atá le heisiúint: 1 000 000 bonn

Dáta eisiúna: An dara ráithe de 2024

Monacó

Ábhar an chomórtha: 500 bliain ó síníodh an Conradh le Séarlas V

Tuairisc ar an dearadh: Taispeántar sa dearadh samhail de Shéarlas V. Ag an mbarr, i leathchiorcal, tá ainm na tíre is eisitheoir ‘MONACO’ (Monacó). Ag an mbun, tá an inscríbhinn ‘1524 - TRAITE AVEC CHARLES QUINT (Conradh le Séarlas V) - 2024’. Taispeántar na 12 réalta de bhratach an Aontais ar fháinne amuigh an bhoinn.

Líon na mbonn atá le heisiúint: 15 000 bonn

Dáta eisiúna: Meitheamh 2024

An Chróit

Ábhar an chomórtha: Varaždin (Stari grad Varaždin – Seanbhaile Varaždin)

Tuairisc ar an dearadh: Tá daingean Chaisleán Varaždin (an 12ú – 16ú hAois) sa dearadh. Luaitear Varaždin den chéad uair in 1181. I ndiaidh caillteanas mór saoil le linn ionradh na dTatarach in 1242, tógadh é mar dhún ríoga, rud ar ar tugadh an Seanbhaile ina dhiaidh sin. Tá athrú tagtha ar a dhreach i gcaitheamh na gcéadta: thosaigh sé mar dhún daingean meánaoiseach timpeallaithe le mótaí lán le huisce, ansin bhí sé ina phríomhdhún agus armlann de Theorainn Mhíleatach na Slavach, agus ansin mar cheanncheathrú míleatach Varaždin agus, ar deireadh, mar chaisleán maorga de chuid na hAthbheochana. Faoi láthair, is é an Seanbhaile an foirgneamh is tábhachtaí agus is áille de chuid Chathair Varaždin, séadchomhartha ardchaighdeáin d’oidhreacht ailtireachta na Cróite. Tá ainm na tíre is eisitheoir ‘HRVATSKA’ (an Chróit), an bhliain eisiúna ‘2024’, agus na focail ‘STARI GRAD VARAŽDIN’ (Seanbhaile Varaždin), ar an mona freisin, iad ar fad inscríofa go ciorclach ag barr agus ag bun an dearaidh. Taispeántar na 12 réalta de bhratach an Aontais ar fháinne amuigh an bhoinn.

Líon na mbonn atá le heisiúint: 200 000 bonn

Dáta eisiúna: Meitheamh 2024

Málta

Ábhar an chomórtha: Iċ-Ċittadella (An Daingean)

Tuairisc ar an dearadh: Tuairisc ar an dearadh: Is é Noel Galea Bason a chruthaigh an dearadh agus léirítear ann an chathair mhúrtha ar a dtugtar ‘Iċ-Ċittadella’ (An Daingean) ar oileán Gozo go háitiúil, arb é an dara hoileán is mó in oileánra Mhálta é. Is é Ord Naomh Eoin a thóg agus a mhodhnaigh na daingniúcháin atá thart ar an ‘Ċittadella’ mar atá siad faoi láthair. Léiríonn an dearadh leagan den chathair lena ballaí daingnithe. Ag an mbun ar chlé tá inscríbhinn na tíre is eisitheoir ‘MALTA’ (Málta) agus ag an mbun ar dheis tá an bhliain eisiúna ‘2024’. Ag an mbarr, tá an inscríbhinn ‘ĊITTADELLA’ agus, faoi sin, tá an inscríbhinn ‘GOZO’. Tá an bonn beartaithe chun a bheith ina chuid de shraith thiomnaithe do chathracha múrtha Mhálta, e.g. Mdina agus Valletta, dhá chathair atá ina gcodanna lárnach d’oidhreacht chultúrtha Mhálta agus na hEorpa. Taispeántar na 12 réalta de bhratach an Aontais ar fháinne amuigh an bhoinn.

