Cinntí arna ndéanamh ag Comhairle Rialaithe an Bhainc Ceannais Eorpaigh (sa bhreis ar chinntí maidir le socrú rátaí úis)
Samhain 2024
29 Samhain 2024
Oibríochtaí margaidh
Leasú ar na contrapháirtithe incháilithe agus ar na rialacha maidir le hiasachtú urrús le haghaidh bannaí corparáide atá á sealbhú sna punanna beartais airgeadaíochta
An 24 Deireadh Fómhair 2024 ghlac an Chomhairle Rialaithe Cinneadh BCE/2024/28 lena leasaítear Cinneadh (AE) 2016/948 maidir le cur chun feidhme chlár ceannaigh na hearnála corparáidí (BCE/2016/16) agus Cinneadh BCE/2024/29 lena leasaítear Cinneadh (AE) 2020/440 maidir le clár ceannaigh sealadach le haghaidh éigeandáil na paindéime (BCE/2020/17). Leis na gníomhartha dlí leasaitheacha, cuirtear chun feidhme athruithe ar na rialacha is infheidhme maidir le contrapháirtithe incháilithe agus idirbhearta iasachtaithe urrús a bhaineann le bannaí corparáide atá i seilbh an Eurochórais faoi chlár ceannaigh na hearnála corparáidí (CSPP) agus faoin gclár ceannaigh sealadach le haghaidh éigeandáil na paindéime (CCÉP) chun breithnithe bainistíochta riosca a léiriú. Tá an dá ghníomh dlí ar fáil ar EUR-Lex.
Athruithe ar chreat comhthaobhachta an Eurochórais
An 27 Samhain 2024, d’fhormheas an Chomhairle Rialaithe roinnt athruithe teicniúla ar chreat comhthaobhachta an Eurochórais, lenar cuireadh deireadh le hincháilitheacht cineálacha áirithe sócmhainní a bhí incháilithe go sealadach nó nár úsáideadh iarbhír agus lenar comhtháthaíodh sa chreat ginearálta cineálacha áirithe sócmhainní sealadacha. Tá na hathruithe sin i gcomhréir le toradh an athbhreithnithe ar an gcreat oibríochtúil a tugadh i gcrích le déanaí agus cuideoidh siad lena áirithiú go leanfaidh cur chun feidhme beartais BCE de bheith éifeachtach, láidir, solúbtha agus éifeachtúil amach anseo. Tá faisnéis níos mionsonraithe ar fáil i bpreasráiteas gaolmhar atá ar fáil ar shuíomh gréasáin BCE.
Beartas macrastuamachta agus cobhsaíocht airgeadais
Freagairt an Eurochórais ar chomhairliúchán spriocdhírithe an Choimisiúin Eorpaigh maidir le beartais mhacrastuamachta le haghaidh idirghabháil airgeadais neamhbhainc (NBFI)
An 12 Samhain 2024, d’fhormheas an Chomhairle Rialaithe freagairt an Eurochórais ar chomhairliúchán an Choimisiúin Eorpaigh maidir le beartais mhacrastuamachta le haghaidh idirghabháil airgeadais neamhbhainc. Tá an fhreagairt, a thacaíonn go ginearálta leis an bhforbairt atá beartaithe ar chur chuige macrastuamachta i leith rialachán NBFI, ar fáil ar shuíomh gréasáin BCE.
Athbhreithniú ar Chobhsaíocht Airgeadais – Samhain 2024
An 13 Samhain 2024, bhí malartú tuairimí ag an gComhairle Rialaithe maidir le saincheisteanna cobhsaíochta airgeadais an limistéir euro ar bhonn eagrán mhí na Samhna 2024 den Athbhreithniú ar Chobhsaíocht Airgeadais agus d’údaraigh sí a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin BCE. Chomh maith le forléargas a thabhairt ar na príomhleochaileachtaí cobhsaíochta airgeadais sa limistéar euro, tá dhá ghné speisialta san eagrán seo, ina ndéantar comóradh ar 20 bliain an Athbhreithnithe. Sa chéad cheann, baintear leas as ceachtanna ó scór blianta de thaithí ar rioscaí sistéamacha a shainaithint, a anailísiú agus a chur in iúl tríd an Athbhreithniú ar Chobhsaíocht Airgeadais agus déantar measúnú sa dara ceann ar ról an airgeadais sa chobhsaíocht airgeadais agus ar na himpleachtaí do chobhsaíocht airgeadais a bhaineann le táirgiúlacht dhocht íseal. Tá an tAthbhreithniú ar fáil ar shuíomh gréasáin BCE.
