Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by
  • PREASRÁITEAS

Cinntí beartais airgeadaíochta

14 Nollaig 2023

Chinn an Chomhairle Rialaithe inniu gan aon athrú a chur ar thrí eochair-ráta úis an Bhainc Ceannais Eorpaigh. Cé go bhfuil boilsciú laghdaithe le míonna anuas, is é is dóichí go méadóidh sé arís go sealadach sa ghearrtéarma. De réir na réamh-mheastacháin is déanaí fhoireann Eurochórais i gcomhair an limistéir euro, táthar ag súil go laghdóidh boilsciú de réir a chéile le linn na bliana seo chugainn, sula mbainfidh sé an sprioc 2% amach in 2025. Tríd is tríd, tá foireann an Bhainc Ceannais Eorpaigh ag súil anois go mbeidh boilsciú foriomlán 5.4% ar an meán in 2023, 2.7% ar an meán in 2024, 2.1% ar an meán in 2025 agus 1.9% ar an meán in 2026. I gcomparáid le réamh-mheastacháin foirne mhí Mheán Fómhair, is ionann é seo agus athbhreithniú anuas le haghaidh 2023 agus go háirithe le haghaidh 2024.

Tá boilsciú bunúsach maolaithe tuilleadh. Ach tá an brú ar phraghsanna intíre fanta ag leibhéal ard, go príomha mar gheall ar fhás láidir ar chostais aonaid saothair. Tá foireann an Eurochórais ag súil go mbeidh boilsciú gan fuinneamh agus bia san áireamh 5.0% ar an meán in 2023, 2.7% ar an meán in 2024, 2.3% ar an meán in 2025 agus 2.1% ar an meán in 2026.

Tá na harduithe a cuireadh ar rátaí úis san am atá caite á dtarchur go láidir i gcónaí chuig an ngeilleagar. Tá éileamh á mhaolú ag coinníollacha maoiniúcháin níos doichte, agus tá sé seo ag cuidiú le boilsciú a ísliú. Tá foireann an Eurochórais ag súil go bhfanfaidh fás eacnamaíoch mall sa ghearrthéarma. Thairis sin, táthar ag súil go dtiocfaidh an geilleagar slán de bharr fíorioncaim atá ag méadú – de réir mar a bhaineann daoine tairbhe as boilsciú atá ag titim agus as pá atá ag méadú – agus as éileamh eachtrach atá ag feabhsú. Dá bhrí sin, feictear d’fhoireann an Eurochórais, go dtiocfaidh borradh faoi fhás ó 0.6% ar an meán i gcomhair 2023 go 0.8% i gcomhair 2024, agus go 1.5% i gcomhair 2025 agus 2026 araon.

Tá an Chomhairle Rialaithe meáite ar a chinntiú go bhfillfidh boilsciú go dtí 2%, is é sin, an sprioc mheántéarmach, gan mhoill. Bunaithe ar a measúnú reatha, measann an Chomhairle Rialaithe go bhfuil eochair-rátaí úis an Bhainc Ceannais Eorpaigh ag leibhéil anois, má chothaítear ar feadh tréimhse fada go leor iad, a chuideoidh go mór le boilsciú a thabhairt ar ais go tráthúil go dtí an sprioc. Áiritheoidh cinntí na Comhairle Rialaithe amach anseo go socrófar rátaí beartais an Bhainc Ceannais Eorpaigh ag leibhéil atá srianta go leor chomh fada agus is gá.

Leanfaidh an Chomhairle Rialaithe de chur chuige a bheidh ag brath ar shonraí a leanúint chun an leibhéal cuí agus fad an tsrianta a chinneadh. Go háirithe, beidh a chinntí maidir le rátaí úis bunaithe ar a mheasúnú ar an ionchas boilscithe i bhfianaise na sonraí nua eacnamaíochta agus airgeadais, na ndinimicí maidir le boilsciú bunúsach, agus neart an tarchuir beartais airgeadaíochta.