Líon na mbonn atá le heisiúint: 85 500 bonn

Dáta eisiúna: Meitheamh 2024

An Fhrainc

Ábhar an chomórtha:  Túr Eiffel

Tuairisc ar an dearadh: Don chomhaireamh síos go dtí Cluichí Oilimpeacha Pháras 2024, tá ceiliúradh á dhéanamh ag Monnaie de Paris ar an mbóthar chuig na cluichí trí Pháras chomh maith lena oidhreacht féin. 100 bliain tar éis Chluichí 1924, tá Cluichí an tSamhraidh á n-óstáil ag príomhchathair na Fraince arís. Is ócáid é seo a bhfuil gné idirnáisiúnta ag baint leis, atá ag éirí níos déine de réir a chéile sna blianta roimh an imeacht, ag críochnú in 2024 nuair a eiseofar dhá bhonn chomórtha dhá euro atá tiomnaithe do na Cluichí Oilimpeacha. Is léiriú é an dearadh ar an bhFrainc trí fhoirgnimh íocónacha; tá an túr Eiffel agus an Basilique Notre-Dame de la Garde atá suite i Marseille aontaithe ann. Sa chúlra, seasann bláth tiaré d’oileán Taihítí, áit a mbeidh na comórtais surfála ar siúl. Tá Túr Eiffel ag gluaiseacht, tá luachanna an spóirt á n-iompar aige. Seasann 73 sheam dá chuid sciathán, rud a léiríonn na pobail óstacha. Den chéad uair, tugtar na siombailí Oilimpeacha agus Parailimpeacha le chéile, chun na Cluichí a cheiliúradh do chách. Cuirtear an bhliain, tásc na tíre is eisitheoir ‘RF’ chomh maith leis na marcanna mionta ar an raon lúthchleasaíochta. Taispeántar na 12 réalta de bhratach an Aontais ar fháinne amuigh an bhoinn.

Líon na mbonn atá le heisiúint: 24 000 000 bonn

Dáta eisiúna: Bealtaine 2024

An Vatacáin

Ábhar an chomórtha: Comóradh 150 bliain ó saolaíodh Guglielmo Marconi

Tuairisc ar an dearadh: Tá portráid de Marconi sa dearadh ar lár, portráidí den Phápa Pius XI ar dheis, agus den Phápa Pius XII a bheadh ann ina dhiaidh sin ar chlé. Ag an mbarr ar dheis, i leathchiorcal, tá an inscríbhinn ‘GUGLIELMO MARCONI’ agus thíos faoi sin tá na dátaí ‘1874’ agus ‘2024’. Ag an mbun tá an inscríbhinn ‘CITTÀ DEL VATICANO’ agus, ina dhiaidh sin, ainm an ealaíontóra ‘L. PANCOTTO’ (Loredana Pancotto). Ar chlé tá an marc mionta ‘R’. Ar thaobh na láimhe clé tá an marc mionta “R”. Taispeántar na 12 réalta de bhratach an Aontais ar fháinne amuigh an bhoinn.