Bonneagar margaidh agus íocaíochtaí
Socraíocht Íocaíochtaí Meandracha TARGET (TIPS) ag idirnascadh le córais íocaíochta mheandracha eile
An 18 Deireadh Fómhair 2024, chinn an Chomhairle Rialaithe go leanfadh an tEurochóras de bheith ag obair chun TIPS a nascadh le córais íocaíochta mheandracha eile ar fud an domhain agus é mar aidhm aige aghaidh a thabhairt ar na rioscaí a bhaineann le hilroinnt éiceachóras na n-íocaíochtaí domhanda. Tugtar míniú níos mionsonraithe ar an gcinneadh, a thacaíonn le treochlár G20 chun éiceachóras íocaíochtaí domhanda níos tapúla, níos saoire, níos trédhearcaí agus níos inrochtana a chruthú agus íocaíochtaí meandracha slána agus iontaofa á n-áirithiú ag an am céanna, ar shuíomh gréasáin BCE.
Toradh chleachtadh aicmithe na gcóras íocaíochta, 2023
An 18 Deireadh Fómhair 2024, d’fhormheas an Chomhairle Rialaithe toradh an chleachtaidh bhliantúil maidir le haicmiú córas íocaíochta, bunaithe ar shonraí le haghaidh na bliana tagartha 2023. I gcomhréir le forálacha Rialachán BCE maidir le ceanglais formhaoirseachta le haghaidh córais íocaíochta a bhfuil tábhacht shistéamach ag baint leo (Rialachán SIPS) agus le forálacha chreat formhaoirseachta athbhreithnithe an Eurochórais le haghaidh córais íocaíochta miondíola, leis an gcleachtadh rialta sin ceadaítear do BCE córais íocaíochta a aicmiú mar chórais íocaíochta a bhfuil tábhacht shistéamach ag baint leo (SIPS), mar chórais íocaíochta mórluacha nach bhfuil tábhacht shistéamach ag baint leo (LVPS), mar chórais íocaíochta miondíola a bhfuil tábhacht shuntasach ag baint leo (PIRPS) nó mar chórais íocaíochta miondíola eile (ORPS). Tá toradh an chleachtaidh ar fáil ar shuíomh gréasáin BCE.
Dáta beo athsceidealaithe do Chóras Bainistíochta Comhthaobhachta an Eurochórais (ECMS) agus creat dlíthiúil leasaithe ECMS
An 24 Deireadh Fómhair 2024, d’fhormheas an Chomhairle Rialaithe dáta cur chun feidhme ECMS a athsceidealú ón 18 Samhain 2024 go dtí an 16 Meitheamh 2025, mar a mhol an Bord um Bonneagar Margaidh (MIB). Leis an dáta nua sin, cuirtear am breise leordhóthanach ar fáil chun na gníomhaíochtaí tástála agus imirce is gá a eagrú. An 14 Samhain 2024, chun freastal ar an athrú ar an dáta teacht i bhfeidhm, ghlac an Chomhairle Rialaithe Treoirlíne BCE/2024/36 lena leasaítear Treoirlíne (AE) 2024/[XX] maidir le comhthaobhacht in oibríochtaí creidmheasa an Eurochórais a bhainistiú (BCE/2024/22) agus Treoirlíne BCE/2024/37 lena n-aisghairtear Treoirlíne (AE) [2024/XX] lena leasaítear Treoirlíne (AE) 2015/510 maidir le cur chun feidhme chreat beartais airgeadaíochta an Eurochórais (BCE/2024/23) agus lena leasaítear Treoirlíne (AE) 2015/510 (BCE/2014/60). Beidh na gníomhartha dlí sin ar fáil in am trátha ar EUR-Lex.
