Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by
  • PREASRÁITEAS

Cinntí beartais airgeadaíochta

27 Iúil 2023

Tá boilsciú fós ag teacht anuas ach mar sin féin, meastar go bhfanfaidh sé ró-ard ar feadh tréimhse rófhada. Tá an Chomhairle Rialaithe meáite ar a chinntiú go bhfillfidh boilsciú go dtí 2%, is é sin, an sprioc mheántéarmach, gan mhoill. Cinneadh inniu mar sin trí eochair-ráta úis an Bhainc Ceannais Eorpaigh a ardú 25 bhonnphointe.

Léiríonn an méadú ráta inniu measúnú na Comhairle Rialaithe ar ionchas an bhoilscithe, ar dhinimic an bhoilscithe bhunúsaigh, agus ar neart tharchur an bheartais airgeadaíochta. Tacaíonn forbairtí atá tagtha chun cinn ón gcruinniú deiridh leis an ionchas go dtitfidh boilsciú tuilleadh idir seo agus deireadh na bliana ach go bhfanfaidh sé os cionn na sprice ar feadh tréimhse fhada. Cé go bhfuil comharthaí ann go bhfuil roinnt beart ag maolú, tá boilsciú bunúsach fanta ard ar an iomlán. Tá na harduithe ar rátaí san am atá caite á dtarchur go tréan i gcónaí: tá coinníollacha maoinithe níos doichte arís agus tá siad ag cur maolú de réir a chéile ar an éileamh, rud atá ina fhachtóir tábhachtach chun boilsciú a thabhairt ar ais chuig an sprioc.

Cinnteoidh cinntí na Comhairle Rialaithe amach anseo go socrófar eochair-rátaí úis an Bhainc Ceannais Eorpaigh ag leibhéil atá srianta go leor chomh fada agus is gá chun filleadh tráthúil ar bhoilsciú chuig an sprioc mheántéarmach 2% a bhaint amach. Leanfaidh an Chomhairle Rialaithe de chur chuige a bheidh ag brath ar shonraí a leanúint chun an leibhéal cuí agus fad an tsrianta a chinneadh. Go háirithe, leanfaidh a chinntí maidir le rátaí úis de bheith bunaithe ar ár measúnú ar an ionchas boilscithe i bhfianaise na sonraí nua eacnamaíochta agus airgeadais, na ndinimicí maidir le boilsciú bunúsach, agus neart an tarchuir beartais airgeadaíochta.

Chinn an Chomhairle Rialaithe luach saothair na gcúlchistí íosta a shocrú ag 0%. Caomhnófar leis an gcinneadh seo éifeachtúlacht an bheartais airgeadaíochta tríd an leibhéal reatha rialaithe ar sheasamh an bheartais airgeadaíochta a chothabháil agus a áirithiú go gcuirfear cinntí rátaí úis ar aghaidh go hiomlán chuig na margaí airgid. Ag an am céanna, feabhsóidh sé éifeachtúlacht an bheartais airgeadaíochta tríd an méid foriomlán úis is gá a íoc ar chúlchistí a laghdú chun an seasamh cuí a chur i bhfeidhm.

Cuirtear sonraí an athraithe ar luach saothair na gcúlchistí íosta ar fáil i bpreaseisiúint ar leith atá le foilsiú ag 15:45 CET.

Eochair-rátaí úis an Bhainc Ceannais Eorpaigh

Chinn an Chomhairle Rialaithe trí eochair-ráta úis an Bhainc Ceannais Eorpaigh a ardú 25 bhonnphointe. Dá réir sin, ardófar an ráta úis ar na príomhoibríochtaí athmhaoinithe agus na rátaí úis ar an tsaoráid iasachta imeallach agus ar an tsaoráid taisce go 4.25%, 4.50% agus 3.75% faoi seach, agus tiocfaidh sin i bhfeidhm ón 2 Lúnasa 2023.

Clár ceannaithe sócmhainní (CCS) agus clár ceannaigh le haghaidh éigeandáil na paindéime (CCÉP)

Tá punann an chláir ceannaithe sócmhainní (CCS) ag laghdú ag ráta measta intuartha, toisc nach ndéanann an tEurochóras na híocaíochtaí príomhshuime ar fad ó urrúis atá ag teacht in aibíocht a athinfheistiú a thuilleadh.

Maidir leis na híocaíochtaí príomhshuime ó urrúis CCÉP atá ag teacht in aibíocht, tá sé i gceist ag an gComhairle Rialaithe iad a athinfheistiú go dtí deireadh 2024 ar a laghad. I gcás ar bith, déanfar scor céimnitheach phunann CCÉP amach anseo a bhainistiú ionas nach gcuirfidh sé isteach ar an seasamh beartais airgeadaíochta iomchuí.

Leanfaidh an Chomhairle Rialaithe uirthi ag cur solúbthachta i bhfeidhm maidir le hathinfheistiú fuascailtí dlite i bpunann CCÉP d’fhonn cur i gcoinne rioscaí in aghaidh mheicníocht tarchurtha an bheartais airgeadaíochta, ar rioscaí iad a bhaineann leis an bpaindéim.

Oibríochtaí athmhaoinithe

Ós rud é go bhfuil na méideanna a tógadh ar iasacht faoi na hoibríochtaí athmhaoinithe dírithe fadtéarmacha á n-íoc ar ais ag na bainc, déanfaidh an Chomhairle Rialaithe measúnú rialta ar an gcaoi a gcuireann oibríochtaí fadtéarmacha iasachtaithe agus a n-aisíocaíocht leanúnach lena seasamh maidir le beartas airgeadaíochta.

***

Tá an Chomhairle Rialaithe réidh lena hionstraimí uile a choigeartú laistigh dá sainordú chun a chinntiú go bhfillfidh boilsciú go dtí a sprioc, is í sin 2%, sa mheántéarma agus chun tarchur réidh beartais airgeadaíochta a choinneáil. Tá an Ionstraim Cosanta Tarchurtha ar fáil chun cur i gcoinne dinimicí margaidh neamhordúla nach bhfuil údar leo agus ar bagairt thromchúiseach iad do tharchur an bheartais airgeadaíochta i ngach tír de chuid an limistéir euro, agus, ar an gcaoi sin, cuirtear le cumas na Comhairle Rialaithe a sainordú cobhsaíochta praghsanna a shaothrú ar bhealach níos éifeachtúla.

Déanfaidh Uachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh trácht ar na breithnithe a bhí mar bhunús leis na cinntí seo ag preasráiteas a thosóidh ar 14:45 CET inniu.

Tá an fhoclaíocht bheacht ar ar chinn an Chomhairle Rialaithe le fáil sa leagan Béarla den téacs seo.

TEAGMHÁIL

Banc Ceannais Eorpach

Stiúrthóireacht Cumarsáide

Ceadaítear atáirgeadh ar choinníoll go n-admhaítear an fhoinse.

An Oifig Preasa