Líon na mbonn atá le heisiúint: 82 900 bonn

Dáta eisiúna: Bealtaine 2024

An Bheilg

Ábhar an chomórtha: An comhrac i gcoinne na hailse sa Bheilg

Tuairisc ar an dearadh: Taispeántar ribín i lár an dearaidh, rud a úsáidtear mar shiombail uilíoch chun rannpháirtíocht sa chomhrac i gcoinne na hailse a léiriú. Síníonn cruth an ribín níos faide ar fud an dá thaoibh i línte cuartha, mar léiriú ar ghluaiseacht buille croí ar mhonatóir, rud atá ina léiriú ar an mbeatha agus ar an mbeocht. Is féidir trí líne a fheiceáil ag an mbarr, mar thagairt do bhogha báistí (mar léiriú ar an dóchas agus ar an sólás). Tá an cód tíre BE agus an bhliain 2024 curtha isteach sa líne ar bun. Sa chuid íochtarach den phíosa tá inscríbhinní sa Fhraincis agus san Ollainnis: 'Lutte contre le cancer' - 'Strijd tegen kanker'. Tá inisealacha an dearthóra Iris Bruijns suite ar an taobh clé os cionn na n-inscríbhinní. Ós rud é gurb é Mionta Ríoga na hÍsiltíre a bhuailfidh na boinn, tá bachall mhearcair, marc mionta Utrecht, suite ag fíorbhun an phíosa, mar aon le máistirmharc mhionta na Beilge, bláth astair os comhair fleasc Erlenmeyer. Taispeántar na 12 réalta de bhratach an Aontais ar fháinne amuigh an bhoinn.

Líon na mbonn atá le heisiúint: 2 130 000 bonn

Dáta eisiúna: Bealtaine 2024

An Phortaingéil

Ábhar an chomórtha: Comóradh 50 bliain ar an 25 Aibreán 1974

Tuairisc ar an dearadh: Ba é an 25 Aibreán 1974 dáta na réabhlóide lenar bunaíodh an riail dhaonlathach sa Phortaingéil agus a chuir tús le turas na gclaochluithe eacnamaíocha, sóisialta agus cultúrtha arbh é a bhí mar thoradh orthu Eorpú na tíre. I lár an dearaidh, is siombail é lus na gile ar an réabhlóid, agus é timpeallaithe le ciorcail iolracha suntasacha a thugann le fios go bhféadfadh athrú teacht ar ghníomhaíochtaí agus ar chreidimh daoine i gcaitheamh na mblianta, ach go leanann siad de bheith dílis do phrionsabail na réabhlóide fós. Ar an imeall, ar dheis, tá an véarsa ‘Esta é a madrugada que eu esperava’ [Bhí mé ag fanacht le fáinne geal an lae seo], agus tá ainm a údair, an file ‘Sophia de Mello Breyner Andresen’; agus ar chlé tá an t-armas náisiúnta, na teidil ‘Portugal’ agus ‘25 Aibreán 1974_2024’, agus, ina dhiaidh sin, ainm an dearthóra agus an marc mionta ‘Casa da Moeda’, ainm an Mhionta Phortaingéalaigh. Taispeántar na 12 réalta de bhratach an Aontais ar fháinne amuigh an bhoinn.

Líon na mbonn atá le heisiúint: 515 000 bonn

Dáta eisiúna: Aibreán 2024

San Mairíne

Ábhar an chomórtha: Comóradh 50 bliain ar Dhearbhú Chearta na Saoránach agus Phrionsabail Bhunúsacha San Mairíne

Tuairisc ar an dearadh:  Léirítear leabhar oscailte sa lár ina bhfuil an inscríbhinn ‘I DIRITTI DELLA PERSONA UMANA SONO INVIOLABILI’ (Tá cearta an duine dhaonna dosháraithe), friotal a bhaintear as Airteagal 5 de Dhlí uimh°59 an 8 Iúil 1974 ‘Dearbhú Chearta na Saoránach agus phrionsabail bhunúsacha dhlíchóras San Mairíne’. Ag an mbarr tá scáthchrutha de Dhealbh na Saoirse agus den Phálás Poiblí, chomh maith le hainm na tíre is eisitheoir ‘SAN MARINO’ (San Mairíne). Ar chlé, tá an litir ‘R’, lena aithnítear Mionta na Róimhe. Ag an mbun ar lár tá an bhliain eisiúna ‘2024’ agus inisealacha an ghreanadóra Emanuele Ferritti (‘E.F. INC. ’). Taispeántar na 12 réalta de bhratach an Aontais ar fháinne amuigh an bhoinn.