Tuarascáil ar dhul chun cinn maidir le tionscadal an euro dhigitigh
An 13 Samhain 2024, thug an Chomhairle Rialaithe dá haire an dul chun cinn a rinneadh i gcéim ullmhúcháin thionscadal an euro dhigitigh le linn na 6 mhí idir mí Aibreáin agus mí Mheán Fómhair 2024, ag tabhairt dá haire go bhfuil an tionscadal fós ar an mbóthar ceart agus go bhfuil na garspriocanna atá beartaithe bainte amach go forleathan, lena n-áirítear athbhreithniú ar dhréacht eatramhach leabhar rialacha na scéime a thabhairt chun críche agus forbairt ar na nósanna imeachta foinsithe chun soláthraí féideartha a roghnú. Foilseofar an dara tuarascáil ar dhul chun cinn, leis an tréimhse thagartha Bealtaine-Deireadh Fómhair 2024, in am trátha ar shuíomh gréasáin BCE. Mar chuid d’fheachtas leanúnach ar na meáin shóisialta, eiseofar físeán eile freisin.
Comhaontú rannpháirtíochta airgeadra TIPS le Norges Bank
An 21 Samhain 2024, d’fhormheas an Chomhairle Rialaithe comhaontú rannpháirtíochta airgeadra maidir le húsáid TIPS ag Norges Bank tar éis do MIB measúnú sásúil a dhéanamh ar indéantacht fheidhmiúil, oibríochtúil agus rialála ionduchtú krone na hIorua in TIPS. Tá preasráiteas gaolmhar ar fáil ar shuíomh gréasáin BCE.
Comhairle maidir le reachtaíocht
Tuairim BCE maidir le bainistiú na seirbhíse aistarraingthe airgid thirim
An 18 Deireadh Fómhair 2024, ghlac an Chomhairle Rialaithe Tuairim CON/2024/34 arna iarraidh sin do Latvijas Banka.
Tuairim ó BCE maidir le ranníocaíocht dlúthpháirtíochta shealadach a fhorchur ar institiúidí creidmheasa chun críocha slándála náisiúnta
An 4 Samhain 2024, ghlac an Chomhairle Rialaithe Tuairim CON/2024/35 arna iarraidh sin d’Aireacht Airgeadais na Laitvia.
Tuairim BCE maidir le cáin ar idirbhearta airgeadais
An 8 Samhain 2024, ghlac an Chomhairle Rialaithe Tuairim CON/2024/36 arna iarraidh sin d’Aireacht Airgeadais Phoblacht na Slóvaice.
Tuairim BCE maidir le maoirseacht a dhéanamh ar chomhlíonadh smachtbhannaí ag institiúidí creidmheasa agus airgeadais
An 11 Samhain 2024, ghlac an Chomhairle Rialaithe Tuairim CON/2024/37 arna iarraidh sin d’Aireacht Gnóthaí Eachtracha na hOstaire.
Tuairim ó BCE maidir le luach saothair Ghobharnóir agus Leas-Ghobharnóir Bhanc Ceannais Mhálta a bhunú
An 26 Samhain 2024, ghlac an Chomhairle Rialaithe Tuairim CON/2024/38 arna iarraidh sin do Bhanc Ceannais Mhálta. Beidh an Tuairim ar fáil in am trátha ar EUR-Lex.
Rialachas corparáideach
Gníomhartha dlí leasaitheacha a bhaineann le creat tuairiscithe cuntasaíochta agus airgeadais an Eurochórais
An 14 Samhain 2024, ghlac an Chomhairle Rialaithe dhá thacar gníomhartha dlí lena leasaítear creat tuairiscithe cuntasaíochta agus airgeadais an Eurochórais. Áirítear sa chéad tacar, a ndeachthas i gcomhairle leis an gComhairle Ghinearálta ina leith freisin, dhá ghníomh dlí athmhúnlaithe, eadhon Treoirlíne BCE/2024/31 maidir leis an gcreat dlíthiúil le haghaidh cuntasaíocht agus tuairisciú airgeadais sa Chóras Eorpach Banc Ceannais agus Cinneadh BCE/2024/32 maidir le cuntais bhliantúla an Bhainc Ceannais Eorpaigh. Ionchorpraítear sna gníomhartha dlí athmhúnlaithe sin athruithe teicniúla chomh maith le hathruithe atá beartaithe chun trédhearcacht a chothú agus luach faisnéise na ráiteas airgeadais a mhéadú do na léitheoirí.
