content here is the anonymously transparent proxied version of ecb.europa.eu   X
European Central Bank - eurosystem
Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by
Christine Lagarde
The President of the European Central Bank
Pascal Donohoe
Werner Hoyer
Charles Michel
Ursula von der Leyen
  • BLAG AN BHAINC CEANNAIS EORPAIGH

Coigiltis na hEorpa a chur i dtreo fáis

9 Márta 2023

Le Paschal Donohoe (Uachtarán an Ghrúpa Euro), Werner Hoyer (Uachtarán an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta), Christine Lagarde (Uachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh) Charles Michel (Uachtarán na Comhairle Eorpaí) agus Ursula von der Leyen (Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh)

Ní mór don Eoraip dlús a chur lena haistriú glas agus digiteach. Chun sin a dhéanamh, ní mór dúinn Aontas na Margaí Caipitil a thabhairt chun críche chun maoiniú éifeachtach a chur ar fáil. Is é seo a leanas an achainí atá déanta ag an gcúigear Uachtarán, Uachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh, Uachtarán an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta, Uachtarán na Comhairle Eorpaí, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh agus Uachtarán an Ghrúpa Euro, i bpostáil i gcomhar.

Tá rún daingean ag an Aontas Eorpach bogadh ar aghaidh gan mhoill lena aistriú glas agus lena aistriú digiteach. Na cinntí a dhéanfar inniu, beidh tionchar acu ar na glúnta atá le teacht. Tá freagracht orainn ar fad an cinneadh ceart a dhéanamh. Is den ríthábhacht a bheidh sé tionscail aeráidneodracha a chruthú, borradh a chur faoin iomaíochas teicneolaíoch agus na slabhraí soláthair a éagsúlú, má tá an Eoraip lena rathúnas agus lena ceannasacht straitéiseach a chaomhnú sna blianta romhainn.

Is ollmhór iad na riachtanais mhaoiniúcháin amach romhainn, agus is ón gcaipiteal príobháideach a bheidh ar an chuid is mó den mhaoiniú sin teacht. Leis an infheistíocht phoiblí, ní mór féachaint leis an mbeartas a stiúradh agus le hollphlódú isteach an chaipitil phríobháidigh a dhreasú, agus é sin a dhéanamh i gcomhar le Grúpa an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta agus leis na Bainc Náisiúnta um Spreagadh, ach ní i gcomhar leo sin amháin.

Bhíomar ró-mhall i leith Aontas na Margaí Caipitil

Tá an Margadh Aonair ina bhonn taca do rathúnas na hEorpa ó cruthaíodh é 30 bliain ó shin, agus é sin trí na bacainní ar thrádáil laistigh den Aontas a bhaint, agus tríd an infheistíocht eachtrach a mhealladh. An tAontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta freisin, tá comhtháthú na margaí á spreagadh aige sin. Fós féin, is rófhada sinn ag moilleadóireacht maidir le bunchloch amháin: Aontas na Margaí Caipitil.

Faoi láthair, is iad na bainc san Eoraip a mhaoiníonn bunáite mhór na hinfheistíochta. Ní leor iadsan leo féin áfach, le go mbainfeadh an tAontas an rás domhanda infheistíochta, go mór mór i gcomparáid leis na Stáit Aontaithe. Is iasachtaí bainc iad 75 % de na hiasachtaí corparáideacha san Aontas, agus ní thagann ach 25 % díobh ó na margaí bannaí — a mhalairt ghlan atá fíor sna Stáit Aontaithe.

Ár ngnólachtaí, idir gnólachtaí nuathionscanta agus iad siúd atá i mbun fáis, teastaíonn caipiteal uathu. Maoiniú foighneach, maoiniú atá sásta glacadh le riosca, sin atá de dhíth ar ár gcuid gnólachtaí, go háirithe FBManna, lena bheith in ann infheistiú san aistriú glas agus san aistriú digiteach; ach tá sé ag dul rite orthu an maoiniú sin a fháil. Mar shampla, mar chéatadán de OTI is lú caipitliú stocmhargaidh an Aontais ná leath chaipitliú a mhacasamhla sna Stáit Aontaithe, agus is ísle freisin é ná caipitliú stocmhargaidh na Seapáine, na Síne agus na Ríochta Aontaithe. Fós féin, is mó i bhfad a choiglíonn muintir na hEorpa ná Meiriceánaigh.

Tá sé de dhualgas orainne a chinntiú go mbeidh na deiseanna maoiniúcháin atá á lorg ag cuideachtaí Eorpacha ar fáil dóibh anseo, san Aontas Eorpach. Teastaíonn Aontas na Margaí Caipitil uainn, Aontas trína bhféadfaí fás an lae amárach a bheathú ar ollchoigilteas na hEorpa inniu. An meascán mearaí de chreataí náisiúnta atá againn faoi láthair, agus na margaí caipitil tearcfhorbartha sin arb ann dóibh againn i gcásanna airithe, ní mór dúinn iad a tharraingt le chéile, agus scód a ligean leo le go sroichfidh siad a mbuaic. Má dhéantar sin, is ea is mealltaí fós a bheidh an tAontas Eorpach mar cheann scríbe don infheistíocht, agus is tarraingtí go mór a bheidh an euro mar airgeadra.

Ní beag na coiscéimeanna atá tugtha ag an Aontas cheana féin agus Margadh Aonair á chruthú aige le haghaidh an chaipitil. Mar sin féin, ní mór dúinn dlús a chur lenár n‑iarrachtaí agus téagar a chur lenár n-uaillmhian, chun fáil réidh leis na bacainní atá fós ann ar an maoiniú trasteorann, le go mbeifear in ann dul níos doimhne leis an gcomhchuibhiú. Ciallaíonn sé sin dlíthe dócmhainneachta a bheidh níos ailínithe, faisnéis airgeadais ar fusa teacht uirthi, rochtain níos simplí ar na margaí caipitil, go háirithe do chuideachtaí beaga, bonneagair mhargaidh a bheidh láidir stóinsithe, agus maoirseacht níos comhtháite a bheith á déanamh ar na margaí caipitil.

Má táimid le hAontas na Margaí Caipitil a dhoimhniú, beidh gá le hiarracht ó chách, ó lucht ceaptha beartas agus rannpháirtithe sa mhargadh ar fud an Aontais. Beidh toil láidir pholaitiúil ag teastáil, agus úinéireacht ar gach leibhéal de na rialtais. Parlaimint na hEorpa, agus na Ballstáit sa Chomhairle, ní mór dóibh an chaibidlíocht atáthar a dhéanamh ar na príomhthéacsanna reachtacha a thabhairt chun críche gan mhoill. Teastaíonn misneach agus oscailteacht don athrú. Táimid meáite ar dhul chun cinn.

Ní tráth moille é. Ní beag an dul chun cinn atá déanta againn ar bhóthar chomhtháthú airgeadais na hEorpa le fiche bliain anuas ach is mithid anois a bheith níos uaillmhianaí. Aontas na Margaí Caipitil mar is ceart, is féidir sin a bhaint amach. Na blianta seo amach romhainn, beidh an claochlú tionsclaíoch is mó lenar linne le feiceáil. Beidh ár n-iomaíochas fadtéarmach ag brath ar an gclaochlú sin. Déanaimis cinnte de go mbeidh an caipiteal againn lena chur i gcrích.

Foilsíodh an postáil seo ar Bhlag an Bhainc Ceannais Eorpaigh mar alt saorthuairimíochta i nuachtáin agus ar shuíomhanna gréasáin éagsúla ar fud na hEorpa.

Cláraigh le Blag an Bhainc Ceannais Eorpaigh