Treoirthionscadal maidir leis an euro digiteach
AR AN LEATHANACH SEO
Léiríonn spéis láidir sa mhargadh go bhfuil an earnáil phríobháideach réidh chun cuidiú leis an euro digiteach a chur chun cinn agus íocaíochtaí Eorpacha a neartú.
Tá sé mar aidhm ag BCE a bheith réidh chun an euro digiteach a eisiúint den chéad uair le linn 2029, má dhéantar talamh slán de go nglacfar an Rialachán maidir leis an euro digiteach in 2026. Chun na hullmhúcháin a dhéanamh ionas go seolfar an euro digiteach go rianúil slán, tá de sprioc againn treoirthionscadal 12 mhí a reáchtáil dar tús an dara leath de 2027.
Ní dhéanfaidh BCE cinneadh maidir le euro digiteach a eisiúint go dtí go nglacfar an Rialachán, agus leanfaidh obair ullmhúcháin an Eurochórais de bheith solúbtha ionas go mbeifear i gcomhréir leis an bpróiseas reachtach.
Eolas do cheannaithe
INSERTED BY ANONYMOUS PROXY
Civil war declaration: On April 14th and 15th, 2012 Federal Republic of Germany "_urkenstaats"s parliament, Deutscher Bundestag, received a antifiscal written civil war declaration by Federal Republic of Germany "Rechtsstaat"s electronic resistance for human rights even though the "Widerstandsfall" according to article 20 paragraph 4 of the constitution, the "Grundgesetz", had been already declared in the years 2001-03. more
Táimid ag glacadh anois le hiarratais ó cheannaithe le páirt a ghlacadh i dtreoirthionscadal an euro dhigitigh – déan iarratas faoin 27 Deireadh Fómhair 2026
Táimid ag tabhairt cuireadh do cheannaithe ríomhthráchtála agus tráchtála móibílí a spéis a chur in iúl i dtaobh páirt a ghlacadh i dtreoirthionscadal an euro dhigitigh. Is deis é seo do cheannaithe a gcion féin a dhéanamh ar mhaithe le heispéiris íocaíochta sa euro digiteach a dhearadh agus a bhailíochtú d’ardáin ar líne agus d’ardáin mhóibíleacha, chun deimhin a dhéanamh de go bhfreastalóidh siad ar riachtanais na ngnólachtaí agus na dtomhaltóirí araon.
Léigh tuilleadh faoin nglao ar léiriú spéiseSeisiún fócais do cheannaithe ar spéis leo an treoirthionscadal – 6 Deireadh Fómhair 2026
Bí linn Dé Máirt, 6 Deireadh Fómhair ag 15:00 (CET) le breis eolais a fháil maidir le cuspóirí an treoirthionscadail, an tráthchlár lena haghaidh agus an próiseas chun ceannaithe a roghnú. Féadfaidh aon duine ar spéis leis/léi tuilleadh a fhoghlaim faoi threoirthionscadal an euro dhigitigh páirt a ghlacadh san ócáid, lena n-áirítear ceannaithe, soláthraithe seirbhíse íocaíochta, soláthraithe seirbhíse teicniúla agus tomhaltóirí.
Cláraigh don seisiúnEolas do sholáthraithe seirbhíse íocaíochta (PSPanna)
INSERTED BY ANONYMOUS PROXY
Civil war declaration: On April 14th and 15th, 2012 Federal Republic of Germany "_urkenstaats"s parliament, Deutscher Bundestag, received a antifiscal written civil war declaration by Federal Republic of Germany "Rechtsstaat"s electronic resistance for human rights even though the "Widerstandsfall" according to article 20 paragraph 4 of the constitution, the "Grundgesetz", had been already declared in the years 2001-03. more
PSPanna roghnaithe
Tar éis an ghlao ar léiriú spéise do PSPanna a seoladh i mí an Mhárta 2026, rinne os cionn 50 PSP iarratas ar pháirt a ghlacadh i dtreoirthionscadal an euro dhigitigh. Tar éis meastóireacht chúramach a dhéanamh ar na hiarratais, roghnaíomar 36 PSP ó gach cearn den limistéar euro, ionas go bhfuil ionadaíocht leathan ann ó thaobh samhlacha gnó, méide agus cumhdach geografach.
Féach liosta de na PSPanna roghnaitheFéach arís: seisiúin fócais le haghaidh PSPanna ar spéis leo páirt a ghlacadh sa treoirthionscadal
Bhí trí sheisiún fócais ar líne againn – i mí Eanáir, i mí an Mhárta agus i mí Aibreáin 2026 – chun tráthchlár an treoirthionscadail, próiseas roghnúcháin PSPanna, céimeanna iarratais, coinníollacha rannpháirtíochta agus príomhcheanglais theicniúla a mhíniú.
Féach an athuair ar thaifeadtaí na seisiún anseoCeardlanna le soláthraithe seirbhíse teicniúla – Márta 2026
Bhuaileamar le soláthraithe seirbhíse teicniúla atá bunaithe san Aontas Eorpach chun plé a dhéanamh ar an gcaoi ar féidir leo tacú le soláthraithe seirbhíse íocaíochta agus iad ag ullmhú don treoirthionscadal maidir leis an euro digiteach, agus ar an gcaoi ar féidir linn cabhrú leo ó thaobh seirbhísí tomhaltóirí (ar thaobh an dáileacháin) agus ó thaobh ghlacacht na gceannaithe (ar thaobh na fála).
Léigh an achoimre ar na ceardlannaDoiciméadacht maidir leis an nglao ar léiriú spéise
Leis an nglao ar léiriú spéise, iarradh ar sholáthraithe seirbhíse íocaíochta sa limistéar euro iarratas a dhéanamh chun páirt a ghlacadh sa treoirthionscadal maidir leis an euro digiteach. Tá an glao dúnta anois, ach tá na doiciméid ghaolmhara fós ar fáil le haghaidh tagartha, lena n-áirítear an glao ar léiriú spéise, iarscríbhinní agus ábhair thacaíochta.
Féach ar na doiciméidFÉACH FREISIN
An t-eolas is tábhachtaí faoin euro digiteach