Áirítear sa dara tacar, a thagann faoi inniúlacht eisiach na Comhairle Rialaithe, Cinneadh BCE/2024/33 lena leasaítear Cinneadh (AE) 2016/2248 maidir le leithdháileadh ioncam airgeadaíochta bhainc cheannais náisiúnta na mBallstát a bhfuil an euro mar airgeadra acu (BCE/2016/36), Treoirlíne BCE/2024/34 maidir le comhdhéanamh, luacháil agus módúlachtaí le haghaidh aistriú tosaigh sócmhainní cúlchiste eachtracha, agus ainmníocht agus luach saothair éileamh coibhéiseach ag bainc cheannais náisiúnta na mBallstát sin a ghlac an t-airgeadra aonair an 1 Eanáir 1999 agus lena n-aisghairtear Treoirlíne BCE/2000/15, agus Cinneadh BCE/2024/35 lena leasaítear Cinneadh (AE) 2023/135 (BCE/2022/51), Cinneadh (AE) 2015/287 (BCE/2014/61), agus Cinntí BCE/2013/53, BCE/2010/34, BCE/2008/33, BCE/2007/22 agus BCE/2006/30 maidir le caipiteal a íoc, sócmhainní cúlchiste eachtracha agus ranníocaíochtaí le cúlchistí an Bhainc Cheannais Eorpaigh a aistriú agus forálacha, trí, faoi seach, Hrvatska narodna banka, Lietuvos bankas, Latvijas Banka, Eesti Pank, Národná banka Slovenska, Banc Ceannais na Cipire agus Banc Ceannais Mhálta, agus Banka Slovenije. Baineann an príomhleasú ar na trí ghníomh dlí sin leis an gcóras luacha saothair don éileamh nach mór a chreidiúnú do gach banc ceannais náisiúnta i gcomaoin a chúlchistí eachtracha a aistriú chuig BCE ar ghlacadh an euro ag a Bhallstát faoi seach de bhun Airteagal 30.3 de Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Ceannais Eorpaigh. Beidh na gníomhartha dlí uile sin ar fáil in am trátha ar EUR-Lex.
Síneadh le sainordú comhalta de Choiste Eitice BCE
An 27 Samhain 2024, d’fhormheas an Chomhairle Rialaithe sainordú an Uasail Erkki Liikanen mar chomhalta den Choiste Eitice. Rithfidh sainordú an Uasail Liikanen go dtí deireadh mhí na Nollag 2026.
Staitisticí
Meabhrán Tuisceana (MT) athmhúnlaithe maidir le comhar staidrimh idir an Córas Staidrimh Eorpach (CSE) agus an Córas Eorpach Banc Ceannais (CEBC)
An 18 Samhain 2024, d’fhormheas an Chomhairle Rialaithe, le rannpháirtíocht na Comhairle Ginearálta, síniú an Mheabhráin Tuisceana athmhúnlaithe maidir le comhar idir CSE agus CEBC ag BCE, a ghabhfaidh in ionad Mheabhrán Tuisceana mhí Aibreáin 2013. Áirítear san ionstraim dlí athmhúnlaithe, inter alia, nuashonruithe ar chomhaontú 2013, amhail freagrachtaí comhroinnte CSE agus CEBC a liostú, agus ar an gcaoi sin comhar atá ar siúl cheana i réimsí éagsúla staidrimh a chur ar bhonn foirmiúil, agus tugtar isteach tosaíochtaí straitéiseacha comhpháirteacha don chomhar idir CSE agus CEBC. Tá an Meabhrán Tuisceana athmhúnlaithe ar fáil ar shuíomh gréasáin BCE.
Maoirseacht Baincéireachta BCE
Foilsiú ar dheich mbliana de thaithí ar athbhreithniú a dhéanamh ar chinntí maoirseachta BCE ag an mBord Riaracháin Athbhreithniúcháin (ABoR)
An 25 Deireadh Fómhair 2024, níor chuir an Chomhairle Rialaithe i gcoinne togra ón mBord Maoirseachta doiciméad arna ullmhú ag an mBord Riaracháin Athbhreithniúcháin a fhoilsiú maidir lena chéad deich mbliana de thaithí ar athbhreithniú a dhéanamh ar chinntí maoirseachta BCE. Tá an doiciméad ar fáil ar shuíomh gréasáin maoirseachta baincéireachta BCE.
