Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Philip R. Lane

Comhalta de Bhord Feidhmiúcháin an Bhainc Cheannais Eorpaigh

Dáta breithe

27 Lúnasa 1969

Oideachas
1995

PhD san Eacnamaíocht, Ollscoil Harvard

1993

Máistreacht san Eacnamaíocht, Ollscoil Harvard

1991

B.A. (Eacnam.), Céadonóracha agus Bonn Óir, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath

Gairmréim
2015-2019

Gobharnóir Bhanc Ceannais na hÉireann

2012-2019

Ollamh Wakely le hEacnamaíocht Pholaitiúil, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath

2004-2012

Ollamh le Maicreacnamaíocht Idirnáisiúnta, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath

2000-2004

Ollamh Comhlach le hEacnamaíocht, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath

1997-2000

Léachtóir le hEacnamaíocht, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath

1995-1997

Ollamh Cúnta le hEacnamaíocht agus Gnóthaí Idirnáisiúnta, Ollscoil Columbia

Gníomhaíochtaí gairmiúla roghnaithe

Cathaoirleach, An Coiste Comhairleach Teicniúil (ATC) den Bhord Eorpach um Riosca Sistéamach (ESRB), 2017-2019

Cathaoirleach, Tascfhórsa Ardleibhéil an ESRB um Shócmhainní Sábháilte, 2016-2018

Cathaoirleach, Grúpa Athbhreithnithe na Príomh-Oifige Staidrimh ar Staidreamh Eacnamaíoch, 2016

Cathaoirleach, Coiste Comhairleach Eolaíoch (ASC) den Bhord Eorpach um Riosca Sistéamach, 2015

Comhchathaoirleach, an Tascfhórsa Comhpháirteach ESRB ATC-ASC-FSC ar Shaincheisteanna Macrastuamachta agus Athrú Struchtúrach i dTimpeallacht Ráta Úis Íseal, 2015

Stiúrthóir an Chláir Maicreacnamaíochta agus Airgeadais Idirnáisiúnta, an Lárionad Taighde ar Bheartas Eacnamaíoch (CEPR), 2015; Comhalta Taighde CEPR, 2002-; Cleamhnaí Taighde CEPR, 1997-2001

Uachtarán, Cumann Eacnamaíochta na hÉireann, 2012-2014

Comhalta, Acadamh Ríoga na hÉireann, 2007-

Comhalta, An Coiste um Beartas Eacnamaíochta Idirnáisiúnta agus Athchóiriú (CIEPR), 2012-2015

Comhalta, An Grúpa Bellagio, 2010-2015

Comhalta, Comhairle na hInstitiúide um Thaighde Eacnamaíochta agus Sóisialta (ESRI), 2010-2016

Bunaitheoir, Blag Gheilleagar na hÉireann, 2008-

Comhalta, An Painéal Comhairleach Acadúil, Comhairle Bhuiséid na Slóvaice, 2013-2015

Comhalta, An Bord Náisiúnta Staidrimh, 2009-2013

Comhalta, Scáthchomhairle BCE, Handelsblatt, 2005-2007

Comhalta Taighde Idirnáisiúnta, Institiúid Kiel um Eacnamaíocht Domhanda, 2005-

Comhalta, An Coiste Athbhreithnithe Seachtracha (Suomen Pankki – Finlands Bank 2004, an Banc Ceannais Eorpach 2010/11, Banc Ceannais na hÉireann 2011/2012, Banc Iosrael 2012)

Sainchomhairleoir acadúil (príomhghníomhaíochtaí):
An Banc Ceannais Eorpach (2006-2007, 2014-2016); an Banc um Shocraíochtaí Idirnáisiúnta (2015); Banco de Portugal (2015); an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta (2014); an Banc Domhanda (2006-2007, 2011, 2014-2015); Údarás Airgeadaíochta Shingeapór (2013); an Coimisiún Eorpach (2012-2013); an Bord Cúlchiste Feidearálach (2013); Cisteán na Nua-Shéalainne (2010-2011); Banc Forbartha na hÁise (2009-2011); Comhchoiste an Oireachtais um Airgeadas agus na Seirbhísí Poiblí (2010); Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (2009-2010); Institiúid na Sualainne don Staidéar ar Bheartas na hEorpa (2009-2010); An Chomhairle Náisiúnta Eacnamaíoch agus Sóisialach (2009); ESRI-Japan (2007-2009); Sveriges Riksbank (2005-2006); An Chomhairle Náisiúnta Iomaíochais ar Iomaíochas Praghais agus Pá (2004); Roinn an Taoisigh (2002)

Sainchomhairleoir Dlí Ócáideach; cainteoir ócáideach ag comhdhálacha san earnáil airgeadais

Gradaim, dámhachtainí agus deontais roghnaithe

Acadamh Ríoga na hÉireann: Bonn Óir sna hEolaíochtaí Sóisialta, 2015

Duais Bhagwati (i gcomhpháirt le Gian Maria Milesi-Ferretti), 2010

Comhaltacht Lamfallusy BCE, 2004-2005

Dámachtain German Bernacer san Eacnamaíocht Airgeadaíochta, 2001

Duais Barrington, 1997-1998

“Harvard-MIT Research Training Group in Positive Political Economy Fellowship” urraithe ag NSF, 1994-1995

An Ciste Scoláireachta John F. Kennedy, 1994

Comhaltacht Mic Léinn do Chéimithe Harvard, 1991-1995

Bonn Óir, Duaiseanna Whately agus Bastable san Eacnamaíocht, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, 1991. Céim céadonóracha agus mac léinn leis an ngrád is airde bainte amach acu sna scrúduithe ollscoile eacnamaíochta

Bonn-scoláireacht, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, 1989. Mac léinn leis an ngrád is airde bainte amach acu sna scrúduithe scoláireachta

Mionscoláireacht Iontrála, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, 1987

Deontais:
Comhairle na hÉireann um Thaighde, Institiúid um Machnamh Eacnamaíoch Nua, Fondation Banque de France, NORFACE, Acadamh Ríoga na hÉireann

Próifíl acadúil

Príomhréimsí Taighde:
Maicreacnamaíocht idirnáisiúnta; Eacnamaíocht airgeadaíochta na hEorpa; domhandú airgeadais; iompraíocht thimthriallach an bheartais fhioscaigh; Geilleagar na hÉireann

Foilsithe ag:
Journal of the Statistical and Social Inquiry Society of Ireland, Journal of International Economics, Pacific Economic Review, Fiscal Studies, Scandinavian Journal of Economics, International Journal of Central Banking, National Institute Economic Review, World Economics, Economic and Social Review, Open Economies Review, Journal of International Money and Finance, New Zealand Economic Papers, European Economic Review, Moneda y Credito, World Economy, Journal of Economic Perspectives, International Finance, IMF Economic Review, Nordic Economic Policy Review, American Economic Review, Journal of Money, Credit and Banking, Journal of the Japanese and International Economies, Review of Economics and Statistics, Economic Policy, The Economic Journal, Journal of Public Economics, NBER Macroeconomics Annual, Oxford Economic Papers, Canadian Journal of Economics, Journal of Development Economics.