Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by
  • PREASEISIÚINT

Cinntí beartais airgeadaíochta

6 Meitheamh 2024

Chinn an Chomhairle Rialaithe inniu na trí eochair-ráta úis atá ag an mBanc Ceannais Eorpach a ísliú 25 bhonnphointe. Bunaithe ar mheasúnú nuashonraithe ar an ionchas maidir le boilsciú, ar dhinimic an bhoilscithe fholuitigh agus neart an tarchuir beartais airgeadaíochta, is iomchuí anois leibhéal an tsriain ar bheartas airgeadaíochta a mhaolú tar éis naoi mí de rátaí a choinneáil daingean. Ó chruinniú na Comhairle Rialaithe i mí Mheán Fómhair 2023 i leith, tá an boilsciú tite breis agus 2.5 pointe céatadáin agus tá feabhas suntasach tagtha ar an tuar boilscithe. Tá maolú tagtha freisin ar an mboilsciú foluiteach, rud a chuireann leis na comharthaí go bhfuil an brú ar phraghsanna lagaithe, agus tá laghdú tagtha ar na hionchais maidir le boilsciú do gach tréimhse ama. Tá dálaí maoiniúcháin coinnithe sriantach ag beartas airgeadaíochta. Tríd an éileamh a mhaolú agus trí ionchais maidir le boilsciú a choinneáil daingnithe go maith, chuidigh sé sin go mór le boilsciú a thabhairt anuas arís.

Ag an am céanna, in ainneoin an dul chun cinn a rinneadh le ráithí beaga anuas, tá an brú ar phraghsanna intíre fós láidir toisc go bhfuil fás pá ardaithe, agus is dócha go bhfanfaidh boilsciú os cionn na sprice ar feadh cuid mhaith den bhliain seo chugainn. Rinneadh na réamh-mheastacháin foirne is déanaí ón Eurochóras maidir le boilsciú ceannlíne agus le croí-bhoilsciú araon a athbhreithniú le haghaidh 2024 agus 2025 i gcomparáid le réamh-mheastacháin mhí an Mhárta. Measann an fhoireann anois go mbeidh an boilsciú ceannlíne 2.5% ar an meán in 2024, 2.2% ar an meán in 2025 agus 1.9% ar an meán in 2026. I gcás boilsciú gan fuinneamh agus bia san áireamh, tá an fhoireann ag tuar go mbeidh sé 2.8% ar an meán in 2024, 2.2% ar an meán in 2025 agus 2.0% ar an meán in 2026. Meastar go méadóidh an fás eacnamaíoch go dtí 0.9% in 2024, 1.4% in 2025 agus 1.6% in 2026.

Tá an Chomhairle Rialaithe meáite ar a chinntiú go bhfillfidh boilsciú go dtí 2%, is é sin, an sprioc mheántéarmach, gan mhoill. Coinneoidh sí rátaí beartais sách sriantach chomh fada agus is gá chun an aidhm sin a bhaint amach. Leanfaidh an Chomhairle Rialaithe de chur chuige ‘‘cruinniú ar chruinniú’’ a bheidh ag brath ar shonraí a leanúint chun an leibhéal cuí agus fad an tsrianta a chinneadh. Go háirithe, beidh na cinntí a dhéanfaidh sí maidir le rátaí úis bunaithe ar a measúnú ar an ionchas maidir le boilsciú i bhfianaise na sonraí nua eacnamaíochta agus airgeadais, na ndinimicí maidir le boilsciú foluiteach, agus neart an tarchuir beartais airgeadaíochta. Níl an Chomhairle Rialaithe ag déanamh réamhghealltanais maidir le conair ráta ar leith.

Dheimhnigh an Chomhairle Rialaithe freisin inniu go laghdóidh sí sealúchais urrús an Eurochórais faoin gclár ceannaigh le haghaidh éigeandáil na paindéime (PEPP) €7.5 billiún ar an meán in aghaidh na míosa le linn an dara leath den bhliain. Beidh na módúlachtaí chun sealúchais CCÉP a laghdú i gcomhréir a bheag nó a mhór leis na módúlachtaí a leantar faoin gclár ceannaithe sócmhainní (CCS).