Is iad eochair-rátaí úis an Bhainc Ceannais Eorpaigh an phríomhuirlis leis an seasamh maidir le beartas airgeadaíochta a leagan síos. Chinn an Chomhairle Rialaithe inniu normalú chlár comhardaithe an Eurochórais a chur chun cinn freisin. Tá sé ar intinn aici leanúint de bheith ag athinfheistiú, ina n-iomláine, na n-íocaíochtaí príomhshuime ó urrúis atá ag teacht in aibíocht, arna gceannach faoin gclár ceannaigh le haghaidh éigeandáil na paindéime (CCÉP), le linn an chéad leath de 2024. Le linn an dara leath den bhliain, tá sé ar intinn aici an phunann CCÉP a laghdú €7.5 billiún in aghaidh na míosa ar an meán. Tá sé ar intinn ag an gComhairle Rialaithe deireadh a chur le hathinfheistíochtaí faoin gclár ceannaigh le haghaidh éigeandáil na paindéime ag deireadh 2024.

Eochair-rátaí úis an Bhainc Ceannais Eorpaigh

Fanfaidh an ráta úis ar na príomhoibríochtaí athmhaoinithe, an ráta úis ar an tsaoráid iasachta imeallach agus an ráta úis ar an tsaoráid taisce gan athrú ag 4.50%, 4.75% agus 4.00% faoi seach.

Clár ceannaithe sócmhainní (CCS) agus clár ceannaigh le haghaidh éigeandáil na paindéime (CCÉP)

Tá punann an chláir ceannaithe sócmhainní (CCS) ag laghdú ag ráta measta intuartha, toisc nach ndéanann an tEurochóras na híocaíochtaí príomhshuime ar fad ó urrúis atá ag teacht in aibíocht a athinfheistiú a thuilleadh.

Tá sé de rún ag an gComhairle Rialaithe leanúint de bheith ag athinfheistiú, ina n-iomláine, na n-íocaíochtaí príomhshuime ó urrúis atá ag teacht in aibíocht, arna gceannach faoin gclár ceannaigh le haghaidh éigeandáil na paindéime, le linn an chéad leath de 2024. Le linn an dara leath den bhliain, tá sé ar intinn aici an phunann CCÉP a laghdú €7.5 billiún in aghaidh na míosa ar an meán. Tá sé ar intinn ag an gComhairle Rialaithe deireadh a chur le hathinfheistíochtaí faoin gclár ceannaigh le haghaidh éigeandáil na paindéime ag deireadh 2024.

Leanfaidh an Chomhairle Rialaithe uirthi ag cur solúbthachta i bhfeidhm maidir le hathinfheistiú fuascailtí dlite i bpunann CCÉP d’fhonn cur i gcoinne rioscaí in aghaidh mheicníocht tarchurtha an bheartais airgeadaíochta, ar rioscaí iad a bhaineann leis an bpaindéim.

Oibríochtaí athmhaoinithe

Ós rud é go bhfuil na méideanna a tógadh ar iasacht faoi na hoibríochtaí athmhaoinithe dírithe fadtéarmacha á n-íoc ar ais ag na bainc, déanfaidh an Chomhairle Rialaithe measúnú rialta ar an gcaoi a gcuireann oibríochtaí fadtéarmacha iasachtaithe agus a n-aisíocaíocht leanúnach lena seasamh maidir le beartas airgeadaíochta.

***

Tá an Chomhairle Rialaithe réidh lena hionstraimí uile a choigeartú laistigh dá sainordú chun a chinntiú go bhfillfidh boilsciú go dtí a sprioc, is í sin 2%, sa mheántéarma agus chun tarchur réidh beartais airgeadaíochta a choinneáil. Tá an Ionstraim Cosanta Tarchurtha ar fáil chun cur i gcoinne dinimicí margaidh neamhordúla nach bhfuil údar leo agus ar bagairt thromchúiseach iad do tharchur an bheartais airgeadaíochta i ngach tír de chuid an limistéir euro, agus, ar an gcaoi sin, cuirtear le cumas na Comhairle Rialaithe a sainordú cobhsaíochta praghsanna a shaothrú ar bhealach níos éifeachtúla.

Déanfaidh Uachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh trácht ar na breithnithe a bhí mar bhunús leis na cinntí seo ag preasráiteas a thosóidh ar 14:45 CET inniu.

Tá an fhoclaíocht bheacht ar ar chinn an Chomhairle Rialaithe le fáil sa leagan Béarla den téacs seo.

TEAGMHÁIL

Banc Ceannais Eorpach

Stiúrthóireacht Cumarsáide

Ceadaítear atáirgeadh ar choinníoll go n-admhaítear an fhoinse.

An Oifig Preasa