Líon na mbonn atá le heisiúint: 56 000 bonn

Dáta eisiúna: Aibreán 2024

An Spáinn

Ábhar an chomórtha:  200 bliain ó cruthaíodh na Póilíní Náisiúnta mar chór slándála stáit

Tuairisc ar an dearadh: Ar an dearadh taispeántar suaitheantas na bPóilíní Náisiúnta. Timpeall air tá na scríbhinní: ‘ESPANA- POLICIA NACIONAL 1824-2024’. Sa chuid íochtarach ar dheis den suaitheantas tá an marc mionta ‘Eme Coronada’. Taispeántar na 12 réalta de bhratach an Aontais ar fháinne amuigh an bhoinn.

Líon na mbonn atá le heisiúint: 1 500 000

Dáta eisiúna: An chéad ráithe de 2024

An Spáinn

Ábhar an chomórtha: Aitheantas Sevilla (Archivo de Indias, Real Alcázar de Sevilla y Catedral de Sevilla) mar Láithreán Oidhreachta Domhanda UNESCO

Tuairisc ar an dearadh: Ar an dearadh taispeántar radharc ar ‘Patio de las Doncellas’ an Real Alcázar de Sevilla. Ag an mbarr, i dtreo ciorclach agus i gceannlitreacha, tá an scríbhinn SEVILLA; faoi sin, an marc mionta ‘Eme Coronada’. Ag an mbun, i dtreo ciorclach agus i gceannlitreacha, tá an scríbhinn ESPANA agus an bhliain eisiúna 2024. Taispeántar na 12 réalta de bhratach an Aontais ar fháinne amuigh an bhoinn.

Líon na mbonn atá le heisiúint: 1 500 000 bonn

Dáta eisiúna: An chéad ráithe de 2024

An Bheilg

Ábhar an chomórtha: Uachtaránacht na Beilge ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh

Tuairisc ar an dearadh: Ar an dearadh léirítear ealta (fáinleoga), ar siombail í don chaoi a n-oibríonn an tAontas, trí bheith ag gluaiseacht le chéile mar ghrúpa ach an spás a bheith ag gach ball gluaiseacht ina aonar, rud a chruthaíonn aon eintiteas casta, dinimiciúil amháin. Seasann an grúpa don chur le chéile den chuid is mo, dá bhrí sin. Agus fáinleoga ag eitilt, bíonn ceann amháin i gcónaí a bhogann amach chun tosaigh agus a thugann an grúpa in éineacht léi, agus is í an Bheilg a bheidh sa ról sin sa chéad leath de 2024. Is siombail iad na 27 n-éan ar líon iomlán na mBallstát freisin. Tá an cód tíre ‘BE’ suite i measc na n-éan, in uachtar ar thaobh na láimhe deise den dearadh. Sa spás folamh sa taobh íochtair, faoin ealta, tá an tuairisc ‘BELGIAN PRESIDENCY OF THE COUNCIL OF THE EU 2024’. Ar thaobh na láimhe clé ar fad tá inisealacha an dearthóra Iris Bruijns. Ós rud é gurb é Mionta Ríoga na hÍsiltíre a bhuailfidh na boinn, tá bachall Mhearcair, marc mionta Utrecht, suite ar thaobh na láimhe clé ar fad freisin, agus máistirmharc mhionta na Beilge, bláth astair os comhair fleasc Erlenmeyer amach, os a chionn. Taispeántar na 12 réalta de bhratach an Aontais ar fháinne amuigh an bhoinn.

Líon na mbonn atá le heisiúint: 2 128 500 bonn

Dáta eisiúna: An chéad ráithe de 2024

An Ghearmáin

Ábhar an chomórtha: Comóradh 175 bliain ar Bhunreacht Frankfurt (ar a dtugtar Bunreacht Eaglais Naomh Pól freisin, a bhí ar an gcéad iarracht chun náisiúnstát aontaithe na Gearmáine a chruthú.)