Comhairliúchán poiblí a sheoladh maidir leis an athbhreithniú ar chreat BCE chun roghanna agus discréidí a fheidhmiú
An 5 Samhain 2024, níor chuir an Chomhairle Rialaithe i gcoinne togra ón mBord Maoirseachta chun comhairliúchán poiblí a sheoladh maidir le hathbhreithniú ar chreat BCE chun roghanna agus discréidí a fheidhmiú. Tá ábhar a bhaineann leis an gcomhairliúchán poiblí sin, a dtiocfaidh deireadh leis an 10 Eanáir 2025, ar fáil ar shuíomh gréasáin maoirseachta baincéireachta BCE.
Dréacht-torthaí comhiomlánaithe an Phróisis Athbhreithnithe agus Meastóireachta Maoirseachta (SREP) le haghaidh 2024
An 14 Samhain 2024, níor chuir an Chomhairle Rialaithe i gcoinne togra ón mBord Maoirseachta maidir le dréacht-torthaí SREP 2024 a bheidh mar chuid d’fhoilseachán SREP ar shuíomh gréasáin maoirseachta baincéireachta BCE tar éis dheireadh thimthriall 2024.
Teimpléid tuairiscithe agus treoracha maidir leis an mbailiú sonraí is gá chun measúnú SREP a dhéanamh agus a bhaineann le bailiú ad hoc sonraí comhshaoil, sóisialta agus rialachais
An 15 Samhain 2024, níor chuir an Chomhairle Rialaithe i gcoinne togra ón mBord Maoirseachta pacáiste tuairiscithe a fhoilsiú ina mbeadh teimpléid tuairiscithe agus treoracha gaolmhara is gá chun sonraí a bhailiú a bhfuil gá leo chun measúnú SREP a dhéanamh agus a bhaineann le Cinneadh ÚBE/DC/498 ón Údarás Baincéireachta Eorpach (ÚBE) an 6 Iúil 2023 maidir le bailiú ad hoc sonraí comhshaoil, sóisialta agus rialachais. Tá an t-ábhar ar fáil ar shuíomh gréasáin maoirseachta baincéireachta BCE.
Pionóis riaracháin arna bhforchur ar bhanc amháin sa limistéar euro
An 15 Samhain 2024, d’fhógair BCE gur fhorchuir sé dhá phionós riaracháin arbh ionann iad agus €1.685 milliún san iomlán ar Banque et Caisse d’Epargne de l’Etat, Lucsamburg as míthuairisciú, agus ríomh sé sócmhainní atá ualaithe ó thaobh riosca le haghaidh riosca margaidh agus creidmheasa. Tá preasráiteas gaolmhar ar fáil ar shuíomh gréasáin maoirseachta baincéireachta BCE.
Clár Scrúduithe Maoirseachta 2025 (SEP) le haghaidh cigireachtaí ar an láthair agus imscrúduithe ar shamhlacha inmheánacha in institiúidí suntasacha
An 25 Samhain 2024, níor chuir an Chomhairle Rialaithe i gcoinne togra ón mBord Maoirseachta maidir le SEP 2025 le haghaidh cigireachtaí ar an láthair agus imscrúduithe ar shamhlacha inmheánacha in institiúidí suntasacha faoi mhaoirseacht baincéireachta na hEorpa. Tá an clár scrúdaithe maoirseachta ar an láthair bunaithe ar thosaíochtaí maoirseachta SMA do 2023-2025 a foilsíodh ar shuíomh gréasáin maoirseachta baincéireachta BCE.
Banc Ceannais Eorpach
Stiúrthóireacht Cumarsáide
- Sonnemannstrasse 20
- 60314 Frankfurt am Main, an Ghearmáin
- +49 69 1344 7455
- media@ecb.europa.eu
Ceadaítear atáirgeadh ar choinníoll go n-admhaítear an fhoinse.
An Oifig Preasa