Eochair-rátaí úis an Bhainc Ceannais Eorpaigh

Chinn an Chomhairle Rialaithe na trí eochair-ráta úis atá ag an mBanc Ceannais Eorpach a ísliú 25 bhonnphointe. Dá réir sin, ísleofar an ráta úis ar na príomhoibríochtaí athmhaoinithe agus na rátaí úis ar an tsaoráid iasachta imeallach agus ar an tsaoráid taisce go 4.25%, 4.50% agus 3.75% faoi seach, agus tiocfaidh sin i bhfeidhm ón 12 Meitheamh 2024.

Clár ceannaithe sócmhainní (CCS) agus clár ceannaigh le haghaidh éigeandáil na paindéime (CCÉP)

Tá punann an chláir ceannaithe sócmhainní (CCS) ag laghdú ag ráta measta intuartha, toisc nach ndéanann an tEurochóras na híocaíochtaí príomhshuime ar fad ó urrúis atá ag teacht in aibíocht a athinfheistiú a thuilleadh.

Leanfaidh an Chomhairle Rialaithe de bheith ag athinfheistiú, ina n-iomláine, na n-íocaíochtaí príomhshuime ó urrúis atá ag teacht in aibíocht, arna gceannach faoi CCÉP, go dtí deireadh mhí an Mheithimh 2024. Le linn an dara leath den bhliain, déanfaidh sí an phunann CCÉP a laghdú €7.5 billiún ar an meán in aghaidh na míosa. Tá sé ar intinn ag an gComhairle Rialaithe deireadh a chur le hathinfheistíochtaí faoin gclár ceannaigh le haghaidh éigeandáil na paindéime ag deireadh 2024.

Leanfaidh an Chomhairle Rialaithe uirthi ag cur solúbthachta i bhfeidhm maidir le hathinfheistiú fuascailtí dlite i bpunann CCÉP d’fhonn cur i gcoinne rioscaí in aghaidh mheicníocht tarchurtha an bheartais airgeadaíochta, ar rioscaí iad a bhaineann leis an bpaindéim.

Oibríochtaí athmhaoinithe

Ós rud é go bhfuil na méideanna a tógadh ar iasacht faoi na hoibríochtaí athmhaoinithe dírithe fadtéarmacha á n-íoc ar ais ag na bainc, déanfaidh an Chomhairle Rialaithe measúnú rialta ar an gcaoi a gcuireann oibríochtaí fadtéarmacha iasachtaithe agus a n-aisíocaíocht leanúnach lena seasamh maidir le beartas airgeadaíochta.

***

Tá an Chomhairle Rialaithe réidh lena hionstraimí uile a choigeartú laistigh dá sainordú chun a chinntiú go bhfillfidh boilsciú go dtí a sprioc, is í sin 2%, sa mheántéarma agus chun tarchur réidh beartais airgeadaíochta a choinneáil. Tá an Ionstraim Cosanta Tarchurtha ar fáil chun cur i gcoinne dinimicí margaidh neamhordúla nach bhfuil údar leo agus ar bagairt thromchúiseach iad do tharchur an bheartais airgeadaíochta i ngach tír de chuid an limistéir euro, agus, ar an gcaoi sin, cuirtear le cumas na Comhairle Rialaithe a sainordú cobhsaíochta praghsanna a shaothrú ar bhealach níos éifeachtúla.

Déanfaidh Uachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh trácht ar na breithnithe a bhí mar bhunús leis na cinntí seo ag preasráiteas a thosóidh ar 14:45 CET inniu.

Tá an fhoclaíocht bheacht ar ar chinn an Chomhairle Rialaithe le fáil sa leagan Béarla den téacs seo.

TEAGMHÁIL

Banc Ceannais Eorpach

Stiúrthóireacht Cumarsáide

Ceadaítear atáirgeadh ar choinníoll go n-admhaítear an fhoinse.

An Oifig Preasa