Tuairisc ar an dearadh:
 Tá roinnt sraitheanna téamacha sa dearadh. Sa tulra tá léargas peirspictíochta ar Paulskirche (Eaglais Naomh Pól) agus ionadaithe ón tionól bunreachtúil náisiúnta ag dul isteach ina nduine agus ina nduine. Tá sin ag forluí ar léiriú ar an doiciméad bunreachtúil agus peann cleite, rud a thugann léiriú ar an toradh ar Pharlaimint Frankfurt. Ar deireadh, mar dhronn ar an dearadh tá trí allagóire bhaineanna – An Aontacht, an Ceartas agus an tSaoirse – agus an bhratach thrídhathach dubh, dearg agus órga. Leis an rilíf bheoga thríthoiseach tugtar chun cuimhne buaine na mbunphrionsabal daonlathach a breacadh síos i scríbhinn den chéad uair agus ar bhealach bunúsach i mBunreacht Frankfurt. Ar fháinne inmheánach an bhoinn tá an inscríbhinn ‘PAULSKIRCHENVERFASSUNG 1849’ (‘Bunreacht Eaglais Naomh Pól 1849’) agus ag an mbun, an bhliain eisiúna ‘2024’, cód tíre eisiúna na Gearmáine ‘D’, marc mionta na miontaí éagsúla (‘A’, ‘D’, ‘F’, ‘G’ nó ‘J’) agus inisealacha an ealaíontóra, Bodo Broschat as Beirlín. Taispeántar na 12 réalta de bhratach an Aontais ar fháinne amuigh an bhoinn.

Líon na mbonn atá le heisiúint: 30 000 000 bonn

Dáta eisiúna: Márta 2024

Lucsamburg

Ábhar an chomórthaComóradh 175 bhliain ar bhás an Ard-Diúc Guillaume II

Tuairisc ar an dearadh: Ar thaobh na láimhe clé den dearadh léirítear an tArd-Diúc Guillaume II ar dhroim capaill agus ar thaobh na láimhe deise tá samhail den Ard-Diúc Henri agus é ag féachaint ar chlé. Taispeántar an téacs ‘GROUSSHERZOGE VU LÉTZEBUERG’ agus ‘GUILLAUME II 1792-1849’ i bhfoirm leathchiorclach sa chuid uachtarach den dearadh ar chlé. Tá an bhliain 2024 agus an figiúr ‘175’ mar léiriú ar an gcomóradh le feiceáil faoi bhun na samhla den Ard-Diúc Henri. Ós rud é nach eol go fóill cén mionta a tháirgfidh an bonn, is féidir na marcanna mionta a chur in oiriúint laistigh den choinneálaí ionaid. Taispeántar na 12 réalta de bhratach an Aontais ar fháinne amuigh an bhoinn.

Líon na mbonn atá le heisiúint: 200 000

Dáta eisiúna: Eanáir 2024

Lucsamburg

Ábhar an chomórthaComóradh céad bliain ó shínigh Ard-Bhandiúc Charlotte foraithne na hArd-Diúcachta a bhaineann leis an airgeadra roinne i nicil, ar a dtugtar ‘Feierstéppler’ de ghnáth

Tuairisc ar an dearadh: Taispeántar i lár an dearaidh an léiriú ar an mbonn Lucsamburgach a eisíodh in 1924 ar a dtaispeántar oibrí sa tionscal cruach, agus an léiriú sin á chomhtháthú san fhigiúr ‘100’ le tabhairt le fios go bhfuil comóradh 100 bliain ann ar an uair a eisíodh ceann de na boinn franc is faide atá i gcúrsaíocht i Lucsamburg den chéad uair. Tá ainm na tíre eisiúna LÉTZEBUERG chomh maith leis an mbliain eisiúna ‘2024’ le feiceáil ag barr an dearaidh. Ag bun an dearaidh léirítear an focal ‘FEIERSTÉPPLER’, an t-ainm coiteann agus coitianta ar an mbonn sin. Is léiriú é an monagram (litir ‘H’ le coróin) ar an Ard-Diúc Henri. Ós rud é nach eol go fóill cén mionta a tháirgfidh an bonn, is féidir na marcanna mionta a chur in oiriúint laistigh den choinneálaí ionaid. Taispeántar na 12 réalta de bhratach an Aontais ar fháinne amuigh an bhoinn.

