Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by
Féach an leagan Béarla den leathanach seo le do thoil chun an t-eolas is déanaí a fháil.

Mínithe

Cuirimid topaicí casta i láthair ar bhealach sothuigthe inár mínithe

Is é is aidhm lenár mínithe go mbeadh gach duine in ann meabhair a bhaint as ábhair chasta a bhaineann leis an mbaincéireacht cheannais. B’fhéidir gur smaoinigh tú cheana ar an tionchar a bhíonn ag na cinntí airgeadaíochta a dhéanaimid nó b’fhéidir gur mhaith leat tuilleadh a fhoghlaim faoi bitcoin. Féadfaidh tú teacht ar an bhfaisnéis inár gcuid alt, físeán agus grafaicí faisnéise.

Féach gach míniú uainn

Cén fáth a dtugann an Banc Ceannais Eorpach comhairle maidir le reachtaíocht?

I bhfianaise an róil atá againn agus an saineolas mór atá againn mar bhanc ceannais an euro, ní mór do reachtóirí an Aontais nó do reachtóirí náisiúnta dul i gcomhairle linn nuair a bhíonn dlíthe nua á moladh acu a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar ár ról. De ghnáth, cuirtear ár gcomhairle i láthair i bhfoirm tuairime ón mBanc Ceannais Eorpach arna glacadh ag an gComhairle Rialaithe.

Míniú

Conas a roghnaítear comhaltaí an Bhoird Feidhmiúcháin?

Ní mór aitheantas a bheith faighte ag iarrthóirí ar Bhord Feidhmiúcháin an Bhoird Ceannais Eorpaigh as a dtaithí ar chúrsaí airgeadaíochta nó baincéireachta. Léigh ár n-grafaic eolais nua chun an tslí a roghnaítear seisear comhaltaí an bhoird seo a fheiceáil.

Míniú

Tá rátaí úis ardaithe againn. Cén tionchar a bheidh aige sin ortsa?

Tá rátaí úis ardaithe againn. Cén chúis a bhí leis sin? Cén tionchar a imríonn rátaí úis ar bhoilsciú? Agus cén tionchar atá ag an gcinneadh seo ortsa?

Míniú

Cén fáth ar cás leis an mBanc Ceannais Eorpach an t-athrú aeráide?

Baineann dhá chineál riosca geilleagrach leis an athrú aeráide: rioscaí fisiciúla agus rioscaí aistrithe. Foghlaim faoin gcaoi a dtéann na rioscaí sin i bhfeidhm ar an ngeilleagar, ar ár gcuspóir cobhsaíochta praghsanna, ar na bainc a ndéanaimid maoirseacht orthu agus ar ár neamhchosaintí athraithe aeráide.

Míniú

Céard é an Banc Ceannais Eorpach?

Ar mhaith leat tuilleadh a fhoghlaim faoin obair a dhéanann an Banc Ceannais Eorpach agus faoin mbaint atá aige le do shaol féin? Caith siúl ar an míniú seo chun na freagraí a fháil.

Céard é an Banc Ceannais Eorpach?

Mínithe ón mBanc Ceannais Eorpach

An bhfuil tú faoi dheifir? Caith súil ar ár bhfíseáin nach maireann ach nóiméad amháin. San fhíseán seo, míníonn Jean-François, comhghleacaí dár gcuid, conas a chuidíonn ár gcuntasacht do Pharlaimint na hEorpa linn oibriú ar do shon agus teagmháil a dhéanamh leat.

Caith súil ar ár bhfíseáin mínithe
AN BHFUIL TUILLEADH EOLAIS UAIT?

Foghlaim tuilleadh faoin mBanc Ceannais Eorpach agus faoina bheartas airgeadaíochta

Labhair linn: ECB Youth Dialogue (an Banc Ceannais Eorpach ag Comhrá leis an Óige)

Tá tionchar ag na cinntí a dhéanaimid ar do shaol laethúil. Sin é an fáth ar mhaith linn a chinntiú go mbeidh deis agat labhairt linn go díreach. Cruthaítear deis é sin a dhéanamh le ECB Youth Dialogue.

Tuilleadh eolais faoi ECB Youth Dialogue (an Banc Ceannais Eorpach ag Comhrá leis an Óige)

Tabhair cuairt orainn: Ionad Cuairteoirí an Bhainc Ceannais Eorpaigh

Tá Ionad Cuairteoirí an Bhainc Ceannais Eorpaigh oscailte anois do thurais agus sainléachtaí, ar an láthair agus ar líne, agus tabharfaidh sin deis do chuairteoirí tuilleadh a fhoghlaim faoin mBanc Ceannais Eorpach. Féach ar ár leathanach Tabhair Cuairt Orainn chun tuilleadh eolais a fháil ar a gcuireann muid ar fáil agus chun mar is féidir leat cuairt nó léacht a iarraidh.

Tabhair cuairt orainn

Gach leathanach sa rannóg seo