Líon na mbonn atá le heisiúint: 200 000

Dáta eisiúna: Eanáir 2024

An Fhrainc

Ábhar an chomórtha: Cluichí Oilimpeacha 2024 – Iomrascáil

Tuairisc ar an dearadh:: Don chomhaireamh síos go dtí Cluichí Oilimpeacha Pháras 2024, tá ceiliúradh á dhéanamh ag Monnaie de Paris ar an mbóthar chuig na cluichí trí Pháras chomh maith lena oidhreacht féin. 100 bliain tar éis Chluichí 1924, tá Cluichí an tSamhraidh á n-óstáil ag príomhchathair na Fraince arís. Is ócáid é seo a bhfuil gné idirnáisiúnta ag baint leis, atá ag éirí níos déine de réir a chéile sna blianta roimh an imeacht, ag críochnú in 2024 nuair a eiseofar dhá bhonn chomórtha dhá euro atá tiomnaithe do na Cluichí Oilimpeacha. Ar an dearadh tá léiriú ar Earcail, pearsa náisiúnta agus samhail de mhoneolaíocht na Fraince, ag dul don iomrascáil ársa le Ciméara Notre-Dame, ag tagairt do na Cluichí Oilimpeacha sa Seanré. Léirítear an dá iomrascálaí sa tulra os comhair Ardeaglais Notre-Dame. Sa chúlra, léirítear rian lúthchleasaíochta ina gcuirtear suaitheantas Pháras 2024 isteach ar thaobh na láimhe clé. Sa chúlra, léirítear rian lúthchleasaíochta ina gcuirtear suaitheantas Pháras 2024 isteach ar thaobh na láimhe clé. Cuirtear an bhliain, an dáta, na hinisealacha RF chomh maith leis na marcanna mionta ar an rian lúthchleasaíochta. Taispeántar na 12 réalta de bhratach an Aontais ar fháinne amuigh an bhoinn.

Líon na mbonn atá le heisiúint: 510 000 bonn

Dáta eisiúna: Eanáir 2024

An Iodáil

Ábhar an chomórtha: Comóradh 250 bliain ar bhunú Chór Guardia di Finanza

Tuairisc ar an dearadh:  Léirítear ar an dearadh, sa lár, leagan stílithe de shiombail araltais an Chóir Guardia di Finanza: taispeántar coincheap na slándála agus tugann sé fís don todhchaí de ról an Chóir chun ceiliúradh a dhéanamh ar an am a chuaigh thart, trína chur le chéile leis na blianta atá le teacht agus na dúshláin a bheidh roimh an gCór. Tá trí eilimint éagsúla san fheathal seo: an sliabh, an fharraige agus an spéir, arb iad na timpeallachtaí nádúrtha ina mbíonn an Cór ag oibriú; an Ghríobh, ainmhí miotaseolaíoch a dhéanann maoirseacht, de réir na finscéala, ar chosaint an Státchiste, a léirítear le ciste an Stáit agus an choróin thúiríneach. Ag an mbarr, i leathchiorcal, tá an inscríbhinn ‘GUARDIA DI FINANZA’. Faoi sin, tá ‘RI’, acrainm Phoblacht na hIodáile agus na dátaí ‘1774-2024’, an bhliain a bunaíodh an Cór Guardia di Finanza agus bliain eisiúna an bhoinn, faoi seach; ‘R’ ar thaobh na láimhe deise, lena n-aithnítear Mionta na Róimhe, ‘MB’ inisealacha an dearthóra Marta Bonifacio. Taispeántar na 12 réalta de bhratach an Aontais ar fháinne amuigh an bhoinn.

Líon na mbonn atá le heisiúint: 3 000 000 bonn

Dáta eisiúna: Eanáir 2024

An Iodáil

Ábhar an chomórtha: Rita Levi-Montalcini

Tuairisc ar an dearadh: Sa dearadh, taispeántar sa tulra portráid leathfhada de Rita Levi-Montalcini faoi anáil ag grianghrafadóireacht Manuela Fabbri; sa chúlra, micreascóp, a tógadh as bonn a dhear Gino Levi-Montalcini, deartháir an eolaí cháiliúil, a bhfuil cruth crú capaill air, mar bhriocht ádhúil chun Duais Nobel don Leigheas a bhronnadh sa bhliain 1986. Os a chionn sin, an inscríbhinn ‘RITA LEVI-MONTALCINI’ agus cruth áirse uirthi; ar chlé, ‘RI’, acrainm Phoblacht na hIodáile agus ‘R’, lena aithnítear Mionta na Róimhe; faoina bhun, ‘2024’, bliain eisiúna an bhoinn; ar dheis, ‘SP’, inisealacha an dearthóra Silvia Petrassi. Taispeántar na 12 réalta de bhratach an Aontais ar fháinne amuigh an bhoinn.

Líon na mbonn atá le heisiúint: 3 000 000 bonn

Dáta eisiúna: Eanáir 2024 

An Ghearmáin

Ábhar an chomórtha: Mecklenburg-Vorpommern

Tuairisc ar an dearadh: Tá an bonn tiomnaithe do stát (Land) Mecklenburg-Vorpommern na Gearmáine. Is é an dara heisiúint sa dara sraith de bhoinn chomórtha 2 euro Ghearmánacha dhíríonn ar stáit, nó Länder, na Gearmáine. Gach bliain, tugtar ómós do cheann den 16 Land trí fhoirgneamh nó sainchomhartha suntasach a thaispeáint. Bíonn ord na stát bunaithe ar uachtaránacht rothlach an Bundesrat, atá ar cheann de chúig bhuanchomhlacht bhunreachtúla Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine agus a dhéanann ionadaíocht ar leasanna na Länder. Sa dearadh, taispeántar an Königsstuhl, foirmíocht aillte cailce agus foraoise feá a bhfuil clú agus cáil air agus atá suite i bPáirc Náisiúnta Jasmund ar oileán Rügen. Léirítear na haillte agus duine ag féachaint orthu ón gcladach, rud a dhíríonn aird ar a ábhalmhór agus atá an sainchomhartha nádúrtha seo, nach ann dá leithéid aon áit eile, ar bhealach atá thar a bheith éifeachtach. Cuirtear an scála in iúl san íomhá álainn mhionsonraithe trí léiriú a thabhairt ar an bhfarraige, ar na héin agus ar an duine le chéile. Déantar an chlóghrafaíocht nua-aimseartha, atá ag teacht leis an bhfaoileán atá ag eitilt, a chuimsiú go sciliúil sa rilíf. Sa taobh uachtarach de chiorcal inmheánach an bhoinn tá an inscríbhinn ‘MECKLENBURG VORPOMMERN’, an bhliain eisiúna ‘2024’, cód tíre eisiúna na Gearmáine ‘D’ agus, sa chuid uachtarach ar dheis, ‘X’ mar choinneálaí ionaid le haghaidh marc mionta na miontaí éagsúla (‘A’, ‘D’, ‘F’, ‘G’ nó ‘J’). Taispeántar túslitreacha an ealaíontóra Michael Otto (as Rodenbach na Gearmáine) sa leath íochtarach den chiorcal istigh. Taispeántar na 12 réalta de bhratach an Aontais ar fháinne amuigh an bhoinn.

Líon na mbonn atá le heisiúint: 30 000 000 bonn

Dáta eisiúna: Eanáir 2024